“Bhí rí ann a'n uair amháin agus bhí triúr mac aige.”
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0640
- Dáta
- 16 Aibreán 1939
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- Innéacs Aarne-Thompson gaolmhara
- AT0313: The Girl as Helper
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Cluain Dá Chorcach, Co. Dhún na nGall
- Cill Mhic Réanáin, Co. Dhún na nGall
- Míobhaigh, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Seán Ó hEochaidh
- Faisnéiseoir
- Concubhair Mac Fáidín
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0640, Leathanach 401
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISa lóid a
241
60
Bhí rí ann an uair amháin agus bhí
triúr mac aige. Bí 'n lán mara a
theacht isteach ar bhárr a chuid talamh,
agus smaoitigh sé go ndeánfad sé bádhbhdhún
leis an lán mara a choinneáilt amuigh
An chéad lá a chuaidh na saoir a
d-obair air, ar maidin lá thar na
bhárach bhí’n bhádhbhdhún leagtha go talamh
An darna h-oidhche chuir sé amach an
mac a ba sine a bhí aige a coimheadh
goidé a bhí a leagaint. Ar maidin
bhí'n bhádhbhdhún leagtha agus an mac
s'aige fhéin 'na luighe marbh.
An darna h-oidhche rinn sé an cleas
chéadna, chuir sé amach an darna mac
agus nuair a chuaidh sé amach ar
maidin bhí'n darna mac marbh.
Bhí triúr mac uilig aige agus nuair
a bhí'n bheirt a ba sine marbh
dubhairt an fear a b'óige go rachad
seisean amach an oidhche seo. Chuaidh
agus chuir sé suas bothóg bheag
fá choinne foscaidh, agus chá rabh
i bhfad go bhfaca sé bád dhubh a
seóladh isteach ar an uisce, agus
seólta geala oirthí, agus cailín a rabh
chulaith ghlas oirthí ins a' bhád.
-
Tháinic sí isteach agus d'fhiafruigh
sí dó a n-imreochadh sé cluichthe cárdaí
agus dubhairt sé go n-imreochadh.
D'imir siad trí chluichthe gan a dhath
agus annsin nuair a bhí na trí
chluichthe imríste acú dubhairt sí go
gcaithfead siad geall a bheith acú an
iarraidh seo, an t-é a bhainfeadh an
cluichthe cé bith a d'iarrfad sé go
gcaithfead sé a fhághailt. Bhain sise
an cluichthe agus d'fhiafruigh an buachaill,
daoithe goidé a bhí a díoghbhailt
oirthí agus dubhairt sí nach rabh
a dhath a dhíoghbhailt oirthí ach é
fhéin, ach go dtabharfad sí dó bunadhas
bliadhna le fanacht ins a' bhaile
ag an athair agus gurbh é an
teachtaire a chuirfead sí fá n-a
choinne madadh bán, agus nuair
a thiocfad sé agus a ruball a
bhualadh ar dosán a chuid bristí
go gcaithfead sé é a léanáint."
Nuair a bhí an bliadhain chóir
thuas bhí sé a smaoituighadh ar seo
agus an lá amháin tháinic an madadh
beag agus bhuail sé é. Chuaidh sé
amach ar a' t-snámhadh, ach thriomuigh
an lán mara rompú go dteachail
sé faoi chuinn isteach faoi thalamh
eile a bhí ann, agus nuair a
chuaidh sé isteach ins an áit sin bhí'n
t-oileán ann a ba deise a chonnaic
sé ariamh, fad amhairc de chrainn
agus de chuibhrinn ghlasa, agus
choirce árd. Casadh an bhean ghlas
air agus thug sí isteach 'na chaisleáin
é."
"Anois," adeir sí, "tá fáthach 'na chomhnuidhe
ins a' caisleán seo agus nuair
a mhoitheochas sé thusa béidh sé fá
do choinne, ach innseochaidh mise dó
nuair a bhí mé i n-Éirinn go
dteárn mé thusa a fhastodh. Nuair
a tháinic an fáthach mór seo isteach
dubhairt sé gur mhothuigh sé boladh Éireannaigh
"Bhail," adeir sise, "sin stócach beag
a rinn mise a fastodh nuair a
bhí mé i n-Éirinn.
