Modh:
Prìomh Chruinneachadh nan Làmh-Sgrìobhainnean, Iom-leabhar 0539, Duilleag 548

Iomradh Tasglainn

Prìomh Chruinneachadh nan Làmh-Sgrìobhainnean, Iom-leabhar 0539, Duilleag 548

Ìomhaidh agus dàta © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tar-sgrìobhadh

AI
Ba lóidheasa crann
i dtírtalt Baighneach
shluineille.
ainm an "
Ó hEochaidh.
ruachlann. Teilionn
seóladh a
"Tírconaill
do screar síos an sceal is aris i n-áil 58
a sean-ait. Peigí. Ní a
nighean
aon a a seinm-seata. An
7
a coirn
i ndire seorainn. Crapac a
i
is na tógadh arais.

thig (aos an uair inn. 5 28) a
sanaigh Íochtarach
Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rí
agus báinrioghain ann. Baí an bháinrioghain
seo an bhean a ba dóigheamhla ar shoillsigh
an ghrian ariamh oirthí, agus bhí sí
'na ceann an-mhaith dó na bochta
"Níl aon lá sa bhliadhain nach gcuireadh
sí amach a chuid buachaillí fhad leis
na bochta le tréan bidh agus dighe."
Bhí triúr mac ag an bháinríoghain, agus
bhí na ime seo comh cúramach aicí
leis an t-súil a bhí astoigh ina cheann
Lá amháin tháinic claoidhteacht ar an
bhainríoghain agus chuir sí teachtaire
innseoir an rí go rabh groithe aicí
leis. Tháinic an rí agus d'fhiafruigh
sé daoithe goidé bhí contráilte léithe:
"Tá maise," arsa sise, "t'eagla orm
go bhfuil an bás agam an iarraidh
seo, agus sula bhfághaidh mé bás
tá athchuingne amháin agam le h-iarraidh
ort. Nuair a gheobhas mise bás
phósfaidh tusa bean eile, agus mór
mhaith liom go b'fhágfá mo thriúr
mac-sa faoi choimrigh a leas-mhathara
Chuir ar siubhal ins na cianta
coimhthigheacha iad, agus fág ann iad
go dtigidh ionntú, agus go rabh siad
i n-innibh amharc na ndiaidh fhéin.
"Arú!" arsa'n rí, "níl tú ag 'ul
a fhághail bháis mar sin, ach mas rud
's go bhfuighidh ná bíodh eagla ar bith
ort nach ndeánfaidhe mise mar d’iarr
tú orm, ach
tá súil as Dia agam,
7fiachaidh)
nach mbíonn feaf orm."
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, ní
rabh lá ar bith a rabh ag 'ul thart
nach rabh an bhainríoghain ag 'ul 'un lagair
a ingheann go h-íonntach maith, agus nach
rabh anas ar bith oirthí, agus gan
buaidhreadh ar bith a bheith oirthí fá
dtaobh daoithe.
"Maise ba mhaith liom í fheiceáil," arsa sise,
"Ó bhail," adubhairt sé, "ní fheicidh tú
í indiú. Ach a bhfeiceann tú mise?"
"Tcím
"An bhfeiceann tú mo chuid deártharacha
"Tcím," arsa sise
"Cá bhfuil a' t-súil a bhfeiceann tú
muid léithe?"
Theisbeáin sí an t-súil dó. Tháinic
sé anall go dtí í agus leag sé a
órdóg ar a' t-súil agus bhain sé
an t-amharc amach as a súil, agus
d'fhág sé dall í. Tháinic sé 'na
bhaile annsin agus í ar leath-súil
agus ní fhacaidh sí an amharc ar
an mhuinntir beaga ó'n lá sin go
dtí 'n lá indiú nó ar a nighean
fhéin.
pósadh. Chuaidh siad chuige agus dubhairt
leis go gcaithfead sé imtheacht agus
féachail le bean eile a fhághail, nó
go rabh an ríoghacht fada go bór
anois gan bhainrioghain, agus go ral
sé a chur nidhe mhór ar na daoine
Béigean do'n rí bhocht a dhul 'un
siubhail, agus cé bith cúis de d'éirigh
leis an bhean a fhághail.
