Modh:
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí triúr inghin aca.
Bhí seomra sa teach agus bhí cathaoir sa seomra.
Dá suidhthea innte agus rud ar bith a déarfá gheobhtha é. Bhíodh glas ag an bhfear seo ar an seomra i gcómhnuidhe le faitchios go rachadh aon cheann de na hinghiní isteach ann.
Lá amháin d'imthigh an fear ag fiadhach agus d'fág sé an eochar sa glas.
Chonnaic an cailín b'óige an eochar agus dubhairt sí leis an dara ceann é. Dubhairt an dara ceann leis an dtríomhadh ceann é. Chuaidh an triomhadh cheann isteach agus bhain sí an glas de'n doras.
Shuidh sí sa gcathaoir agus d'iarr sí fear chómh bréagh leis an ngréin a bheith ar a tóir maidin lae ar na bhárach.
Chuaidh an dara ceann isteach agus d'iarr sí fear chómh breagh leis na réalta a bheith ar a tóir an lá in a dhiaidh sin.
Chuaidh an ceann ba óige isteach agus d'iarr sí fear eidir eatorra a bheith ar a tóir an lá in a dhiaidh sin.
Tháinig an t-athair agus chonnaic sé an eochar sa nglas.
Tóg sé í ar an bpoinnte agus cheap sé nach bhfaca na hinghineacha í. Maidin lae ar na bhárach tháinig fear agus cóiste agus capall aige.
D'orduigh sé bean a chuir amach aici go beo agus chuir.
Bhí siad ag imtheacht is ag síor imtheacht go dtáinig siad go dtí teampall.
Rug sé uirthi agus mharbh sé í agus rinne sé ceithre ceathramhna dí agus chuir sé ceathrú dí i ngach ceann coirnéall den teampaill.
An mhaidin in a dhiaidh sin tháinig an fear eile agus thug sé a bhean féin leis agus nuair a tháinig sé go dtí an tampall mharbh sé í agus chuir sé ceathrú in aon coirnéal den tampall.
An triomhad mhaidin tháinig an fear eile agus thug sé a bhean féin leis.
Bhíodar ag imtheacht leób go dtáinig siad go dtí teach.
Dubhairt sé leí dul isteach agus teine a chuir síos.
Chuaidh sí isteach agus chuir sí síos an teine.
Tháinig an fear isteach agus d'ol siad an tae.
Nuair a bhí an tae olta aca d'fiafruig an fear de'n bhean cé mbfearr léithi bheith in a capall sa lá agus fear san oidhche na fear sa lá agus capall san oidhche.
Dubhairt sí go mbearr léithe bheith in a fhear san oidhche.
Annsin bhí sé in a fhear san oidhche aici agus ar maidin bhíodh sé in a capall.
Lá amháin d'fág sé an fléad ar an bhfuinneóig agus chuaidh sé siar sa seomra.
Rug sí greim ar an fléad agus chaith sí ar an dteine é. Tháinig an fear as a seomra ar a' bpoinnte.
“Ó” ar seisean.
“tá mé réidh leat anois”.
Shíl sé breith ar an bhfléad acht bhí sé dóighthe.
Amach leis an fhuinneóg agus nuair a bhí sé taobh amuigh bhí sé in a macpie.
Amach leis an mbean in a dhiaidh.
D'imthigheadar leob.
Nuair a bhíodh seisean ar an árdan, bhíodh sise ar an ísleán, Nuair a bhíodh seisean ar an ísleán, bhíodh sise ar an árdan.
Bhíodar ag imtheacht leób go dtáinig an oidhche.
Chuaidh seisean suas i gcrann agus chuaidh an bhean isteach i dteach.
Níor chodhladh sí mórán an oidhche seo.
Ar maidin fuair sí a breicfeasta agus fuair sí píosa cáca.
Nuair a d'íosfadh sí píosa as an gcáca, cuimhneóchadh sí ar chuile sórt nidh faoin domhan.
D'imthigh siad annsin ar a' mbealach céadna a bhí siad cheana go dtáinig an oidhche.
Chuaidh sí isteach i dteach agus chuaidh seisean suas sa gcrann.
Chodhluigh sí go maith an oidhche seo.
Ar maidin nuair á bhí a breicfeasta ithte aici fuair sí raca agus cibé sórt gruaige a bheadh ort dá guirfeá an raca seo ann bheadh an cúl ba bhreagha sa domhan (agat) ort.
