Mode:
The Main Manuscript Collection, Volume 0540, Page 500

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0540, Page 500

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

dúchas.ie

Transcript

AI
é tharraingt. Thug sí céach seacht mbliadhna
eile dó agus i gcionn na seacht mbliadhan
thug sí amach 'na ghárraidh é, agus
d'iarr sí air fhéachail leis an chrann
a tharraingt. D'fhéach sé leis ach
cá rabh sé ábalta. "Bhail," adeir sí
bhéarfaidh mé céach seacht mbliadhna eile
duit," adeir sí, "agus mur rabh tú
ábalta é tharraingt i gcionn na seacht
mbliadhan seo, ní thabharfaidh mé an chéach
níos mó duit."
Thug sí céach seacht mbliadhna eile dó.
-
Bhí sé bliadhain agus fiche ins an am sin
Thug sí amach é agus d'iarr sí air
féachailt le é tharraingt. Chuaidh sé
fá dtaobh do'n chrann agus an chéad
'Bull a thug sé dó d'fhoscail sé an
talamh deich slata ar ach taobh dó,
An dara pull a thug sé dó bhí sé
leis as an rúta." Thug sé leis thuaith
agus gheárr sé suas a' chrann agus
rinn sé maide-láimhe dó, agus dubhairt
sé le n-a mháthair "fuair tú trioblóid
char ól sé a'n ndeór ariamh."
Lá amháin chuir an t-athair an mac seo
go leitir Ceanainn le lód mór choirce,
agus nuair a fuair sé a luach dar
leis go rachad sé 'na bhaile leis an bheáthadhach
agus leis an chárr. Thúsaigh sé a chur
agus a bháistighe agus cé'n áit ar
casadh isteach é ach i n-áit a rabh
scaifte mór an saighdiúirí ag imirt.
"Ní rabh sé i bhfad ag imirt leóbhtha go
dtí gur bhain siad a rabh dh'airgead
aige uilig. Tháinic sé annuas annsin
'na bhaile agus dhíol sé an bheáthadhach
agus an chárr, agus cé bith a fuair
sé ar shon an dá chuid sé sin,
Nuair a chonnaic sé goidé d'éire
dó, rinn sé amach inntinn nach
rabh groithe 'na bhaile aige. Dar leis
nach rabh rud ar bith a b'fheárr dó a
dheánamh nó a dhul ins na saighdiúirí.
Bhí luthgháir ortha greim a fhághail air, bhí
sé 'na fhear bhreágh, agus cuireadh an
chulaith air i leithbheárr. Bhí sé annsin
agus bhí a athair a chur seanchusc mór
fá dtaobh de, agus ní rabh dol aige
a fhághail amach i n-áit ar bith. Nuan
a rachad sé go dtí'n bearaic i Leitir
Ceanainn ní rabh sé annsin agus ní
a rachad sé go dtí bheárraic i leithbhea
ní rabh sé annsin.
Bhí sé annsin tamall maith, agus a
fear a bhí as a cionn, bhí sé mór
le cailín óg san áit. Cé bith goidé
a chos eisean ag 'ul a' casán cheadn
bhí sé ag 'ul inn. Bhí sé amuigh an
oidhche amháin agus casadh ise air, agus
bhuail sé a chómhrádh léithe, agus nuair
a bhí siad a cómhrádh tamall maith agus
iad ag 'ul 'na bhaile dubhairt sise gur
mhaith léithe a bhfeiceadh sí an oidhch' thar
na bhárach é fosta."
Chuaidh siad amach an oidhch' thar na bhára
agus chualaidh an fear a bhí os chion
goidé bhí sé seo a dheánamh. Cuir
sé sunús mór ar Mhac Uí Dómhnaill
chionnus é a bheith ag 'ul mbh an áit chéad

sán
ar
ar
féin
cra
a rabh sé fhéin ag 'ul. Mhair sin tamall maith
go dtí nár bhfiú móran ar bith Mac lí
Dómhnaill. Ní thabharfad seisean oiread a
sásamh dó agus an cailín a fhágail. Bhí
sé oidhche amháin ar ghárda é fhéin agus
bheirt eile, agus thosuigh siad a chainnt
ar an droch bhuil a bhidhthear a thabhairt
ar Mhac Uí Dhómhnaill. D'iarr siad
air a dhul chuig an rí agus innseo dó
fán droch bhuil a bhidhthear a thabhairt air
chionnus a bheith mór leis an cailín
chéadna a rabh 'n t-oifigeach seo mór
léithe. Arsa fear acú "má tá uchtach
agat a dhul agus an rí a fheiceáil.
leigfidh muid 'inne ar siubhal thú agus
rachaidh muid fhéin fríd an pionnus.
Níor luaithe a bhí'n focal raidhte nó
a bhí Mac Uí Dhómhnaill réidh. I n-am
ínteacht fríd an oidhche, bhí fhios aige
go rabh an cárr a bhí ag iompar
na bpóstaí a fhágailt a leithid seo a
am. Chuaidh sé go dtí 'n áit seo agus
a chulaith agus a ghunna agus achan chineál
a rabh a fóirstean dó leis. Chuir sé ceist."
ar an fhear seo a dtabharfad sé marcaidheach
dó. Dubhairt sé go dtabharfadh. Síos
ar an bealach d'innis sé dó'n ghioman
seo goidé'n siubhal a bhí air. "Tá
mé ag imtheacht anois cé bith cé fhad
a béidheas mé ar a' casan go dtéighidh
mé fhad le rí na Sasan go bhfeicid
mé an bhfuil céad ag an fhear atá
as mo chionn a bheith a thabhairt droc
bhail agus droch dhóigh orm-sa chionn
mé a bheith mór leis an ghiorrsac
chéadna a bhfuil seisean mór léithe."
"Má sé sin an siubhal atá ort," arsa
giomanach, níl mise ag 'ul a ghlacadh
a dhath uait ar shon na marcaidheachta
seo, agus tcídhfidh mé thú díolta níos
feárr nó sin."