Pósadh iad annsin, agus bhí dóigh
breágh ortha gur rugadh mac óg do'n
bhainrioghainn. Ní rabh lá eólais ag an
darna bean seo go rabh an rí pósta
i roimhe, nó go rabh a'n nduine chloinne
aige, díomaithe dó'n mhac s'aicí-se.
lá amháin d'imthigh an rí agus a
chuid fear ar siubhal 'na chruic a seilg
agus nuair a fuair an bhainrioghain ar
siubhal iad chuaidh sé amach a siubhal
Nuair a bhí sí ag 'ul thart le toigh
cailligh na gcearc bhain tuisle daoithe
agus thuit sí ar a béal 's air a
srom ar an talamh.
"Dia agus Muire liom," arsa'n bháinrioghain
"Nach rabh Dia nó Muire leat!" arsa inghean
"Cad chuighe a n-abhrann tú sin liom-sa?"
arsa 'n bhainríoghainn.
"Tá maise," arsa Cailleach na gCearc,
bhí an bhainrioghain a bhí annseo rómhat-sa,
'na ceann a'n mhaith dó na bhochtha
Cuiread sí biadh amach chuca ach uile
lá agus ní rabh fhios aicí goidé
b'fheárr a dheánamh díobhtha, ach ní
h-é sin duit-se é, ó'n lá a tháinic
tú isteach 'na chaisleáin go dtí'n
lá indiú, ní thug tú áird siar ortha.
An rabh 'n rí pósta i roimhe?" arsa'n
bhainríoghain
Bhí leóga," arsa cailleach na gcearc, agus
ina chuideachta sin bhí triúr mac aige.
agus a dtugtha díolaidheacht mhaith damh-sa.
d'innseochainn rud ínteacht duit!"
Díolaidheacht ar bith a iarrfas tú,"
arsa'n bhainrioghainn, "tá sí le fághail aghat.
"Bhail má bheir tú an chéad mólt damh-sa
is feárr ar do dhuithche, chéad ba breaca
agus céad gabhar innseochaidh mé an
scéal uilig duit ó thoiseach go deireadh
"Maith mar tá," arsa'n bhainrioghainn, "bhéarfaidh
mise sin duit agus céad fáilte"
Thosuigh Chuilleach na gcearc a dh'innse
daoithe annsin. Bhí an rí phósta roimhe,
arsa sise, "agus bhí triúr mac aige
leis an chéad mraoi. Shul ar phós sé
thusa rinn sé caisleán mór dó na
mir ins an cheann eile de'n ríoghachta
agus chuir sé 'un siubhail iad fhéin
agus na gaisgidhe a b'fheárr a bhí
fá'n chúirt aige 'na chaisleáin seo
agus tá siad le bheith annsin a
tabhairt léighinn agus foghluimthe díobhtha
go dtigidh ionntú. Tiocfaidh siad
annsin agus cuirfidh siad cogadh
ar do mhac-sa agus fágfaidh siad
é gan áit le n-a cheann a chur
isteach ann, agus a mbéinn-se a
d'áit d'fhéacfainn le cipín a chur
leóbhtha ar dhóigh ínteacht."
Agus goidé'n dóigh a ndeánfaidh mé
sin?" arsa'n bhainrioghainn.
"Níl moill ar bith ort," arsa Chailleach
na gcearc. Anocht nuair a thiocfas
an rí abhaile as an chruc, abhair leis
gur ghránda an rud dó nar innis
duit ariamh go rabh sé pósta roimhe
agus níos measa nó sin gur mór
an náire dó a triúr mac a bheith
ar shiubhal aige ins na cianta
coimhthigheacha, ar shiubhal ó na mbunadh
agus ó n-a ndaoinne. Bhí ag 'ul dó
a choidhche go dtugaidh tú ar cuireadh
a thabhairt díobhtha 'na bhaile. Nuair
a thiocfas siad gléasfaidh an rí
cuirm mhór le luthgháir rompú.