"Bhí beagán le deánamh agat," arsa
seisean, "ach gheobhaidh mise 'job amárach
dó. Ar maidin lá thar na bhárach
dubhairt sé leis go gcaithfead sé
a dhul amach 'na stábla seo amuigh
agus a cartad agus char cartadh
é le seacht mbliadhna i roimhe.
Chuaidh a' stócach amach agus thosuigh
sé a chathamh amach as a' stábla
agus fhad agus bhí sé a cathamh
amach graep bhí cúigear a
teacht isteach, nó gur chóir gur
phlúchadh é le aoileach bheáthadhach i
n-am dinneára. Chuaidh an bhean
ghlas amach agus scairt sí isteach
fá choinne a dínneara air.
D'fhiafruigh sí dó goidé mar bhí sé
a fhághail ar aghaidhe. Dubhairt sé
go rabh sé a deánamh an droch
chúis go rabh i bhfad níos mó
astoigh anois nó a bhí ar maidin.
"Bhail," adeir sí, "caithfidh mise cuideadh
leat." Chuaidh sí amach agus cineál
ínteacht de ghrae léithe faoi n-a
naprún agus chaith sí amach cupla
graep thall agus i bhfos agus ghlan
sí an stábla agus bhí sé comh geal
leis an t-sneachta aicí. "Anois," adeir
sí, "nuair a thiocfas sé ní béidh dadaidh
le rádh aige, tá'n 'job deánta."
Nuair a tháinic an fáthach d'fhiafruigh
sé a' dteárn sé sin agus dubhairt
sé go dteárn. Chuaidh sé a dh'amharc
agus bhí'n 'jab' deánta go maith.
Dubhairt sé leis go gcaithfead sé a
dhul lá thar na bhárach agus caos
thuighe a chur ar an stábla sin thíos
agus an tuighe a chuirfead sé air
cleite as achan éan a bhí ar an
aer nach mbéadh dhá chleite as éan
ar bith ann, ach cleite as achan éan a
agus mur mbéad sin deánta aige
nuair a thiocfad seisean go mbainfead
sé an ceann de, nó go bhfaca sé
fhéin na spící thuas annsin. Agus
go rabh dhá spíce dhéag ann, agus
go rabh aon cheann déag acú lán
agus go rabh ceann eile a dhíoghbhailt
ortha leis an duisín a bheith líonta
Bhí go maith agus chá rabh go h-olc
chuaith sé amach agus chuaidh sé a cuartadh
éanacha agus chá rabh dhath aige ach an
spideóg agus an dreólán nuair a tháin
am dinneára. D'fhiafruigh sí dó
goidé mar bhí sí a deánamh cúis
"Droch chuis," adeir sé, "cá mbíonn
thuighe agam ar an teach indiú.
Chuaidh sí amach agus chuir sí cleite
ina béal agus shéid sí agus tháinic
an méid éanacha a bhí ins a' ríoghacht
uilig go léir chuicí. Chuaidh seisean
isteach chuig n-a dhinneár. Thoisigh sé
agus chuir sí thuighe ar a' stábla.
agus bhí thuighe air agus é ceanglaois
aicí nuair a bhí a dinneár deánta
ag an buachaill. Tháinic a' fáthach
agus d'fhiafruigh sé dó a rabh sin
deánta aige agus dubhairt sé go rabh
"Bhail," adeir sé, "buachaill maith atá
ionnat mur bhfuil tú a fághail cuidigh
"Níl mé a fághail cuideadh ar bith
"Bhail tá ghobh eile agam duit amárach
adeir sé. "Tá nead ag an iolar
thuas i gcrann atá trí mhíle amuigh
ins a' lóich, agus caithfidh tú a dhul
amach agus an bealach a réidhteach
rómhat isteach go dtí bun a' chrainn
agus a dhul suas," adeir sé, "agus
an nead a chreachadh.
D'imthigh an buachaill, agus bhí sé
a ghlanadh an bhealaigh comh maith agus
thiocfadh leis, agus bhí sé uilig fluch
suas go dtí n-a dhruim. Cá rabh
a dhath deánta i n-am dinneara
aige, agus tháinic sí fhéin ama ch."
Tharraing sí haincearsan bheag amach
as a póca agus bhuail sí buille
thall agus i bhfos agus thriomuigh
sí an bealach roimpí go rabh sí
ag bun a' chrainn, agus chuaidh sí
suas agus chreach sí an nead agus
thug sí na h-uibheacha chuige.
