“Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDoire, agus ní rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain.”
Ireland
- Collection
- The Main Manuscript Collection
- Volume
- 0180
- Date
- 30 April 1936
- Item category
- Lore
- Aarne-Thompson index
- AT0726: The Oldest on the Farm
- AT0726*: The Dream Visit
- Language
- Irish
- Location
- Glencolumbkille, Co. Donegal
- Kilcar, Co. Donegal
- Collector
- Seán Ó hEochaidh
- Informant
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Link
- View entry on dúchas.ie
Mode:

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0180, Page 055
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
Transcript
AIEit. 583(b)
55
3308
3
Bhí buachaill ar aimsir thíos i nDóire, agus ní
rabh aige ach cúig phunnta sa bhliadhain. Bhí
sé lá amháin thíos agus tháinic soitheach na ceadbha,
agus tháinic a chaistín fhad leis agus d’fhiafruigh
sé de char bh’as é. Dubhairt sé gur bh’as
Co. Dhún na nGall é. "Bhfuil tú neas," arsa
seisean do Co Tíre Eoghain?"
"Bhail níl," (arsa’n gasúr) arsa’n buachaill
"Goidé’n tuarastal atá aghat?"
"Cúig phunnta
"Bhail bhéarfaidh mise cúig phunnta duit," arsa
seisean, agus imthigh leat, agus amharc," arsa
19 3305
56
seisean, ag Ó Domhnaill na nGlaiseachaí a bhfuil
siad a choinneáil chuannaí i dtólamh. Deánfaidh
arsa’n gasúr. Agus bhí annseo bliadhain agus
an lá indiú araist, agus béidh mise annseo
fá do choinne. Thabhair leat ceann de na
coileáin," arsa seisean, agus na leig dó
dhuine ar bith amharc air ach tú fhéin,
agus thóg astoigh i room dorcha é, agus
nuair a bhéidheas a bhliadhain suas," arsa
seisean, "gabh thart ar a leithid seo a loch,
agus cá bith seilg a dheánfas sé," arsa
seisean, thabhair a t-seilg fhad liom-sa
annseo.
Rinn a bhuachaill mar d’iarr sé air
agus bliadhain ó’n lá sin. D’éirigh sé amach
(fá ’a leis a chú agus chuaidh sí thart
fá ’n loch, agus chuaidh sé fhéin thart
a taobh eile, agus fuair sé’n cú
mharbh ar chladhach na locha, agus meathanach
de bheathadhach beag an ghránda marbh ag
n-a thaobh. Thug sé leis a bheathadhach
agus d’imthigh sé agus bhain sé Doire
amach, agus nuair a bhí sé i ndóire
béathadhach beag caoch tana, gan mhaith."
3310
87
ní rabh ’n soitheach ann, ach bhí sí ar amharc
a teacht ann
An dteárn tú mar h-iarradh ort," arsa
sheisean.
Rinn," arsa seisean, "tá ’n beathadhach sin liom
agus má tá fhéin is beag an éadail í.
Chonnaic sé’n t-seilg. "Bhail siubhail leat
anois, adeir sé anonn go Críoch lóchlanna.
agus fágfaidh mise sa bhaile arais thú
slán subhailte. D’imthigh sé leis anonn go
Críoch lochlanna, agus nuair a chuaidh sé
isteach thall chuaidh sé suas a chruc. Bhí
sé ag ’ul suas mallaigh faoi’n teach agus
fuair sé cramh gearráin.
"Seo duit," arsa seisean, "tá m’athair dall.
agus nuair aithneochas sé gur Éireannach atá
ionnat, rachaidh sé a bhreith greim láimhe
ort, agus na thug dó do láimh a chor a’
bith," arsa seisean. "Sighin a chrámh dó, nó
bhricfeadh sé do lámh," arsa seisean. "Sighin
sé an cramh fhad leis agus rinn sé
smulagar de’n chrámh. D’óibir leis annsin,
agus feannadh an beathadhach agus bruightheadh
331 8
é, agus d’ól an uile dhuine aca miosúr
de’n t-suigh, agus níl an phighinn airgid a
rabh astoigh i n Éirinn aca, nach bhfacaidh
siad. Nuair a bhí sin deánta aige
chonnaic na lóchlannaigh a gcuid airgid
uilig go léir. Bhruightheadh an feóil arais
agus tugadh giota de’n fheóil do’n uile
duine annsin. Tugad giota de’n fheóil
do’n ghasúr agus ní fhachaidh sé aon
dath níos mó. Thug sé céad punnta
annsin dó agus d’fhág sé i bhfos ins
a’ bhaile arais é, agus tháinic siad fhéin
anall agus fuair siad a gcuid airgid,
) An lóchlannach
"Ná lóchlannaigh