agus nuair a béidheas an chuirim
ag 'ul ar aghaidhe iarr thusa ar
na buachaillí cluichthe cárdaí a
imirt leat." Bhéarfaidh mise paca
chárdaí duit a mbainfidh tú leóbhtha
agus nuair a bhainfeas tú chuir
triúr mac an rí faoi gheasa, "go
gcaithfidh siad a dhul, agus na
trí geárram atá ag rí an dómhain
thoir a tabhairt chughat, go dtigidh
tú thart trí h-uaire ar do ríoghachta
fhéin ortha. Sin rud nach dteárn
a'n nduine ariamh, siud agus gur
b'iomaidh gaisgidheach breágh a thug
ar. Ach níor phill a'n nduine acú
ariamh, agus ní phillfidh siadsanach óirith
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc.
bhí sí a blanndar agus a blastacht
leis an rí ariamh, go dtug sé an
cuireadh d'a triúr mac. Tháinic siad
agus ar ndóiche ní rabh duine ar
bith a ba mhó luthgháir rompú nó
a leas mhaethir má bhfíor gléasadh
an cuirm, agus mór mhagadh cuirm
a thabhairt oirthí. Bhí ól agus ceól
aca agus níl a'n chleas a dtearnadh
ariamh nach dteárn siad. Nuair a
siad tursach ag 'ul dó na cleasanna
chuir an bhainrioghain comhar ar thriúr
mac an rí gur cheart díobhtha cluichthe
cárdaí a imirt. Ba doiligh an bhairigh
a eitheadh, agus chuaidh siad le h-obair.
D'imir sí dhá chluichthe leis an mhac
a ba sine a chéad uair. Bhain sí an
chéad cluichthe agus chaill sí an darna
cheann. "An darna lá d'imir sí cluichthe
amháin leis an darna mac, agus an
tríomhadh lá d'imir sí dhá chluichthe leis
tríomhadh
an fear, agus bhain sé ceann
acú agus chaill sí an ceann eile.
Chuir sí faoi gheasa iad annsin gan
dhá thráth bidh ithe ag aon tábla nó
idhche.
dá a chodladh ar an aon
leabaidh, go dtugad siad chuicí sé
na gearram."
"Bhail cuirim-sa faoi gheasa thusa," arsa'n
mac a ba sine de chuid an rí, a dhul
suas ar shimiléir an chaisleáin agus d'aghaidhe
a thabhairt ins a t-sin, agus píonnainn
chotháin ar an t-similéir os do choinne,
agus gan tú biadh nó deoch a fhághail
ach dó réir 's mar shéidhfeas an ghaoth
ghráinín dó'n choirce fhad leat, agus
braon dó uisce-fearthanna fhad le do
bhéal.
"Ó scaoil mo chuid geasa, arsa sise, "agus
bhéarfaidh mise cead bhur gcinn daoibh-se."
"Maige maise ní scaoilfidh," arsa mac
a' rí, bhí annsin, agus rachaidh sinne
ar lorg na mbeathadhach."
Chuaidh siad i luighe an oidhche sin agus
'á luathas ar éirighe an lá ba luaithe
nó sin a d'éirigh clann a' rí. D'ith
siad greim beag bricfeasta leóga nach
rabh ró-mór agus d'imthigh siad
a tarraingt ar an dómhan thoir. Bhí
siad a leóbhtha annsin, agus tráthnóna amháin
bhí siad ag ’ul isteach i n-imeall coilleadh
agus goidé casadh ortha ach fear beag
ríbeach ruadh. Bheannuigh an fear seo,
díobhtha ins na briartha a bhí coithcheannta
ins an am sin, agus thug siadsan
freágar air ins na breathra ceadna
D'fhiafruigh sé díobhtha cá rabh siad
ag 'ul agus d'innis siad dó i
d'innis mise díbh-se. "Bhail is
goirid feasta go dtigidh an oidhche
orraibh," arsa seisean, agus ní theachaidh
a'n nduine ariamh fríd an cóill seo
ar shiubhal oidhche nach mairbhfidhe agus
is feárr díbh a dhul liom-sa go
maidin, agus b'fhéidir go mbéinn
i n-innibh cuideadh ínteacht a thabhairt
díbh."