Bhí go maith agus chá rabh go h-olc
annsin d'imthigh seisean amach lá
thar na bhárach, agus thug sise léithe
braithlín gheal agus spréidh sí ar
mullach cárnán cloch a bhí ag bun
crainn í. Nuair a tháinic sé d'fhiafruigh
sé daoithe goidé a thug oirthí sin
a dheánamh?" Dubhairt sí gur shaoil
sí go rabh a chroidhe astoigh faoi
na clocha sin. Bhí tú amaideach,
adeir sé, "nó sin crann mór ann
annsin," adeir sé, "agus tá roithe
astoigh ins a' chrann, agus tá lacha
astoigh ins a' roithe, agus tá ul
astoigh ins a' lach, agus tá mo
croidhe-sa ins an uibh sin."
Chualaidh siad seo, agus lá thar
na bhárach chuaidh siad amach agus
seágh leóbhtha, agus gheárr siad a' cram
agus siúd amach a' roithe, agus a
lacha amach as a' roithe, agus tháinic
an ubh amach as a' lae agus bhí
acú annsin. D'imthigh siad agus
fuair siad bád agus d'imthigh siad
ar a' t-snámhadh a tharraingt ar Éirim
Nuair a chuaidh siad píosa cá rabh
i bhfad ach gur mhothuigh siad fathach
a teacht 'na ndiaidh.
Bhí fáinne.
gaduidhe atá ionnat, nó murdaroir
nó cineál ar bith de'n chineál sin.
"Maise ní sheadh," adeir sé, "ach níl
dúil agam a dhul isteach ann arais,
"Bhí mé ann tamall maith," adeir sé
agus chá dteárn mé maith ann.
Tháinic a' bheirt isteach ann agus
tháinic siad go dtí os coinne
an t-síopa uir seo, agus bhí'n
caiftín agus sale' thuas aige.
agus crap buachaillí agus cailíní
ag obair aige agus achan rud ag
'ul ar aghaidhe go breágh Seasa,
an bheirt taobh amuigh de'n doras
deir sí shiubhail isteach go n-ólaidhe
tú gloine. Chá rabh dúil aicí a
dhul isteach a chéad uair ach
d'fhorsáil sí isteach é. Dubhairt
sí leis a chaiftín go gcaithfead sé
a bheith 'na fhear ghasta nuair a
chuir sé suas a leithid a teach
"Bhail," adeir sé, "chan le guisteacht
uilig go léir a chuir mé suas é
241
60
Bhí rí ann an uair amháin agus bhí
triúr mac aige. Bí 'n lán mara a
theacht isteach ar bhárr a chuid talamh,
agus smaoitigh sé go ndeánfad sé bádhbhdhún
leis an lán mara a choinneáilt amuigh
An chéad lá a chuaidh na saoir a
d-obair air, ar maidin lá thar na
bhárach bhí’n bhádhbhdhún leagtha go talamh
An darna h-oidhche chuir sé amach an
mac a ba sine a bhí aige a coimheadh
goidé a bhí a leagaint. Ar maidin
bhí'n bhádhbhdhún leagtha agus an mac
s'aige fhéin 'na luighe marbh.
An darna h-oidhche rinn sé an cleas
chéadna, chuir sé amach an darna mac
agus nuair a chuaidh sé amach ar
maidin bhí'n darna mac marbh.
Bhí triúr mac uilig aige agus nuair
a bhí'n bheirt a ba sine marbh
dubhairt an fear a b'óige go rachad
seisean amach an oidhche seo. Chuaidh
agus chuir sé suas bothóg bheag
fá choinne foscaidh, agus chá rabh
i bhfad go bhfaca sé bád dhubh a
seóladh isteach ar an uisce, agus
seólta geala oirthí, agus cailín a rabh
chulaith ghlas oirthí ins a' bhád.
-
Tháinic sí isteach agus d'fhiafruigh
sí dó a n-imreochadh sé cluichthe cárdaí
agus dubhairt sé go n-imreochadh.
