Fear a Bhíodh ina Fhear san Oíche agus ina Mhada sa Lá
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0693
- Dáta
- 20 Márta 1940
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0425: The Search for the Lost Husband
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Baile Óbha, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Proinnsias de Búrca
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Maolruaidh
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0693, Leathanach 351
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISFear a bhíodh ina fhear san oidhche agus ina mhadadh sa lá.
Bhí duine uasal sa tír seo fadó agus bhí sé póstaí
ach cailleadh an bhean. Bhí aon inín amháin aige agus bhí
an-mheas go'n domhain aige uirthí. Bhíot sé fhéin agus í
fhéin amuigh go síorraidhe a' bádóireacht. Bhí siad an
lá seo amuigh a bádóireacht agus hainnic siad a' fear
ag imtheacht thíos ar thóin na locha agus shawl breágh
ar a bhaclainn aige. Ghlac an inín ghlac sí an-spéis
go'n domhan go'n t-shawl agus dubhairt sí leis an
athair go mbfeárr dhó féachaint leis a' shawl a
fháil duithche. "Well" adeir a' fear a bhí thíos" adeir sé "ní thiubhrfha
mise an shawl g'aon nduine ach a' bhean a
phósfhas mé." Well ní rabh aon mhaith ánn ní rabh
sí sástaí. "Agus meas tú" adeir an t-athair léithche a
bhfuil tú sástaí é a phósadh?" "Muise bféidir
go rabh sé chomh maith" adeir sí "go ghrádh" adeir sé "an shawl
a fháil" adeir sí. "Well tá go maith" adeir a' fear thíos adeir sé "tá
mé sástaí" adeir sé. "Tá mise a guil" adeir sé. "Caithfhidh tú" adeir sé
"a theacht 'na tighe chugam-sa" adeir sé "a leithide seo go lá"
adeir sé "lé go bpósthaidhear muid." "Déanfha sin" adeir a' bhean
Bhí geárrcháile sa teach agus sé an obair a bhíodh aicí
a' nigheachán fataí go síorraidhe. Agus ní dheárnaidh
an t-athair ach a ghuil agus í sin a thabhairt leis agus go
ndeacha siad chomh fada leis a' gcaisleán a bhí ag
a' bhfear seo a bhí ar thóin a' locha. Thug a' fear seo
leis í seo agus thug sé isteach go dtí seomra breágh
a bhí sa teach í. "Cé' lé'n aghaidh" adeir a fear" a
bfeilheadh an seomra sin?" "Ní fhaca mé aon
tshow ariamh ach an bord sin" adeir sí "lé bheadh a'
nigheachán fataí air." "Ní thusa an bhean cheart" adeir
an fear adeir sé. Chuir sé ar ais abhailí í agus bhí
bean eilí sa teach agus 'sé an obair a bhíodh aicí
a' cómhaireadh uibheachaí agus cuireadh ina h-áit go
dtí an duine uasal í. Agus tugadh isteach sa
seomra seo í agus fiafhruigheadh duithche cé dhó a
bfeilfheadh an seomra sin "ba mhór an spóirt
go brách an seomra sin lé bheadh a' comhaireadh
uibheachaí ánn" adeir sí. "Ní thusa an bhean cheart" adeir sé.
Ach chuir sé ar ais abhailí í agus bhí bean eilí sa
teach agus 'sé an obair a bhíodh aicí a'
cómhaireadh sgadáin, agus thug sé isteach sa seomra
seo í agus d'fiafhra sé dhuitche cé lé'n aghaidh a bhfeilfheadh
an seomra sin. Ba mhór an spóirt go brách é" adeir sí
"a' cómhaireadh sgadáin ánn" adeir sí. "Á muise is dóighthí
go bhfuil tú chomh dona lé ceann" adeir sé "ní thusa
an bhean cheart" adeir sé. "Ach" adeir sé "mar bhfuígh mise an
bhean" adeir sé "mar bhfuígh mise an bhean cheart" adeir sé
"A theacht liom" adeir sé "beidh torann ánn" adeir sé. Tháinic sé
ar ais chomh fada lé teach an duine uasail agus dubhairt
sé leis an bhean cheart a chuir leis nach rabh aon
chabhair ánn nach nglacfhat sé lé í fanacht ní ba mhó.