Nuair a chuaidh siad go Doire thug
an saighdiúir isteach go teach biotáile
é agus d'fhiafruigh dó goidé d'ólfa
sé. Cé bith a d'ól sé fuair sé é.
Thug sé trí scillinghne amach as a póca,
ina


fhéin dó, agus d'innis sé do'n fhear osta
goidé'n siubhal a bhí ar an t-saighdiúir
Thug seisean tuilleadh airgid dó, agus
thug sé céad dó fanacht go dtí go
mbéadh an soitheach a fághail na céadbha
Ins an am sin ní rabh ann ach soithigh
seóltórachta, agus chaithfead sé fanacht
go bhfeicead sé goidé 'n t-am a mbéad
ceann a fhágail. Chuaidh sé go dtí 'n
chéid agus bhí soitheach annsin, agus bhí
eagla air go mbeirfidhe air, agus níor
fhan sé i bhfad ann, ach gur chuir sé
ceist cé 'n t-am a rabh sí a fhágáil.
h-innsigheadh dó agus phill sé 'un toighe
seo arais.
Nuair a bhí 'n soitheach ag imtheacht chuaidh
sé 'na chéadhbha, arís, agus chuaidh ar bhórd.
Chuaidh sé síos 'na chábáin agus níor theisbean
sé é fhéin go rabh sé giota maith amach
ins a’ bháighe. Tháinic chuid de na seóltóir
air ag iarraidh an airgid air ar shon
a thabhairt treasna go Sasáin. Dubhairt sé
nach rabh an chuid mhór airgid aige, agus
nach dtiocfadh leóbhtha a bheith a dreim le
chuid mhór airgid a fhághail ó saighdiúir
agus siocair an casan a rabh sé ag 'ul
nach rabh móran deis air airgead ar
bith a fhághail. D'innis sé annsin
cé rabh sé ag 'ul, agus nuair a chualaidh
siad an siubhal a rabh sé ann dubhan
fear de na seóltóirí - an mhaighistir
a bhí ortha-nach nglachadh sé dadaidh uadh
"Cé bith fad a bhí siad ar an chasac
bhain siad glascó amach. Tháinic seise
amach annsin agus fuair sé seanchus
ar an bhealach go lonndínn. H-innsighead
dó comh maith agus thiocfadh leóbhtha cá
rabh aige le dhul. Nuair a fuair sé
a chuid chuaidh sé i gcionn a casam.
Shiubhail sé leis go dtí go dtáinic tuitim
na h-oidhche. D'iarr sé loistín agus
fuair sé é, agus nuair a d'innis sé
an sceal, goidé 'n siubhal a bhí air.
ní ghlacfaidhe a dhath uadh."
D'imthigh sé lá thar na bhárach a
siubhal agus theacht na h-oidhche bhí sé ag 'ul
chig

ag
a
an
an

go
feá
seo
fríd choillidh. Ba mhaith leis siocair mar
bhí ceó a teacht agus an fhearthainn as a
cionn, ba mhaith leis fághail taobh astoigh
de theach i n-áit ínteacht. Chonnaic sé
fríd a choillidh teach mór agus thug
sé iarraidh isteach. Bhuail sé an doras
agus níor tugadh freagar ar bith
gh sé leis agus d'fhág sé
air. D'imthigh
annsin é. Nuair a bhí sé tamailt
a siubhal chonnaic sé teach eile fríd a
choillidh agus solus ann. Tharraing sé
air agus bhuail sé an doras. Tháinic
duine ínteacht agus d'fhiafruigh dó
goidé'n siubhal a bhí air. Dubhairt
sé go rabh sé ag iarraidh lóistín fhiafruighadh
dó cé rabh sé ag 'ul agus nuair a d'innis
sé díobhtha tugadh isteach é agus h-ubhradh
go bhfuighead sé lóistín agus fáilte."
Chaith sé an oidhche sin ann, agus tháinic
fear a' toighe aníos agus thosuigh an
seanchusc. Arsa seisean a rabh tú ag teach
ar bith eile sula dtáinic tú annseo?"
Bhí. No nach leigfead siad sin isteach thú?"
"Bhail sin teach breágh le mo dheárthair an
teach sin, agus tá sé cúig bliadhna ó
rinn a'n nduine comhnuidhe ins a' teach
sin.
"Cad chuighe sin?" arsa'n saighdiúir
"Tá bhí deárthair damh-sa agus giomanach
i lonndúin fá choinne airgid, agus a
teacht arist díobhtha scaoil an giomannaí
mo dheárthair-sa agus mharbh sé é
Tháinic sé annseo agus a cheirteacha
pollta uilig ag innse goidé'n gabha
a dtáinic sé fríd agus ní rabh a'n
nduine na gcomhnuidhe ins an teach
sin ó shoin nach gcaithfeadh teicheadh,
agus ó tharla go bhfuil thusa do fhear
ghéar ghasta láidir dolba as Éirinn,
ina fanainn tú ins a' teach sin go
maidin bhéarfaidh mé cúig phunnta de
Chosnochaidh mise an t-airgead," arsa
saighdiúir, "ach caithfidh tú gléas soluigh
a fhághail damh."
Thug sé órdughadh díobhtha a dhul agus
soluis a lásadh, agus chuaidh sé fhéin leis
an
agus
bid
sla
sín

ag
sa
ar
an t-saighdiúir fhad leis an teach seo,
agus fágadh astoigh ar cheann an tábla
buideál uisce bheatha aige. D'fhág siad
slán aige, agus dubhairt leis go rabh
súil acú go mbéad sé 'na suidhe go
luath i gceart lá thar na bhárach
D'iarr an fear seo air an doras a
Srud 'na ndiaidh. Druid sé an doras
agus shuidh sé thuas ag ceann a' tábla
gur ól sé braon de'n bhiotailte,
agus luthgháir air fá na cúig punnta
rud nach rabh aige ariamh i roimhe ina
saoghal de n-a chuid fhéin nó ar dóg
ar bith eile,
Nuair a bhí sí 'na sidhe cuireadh an
doras isteach, agus mhothuigh sé an doras
a teacht isteach. Nuair a fhoscluigheadh
an doras chonnaic sé beirt fhear a teacht
isteach ar thús, agus annsin nocht
comhnair, annsin nocht beirt fhear eile.