Bhí a sáith luthgháire ar na buachaillí
an cuireadh a fághail, de bhrigh go rabh
siad tursach ocrach, agus chuaidh siad
leis. Ba goirid a bhí acú le dhul
uilig fhad le n-a toigh san, agus nuair
a chuaidh siad 'un toighe rinn sé réith
suipear breágh díobhtha. Indiaidh an
t-suipeara chuir sé ceist ortha goidé
ruaigh an bealach seo iad, agus d'innis
siadsan iomlán an scéil dó, go
rabh a athair 'na rí ar Éirinn, agus
go bhfuair an chéad bhean bás, agus
gur phós sé bean eile. "Ní dheánfad
rud ar bith cúis dó'n darna bean
seo a leas-maethir go n-imthigheadh
siadsan agus go dtugat siad chuicí
na trí beathadhaigh a bhí ag rí
an dómhain thoir, go dtigead sí thart
trí h-uaire ar an ríoghachta leóbhtha
"Bhail," arsa'n fear beag ribeach ruadh
t'eagla orm go bhfuil mur sháith ann
bhur ngugan, ach ar maidin amárach
rachaidh mise mé fhéin libh agus
bfhéidir go dtiocfadh liom cuideadh
ínteacht a thabhairt díbh."
Ar maidin lá thar na bhárach ghléas
an ceathrar ortha agus d'imthigh siad
Bhí siad a siubhal leóbhtha go dtáinic
an neóin beag agus deireadh an lae
agus le conn na h-oidhche chonnaic
siad solus i bhfad uatha. Tharram
siad air, agus cé'n áit a rabh siad
ag ag cúirt agus caisleán rí an dómhain
thóir. D'fhan siad a teacht thart annsin
taobh amuigh dó na geaftaí, agus annsin
chuaidh an ceathrar isteach."
Cé bith a ba chiall dó an oidhche seo
bhí an gárda uilig 'na gcodladh, agus
mór mhothuigh duine nó diúlach iad
go bhfuair siad isteach fhad leis
na stáblaí. Comh luath géar agus
Leag an fear beag ríbeach ruadh a
lámh ar na h-eachraí, "leig siad
a'n seitreach amháin agus ní h-é
amháin an méid a bhí fá'n chúirt a
mhuscal, chraith siad an caisleán an
dubh sráith go bárr. D'éirigh siad
uilig annsin agus gabhadh an t-iomlán
i n-áit na mbonn."
Tugadh i láthair an rí iad annsin
agus sé 'n breitheamhnas a thug an rí
ortha go gcaithfidh coire luaidhe a chur
le h-obair díobhtha agus a mbruighthe
agus a ndóghadh. Cuireadh sin le h-obair
agus fhad agus bhí siad a feitheamh ar
an chóire fiochmadh thuit an rí 'un seanchuigh
leis an fhear beag ribeach ruadh. "Anois
219/9/9)
101288
anntacht. 5
obair.
Ó hEochaidh.
naclán Trí
"Tírconaill
ar
de scór."
(2
bean.
do
17) an a
fad ó shoin bhí na toighthe an-ghann
ins a' tír seo agus ní rabh a chomhnuidhe
annsiúd agus annseo. Bhí siad íontach
tana. Ach bhí fear 'na chomhnuidhe a
mbaile chruic a dtabharann siad anois
Mín a Sgámhaill air agus ní rabh aige
ach é fhéin. Bhí neart bólacht aige.
eallach, agus caoirigh agus ach aon
seórt dá rabh a dhíoghbhail air.
Ach a'n oidhche amháin tháinic ban-síodhgaidhe,"
isteach chuige, agus bhí sí comh h-árd
oidhche seo, agus bhí siad a siubhal leóbhtha
ariamh go dteachaidh siad fhad le poll
mór. Chuaidh a' triúr síos ins a
pholl agus chuir siad síos iomlán
na mónadh ar a'n chraos mór amháin
Chuaidh mé fhéin go béal a phoill agus
nuair a dhearc mé síos, bhí cóire
acú ar a' teinidh agus iomlán bollóige
astoigh ann a bhruighthe acú. Bheir
mé fhéin ar dhuirleóig cloiche agus
chaith mé síos isteach sa póta í
agus rinn mé giotaí beaga daoithe))
do'n phota, agus cuir mé amuda
an t-iomlán ar na cailleachaí
Ar siubhal liom-sa a rathaidh mar a'
caor theineadh, ach ba goirid a chuaidh
mé go rabh siad-san a breith orm
Bhain mé an choill amach agus suas
liom i gcrann. Ba goirid dtáinic
siadsan go bun a' chrainn, agus
rinn bean acú tuath daoithe fhéin
agus bhuail an bhean eile a gheárradh
Nuair a chonnaic mé fhéin go rabh
dheánamh ortha an crann a rabh mé
air a leagan, léim mé 'soir chrann
eile. Ach leis an scéal fhada a dheánamh
goirid bhí mé ó chrann go crann go
rabh nádúir an lae ann, agus bhí
siad ag geárradh an chrainn deireannach
nuair a scairt an coileach, agus
béigean díobhtha an rath-treatha a
ghlacadh annsin. Ná nach saoileann
tú go rabh mise comh neas do'n bhás
ins an am sin agus atá an stócach
seo go fóill?"