D'imir siad trí chluichthe gan a dhath
agus annsin nuair a bhí na trí
chluichthe imríste acú dubhairt sí go
gcaithfead siad geall a bheith acú an
iarraidh seo, an t-é a bhainfeadh an
cluichthe cé bith a d'iarrfad sé go
gcaithfead sé a fhághailt. Bhain sise
an cluichthe agus d'fhiafruigh an buachaill,
daoithe goidé a bhí a díoghbhailt
oirthí agus dubhairt sí nach rabh
a dhath a dhíoghbhailt oirthí ach é
fhéin, ach go dtabharfad sí dó bunadhas
bliadhna le fanacht ins a' bhaile
ag an athair agus gurbh é an
teachtaire a chuirfead sí fá n-a
choinne madadh bán, agus nuair
a thiocfad sé agus a ruball a
bhualadh ar dosán a chuid bristí
go gcaithfead sé é a léanáint."
Nuair a bhí an bliadhain chóir
thuas bhí sé a smaoituighadh ar seo
agus an lá amháin tháinic an madadh
beag agus bhuail sé é. Chuaidh sé
amach ar a' t-snámhadh, ach thriomuigh
an lán mara rompú go dteachail
sé faoi chuinn isteach faoi thalamh
eile a bhí ann, agus nuair a
chuaidh sé isteach ins an áit sin bhí'n
t-oileán ann a ba deise a chonnaic
sé ariamh, fad amhairc de chrainn
agus de chuibhrinn ghlasa, agus
choirce árd. Casadh an bhean ghlas
air agus thug sí isteach 'na chaisleáin
é."
"Anois," adeir sí, "tá fáthach 'na chomhnuidhe
ins a' caisleán seo agus nuair
a mhoitheochas sé thusa béidh sé fá
do choinne, ach innseochaidh mise dó
nuair a bhí mé i n-Éirinn go
dteárn mé thusa a fhastodh. Nuair
a tháinic an fáthach mór seo isteach
dubhairt sé gur mhothuigh sé boladh Éireannaigh
"Bhail," adeir sise, "sin stócach beag
a rinn mise a fastodh nuair a
bhí mé i n-Éirinn.
"Bhí beagán le deánamh agat," arsa
seisean, "ach gheobhaidh mise 'job amárach
dó. Ar maidin lá thar na bhárach
dubhairt sé leis go gcaithfead sé
a dhul amach 'na stábla seo amuigh
agus a cartad agus char cartadh
é le seacht mbliadhna i roimhe.
Chuaidh a' stócach amach agus thosuigh
sé a chathamh amach as a' stábla
agus fhad agus bhí sé a cathamh
amach graep bhí cúigear a
teacht isteach, nó gur chóir gur
phlúchadh é le aoileach bheáthadhach i
n-am dinneára. Chuaidh an bhean
ghlas amach agus scairt sí isteach
fá choinne a dínneara air.
D'fhiafruigh sí dó goidé mar bhí sé
a fhághail ar aghaidhe. Dubhairt sé
go rabh sé a deánamh an droch
chúis go rabh i bhfad níos mó
astoigh anois nó a bhí ar maidin.
"Bhail," adeir sí, "caithfidh mise cuideadh
leat." Chuaidh sí amach agus cineál
ínteacht de ghrae léithe faoi n-a
naprún agus chaith sí amach cupla
graep thall agus i bhfos agus ghlan
sí an stábla agus bhí sé comh geal
leis an t-sneachta aicí. "Anois," adeir
sí, "nuair a thiocfas sé ní béidh dadaidh
le rádh aige, tá'n 'job deánta."
Nuair a tháinic an fáthach d'fhiafruigh
sé a' dteárn sé sin agus dubhairt
sé go dteárn. Chuaidh sé a dh'amharc
agus bhí'n 'jab' deánta go maith.
Dubhairt sé leis go gcaithfead sé a
dhul lá thar na bhárach agus caos
thuighe a chur ar an stábla sin thíos
agus an tuighe a chuirfead sé air
cleite as achan éan a bhí ar an
aer nach mbéadh dhá chleite as éan
ar bith ann, ach cleite as achan éan a
agus mur mbéad sin deánta aige
nuair a thiocfad seisean go mbainfead
sé an ceann de, nó go bhfaca sé
fhéin na spící thuas annsin. Agus
go rabh dhá spíce dhéag ann, agus
go rabh aon cheann déag acú lán
agus go rabh ceann eile a dhíoghbhailt
ortha leis an duisín a bheith líonta
Bhí go maith agus chá rabh go h-olc
chuaith sé amach agus chuaidh sé a cuartadh
éanacha agus chá rabh dhath aige ach an
spideóg agus an dreólán nuair a tháin
am dinneára. D'fhiafruigh sí dó
goidé mar bhí sí a deánamh cúis
"Droch chuis," adeir sé, "cá mbíonn
thuighe agam ar an teach indiú.