D'fhág siad an chómhnair i lár an
urláir agus thóg fear acú an clár
daoithe. Thosuigh an ceathrar gur throid
Agus cuireadh locht na seacht n-aimsearaca amach as
Cuid san aer, cuid san uisce cuid i bpríosún
na ndéamhan aithreach
Agus chuid eile i bpríosún dubh dhorcha an tall
"A athair ghrásamhail goidé'n nidh nó'n sásamh
"A ghlacfas tú ar shon síol Eabha.
"Nach mór a' truaighe a dtiocfaidh agus a
dtáinic
Ag 'ul go h-Ifreann ar bheagan ádhbhair
"Cá nglacann duais ar bith nó sásamh
'S tá mé réidh leóbhtha go lá na bráighe
Ach fuil Mhic Rí gan choir gan chánaidh
A dhorthadh ar a shon sula bhfághaidh siad párda
"Gheobhaidh tusa sin a athair ghrásamhail
m'athchuingne a fhághail ó shíol Eabha
"A dtabhairt na bhflaitheas gan pheachadh go
grásamhail
Tháinic plannta an aigil as párrthas
Agus chomhnuidhe sé fá dídean Mháire
Mar ghath-gréine a soillsuighadh ar fhásach
gur iompair sí é na trí ráithche
go h-umhal, iseal, "faoighdeach, náireach
go dtáinic am ar a Mhaighdean uasal
mhaith airgid linn. Scaoil seisean mise
ina leithid seo a dh'áit a chur ainm
ar an áit agus chuir sé an t-airgead
i bhfolach agus tá'n t-airgead annsin
ó shoin. D'imthigh sé annsin agus an
hata a bhí air chuir sé póill ann
agus chuir sé póill fríd n-a cheirteacha
go dtí go rabh sé ábalta innse ins
a' bhaile nuair a tháinic sé fá 'n
droch bhuil a tugadh air. Anois," adeir sé,
tá 'n t-airgead sin annsin go fóill
agus tharla go rabh uchtach a theacht annseo
anocht is leat-sa sin. Agus rud
beag eile atá mé ag 'ul innse duith
tá 'n giomanach sin ag mo dheárthair
go fóill, agus má tá eagla ort nach
gcreidtear tú ar maidin nuair a
thiocfas mo dheárthair b'fhéidir go
mbfheárr damh é a scríobh duit."
Chuaidh siad go dtí doras, agus d'iarr
sé air a bheith a teacht 'na shiaidh. Chuaidh
sé go dtí tábla an áit a rabh achan
chineál a bhí a fóirstean fá choinne scríobh
Bhí 'n saighdiúir ag amharc thart agus
d'iarr sé air bhuail bille de'n ghunna
ar a'n bhalla sin." Bhuail an saighdiúir
bun an gunna mar h-iarradh air."
agus thuit an balla isteach. Ní rabh
dhath taobh astoigh de'n bhalla ach gnidheacha
óir. Leat-sa sin fosta," arsa seisean
leis an t-saighdiúir. Pill siad annsin
'tin t-seómra. "Tá mise ag 'ul a scríobha
seo dhuit anois," arsa seisean le luach
Uí Dhómhnaill.
Shuidh sé ag an tábla, agus scríobh sé
an chainnt adubhairt sé leis an t-saighdiúir
Nuair a bhí deireadh scríobhtha thug sé
dó é agus d'iarr air a choinneáil
go maidin. "Tá mé íontach buidheach
duit cionnus a bheith ábalta fanacht
ins a' teach seo, nó leis an fhad seo
d'am ní bhfuair mise a'n nduine le
mo geárán a dheánamh leis. uaidh
an fhear seo síos agus luigh sé ins
a' chomhnair agus tháinic ceathrar fear
isteach, agus chuir siad an clár ar a'
chómhnair agus thug siad leóbhtha é. Bhí
luthgháir air fá'n méid airgid a bhí
le fághail aige ar ’ach uile dhóigh, an méid
a bhí 'sa teach, an méid a bhí i bhfolach.
's nach rabh fhios aige ceocú a bhí sé
'na sindhe nó 'na seasamh.
luath i gceart ar maidin buaileadh an
doras go trom, agus cé a bhí ann ach
an deárthair, agus cuir tuairisc goidé
mar d'éirigh leis. Níor dhubhairt sé
d'éirigh sé go maith nó go h-olc ach
sín sé an leitir chuige. Dubhairt sé
sin leis cé bith cé h-áit a bhfuair tú
an leitir seo sin chuid scríobh mo
deárthara-sa a bhfuair bás a leithid
seo a dh'am. Ní theachaidh sé i bhfad
fríd an leitir seo go dtáinic sé ar
an áit go b'é an giomanach a chuir
'un báis é."
"Fan thusa annsin," arsa seisean leis a'
t-saighdiúir, go bhfillidh mise. D'imthigh sé
agus chuaidh sé 'un toighe. Chuir sé tuairise
ar a chuid searbhantaidhe cé rabh an giomanach
h-innsigheadh dó agus sé'n t-órdughadh a'
thug sé é seo a thabhairt amach agus
a cumhdach suas le cluimhreach, agus
a chur le teinidh. Tugadh amach é agus
nuair a bhí sé cumhdaighthe leis an
cluimhreach acú chuir siad teinidh ann.
D'fhan seisean go bhfaca sé druidte é,
Thug sé iarraidh annsin go dtí'n áit
ar fhág sé an saighdiúir. "Anois," adubhairt
sé leis a' t-saighdiúir, "tá ach uile chineál
ar iarr mo dheárthair a bheith deánta
leis an airgead le deánamh agus
tabhair leat uilig é."