Chuir an t-athair leis an inín agus thug sé leis í isteach
sa seomra seo. "Cé lé'n aghaidh a bfeilfheadh an
seomra seo" arsa an fear seo léithche? "Is mór an
spóirt é sin lé daoinidh mór" adeir sí "a bheadh ag ithe ánn"
adeir sí "agus lé caitheamh ama ánn" adeir sí. "Is tusa an bhean
cheart" adeir sé. Pósadh annsin iad agus dubhairt a' fear
léithche. "Cé mbfeárr leat anois" adeir sé "mise a bheadh
in mo fhear san oidhche" adeir sé "agus in mo mhadadh sa lá"
adeir sé, "ná in mo mhadadh san oidhche in mo fhear sa
lá" adeir sé? "Well bfeárr liom" adeir sí "thú a bheadh in
t'fear an oidhche" adeir sí "Deanfha sin" adeir sé "tá do dhá
roghainn lé fáil a'ad" adeir sé. Bhí sé amhlaidh ach bhíodh sé
ina mhadadh sa lá reguláiltí agus níor thaithnigh sé
ró-mhaith chor ar bith léithche. Chaith siad leófa
annsin ar feadh tamall fada agus tháinic brón
uirthí agus dubhairt sí go mba mhaith léithche cuairt
a thabhairt ar a h-athair. "Well féadfha tú a
ghuil abhailí" adeir sé "ach" adeir sé "ar chraiceann do chluaise" adeir sé
"a n-innseóchthá g'aon nduine beó" adeir sé "cé'n bealach
atá liom-sa" adeir sé. "Deanfha sin" adeir sí "níl baoghal orm
a innseacht" adeir sí. D'imthigh sí agus bhí sean bhean sa
teach agus chroch sí léithche í agus d'imthigh siad amach a'
siubhal lá ar bhruach a' locha agus d'fhiafhra sí cé'n
bealach a bhí leis a' bfear. Dubhairt sí gurbh é
an chaoí a rabh sé mar bhí 'ch uile fhear.
"Go deimhin muise ní h-é" arsa an tsean bhean adeir sí "agus
caithfidh tú a innseacht domsa" adeir sí "Well ní innseóchaidh
mé g'aon nduine beó é" arsa a' bhean adeir sí. "Mar
n-innsigh muise" adeir sí "is geárr go mbeidh tú ar thóin
na locha" adeir sí. Chuaidh sí agus sháith sí amach sa loch í
agus chuir sí go dtí na dhá glúin í. "A bhfuil tú
a guil dá innseacht anois" adeir sí? "Ní innseóchad"
arsa a' bhean adeir sí. Chuir sí go dtí na básta í. "A bhfuil
tú a guil dá innseacht anois" adeir sí? "Nílim" adeir a' bhean
adeir sí. Chuir sí go dtí na muineál í annsin. "A ninnseóchad
tú anois é" arsa an t-sean bhean?
"bíonn sé ina fhear san oidhche" adeir sí "agus ina mhadadh
sa lá." Ní dheárna sí annsin ach a tarraint isteach
agus tháinic sí abhailí. Well bhí oiread go draoidheacht
uirthí annsin agus ná raibh fhios aicí beirthe ná beó
cé'n áit go'n domhan a rabh a' fear. Bhí sí a'
caitheamh léithche annsin agus í a' cuir tuairisg cé rabh
sé agus ní raibh aon chabhair dhuithche ánn bhí cinntí
uirthí a fháil amach. Ach d'imthigh na bliadhantaí thart
agus sa deireadh fuairí sí tuairisg air agus d'imthigh
sí léithche go ndeacha sí chomh fada leis a' teach.