"Bhí go deárbhtha," arsa'n rí.
Scairt an rí ar an darna buachaill
annsin ar scór a chur ins a' choire
Bhí mise comh neas dó'n bhás iarraidh
eile," arsa'n fear beag ríbeach ruadh.
indiaidh mé 'n choire a bhriseadh ar
na cailleachaí, níl aon oidhche nach
dtigead siad gur chuir siad a
dit orm a rabh astoigh agus amuigh
agam, agus ins a deireadh beigean
damh an chruc 's a' bhata a bheith
agam. Bhí mé a deánamh groithe bréag
go dtáinic bliadhain na gortha móire
Bhí mé ag 'ul fríd choillidh mhóir lá
amháin agus mé ag ithe tortha
na gcrann, agus goidé fuair mé ceangaile
do chrann ach sean-gheárrán bán agus
sé. Dar liom 'á bhfághainn abhaile
an bheirt gur mhaith an eadail ag
mo bhean agus ag mo chuid páistí
iad. Ceangail mé an bheirt lorg a
rubaill d'a chéile, agus thiomain mé
abhaile iad.
Bhí cró beag toighe deánta agam ar
imeall amuigh na coilleadh, agus nuair
a bhain mé an cró amach lás mé
teinidh. Shuidh mé chois na teineadh
agus dheamhan i bhfad a bhí mé mo
muide gur scíord cat mór fiadhain
isteach ar a' doras. Bhí 'n eat seo
comh mór, gan bhréig gan aidhbéil
leis an bhó a ceangailte taobh amuigh
dó'n doras. Isteach le ceann eile
ach leis an scéal fhada a dheánamh
goirid bhí siad a teacht isteach
go dtáinic trí cinn déag isteach
agus ba é an ceann deireannach an
cheann a ba mhó. Shuidh siad uiligthart
fá'n teinidh agus bhuail an crónán acú
a deireadh thóg an t-an chúinnse a cheann
agus d'fhiafruigh sé damh fhéin a rabh
dadaidh agham a d’íosfad siad?"
Dubhairt mé fhéin nach rabh mur dtugad
siad leóbhtha sean bheáthadhach bán a
bhí amuigh annsin agus a ithe."
Chuaidh an cat mór amach agus rinn
sé dhá leith do'n bheáthadhach, agus
coinnigh sé fhéin a leath agus thug
sé an leath eile dó na chuideachta
agus d'ith siad an t-iomlán."
Is cosamhail nach rabh a sáith ann na
dhiaidh sin, nó ní mó go rabh an greim
dheireannach slugtha acú, nuair a
tháinic siad a dh'iarraidh tuilleadh.
Dubhairt mé fhéin nach rabh dadaidh
agam le tabhairt díobhtha mur marbh-
uighead siad an t-sean bhó a bhí
amuigh annsin. Chuaidh siad amach
agus rinn siad an cleas céadna
leis an t-seanbh a rinn siad leis
an bheáthadhach."
Spríog sé ann m'inntinn mise
nuair a gheobhad siad an t-sean bhó
ithte, go gcreidim gur b'orm fhéin
a bheirfead siad iarraidh, agus smaoitigh
mé go mbfheárr damh a bheith a baint giota
de. Thug mé liom mo shean-chasóg
agus chas mé ar ghiota -sean-chailligh
a bhí thuas ins a chlúid í, agus
gheárr mé fhéin an drogha. Deán
i bhfad a bhí mé fhéin ar siubhal gur
phill na chaith, agus shiubhail an cat
mór aníos fhad leis an áit a
rabh an chasóg agus d'iarr sé
tuilleadh le h-ithe. Ní bhfuair sé
freagar ar bith a' bhórd seo. D'aithin
sé annsin gur bualadh an bab air.