D'imthighear leób arís go dtáinig an oidhche.
Chuaidh seisean sa gcrann agus ise sa teach.
Ar maidin fuair sí spóilín snáithe.
Uair ar bith an chuirfhá sop suas ann thuitfeadh sé annsin a ribíni síoda.
D'imthigheadar leób arís go dtáinig an oidhche.
Chuaidh seisean suas i gcrann agus chuaidh sise i dteach arís.
Ar maidin fuair sí gairaoileach agus rud ar bith a chinnfeadh ar aon ghairaoileach eile a bhaint amach bhainfeadh an gairaoileach seo amach é. Fuair sí siosúr i dteach eile agus rud ar bith a mbainfeadh sí greim?
as leis an siosúr seo bhead sé in a éadach breagh.
Bhíodar ag imtheacht leób an tam go léir.
Nuair a bhí sise ar an ísleán bhí seisean ar an árdan agus nuair a bhí seisean ar an árdán bhí sise ar an ísleán.
Fé dheire tharraig seisean sop as an dtalamh.
D'osgail an talamh agus síos leis.
Nuair á tháinig an bhean thosuigh sí ag tarraingt sop agus dá mbeadh sí ag tarraingt sop ó shoin ní tharraingeóchadh sí an sop ceart.
Fé dheire thuit sí in a codhladh.
Cé ba caide bhí sí in a codhla, bhí an taobh a bhí fuithi de'n chóta lobhtha nuair a dhúisigh sí.
Ní raibh fhios aici cén ball de'n domhan a raibh sí.
Bhí ocras uirthí.
Chuir sí a láimh in a póca is fuair sí cáca ann.
Bhlas sí de agus chuimhnigh sí ar chuile short nidh faoi an domhan.
Annsin thóg sí amach an siosúr agus bhain sí greim as a cóta is bhí an culaith ba bhreaghtha faoi domhain uirthi.
Annsin thóg sí amach an spóilín agus tharraing sí sop le cur suas ann chun go dtuitfeadh sé anuas in a ribíni síoda acht ce'n sop a tarraingeóchadh sí acht an sop a tharraing an macpie.
D'oscail an talamh agus síos léithe.
Ba é mac na Caillighe Béire an fear seo a bhí in a macpie agus bhí fir curtha ag an gCailigh-Béarach faoi dhéint na mnaoi seo le í a mharbhú acht, nuair a chonnaic siad an bhean níor mhaith leo í do mharbhú agus sé a rinne siad a rádh léithe dul sa teach a bhí síos uaithi.
Rinne sí amhlaidh.
Nuair a tháinig sí go dtí an doras bhí bean a tighe ag caoineadh.
“Ce'n fáth é do chaoineadh, an bhfuil dochar a fhiafruigh duit” ar sise.
“O muise níl” arsa bean a' tighe “Tá léine ag mac na Caillighe Bearach a bhfuil braon fola (fuileadh) ar a brollach agus tá an chailleach ghá tabhairt do ghach bean óg ar a mbaile agus an té nach glanfaidh é, bainfidh sí an ceann dí.
Tá sé fáighte ag m'inghin anocht agus tá ag cinneadh uirthi é a glanadh”.
“Bhfuil aon dochar mise ag dearcadh air” ar sí féin “Níl” ar an bhean eile.
Cuimil sí an gairaoileach a bhí aici de agus ghlan sí é. Annsin dubhairt sí leis an gcailín a rádh leis an gcailligh gurbh í féin a ghlan é.
“Tá go maith” ars an cailín agus d'imthigh sí suas ag an gcailligh.
“Cé ghlan í seo” ar sise “Mé féin ar an bhean.
“Ní tú” ars an cailligh “cé tá shíos agad” “Tá bean” ar sise.
“Leag do chloigeann annseo”.
Leag agus bhain sí an cloigeann dí.
Bhí cailín sa teach darbh' ainm Cúl Carrach.
“Gabh sí a Chuil Charraich” ars an chailleach “agus abair léithe an garaoileach sin a thabhairt duit”.
Chuaidh.
Dubhairt an bhean go dtiubharfadh dá leigeadh sí dí chodhladh len' a mac agus dubhairt an cailleach go leigfeadh.
Thug sí an gharaoileach dí annsin.
Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an bhean a chodhladh leis an bhfear.
Thosuigh sí ag cainnt leis acht na labharfadh sé léithe.