"Ó ní ghlacfaidh mise é. Tabhair damh-sa
an t-airgeadh atá cosinighthe agam
agus dheánfaidh mé groithe breágh. Tugadh
'un toighe eile annsin é go bhfuair sé
tráth maith agus neart ólacháin le chois
a mhargaidh, ach ní ghlacfad sé an t-airgead
a fághadh aige. D’fhág sé slán acú
annsin, bhí deifre mhór air ag imtheacht,
agus ar siubhal leis. Bhí sé a siubhal
leis, agus an oidhche sin casadh isteach i
dteach é agus d'fhiafruigh sé do bhean a'
toighe a dtabharfad sí loistín dó anocht."
Dubhairt sí go dtabharfadh. Chodluigh sé an
oidhche sin go snáimhneach, agus ar maidin
lá thar na bhárach d'imthigh sé leis.
Bhí na toighthe an-ghann ar an bhealach
a bhí sé a siubhal an lá seo. Chuaidh
sé go dtí teach a bhí ann agus nuair
a chonnaic siad a chulaith agus an
t-éideadh a bhí air ní rabh a'n ghroithe leis
Ní rabh aige ach siubhal leis. Nuair a
chuaidh sé tuairim ar mhíle casadh fear.
dóigheamhail air, shaoil sé fhéin fear-uasal
Chuir sé ceist air ar mhothuigh tú coiste
ar bith a teacht a' bealach sin, agus
dheá bheáthadhach bhána ann, agus giomanach
agus dheá bhean?"
Car mhothuigh, nó ní fhacaidh mé iad
i n-áit ar bith.
"Bhail tá siad le theacht agus tá mise
le castáil ortha. An bpillfidh tú liom-sa
arís.
Pillfidh," arsa seisean, "nó tá mé
tursach a siubhal ó mhaidin.
fuill a bheirt agus ba goirid ar aghaidhe.
a chuaidh an bheirt gur fiafruigh sé
dó cé mbéidh tú ar loistín anocht?"
"Bhféidir gur chuir tú mo sháith a cheist
orm," arsa seisean.
"Má shaoileann tusa go bhfuil sé ró-mhall
agat pilleadh, a' bhfuil fhios agat goidé
dheánfá tú, gabh thusa isteach agus
iarr lóistín duit fhéin agus do do
chonnadaidhe. Chuaidh a' feal uasal isteach agus
d’iarr sé bistín dó fhéin agus dá comádaidhe.
fuair sé sin. Annsin Chuaidh seisean amach agus
thug sé isteach an saigne, "agus an gunna, agus
achan chineál a rabh air. Nuair a chuaidh isteach
dubhair sé nach labh fáilte ar bith aige ins
a saighdiúr. "Saighdúir adeir an fear uasal
a dteárn tú do chuid. Ní dhear adeir sé, "ní
fada ó dhí mise a'n ghleam. Nuair a bhí
an bhiadh a dheánadh leis, thug a séighdiúr
cogas dó-san. "Síliní nach bhfuil fáilte ar bith
lá mo Choinne annseo, agus measain nach
bhfuil a dheáth maith annseo."
D'fhacking sé dó'n bhean seo an labh gnoithe
ar bith arí isteach annseo anocht dubhairt
sí nach rabh.
ball mas sin mar tá, tá mise ag go ’ul
a thabhairt an chócair ar an taobh astuigh anocht
Chuir sé a ghlas ar a doras agus tosuig
sé a comad é fhéin agus a'n fear eile.
Thosuigh an "Ceal uasal a bhaint de a
cheisteach ar sgór a dhul a luighe.
Amharc anns an leabaidh arsa'n saighdiúr, a
bhfuil tú ag ’ul a luighe inntí go bhfeicidh tú
a bhfuil a dheáth inntí.
thóg sé síos na h-éadaigh agus leag sé an
go h-éadthrom agus a’ leabaidh agus bhí sí lán
30 cí.
"Anois" arsa'n saighdiúr, "nach rabh mise ceart.
Gode bhí mé a’ ládh leat.
bhí an seanduir a’ sganadh.
"Na sgamaidh a dheáth amáin" arsa’n saighdiúr
Shuid a bheirt agus thosuigh siad a d’amarc
ar na gunnaí. Thosuigh siad a d'amarc annsin
ar na Pileáil a rachadh isteach inntí. An
muinntear a dóirfeadh do'n ghunna s'aigh-san
a bhí leis as Éirinn agus na tig olainn
adubhairt sé leis an fhéal uasa, ciaca
líonfá tú nó fa tú."
"Níonfaidh mé dubhairt a’ feas arsa
"Maith mar tá dubhairt a' saighdiúr, "Sgoilfidh
a
Shuid siad annsin tamall agus tosuigh a’ féar
uas a ghabhail ar crith. Bagail seisean air
nach dtiocadh leis a deánam a bheath ní
b'fhear anois, agus go gcaithfeadh sé a
a sheasamh anois. "Níth a' trup aníos a’
staighe agus ní rabh a fhios acú cra feas
nó bean a bhí ann, ach bhí fhios acú go rabh
níos mó nó duine amáin ann. Dubhairt siad
go rabh an t-am acú a dhul i luighe
dubhairt ann sárdiúr a freagadh gur ghlac
siadsan a siomra seo go maidin, gur bhac
siad a’ riomha ó fear a' toighe agus gus
cúil siad ceist a' rabh groithe a'n nduine
isteach annseo go maidin agus gur h-ubhladh
nach rabh."
beirfidh muidinne orraibh a dhul i luige
go gara fosgail a doras.