Chuir an cat mór sisín siubhail frid
na chaith uilig, agus d'imthigh an
t-iomlán ach an cróinín mór é fhéin
ar mo lorg fhéin. Bhí mise thuas i
gcrann rith an ama. Nuair a tháinic
siad go bun a' chrainn rinn sé
chinn acú tuaith díobhtha fhéin agus
bhuail na sé cinn eile a gheárradh.
ach nuair a thonnaic mé fhéin go
rabh siad ar thí an crann a leagan
léim mé 'soir chrann eile, agus bhí
mé mar sin a chrann go crann go
rabh 'n choill chóir a bheith geárrtha anna
acú uilig, goidé thig thart ach tá mhadadh
déag agus bhuail an troid eatorra
Throid siad, agus bhuail siad agus
mharbh siad a chéile, agus ní rabh
fágtha 'sa deireadh ach an cat mór
agus an madadh mór. Troid siad
go bog 's go cruaidh agus fá dheireadh
cuir an cat bárr a rubaill thart
fá mhuineál a' mhadaidh agus thuit
an bheirt marbh ag taobh a chéile.
"Anois," arsa seisean, "nach saoileann
tú go rabh mise comh neas dó'n bhás
ins an am sin agus tá'n stócach
sin anois?"
"Ó bhí," arsa'n rí, agus d'a bhárr sin
tá a phárdún le fághail aige, ach
chaithfear an tríomhadh fear a chur
isteach anois agus má chonnaic thusa
a'n nduine ariamh níos neise do'n
bhás nó é, gheobhaidh seisean a phárdún
fosta."
"Ó leóga maise chonnaic," arsa'n fear
beag ríbeach ruadh, agus bhí mé fhéin
i bhfad ní ba chomhgaraighe dó nó tá'n
stócach sin go fóill. Bhí scaifte mór
fear ag obair agam-sa ag obair fhad
a shoin nuair a bhí mé mo sháith ag
t-saoghal, agus ina mheasc bhí an
gaisgidheach a b'fheárr ar dhruim chláir
a' dómhainn. Bhí fáthach mór ’na chomhnuidhe
ins an cheann eile do'n ríoghacht agus
bhí saidhbhreas an dómhain aige, agus
dar liom-sa go rachainn fhéin
agus
an ghaisgidheach seo go gcuirimist
an fáthach seo 'un báis."
D'imthigh sinn araon agus ní the
muid stad mara nó mór comhne
gur bhain muid amach chúirt agus
caisleán an fáthaigh. Chuaidh muid isteach
agus ní rabh duine nó deóraidhe
astoigh ins a’ caisleán. Chuaidh muid
ar aghaidhe isteach ina seamra a bhí
ann, agus nár mhór a' crap cor
a bhí ann nuair a thuit mo chomráduidhe
maol marbh ar an talamh. Bhí mé
liom fhéin annsin, agus gan bealach ar
mo chúl nó ar m’aghaidhe agam."
Dheamhan dath a rinn mé ach mé fhéin a
chathamh i measc na gcorp agus leige
orm go rabh mé marbh fosta.
Ba goirid gur mhothuigh mé an torann
a tarraingt ar a' teach, agus sid
isteach leis an fáthach agus uallach
a droma de chuirp leis. Chaith sé
ins a' chóirneál an t-uallach, agus
shuidh sé a deánamh a scríste. D’amharc
sé thall agus bhfos ar na cuirp agus
thug sé fá dear an bheirt aghainne
coimhthigheach ina mheas. D'imthigh sé
agus chuir sé síos ghríosach mhór
teineadh. Tháinic sé anall chughainn fhéin
agus bheir sé greim orm, agus thug
sé leis mé fhad leis an ghriosaigh ar
scór mo bhruighthe. D'fhág sé annsin
mé agus d'imthigh sé fá choinne mo
comráduidhe." Nuair a fuair mise
ar shiubhal é d'fhoscail mé an doras
agus fuair mé an ruball liom, ach
creidim gur bhruith sé agus gur ith
sé mo chomráduidh bocht. Anois nach
measann tú, a rí, go rabh mé comh
neas dó'n bhás agus tá 'n scócach
seo go fóill?"