Chuaidh sí amach agus chuir sí cleite
ina béal agus shéid sí agus tháinic
an méid éanacha a bhí ins a' ríoghacht
uilig go léir chuicí. Chuaidh seisean
isteach chuig n-a dhinneár. Thoisigh sé
agus chuir sí thuighe ar a' stábla.
agus bhí thuighe air agus é ceanglaois
aicí nuair a bhí a dinneár deánta
ag an buachaill. Tháinic a' fáthach
agus d'fhiafruigh sé dó a rabh sin
deánta aige agus dubhairt sé go rabh
"Bhail," adeir sé, "buachaill maith atá
ionnat mur bhfuil tú a fághail cuidigh
"Níl mé a fághail cuideadh ar bith
"Bhail tá ghobh eile agam duit amárach
adeir sé. "Tá nead ag an iolar
thuas i gcrann atá trí mhíle amuigh
ins a' lóich, agus caithfidh tú a dhul
amach agus an bealach a réidhteach
rómhat isteach go dtí bun a' chrainn
agus a dhul suas," adeir sé, "agus
an nead a chreachadh.
D'imthigh an buachaill, agus bhí sé
a ghlanadh an bhealaigh comh maith agus
thiocfadh leis, agus bhí sé uilig fluch
suas go dtí n-a dhruim. Cá rabh
a dhath deánta i n-am dinneara
aige, agus tháinic sí fhéin ama ch."
Tharraing sí haincearsan bheag amach
as a póca agus bhuail sí buille
thall agus i bhfos agus thriomuigh
sí an bealach roimpí go rabh sí
ag bun a' chrainn, agus chuaidh sí
suas agus chreach sí an nead agus
thug sí na h-uibheacha chuige.
Bhí go maith agus chá rabh go h-olc
annsin d'imthigh seisean amach lá
thar na bhárach, agus thug sise léithe
braithlín gheal agus spréidh sí ar
mullach cárnán cloch a bhí ag bun
crainn í. Nuair a tháinic sé d'fhiafruigh
sé daoithe goidé a thug oirthí sin
a dheánamh?" Dubhairt sí gur shaoil
sí go rabh a chroidhe astoigh faoi
na clocha sin. Bhí tú amaideach,
adeir sé, "nó sin crann mór ann
annsin," adeir sé, "agus tá roithe
astoigh ins a' chrann, agus tá lacha
astoigh ins a' roithe, agus tá ul
astoigh ins a' lach, agus tá mo
croidhe-sa ins an uibh sin."
Chualaidh siad seo, agus lá thar
na bhárach chuaidh siad amach agus
seágh leóbhtha, agus gheárr siad a' cram
agus siúd amach a' roithe, agus a
lacha amach as a' roithe, agus tháinic
an ubh amach as a' lae agus bhí
acú annsin. D'imthigh siad agus
fuair siad bád agus d'imthigh siad
ar a' t-snámhadh a tharraingt ar Éirim
Nuair a chuaidh siad píosa cá rabh
i bhfad ach gur mhothuigh siad fathach
a teacht 'na ndiaidh.
Bhí fáinne.
gaduidhe atá ionnat, nó murdaroir
nó cineál ar bith de'n chineál sin.
"Maise ní sheadh," adeir sé, "ach níl
dúil agam a dhul isteach ann arais,
"Bhí mé ann tamall maith," adeir sé
agus chá dteárn mé maith ann.
Tháinic a' bheirt isteach ann agus
tháinic siad go dtí os coinne
an t-síopa uir seo, agus bhí'n
caiftín agus sale' thuas aige.
agus crap buachaillí agus cailíní
ag obair aige agus achan rud ag
'ul ar aghaidhe go breágh Seasa,
an bheirt taobh amuigh de'n doras
deir sí shiubhail isteach go n-ólaidhe
tú gloine. Chá rabh dúil aicí a
dhul isteach a chéad uair ach
d'fhorsáil sí isteach é. Dubhairt
sí leis a chaiftín go gcaithfead sé
a bheith 'na fhear ghasta nuair a
chuir sé suas a leithid a teach
"Bhail," adeir sé, "chan le guisteacht
uilig go léir a chuir mé suas é