Chú
agus
"Ní Phosgachaidh
Chuir siad bara crainn Pid cá de'n dolus
agus blis siad a’ comláid. Chuir fear isteach a
lámh ar a phol a bhris siad ar comaidh agus
tharraing asardiúr a chlaidim agus char sé
an lamh de. "Coinnigh thusa amach as casan
a' phoill anois, nó má thighthear ort béidh
tú marbh, tá achan chineál acú annseo
"Tá cuiligh annsin. Coinnigh siad amach
as casán a’ phoill, agus chuaidh siad fhad
leis a chóirneál. An chéad rud eile a
mhothuigh siad briseadh poll ar an lafta,
as a gcionn agus féachadh le iad a
mharbhadh fríd an pholl seo. Thosuigh an
saighdiúr a scaoileadh suas fríd a' pholl
Scaoil sé cupla urchar agus níor mhothuigh
sé trup ar bith níos mó, agus bhí sé
a dheánamh go rabh siad uilig marbh aige
D'éist siad tamall beag eile agus ní
rabh dath ar bith le móchtáil."
"Rachaidh muid amach go bhfeicidh muid
goidé tá contráilte. lódáil do ghunna
arsa seisean leis an fhear-uasal. Chuaidh
Ghlac sí áit ins a' stábla go snárach,
gan chonnneall, gan bhean a chuarta
go bhfuair sí a h-aon mhac naomhtha ar uaigeas
D'éirigh Muire ar a' tríomhadh h-oidhche
Agus chuaidh sí ar dídean i mbealaigh uaigeacha
i bhfad ó thíortha, agus í ag iarraidh a
shábhail ar bhás na h-Aoine
Cá rabh i bhfad annsin go rabh sí buadhartha,
D'éirigh Rí Meród amach ins na sloighte,
Agus mharbh sé mílte de na Naomh an uair sin
A deánamh go bhfuighead sé criost ina ghuaileach
Nuair a tháinic Chríost 'un méid 's'un misnigh
Chuaidh sé a bheannughadh na ndaoine ’á mbaiste
A dtabhairt 'un céille agus 'n chreidimh
"A siubhal a’ t-saoghail é fhéin ina h-Easpór
Chuaidh Mac Sé isteach 'na gháirdín
léigh sé ar dheágh staid an pháiste
Chuir sé allus-fola de n-a mhailigheacha bana
D'amharc sé go truagheannta ar athair námh
"A athair nó nach bhfeiceann tú mé guidte
"ar lámh mo námhad
"Mo chroidh a chreáthnuighadh agus mo chorp
a sgannrádh.
a mharbh sé fhéin amuigh. Thosuigh sé a
chuartughadh go bhfeicead sé a rabh a'n nduine
eile thart. Thosuigh sé a d'amharc thall
's i bhfos agus fá deireadh thug sé
leath-seathamh siar faoi 'n leabaidh agus
chonnaic sé cosa an fhir-uasail a
teacht aniar as faoi'n leabaidh. Bheir
sé greim coise air agus bhuail sé a
tharraingt aniar, go dtug sé aniar a
Car shaoil mé gur sin a' rud a
dheánfá," arsa'n saighdiúr. "Éirigh as sin
tá rud ínteacht eile fá'n teach seo anocht
Chuaidh a' bheirt acú suas a' staighre
annsin, an saighdiúr ar thús, a' féitheamh
achan bomaite cé h-uair a thiocfaidhe
air. D'fhoscail sé doras isteach agus
chonnaic sé deá bhean agus féar, an
dá bhean chrochta as a gcuid gruaige
agus a' fear crochta as a chosa."
Nuair a chonnaic a' fear uasal seo
thuit sé i laige. Ní theárn seisean
ach an chlaidheamh a tarraingt agus
gheárr sé an gruag, agus thug sé an
dhá bhean anuas. Gheárr sé an rópa a
rabh 'n fear ceangailte lorg a chos
air, agus taraing sé a sgann amach agus geal
sé an t-éadach a bhí ar a mbeal. Bhí an
thuir na lighe annsin, a seanduine a’
fear uasa, agus eadar an t-iomlán bhí dloch
dóigh air. Bhí siad sgannuigh ach ní rabh siad marbh
Thosuigh sé ar a chuid oibre annsin go dtug sé
an cailín tárt a' chéad uair agus chuir sé a
a cosa. Thug sé an bhean ansin thart agus
chuir ar a cosa í. Annsin tháinigh sé fadh leis
an fhear uasal a bhí leis i dtús na h-oidhche agus
d’fhan sé aige-san go dtug sé tar é ach ní
libh sé ábalta cuir ar a chosa. Agus a fear
eile annsin ní rabh oilead deise air ag
tarraingt air mhal nach lab an chaill ar
Nuair a fhuair sé uilig iad go measardha
bhí odhlanacht a’ c ann. Amarcochaidh muid
thar anois go bhfrid muid goré an chineal áite
atá annseo agus a' chéad áit a dtáinigh siad
go dtí é bhí fear crochta ann ar sise.
Sé an Rud a bhí ann ná ár mhór agus é
lán spící agus abhainn a’ Ractáil faoi agus
nuair a bhéadh siad nó marbh, ní dheánfaidh ach
iad a leiguit síos frid na spící agus annsin
d'iteochadh siad leis a’ tuillid agus ní chluinis
iomrádh ní ba mhó ortha. Dubhairt a saighdiúr
teach thigearna coilleadh atá annseo, "Nac
rabh fios agam-sa dtús na h-oidhche nuair nach
bhuiginn bistín ann nuair a tháinic mé tart
annseo agus nuair a tháinic mé an darna
h-iarraidh leat-sa nach rabh móran fáilte romhain
nach teach maith a bhí annseo." Anois bíodh sin
agat. "Teacht tusa mise ar dhá bheathadhach
bhána agus Coiste teacht annseo, agus chaithfidh muid
amarc thart anois go bhrimid an dtiochadh
linn iad achastail orainn. Táinigh an bheirt
anuas a’ staighe agus thug siad anuas a
seanduine, a bhean agus an giomanach
gcuideachta. Thug siad baramail díobhtha cé'n
áit ar chuireadh na beathadhaigh. Chiaidh siad
dtí'n áit sin, astoigh annsin nuair a
d'fhosgail siad a dolus bhí'n dá bheathadhach agus
a’ cóisde. Tárraigead amach a' dá bheathadhach
go bhfeicfidhe an rabh a dháth contráilte leo
agus chuir a' gomaire a ngléastaí fhéin ortha.