"Bhí leóga," arsa'n rí, ach ní rabh
a'n nduine ariamh comh neas dó n-a
bhas agus tá tú fhéin anois, tharla go
bhfuair na buachaillí seo cead a
gcoise."
"Ó ní h-é seo an chéad uair damh-sa
a bheith comh neas do'n bás," arsa'n
fear bheag ríbeach ruadh. Bhí mise ar
shiubhal a sheilg lá amháin, agus nuair a
bhí mé a teacht abhaile tráthnóna, tursach
chrach tháinic mé treasna ar theach, agus
dar liom go rachainn isteach go ndeánainn
mo scríste. Ní rabh astoigh ach bean
agus an tachran a ba deise a chonnaic
mé ariamh ar a ghlúine aicí. Bhí scian
mhór buistfhearaí ina láimhe aicí, agus
í a briseadh a chroidhe a chaoineadh
Anois agus aríst thógad sí an scian
os cionn an leibh agus níl a'n uair
a ndeánad sí seo nach dtéigheadh an
lean a gháiridhe.
"goidé ádhbhar do chaointe," arsa mise léithe
"Tá maise," arsa sise, nuair a bhí mé
mo ghiorrsaigh thug m'athair agus mo
mhaethir ’un aonaigh mé lá amháin. Ar
ar mbealach abhaile dúinn tráthnóna
tháinic trí fáthaigh orainn agus ghoid
agus go rabh a ceann ag ’ul amach ar
righín a' toighe, agus sheasuigh sí a chois
na teineadh agus d'fhiafruigh sí dó a
rabh dath bidh astoigh aige a d’íosfad
sí. Dubhairt seisean go rabh. D'éirigh sé
thug sé daoithe a rabh bhiadh fá'n teach
aige agus d'ith sí uilig go léir é.
agus d'fhan sí aige annsin go maidin
go dtí gur scairt an coileach, agus
nuair a scairt a’ coileach caithfid
mise a bheith ar shiubhal anois," adubhairt
sí, agus d'imthigh sí.
Tháinic sí annsin an oidhch' thar na bhárach
arís agus sheasuigh sí an dóigh chéadna
agus d'fhiafruigh sí dó a rabh biadh
ar bith aicí a bhéarfad sí dó le
h-ithe. D'éirigh seisean agus thug sé
daoithe an méid bidh a bhí ins a teach
agus d'fhan sí annsin a choinneáil
aighis leis go rabh bodhránacht ann
lae ann.
"Anois," arsa sise, "ní thabhairfidh mise lá
suaimhis duit go rabh tráth réidh agat fá
Chuir an mhaighdean óg an mhac le h-obair
agus bhruith sí í dó na fathaigh.
Chuaidh mé fhéin isteach i seomra chúil
a bhí lán chorp agus chaith mé mé
fhéin ina mheasc. "Diabhal i bhfad go
dtáinic na fáthaigh. Chuir sise an
páiste, má b'fhíor amach ar an tábla
díobhtha agus d'ith siad an ghreim fá
deireadh de. Ní rabh a sáith nó trian
ann agus siud anuas le fear acú
fríd na cuirp. Cé'n chéad chorp
ar bheir sé air ach mo cheann fhéin
agus gheárr sé stiall de mo thoin
le n-a scian. D'imthigh sé le sin
fhad le n-a chuid deártharacha agus
phill sé orm fhéin araist le mo
thabhairt leis eadar chorp agus cleiteacha
Chaith sé suas ar a mhuin mé, agus
nuair a fuair mé fhéin a chúl liom
tharraing mé mo dhíodóg agus chuir
mé go cuid mo dhuirn fríd n-a
croidhe í, agus mharbh mé é i n-áit
na mbonn
Nuair a bhain a chuid deártharacha súil
de seo pilleadh tharraing an darna fear
orm, agus leis an scéal fhada a dheánamh
goirid rinn mé an cleas céadna leisean
Tháinic an tríomhadh fear, agus b'eisean
a ba mhó agus a ba toirtighe de'n
triúr. Nuair a chonnaic sé a
bheirt deártharacha marbh chuir sé
búirthe as fhéin (as fhéin, agus chraith
sé iomlán an toighe ó cheann go ceann
"Ní rabh fhios agham goidé dheánfainn
leis seo, agus bhí fhios agam nach
rabh ann ach breith nó fhág go
gcaithfinn troid leis.