"A chailín mhaith" adeir sé "tá tú réidh anois" adeir sé. "Tuige" adeir sé "ar
innis tú" adeir sé "go t-seanbhean" adeir sé "cé'n bealach a bhí
liomsa" adeir sé? "Well chaith mé a innseacht" adeir sí "ná báithfhidh
mé" adeir sí. "Á ná rabh fhios a'ad" adeir sé "go rabh mise
lé do shábháil" adeir sé "aon áit sa domhan a mbeadhthá"
adeir sé. "Níor chuimhnigh mé ariamh air" arsa a' bhean adeir sí.
"Well níl aon chabhair ánn" adeir sé "phós mise" adeir sé "bean eilí
ó choin" adeir sé "agus go deimhin" adeir sé "ní h-é togha an t-saoghail
atá a'am léithche" adeir sé. "Go deimhin" adeir sé "séard atá inntí"
adeir sé "sean chailleach mheirgeach" adeir sé "a bhfuil fearg uirthí" adeir sé
'chuile phoinnte sa lá" adeir sé. "Níl aon neart air" arsa sise
adeir sí "ach meas tú" adeir sí "a bhfuil caoí ar bith" adeir sí "lé
fáil réidh léithche" adeir sí? "Well tá sé cinntí orm é a
fháil amach" arsa seisean adeir sé. Bhí sí a' caitheamh léithche
annsin agus bhí cíor aicí agus níl aon gheárrcháile a
chíorfhat sí leis a' gcíor nach mbeadh dath an óir
ar a cuid gruaige, agus casadh léithche geárrchailín lá
annsin, agus chuaidh sí agus chíor sí a cloigeann agus leis
a mbród a bhí ar a' ngeárrchailín níor stop sí
gur rith sí chomh fada leis a' gcailleach mheirgeach.
"Ara cé bhfuair tú an cúilín deas gruaige sin"
arsa a' chailleach? D'innis sí dhuithche gur bean strainséara
a casadh dhuithche uirthí a chíor a cloigeann agus
gurbh shin é an chaoí ar eirigh sé léithche. "Á cá bhfuil
an bhean sin" arsa an chailleach? D'innis sí dhuithche.
Chuaidh an chailleach go dtí í. "bfeárr dhuit" adeir sí
"An chíor sin a thabhairt dom" adeir sí. "Well ní thiubhrfha
mé an chíor sin g'aon nduine ach go bhean
ar bith a thiubhrfhas cead dhom oidhche a chodhladh
lé na fear." "Ó deanfha sin" arsa a' cailleach adeir sí
tiubhrfha mise a chead sin duit" adeir sí. Bhí go maith
an chéad oidhche nuair a bhí an bhean seo
lé ghuil a chodhladh leis ní dheárnaidh an chailleach
ach a ghuil agus deoch suain a chuir ar an ól dhó
in am codhlata agus d'ól sé suas é, agus chomh luaith
in Éirinn agus a chuaidh sé a chodhladh thuit sé ina
chodhladh agus ní rabh fhios aige cé'n áit go'n domhan
a rabh sé ná an í an oidhche ná an lá a bhí ánn
gur dhúisigh sí ar maidin lá'r na bháireach. Bhí sise an
bhean bhocht ar aon leabaidh leis agus í a' cómhrádh
i rith na h-oidhche leis agus ní rabh aon chabhair dhuitche
ánn ní bhfuair sí focal as. Lá'r na bháireach
annsin d'imthigh sí léithche buadhartaí go maith.