Nuair a bhí achan uile chineál réidh acú bhí
sé chóir a' lae.
"Tá muid sinne ag imtheacht anois," arsa
fear-uasal, agus béidh tusa linn.
Rachaidh cinnte, mé."
"Bhail má tá tusa ag 'ul a dhul anois
siubhalfaidh mé é.
"Sé'n siubhal atá orm-sa ag 'ul go
bhfeicidh mé Rí na Sasán, an áit nach
bhfuil mé fhéin agus an chóirneál atá
as mo chionn mór le chéile. Bhí ina
araon mór le a'n ghiorrsach amháin
agus ar an ádhbhar sin bhí sé a tabhairt
pionúis agus masla dámh agus ar
a' dóigh sin bhí sé a tabhairt droch
bhuil orm. D'imthigh mé liom a'n oidhe
amháin agus seo an áit a bhfuil mé anna
"Teacht a' lae chuaidh siad uilig isteach
ar a chóiste agus ní rachad seisean
leó. Dubhairt sé go siubhailfead sé é.
D'imthigh an fear uasal agus an méid
a bhí leis, agus nuair a bhí siad a
tarraingt ar a' chaisleán bhí trí ranc
saighdiúirí ann rompú. An chéad ran
a dtáinic siad go dtí é, stap siad é
agus d'iarr siad ar a' cheannphórt a
bhí ortha innse dó go rabh saighdiúir
dó chuid na h-Éireanna le theacht fríotha
annseo i dtrátha an dhon-lae indiú
agus cá bith agháirdeas a thug siad
dó-san, a dhá oiread a thabhairt dó
shaighdiúir na h-Éireanna." Dubhairt sé
an rud céadna leis an darna ráic agus
an rud céadna leis an tríomhadh ranc
Bhain saighdiúir na h-Éireann amach iad
i dtrátha an mheadhon lae. An chéad
rannc saighdiúr a dtáinic sé go dtí é
cá rabh fhios aige i n-Éirinn goidé'n
t-ollgháirdeas a bhí fá na choinne
An darna ránc a dtáinic sé go dtí é
chonnaictheas dó nach rabh siad ach a
mhagadh agus ní dheárn sé ach bun a
ghunna a tharraingt ar fhear mór a
bhí ann agus mharbh sé é. Indiaidh
sin fhéin a dheánamh níor baineadh é
leigeadh ar aghaidhe é, chuaidh sé fríd
an tríomhadh ranc, agus bhí sé ag 'ul
ar aghaidhe gur bhuail sé an doras.
Tháinic an dorsóir agus d'fhiafruigh
sé dó goidé bhí sé a dh'iarraidh."
Tháinic a' fear chóiriste ins an éideadh
ar cheart dó, agus labhair sé leis agus
d'fhiafruigh sé dó goidé'n siubhal a bhí
air-san annseo." Dubhairt sé leis
gur fhág sé Éirinn agus go dtáinic
sé annseo a dh'amharc ar a’ rí go
dtí go bhfeicead sé a' rabh céad ag
an fhear a bhí as a chionn a bheith
a thabhairt masla dó, ba chuma goidé
dheánfad sé, "chionnus go rabh sé mór
leis an cailín chéadna a rabh seisean.
mór léithe.
Agus ann é sin a bhfuil a' cur bhuaidheartha
ort?" arsa seisean.
"Sé."
iad chuighe ar mharbh tú ’n fear?"
Shaoil mé gur a mhagadh a bhí siad
orm."
Bhí a teacht isteach. Ní thiocfaidh mise
isteach, agus ní dheánfaidh mé rud ar bith
go bhfághaidh mé freagar na ceiste atá
mé a chur
"Bhail caithfidh tú a dhul isteach agus shuidhe
síos le sin fhéin a fhághail," arsa seisean
Chuaidh sé isteach agus shuidh sé síos
agus an chéad duine a tháinic chuige
an fear uasal cóirigh amach. D'fhiafruigh
an
sé do shaighdiúir na h-Éireá
aithnigheann tú mé?"
Aithnigh, nach tú bhí ann mo chuidean
aréir.
"Ní rabh sé i bhfad go dtáinic a' bhean
agus a' cailín óg, agus ní a chrathadh
láimhe a bhí siad leisean, "ach a phógadh
agus ní rabh fhios acú goidé dheánfad
siad leis. Tháinic braon biotailte agus
dubhairt seisean nach rabh sé ag 'ul
a dh'ól biotailte ar bith go bhfághad
sé freagar na ceiste a bhí sé ag 'ul
a chur. "Seo gheobhaidh tú freagar na
cheiste sin fá chionn tamaill eile, "caithfidh
tú braon biotailte a ól uainne anois
Shuidh siad thart ar a tábla, agus chuir
siad ceist air a rabh ocras air. "Tá.
agus mo sháith de," arsa seisean, "nó
níor ith mé a'n ghreim ó mhaidin ind
Tháinic an biadh 'un tábla agus bhí
oiread luthgháir ar an fhear seo a
rabh a bhean agus a nigheann sábhailte
agus gur thosuigh an seanchusc fá
Éirinn. "Fiafruigheadh dó an bhfuil
notion' agat do'n bhean sin a tá
i n-Éirinn ag at, nuair a tháinic
tú an fhad seo a dh'amharc fá dtaobh
daoithe?"
"Níl a dhath amháin ach oiread le bean
ar bith eile.
"An bhfuil 'notion' agat do bhean ar bith eile
Níl. Níor labhair mise le a'n bhean
ariamh ach í sin, agus cá mbeinn mór
léithe ach mur b'é an dóigh a dteachaidh
sé ann m'éadan."
"Bhail tharla nach bhfuil, bhí tú dó
chionntaigh an bhean óg sin agus an
bhean eile a shábhail aréir, agus má tá
dúil agat ann, sin mo nighean-sa, agus
thig leat í a bheith agat."