Bhí claidheamh mhór leis an fháthach
agus thug sé iarraidh orm fhéin leis
a' chlaidhimh. Níor éirigh leis mo bhualadh
an chéad srachadh nó an darna srachadh
ach an tríomhadh h-iarraidh a thug sé
orm níor fhág sé a'n ghreim croicinn
ó mhullach mo chinn go bárr mo laidhre
móire nár bhain sé síos dó mo thaoibh
Thuit sé fhéin ar mhullach a chinn annsin
agus nuair a fuair mise ar a?"
talamh é bheir mé ar a chlaidheamh
agus chaith mé an ceann de. Bhí deireadh
marbh agam annsin agus bhí na cladaigh
uilig féin fhéin.
Chuaidh mise fhad leis an chailín óg annsin
agus chuartaigh muid teach a bhfáthach
ó bhun go bárr go bhfuair muid
iomlán a gcuid saidhbhris." Thug
mé a sáith daoithe-se, thug mé
fhéin liom mo sháith, agus chuir mé
sháith dhá chloigheann sé
ig i dtaiscidhe
Tháinic sise abhaile annsin innseoir
a h-athair agus a maethir, agus
tharraing mise ar mo chuid paistí.
"Anois nach rabh mé níos neise do'n
bás an uair sin nó tá mé anois?"
Bhí cinnte," arsa'n rí, agus tá do
phárdún le fághail agat." An rabh fhios
aghat gur mise an páiste a sábhail
tú an lá sin? Is mé cinnte, agus
mur gcreidighidh tú mé níl agat
ach amharc ar ailt mo mhéire bige."
Is iomaidh lá a chaith m’athair agus
mo mhaethir-sa do chuartadh, ach ní
rabh tú le fághail thíos nó thuas acú
agus rinn siad amach gur b'fhada marbh
thú, ach anois ó tharla go bhfuil tú
annseo in chórochaidh tú uaim-sa le
do shaoghail. "Bhéarfaidh mise na h-eachraí
dó na buachaillí agus céad fáilte
agus fanochaidh tusa agam-sa."
Rinn sé comhairle go bhfanochad sé
ag an rí. Gléas an rí cuirm mhór
díobhtha uilig annsin a mhair sheacht
n-oidhche agus seacht lá agus b'fheárr
an oidhche dheireannach nó an chéad
oidhche. Nuair a bhí deireadh thart
thug an rí na h-eachraí amach as
na stáblaí innseoir na buachaillí
D'fhág siad slán agus beannacht ag
an fear bheag ríbeach ruadh agus
ag an rí agus tharraing siad ar
caisleán a n-athara.
Ní theárn siad comhnuidhe oidhche nó
lae gur bhain siad Éirinn amach.
"Teacht a' lae a bhí ann nuair a
tháinic siad aníos faoi chúirt a
n-athara. Bhí 'n leas-mhaethir 'na suidhe
rith an ama ar an t-similéir, agus
nuair a chonnaic sí iad a teacht
thuit sí anuas ar a t-sráid
agus briseadh a muineál. Coinnigh
an rí agus a chlann na h-eachraí
agus deirthear gur d'a bhór na
bheathadhaigh atá ó shoin ins a tír
seo,
Nóta.
Scríobhas síos an scéal seo ó pheigí bheag
Ní Chuinnigeáin - nó péigí Mherica mar
bheir na comharsannaigh oirthí. Ba é a
h-athair, sílim, an chéad fhear as an
ceanntar seo a chuaidh go Merice
agus nuair a tháinic sé arais
Sadaí Merice a baisteadh air."
Sílim gur leagan de scéal an ghaduidhe
Duibh é seo, agus siúd agus go
bhfuair mé móran leaganacha de, seo
ceann nach bhfuair mé i roimhe. Ní
rabh an t-seanbhean seo i n-innibh an
scéal a chur síos ar an Coiplione"
damh, agus beigean damh a scríobh síos
uaithe."
an Ó h-Eochaidh
321 32
Tar-sgrìobhte le aithneachadh làmh-sgrìobhainn fèin-ghluasach mar phàirt dhen phròiseact Fuasgladh Dualchas Ceilte.