Ach bhí sórt bruisín bheag aicí agus casadh geárrcháilín
beag léithche agus chuimil sí g'éadach stróigthí a bhí
uirthí í agus bhí an chulaith shíoda uirthí ba
deise a chonnaic tú ariamh. D'imthigh sí agus d'innis
sí go'n chailleach an chaoí a bhfuair sí an chulaith
shíoda. "Muise teirigh agus abair léithche a ghuil agus an bhruisín
sin a thabhairt dom-sa" adeir sí "agus go mbeidh mé an-
bhuidheach dhuithche" adeir sí. Chuaidh an geárrcháilín chomh
fada leis a' mbean agus dubhairt sí léithche gur
dhubhairt a' chailleach léithche an bhruis a thabhairt
chuicí. "Ní thiubhrfha mise an bhruis g'aon nduine
adeir sí seo "ach go bhean ar bith a thiubhrfas cead dhom
oidhche a chodhladh lé na fear." "Tiubhrfha mise a
chead sin dhuitche" arsa a' cailleach. "Tá go maith" adeir sí.
Thug sí dhuithche an bhruis agus an oidhche seo chuaidh
sí agus rinne sí deoch suain eilí suas go'n fhear
agus thuit sé ina chodhladh dá luathas agus ghabh sé a
chodhladh agus chuaidh sí seo a chodhladh leis agus ní rabh
aon chabhair ánn. Bhí sí a' cainnt leis go maidin
agus ní bfuair sí focal as lá'r na bháireach dubhairt
an buachaill a bhí sa teach leis a' bfear. "Well
fhéach" adeir sé "tá do bhean" adeir sé "ina codhladh leat" adeir sé "''ch aon
oidhche lé dhá oidhche" adeir sé "agus í a' cainnt leat agus níor labhair
tú focal léithche" adeir sé. "An liomsa" arsa a' fear adeir sé "atá sí?"
"Well go deimhin is leat" arsa a' buachaill. "Well ná bac
leis" adeir sé "beidh fhios a'am é anocht" adeir sé. Ach níl mé
in ann innseacht cé'n sórt é an triomhadh rud
a bhí ag a' mbean óg seo ar chaoí ar bith ach
fuair sí cead an oidhche sin a ghul a chodhladh leis.
Chuaidh sí agus rinne sí suas a' deoch dhó agus bhí
an buachaill seo freastaltaidh chomh luaith in Éirinn
agus gheobhfhat sé an deoch a ghuil agus a thabhairt 'un
bealaigh uaidhe. Agus ní dheárnaidh an fear chomh
luaith agus a fuair sé é ach a ghuil agus a dhórtadh
síos imbróig a bhí aige agus thuit sé ina chodhladh. Chuaidh
an chailleach siar agus thug sí léithche coinneal agus dhóigh
sí a chuid mailíochaí agus dhóigh sí a éadan uilig 'o
léireach go bfeicfheat sí a rabh sé ina chodhladh, agus
níor chuir sé cor as "féadfha tú anois" adeir sí leis
a' mbean seo "a ghuil a chodhladh." Agus chuaidh agus ní
fhaca tú aon chraic chainnte ariamh mar bhí ag
a' mbeirt acú i rith na h-oidhche, agus ar maidin lá'r
na bháireach d'imthigh an bhean óg léithche agus dhúisigh
seisean amach sa lá. "Muise" arsa an fear adeir sé leis a'
gcailligh" adeir sé "cá bhfuil t-anam-sa" adeir sé? "Tá m'anam-sa
annsin i gcloic an bhaic" arsa a' chailleach. Ní dheárna
sé ach a ghuil amach agus buicéad breágh muirtéil a
thabhairt isteach agus thosuigh sé dhá fheistiú agus dhá
shlíocadh suas "go dté an fáth" adeir sí "a ndeárna
tú a leithide sin" adeir sí. "Tá" adeir sé "níl aon áit sa
domhan a bhfuil t-anam-sa" adeir sé "nach bféachfhainn" adeir sé
"lé cóir mhaith a chuir air" adeir sé leis a gcailligh.
"Á má's sin é an chaoí" adeir sí "ní shin é an áit a
bhfuil m'anam-sa" adeir sí. "A bfeiceann tú" adeir sí "an maide
dubh sin thoir" adeir sí? "feicim" arsa an fear. "Well tá lach" adeir sí
agus chuaidh siad lé chéilí agus chaith siad saoghal sonaidhe
lé séan agus lé sonas ariamh ó choin thíos i Sligeach.