"'Sé," adubhairt seisean, "ach bhféidir go
bhfuil deifir ins a' méid seo
"goidé sin," arsa seisean
"Ó tá, bfhéidir nach bhfuil muid a crochadh
ar gcuid hataí Dé Dhómhnaigh ins
an áit amháin.
tusa
"Cé bith cé h-áit a bhfuil a chrochadh
do liatha, caithfidh sise a chrochadh ins
an áit chéadna, nó ní bhéadh sí annseo
indiú ach go b'é thú."
"Níl sin ag 'ul a dheánamh maith ar bith
sula nglacaidh mise bean ar bith nó
dhuth fá dtaobh dó caithfidh mé fághail
amach fá'n fhear seo a d'fhág mé mo
dhiaidh i n-Éirinn, agus shásamh a fhághail
as. Dubhairt sé annsin go nglacadh sé.
ach go rabh eacht ann, gur chuma ceocú
ghlacfadh nó nach nglacfadh go gcaithfead
seisean a dhul go h-Éirinn.
Dubhairt a' fear seo leis gur eisean a'
rí, agus nuair a bhéadh an pósadh agus
"A Mhic nár gheall tú go bhfulaingneochtha an
páis damh
"Ar eagla na dteinnteacha móra láidre
Gheall Mé a athair agus caithfidh mé dheánamh
Goil Eoin, agus ghoil Peadar go cráidhte
Goil sé fhéin ór is aige a bhí 'n t-ádhbhar
"A Eoin a rum, fághainn cúramh mo mháth ra
ort
"Má thig tú amárach bíodh mo mhathair leat
"Tá eagla mhór orm go bhfuil a bás agam,
Chuaidh lóin go dtí 'n áit a rabh Muire
Tabhair sé léithe de chómhrádh deisinir
"A Eóin a rúin a bhfaca tú mo leanbh."
A bheágh bhean bheannuigh tá sé ar láimh
a námhaidh, agus guidhte
D'éirigh Mhuire go faoighdeach misneamhail
a chos gan bróig agus a caoimhín íochtuigh
Agus níor mhothuigh sí clocha na mbothra
a gortad
go dteachaidh sí ins an áit a rabh 'n gárda
a socrughadh
"A lóin a ruim agus é ar lámh léithe
"Cé sin thuas i gcrann na páise?"
siubhal a bhí air, agus cé bith cé h-áit
ar fhág siad chuaidh siad ar lóistín ar
a' t-Sráth bán. "Anois," adeir sé, "tá
mise ag 'ul 'na bearaice go dtí go
bhfeicidh mé an dá fhear a rabh 'n scríopall
ionntú, agus a leig ar shiubhal mé, agus
a leig damh-sa a theacht an fhad seo ar aghadha
Chóirigh sé é fhéin suas i gculaith an
t-saighdiúra, agus thug sé leis a ghunna
agus chuaidh sé go dtí'n bhearaic.
Chuaidh isteach, agus cé'n bheirt a bhí
ar ghárda an oidhche seo ach an bheirt
chéadna a leig ar shiubhal é. Dubhairt
sé leóbhtha a' rabh airgead ar bith geallta
do dhuine ar bith a gheobhadh mise guidhte
"Bhí," arsa siadsan.
goidé'n t-airgead, D'innis siad
dó, gabhad fear agaibh-se anois agus
tógad sé an t-airgead, agus abair
gur rug tú orm-sa, agus caithfidh tú
an t-airgead a fhághail."
"Arú! ní leigfeadh ar gcroidhe dúinn
a dheánamh, agus an saidh a bhí tú a
fághail ins an am a rabh tú annseo."
Sula n-innsighidh mise díbh níos mó
an dóigh a dtáinic mé fríd achan chineá
ó shoin, gabhad fear agaibh agus thógaige
an t-airgead nuair atá mise anns
Chuaidh siad agus thóg siad a' t-airgea
Tháinic a' fear mór árd seo a bhí
as a chionn nuair a bhí sé i n-Éirinne
an chóirneálach, agus cosamhlacht air
go mbuailfead sé aríst é. D'iarr
sé air a bheith go snámhneach, nach
rabh sin sa dligheadh. Ar maidin lá
thar na bhárach bhí páirtidhe acú ag
'ul amach a deánamh achan chineál a'
mbéadh le deánamh, agus sé'n t-órdugh
a fuair siad eisean a ceangal
ar chrann. Bhí beirt fhear réidh
annsin fá choinne a chuid sgiúrsa
a thabhairt dó, de réir órdughadh an
fir seo. Chonnaic siad an choiste
agus na ceithre beathadhaigh bána a
tarraingt ortha. D’fhan siad go
snáimhneach siocair mar bhí sé ins a
reacht go gcaithfead sé gur duine ínteacht
a bhí a baint do'n rí a bhí annsin
D'fhan siad go snáimhneach annsin agus
an fear tárnochta ceangailte do'n chrann
léim an bhean seo anuas de'n chárr agus
chuaidh sé anonn agus scaoil sí é
agus thug sí go dtí 'n cóiste é, agus
thug sí a cheirteacha dó. D'innis sise
annsin goidé'n stúradh a fuair sé
ó'n rí. D'éirigh sé annsin agus
rinn sé tamallt fada cainnte de'n
coiste, gur innis sé goidé dtáinic sé
fríd an dóigh ar shábhail sé an bhean
seo, go dteachaidh sé na coilleadh, gur
mharbh sé fear ag 'ul isteach fríd an
ghárda dó go bhfuair sé isteach fhad
leis an fhear-uasal seo, "agus tá a
nighean agam-sa anois, agus tá mé
ag 'ul a thabhairt an pionnis ceádna
dó'n fhear sin a thug seisean damh-sa
sul mar fhág mé Éirinn, agus sula
ndeánaidh mé sin leis isleochaidh mé
go dtí saighdiúr singil é agus a bheirt
seo a rabh oiread a croidhe acú agus
a chuaidh fríd a' pionns bhéarfaidh mé
chéad díobhtha a áit a ghlacadh, agus
a' beagán beag airgid atá agam tá
mise ag 'ul a thabhairt díobhtha anois
Socradh sin, agus chuir sise ceist
air cá rabh a mhuinntir 'na gcomhnuis
"Á!" adubhairt sé, "ní innseochaidh mé
duit. Is cina maith nó olc iad
nó goidé mar tá siad. Níl fhios
agam-sa goidé mar tá siad, agus
nach cuma damh é, caithfidh mise a dha
nó ní fúigfidh mise Éirinn go
bhfághaidh mé amach goidé'n cineál
dream ar dó thú, agus ní dheánfaidh
deifir
sé anáit damh-sa maith nó olc iad
agus níl sé ag 'ul a dheánamh dhath ort
nuair a rachas mise aris.
