Conas an suíomh seo a úsáid
An leathanach baile
Comhbhailíonn an suíomh seo, atá ar fáil ag www.hiddenheritages.ai, seanscéalta scanta ón ‘School of Scottish Studies Archives’ agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Anuas air sin, cuireann sé tras-scríbhinní AI-ghinte de na doiciméid scanta ar fáil. I gceanntásc an tsuímh, tá malartóir teanga (English, Gaeilge, Gàidhlig) agus naisc go leathanach na Scéalta agus na leathanaigh Eolais seo. Faoin gceanntásc, léiríonn an leathanach baile léarscáil d’Albain, Manainn agus Éirinn, rothlaithe 15° tuathalach chun contanam an domhain Ghaelaigh a dhúisiú. Má chliceálann tú ar an léarscáil nó ar an gcnaipe Féach, tabharfar tú chuig leathanach na Scéalta.
Leathanach na scéalta
Ar leathanach na Scéalta, is féidir na scéalta sa tacar sonraí a bhrabhsáil, a chuardach agus a scagadh. Nuair atá liosta iomlán nó liosta scagtha scéalta á bhrabhsáil, beidh na scéalta as Éirinn ar chlé agus na scéalta as Albain ar dheis (agus faoi chluaisíní ar scáileáin bheaga). Is féidir na liostaí scéalta a scagadh trí fhocal nó focail a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh agus Aisfhill nó an ghloine formhéadúcháin a bhrú. Rithfidh sé seo cuardach lántéacs i dteidil agus i dtras-scríbhinní na scéalta do na focail sa teaghrán cuardaigh. Is féidir an liosta a scagadh freisin trí chliceáil ar Scagairí. Má rinneadh cuardach, cuirfear an scagadh i bhfeidhm laistigh den tacar torthaí cuardaigh, ní an tacar sonraí iomlán. Tá na scagairí seo a leanas ar fáil:
- Dátaí: Sleamhnóir chun raon dátaí a roghnú.
- Innéacs Aarne–Thompson: Bosca cuardaigh chun tíopaí AT a aimsiú sa tacar sonraí. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh an uimhir (cód) nó teideal AT atá á lorg agat, e.g. ‘AT0400’ nó ‘The Man on a Quest for his Lost Wife’.
- Teanga: Gach ceann, Gaeilge na hAlban, Gaeilge nó Béarla.
- Inscne and bhailitheora/fhaisnéiseora: Gach ceann, Baineann nó Fireann.
- Bailitheoir (Albain): Bosca cuardaigh chun Bailitheoir faoi leith a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Bhailitheora atá á lorg agat, e.g. C.I. Maclean. A luaithe is a roghnaítear Bailitheoir, ní léireofar ach scéalta ón mBailitheoir sin.
- Insteoir (Albain): Bosca cuardaigh chun Insteoir faoi leith a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Insteora atá á lorg agat, e.g. Duncan MacDonald. A luaithe is a roghnaítear Insteoir, ní léireofar ach scéalta ón Insteoir sin.
- Suíomh (Albain): Bosca cuardaigh chun scéalta ó áit faoi leith in Albain a aimsiú. Is paróistí na háiteanna a innéacsaíodh. Ba cheart ainm an pharóiste a chlóscríobh as Béarla, e.g. Peninerine.
- Bailitheoir (Éire, an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní): Bosca cuardaigh chun Bailitheoir faoi leith ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Bhailitheora atá á chuardach agat, e.g. Seán Ó hEochaidh. A luaithe is a roghnaítear Bailitheoir, ní léireofar ach scéalta ón mBailitheoir sin ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní.
- Faisnéiseoir (Éire, an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní): Bosca cuardaigh chun Faisnéiseoir faoi leith ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Fhaisnéiseora atá á chuardach agat, e.g. Seán Ó Curraoin. A luaithe is a roghnaítear Faisnéiseoir, ní léireofar ach scéalta ón bhFaisnéiseoir sin ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní.
- Bailitheoir (Éire, Bailiúchán na Scol): Bosca cuardaigh chun Bailitheoir faoi leith ó Bhailiúchán na Scol a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Bhailitheora atá á chuardach agat, e.g. Máire.... A luaithe is a roghnaítear Bailitheoir, ní léireofar ach scéalta ón mBailitheoir sin ó Bhailiúchán na Scol. NB: Ní gnách do bhailitheoirí as Bailiúchán na Scol a bheith chomh haitheanta céanna, múinteoir bunscoile ó na 1930aidí de ghnáth.
- Faisnéiseoir (Éire, Bailiúchán na Scol): Bosca cuardaigh chun Faisnéiseoir faoi leith ó Bhailiúchán na Scol a aimsiú. Chun seo a úsáid, tosaigh ag clóscríobh ansin roghnaigh ainm an Fhaisnéiseora atá á chuardach agat, e.g. Seán.... A luaithe is a roghnaítear Faisnéiseoir, ní léireofar ach scéalta ón bhFaisnéiseoir sin ó Bhailiúchán na Scol. NB: Ní gnách d’fhaisnéiseoirí as Bailiúchán na Scol a bheith chomh haitheanta céanna, dalta bunscoile ó na 1930aidí de ghnáth.