Ar maidin chuaidh an chailleach siar agus (agus) ar sise “Gabh 'mach as mo leabaidh go beó a streap adeir sí.
Chuaidh.
Cuireadh Cúl Carrach síos ar thóir an raca arís.
Thug sí do'n cailleadh é le cead codhladh le na mac.
Nuair a tháinig an oidhche chuaidh sí a chodhlad leis aríst agus níor labhair sé léithe.
Ar maidin d'imthigh sí.
Nuair a bhí Cúl Carrach síos an lá roimhe bhain sí gream as a cuid éadaigh leis an sisiúr is bhí an culaith ba bhreaghtha sa domhan uirthi.
Chuir an chailleach Cúl Carrach síos ar thóir an tsisiúr.
Fuair sí é. Leig an chailleach í codhladh len' a mac agus níor labhair sé léithe.
Ar maidin an lae 'na dhiaidh ar sise leis “Nuair nach bhfuil (fánn) fonn ort labhairt liom níl aon greim agam ag baint leat acht an fáinne seo agus seo dhuit é”.
Chaith sí isteach sa leabaidh aige é. Chuaidh sí abhaile annsin.
Chuaidh buachaill a bhí sa seomra eile isteach agus thóg sé an fáinne.
Annsin chuaidh sé féin agus mac na Caillighe Béarra ag fiadhach.
“Cén bhean a bhí in a codhla leat aréir” ar seisean “Ní raibh bean ar bith” arsa mac na caillighe Béarra.
“Bhí” ar seisean.
Thosuigh fearg ag teacht ar mac na caillighe Béarraighe.
“Bhí” ar seisean “agus nuair nár labhair tú léithe chaith sí an fáinne séo sa leabaidh agat”.
Annsin d'aithnigh sé an fáinne agus dubhairt sé go mbféidir go raibh.
“Ach” ars an buachaill “an dtugann an chailleach aon deoch dhuit ag dul a chodhladh”.
“Tugann” ar seisean.
“Anois” ars an buachaill “nuair a bhéarfas sí dhuit aríst é leig siar lé do ghéill é”.
Rinne an fear amhlaidh.
Chuaidh an bhean óg seó a chódhladh leis san oidhche agus bhí sé in ann cainnt léithe.
Maidin an lae 'na dhiaidh tháinig sgéal ag a gcailligh go raibh a dearbhráthair a bhí siar sa domhan tinn.
D'imthigh sí annsin.
Bhí Cúl Carrach agus an buachaill agus an mac agus an bhean óg sa teach.
Bhí an teach thríd a chéile nuair a bhí an chailleach ag teacht.
“O” a deir Cul Carrach “tá sí ag teacht agus marbhóchaidh sí muid agus níl aon nidh faoi domhan in ann í a mharbh acht an ubh atá i dtón na lachan fhiadhana atá amuigh ar an oileán agus muna mbuailfidh tú ar an mball dórán atá i mbun a phíobáin í, táimid réidh”.
Fuair siad bád agus chuaidh siad ar an oileán ach fairior d'eirigh an lach agus rug sí an ubh anuas sa bhfairrge.
Acht rínne Cúl Carrach madadh uisge di féin agus thug sí an ubh aníos.
Annsin thug sí go'n buachaill í. Bhí an chailleach ag teacht agus a béal osgailte aici.
Tháinig faithchios ar an mbuachaill agus bhí an ubh ag tuiteam uaidh.
Rug Cúl Carrach uirthi agus chaith sí leis an gcailligh í. Bhuail sí glan díreach ar an mball dobhrán í agus thuit sí in a splannc dhearg thíos sa bhfairrge.
Annsin phós Cúl Carrach an buachaill agus mac na Caillighe Bhearraighe an bhean óg.
Bhíodar ag cur cairteacha airgid suas ós cionn talmhan ag athair na mná óige agus bhí siad saidhbir sáthach uaidh sin amach.
Máirtín Ó Cadhain Seanafarachan s.n.
Fionnmhuighthe - An Fháirche, Gaillimh.
Tá Máirtín sa seachtmhadh ranng ar sgoil.
An-sgéalaidhe seadh é do mharlach óg.
Cúig bliana deag an aois atá aige.
Chuala sé an sgéal seo ó Mháire Bean Uí Bhrian as Seanafarachan.
Bean feirmeóra í agus tá sí gar go ceithre sgór go leith blianta (1935).
Seán Mac Con Ríogh.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.