Díchódú Oidhreachtaí Folaithe i Scéalaíocht Thraidisiúnta Ghaelach le Mianadóireacht Téacs agus Fíligéinitic

Mhaoinigh an UKRI-AHRC agus an Chomhairle um Thaighde in Éirinn an tionscadal seo faoin ‘UK-Ireland Collaboration in the Digital Humanities Research Grants Call’ (uimhreacha deontas AH/W001934/1 agus IRC/W001934/1).

Lúnasa 2021–Nollaig 2024

Chomhtháthaigh an tionscadal seo anailís dhomhain cháilíochtúil le modheolaíochtaí ríomhaireachtúla ceannródaíocha chun díchódú, léamh agus léiriú a dhéanamh ar scéalaíocht thraidisiúnta Ghaelach. Trí ghiaráil a dhéanamh ar dhul chun cinn i bPróiseáil Teanga Nádúrtha, rinne an cuibhreannas digitiú, tiontú agus craobhscaoileadh ar chorpas ollmhór de lámhscríbhinní béaloidis i nGaeilge agus i nGaeilge na hAlban.

Rinne foireann an tionscadail corpas téacs ollmhór de sheanscéalta ón ‘Tale Archive’ sa ‘School of Scottish Studies Archives’ agus ó Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní & Bailiúchán na Scol Chnuasach Béaloideas Éireann a chruthú, a anailísiú agus a chraobhscaoileadh. Chuimsigh cruthú an chorpais seo: scanadh c.80k leathanach lámhscríofa (agus tá leathanaigh a ndearnadh scanadh orthu faoi thionscadal digitithe Dúchas san áireamh freisin), aithint téacs lámhscríofa ar na leathanaigh seo, agus normalú ar théacs neamhchaighdeánach. Rinneadh an corpas a anótáil ansin le meiteashonraí ag leibhéal an doiciméid, chomh maith le roinnt anótála ag leibhéal na móitífe le haghaidh tíopaí scéalta Aarne–Thompson (AT) áirithe.

Tá anailís á déanamh ar an gcorpas ag úsáid teicnící mianadóireachta sonraí agus fíligéinitice. Cuimsíonn sruthanna oibre na mianadóireachta sonraí agus na fíligéinitice an corpas iomlán, ach tá sruth oibre na fíligéinitice ag díriú ar thrí chineál seanscéil mar chás-staidéir, is é sin AT 400 ‘The Search for the Lost Wife’, AT 425 ‘The Search for the Lost Husband’, agus AT 503 ‘The Gifts of the Little People’. Foilseofar torthaí na n-anailísí seo sa leabhar Decoding the Oral Traditions of Scotland and Ireland: From Manuscripts to Models, atá le foilsiú ag Edinburgh University Press i 2026.