- Suíomh (Éire): Bosca cuardaigh chun áit faoi leith in Éirinn a aimsiú. Is bailte fearainn na háiteanna a innéacsaíodh. Is féidir ainmneacha na mbailte fearainn a chlóscríobh as Béarla nó as Gaeilge.
Is féidir scagairí áite a chur i bhfeidhm trí chliceáil ar phonc ar an léarscáil (a bheidh in uachtar ar scáileáin bheaga agus sa lár ar scáileáin mhóra). Ní thabharfaidh scagairí a bhaineann le hAlbain nó le hÉirinn amháin ach torthaí don tír sin amháin agus an liosta iomlán scéalta don tír eile. Is féidir teaglaim ar bith téacs cuardaigh agus scagairí a roinnt leis na cnaipí ‘Scaip’ nó ‘QR’ (ar fáil ar scáileáin mhóra). Is féidir na scagairí ar fad a bhaint ach cliceáil ar an ‘X’ in aice leis an gcnaipe Scagairí.
Uirlisí léarscáile
Ag tráth ar bith, is féidir an léarscáil a úsáid chun scagadh le haghaidh áit faoi leith trí chliceáil ar an bponc ar an áit sin agus ansin cliceáil ar Scag ar an leid uirlise. Le haghaidh áiteanna in Éirinn, is féidir cliceáil ar an nasc logainm.ie ar an leid uirlise chun dul chuig an iontráil don áit sin ar www.logainm.ie.
Ag tráth ar bith, bíodh is go bhfuiltear ag breathnú ar gach scéal nó fothacar scéalta, is féidir an comhartha móide ar an léarscáil a úsáid chun zúmáil isteach nó an comhartha lúide chun zúmáil amach. Más maith leat, is féidir leat cliceáil ar an gcomhartha compáis chun treo na léarscáile a athshocrú ó thuaidh. Is féidir leat cliceáil ar an gcomhartha targaide chun do shuíomh féin a aimsiú (is gá cead a thabhairt do do bhrabhsálaí) nó cliceáil ar an gcomhartha pictiúir chun chomhad íomhá den léarscáil reatha a íoslódáil.
Leathanach an scéil
Má chliceálann tú ar an liostú do sheanscéal ar bith, tabharfar tú go dtí leathanach an Scéil don seanscéal sin. Ar leathanach scéil ar bith, feicfidh tú meiteashonraí an scéil sin ar chlé ar scáileáin mhóra nó in uachtar ar scáileáin bheaga, íomhá an leathanaigh reatha sa lár ar scáileáin mhóra nó thíos faoi na meiteashonraí faoin gcluaisín ar chlé ar scáileáin bheaga, agus tras-scríbhinn den scéal ar dheis ar scáileáin mhóra nó thíos faoi na meiteashonraí faoin gcluaisín ar dheis ar scáileáin bheaga. Cuimsíonn meiteashonraí na hÉireann Teideal, Bailiúchán, Imleabhar, Dáta, Cineál míre, Innéacs Aarne-Thompson, Teanga, Suíomh, Bailitheoir, Faisnéiseoir agus Nasc go dúchas.ie. Cuisíonn meiteashonraí na hAlban Teideal, Tagairt chartlainne, Dáta, Cineál míre, Innéacs Aarne-Thompson, Teanga, Baile, Paróiste, Bailitheoir, Insteoir agus Foinse an insteora. Is féidir cliceáil ar luachanna Innéacs Aarne-Thompson, Teanga, Suíomh, Baile, Paróiste, Bailitheoir and Faisnéiseoir, agus tabharfar tú chuig liosta scéalta scagtha don luach sin.
Sa lár ar scáileáin mhóra nó thíos faoi na meiteashonraí faoin gcluaisín ar chlé ar scáileáin bheaga beidh amharcóir íomhá nó PDF, ag brath ar fhormáid chomhaid an doiciméid fhoinsigh. Taispeánann an dá amharcóir scanadh den leathanach, clóite nó lámhscríofa. Má réisíonn an seanscéal roghnaithe thar iliomad leathanach, tá saigheada chun bogadh siar agus ar aghaidh trí na leathanaigh. Taispeánfar an tras-scríbhinn don scéal ar fad beag beann ar cén leathanach ar a bhfuil tú ag breathnú. Tá rogha Formhéadaithe agus Zúmála ag an amharcóir íomhá. Tá rogha Zúmála ag an amharcóir PDF, chomh maith le roghanna chun Priontáil, rothlú agus Íoslódáil.
Cuardaigh shamplacha
- Cuardach téacs don fhocal fearg.
- Cuardach AT do AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes.
- Cuardach áite le haghaidh Dún Chaoin i gCo. Chiarraí, Éire.
- Cuardach bailitheora le haghaidh Donald (Eriskay) MacDonald.
- Cuardach insteora/faisnéiseora le haghaidh Seán Ó Curraoin.