Ní rabh suaimhneas léithe, agus chaithfead
sí dhul. Thiomain siad leó go dtí
gur theisteáin sé díobhtha i bhfad uatha
an teach a rabh a athair agus a
mháthair agus deárthair dó 'na chomhnuidhe
ann. "Ach anois," adubhairt sé, "an dóigh
ar imthigh mise, "ná leigfeadh an náire
damh a dhul isteach anois cuca.
"Má théighim isteach ar an dóigh a bhfuil
mé cóiriste anois sgannrochaidh siad
rómhainn, agus ní aithneochaidh siad mé
"Tá culaith eile annsin agam nach bhfuil
mé a chathamh, agus seo fear bocht a
teacht anoir a bealach mór, agus
cuirfidh mé ceist air a ndeánfad
sé malairt S liom. Tháinic an fear
seo fhad leóbhtha. "A ndeánfaidh tú
malairt culaith?"
"Cé'n chulaith?"
Chulaith atá liom annseo, agus bhéarfaidh
mé duit í ar an cheann seo atá ort.
"Is maith liom a iarraidh orm ach
bhféidir gur a mhagadh atá tú orm."
"Ní h-é, níl mé a deánamh magaidh ar bith
Ní rabh anonn nó anall ann stripeáil
a' seanduine é fhéin agus chuir sé
air an chulaith mhaith, agus chaith sé
an t-sean-chulaith de agus chuir seisean
air í. Chuaidh sé isteach ar a' chóiste
arís. "Anois," adeir sé, "tá sé a
theacht na h-oidhche, agus bíonn siad
íontach groitheach fá'n teach sin teacht
na h-oidhche." Thiomanfaidh tusa na
bheáthadhaigh, agus tá mise ag 'ul a
teacht anuas annseo, agus siubhailfidh
mé agus thiomáin thusa na beáthadhaigh
go dtí 'n teach.
Thiomáin siad leóbhtha a tharraingt ar a'
teach, agus nuair a chonnaic cóiste na
gceithre mbeáthadhach a teacht, ní rabh ann
ach duine ar bith a gheobhadh greim ar
rud ar bith a bhí ins a chasan breith
air agus b'fhéidir a cathadh ins an áit
a rabh sé níos mó ins a casan, an
dóigh nach rabh fhios acú goidé bhí siad
a dheánamh. Tháinic a bhean anuas a'
chéad uair agus chuaidh sí fhad leis an
doras agus d'fhiafruigh sí a bhfuighead
sí lóistín go maidin annseo. Dubhairt
an t-seanbhean nach bhfuigheadh duine ar
bith lóistín annseo, "nach rabh duine ar
bith le dheith a dheánamh annseo ach ise
ach 'na diaidh sin is doiligh liom cur
suas dó chailín deas mar thusa."
D'iarr sí oirthí a theacht isteach agus
fanacht annseo go maidin.
D'fhoscail sí an doras agus thug sí
isteach go dtí seamra a bhí ann í
Tháinic a fear isteach annsin. Goidé seo
atá teacht anocht orainn?" arsa seisean
nó cé leis an choiste sin amuigh."
"Tá bean dóigheamhail astoigh ins a'
t-seamra, agus níl fhios agam goidé'n
chineal duine í."
"Bhí siad ag obair a chainnt mar seo
eatorra fhéin, nuair cé thig isteach ach
eisean - an mac, agus é ins na brathagaí
Chuir siad forán air a chéad uair, goidé
mar tá tú?" "caithfidh sé go dtáinic
tú fríd chuid mhaith ó d'fhág tú seo,
agus leóga caithfidh sé go dteachaidh tú
i bhfolach i n-áit ínteacht, nó do réir
's mar chuir muid inne seanchusc
saoilfeá gur cheart dúinn tú a fhághail
amach i n-áit ínteacht, agus cé'n áit
a rabh tú a chroidh?"
Is cuma cé'n áit a rabh mé,
innseochaidh mé arís duit é. Goidé
chineál beathadhaigh iad sin amuigh?"
Tháinic bean isteach annseo," adubhairt
an t-athair, agus d'iarr sí loistín.
Dubhairt mise léithe nach rabh áit
ar bith annseo fá na choinne, agus
dubhairt sé cé bith cineál áite a
bhí aghainn nach gcorochad sí go maidin
Nuair a chonnaic mé nach bhfuigfead
sí d'iarr mé oirthí a theacht isteach
'un t-seamra.
"Cé 'n áit a bhfuil sí?" arsa seisean.
D'éirigh sé agus chuaidh an t-seanbhean
a mháthair roimhe go dtí'n doras.
"A sean bhrathacháin cháidigh níl thusa
ag 'ul a chóir bean-uasal. Thuit
a bheirt amach le chéile agus fuair
sé buaidh na sean mhrá agus shiubhal
sé síos, agus bhí sise annsin roimhe
Nuair a fuair siad achan cineal
shocruigh agus na beathadhaigh stábluighthe
cuireadh fá choinne biothailte agus
cruinnigheadh isteach na comharsannaigh
agus chá rabh a bithid a dh'oidhche
Bun a' ghaoith ó shoin
ag
Transcribed using automated handwriting recognition technology as part of the Decoding Hidden Heritages project.