Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0606, Leathanach 490

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0606, Leathanach 490

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Thug sí foir beag aníos as a’ póca agus chaith sí trí
sprúillín amach gon aoileach a bhí istigh le seacht
mblian', agus ina móiméit bhí gach a ru sa stalla am-
uich ar a’ dorus. Agus nuair a chainic sí an tsráthad
mór, rug sí ar a’ tsráthad mhór agus chumail sí pocleath-
lanecher (sic) dhuith, agus
agus rinne sí cho brightáiltí is bhí
sí aríú a’ tráthad mhór."
"Seo dhuit í seo anois," ar sise, "agus cuir i dtaisge
í - a’ tsráthad mhór - agus tóig do sháith ama dhuit héin, "
ná bíof fuacht ná faitíos ugud roimh gruagach na
gCléas. Agus ar a bhfaca tú aríú," ar sise, "coiméad
a’ ndéarthá leis a’ bhfaca tú mise ná éinne go mo
chuid deirifeárachaí aríú.
al.
"Ní dhéarthad," ar seisean.
Thainic sé aige trathnóna - "seo í do shnáthad.
mór ’uit," ar seisean, - trathnóna go luath, agus ní ru
an uair thuas ach oiread (’ch uread) nuair a tháinic
sé aige.
"Well, ní ru éinne sa domhan i n-ánn sin a
dianú," ar seisean, "ach Mise nó duine icínt go mo
clánn iníon
"Well, bhí mise i n-ánn a dhianú," ar seisean,
leis aníos aigá n-a mháthair. Agus ní ru dadaí thalú a’
bith ucú. Ach chua sé an mhaidin seo síos agus bhí sé a’ faire
uaidhe, agus feiceann sé bád a’ tíocht isteach. Agus d’fhuirigh
sé go dtainic a’ bád go chuan.
"go mbeannuí Dia dhuit," ar seisean (.i. an fear a bhí
sa mbád), "a Chathaill na gcárdaí.
"go mbeannní dhia agus Miaire dhuit," arsa Cathal.
"A’ mbe’ cluife cárdaí ugud," ar seisean, "a Chathail?"
"Béidh," arsa Cathal, ar seisean," ar a’ gcundar thú.
thíocht isteach ar thálla tirim ugum."
Thainic sé isteach, agus bhocsáil siad suas na cárdaí, agus
chuir sé cluif' air - fuair Cathal an cluife.
"Well, anois, a Chathail, cé theastuíonns uait?" ar
seisean."
"Well, ní theastuíonn rud a’ bith uam," arsa Cathal,
"níos cruaí ná cuisleán mat dom héin agus go mo shean-
mháthair," ar seisean. "Tá muid sách fada," ar seisean, "sa
mbothán portaigh. Agus tastuíonn dáréag buailteóiri
uam," ar seisean, "a’ bualú coirce," ar seisean, "gan
cruach a’ bith a bheith easbhuach, cébí bhuailheas siad. Agus
tastuíonn," ar seisean, "dáréag buistearaí suam le
h-aghaidh marú muc," ar seisean, "agus gan muc a bheith
easbhuch, cébí ceann a mharó siad. Agus," ar seisean, "cath-
aoir go mo mháthair," ar seisean, "rocring chan dhuithe le
siú síos air."
"Tá sin dhuit, a chathail," ar seisean.
Chua cathal abhaile, agus ars an mháthair, ar sise -
"D’éirigh leat go maith, a chathaill, inniuf.
"Well, d’éirigh," ar seisean, "agus b’fhéidir amárach."
lár na bhárach nuair a d’eirigh Cathal, nigh sé ’éadan
chíor sé a cheann, agus d’iarr sé ar dia ’chuir i mbealach a
leasa. Chua sé síos un na tráú ar ais, agus bhí an fear
a’ feithiú air thios ag a’ gcladach.
"Go mbeannuí Dia dhuit, a Chathail," ar seisean.
"Go mbeannní Dia agus Muire dhuit," arsa Cathal, arseidh
"A’ mbe’ cluise cardaí inniú ugud?"
"Béidh," arsa Cathal, ar seisean, "ar a’ gcuadar thú agus
thíocht isteach ar thálla tirim."
Thainic sé isteach ar thala tirim (t'rim), agus bocsáil
siad na cárdaí. Agus fuair Cathal an cluire.
"Cé theastuíonns uait inniú, a chathaill!" ar seis'.
"Well, ní theastuíonn dadaí uam anois," ar seisean,
"níos cruaí ná bean," arsa Cathal, ar seisean. "Tá
cuisleán maith ugum," ar seisean, "agus sílim go bhfuil deis
ugum le n-a tógáil."
"Well, a Chathaill," ar seisean, "caith(f)idh tú thíocht un
a’ domhain shoir," ar seisean, "leis a’ maoi ’fháil."
"Well, ar a’ gcundar," arsa Cathal, "go bhfácatú
ar thála tirim innseo ar ais mé."
"Well, fácad," ar seisean.
Chua cathal isteach ar a’ mbad, agus bhí sé ag amh-
ara (anc) thart ar a’ gcuisleán agus ar a thionntó ar
ais dó bhí sé goil isteach sa domhan thoir."
"Is mait an sleam a thug tú dó," arsa Cathal.
"Tugas," ar seisean.
Well, thug sé isteach insin é ina (sic) dteach
a ru an oiread seo mrá óga a’ dianú hathaí agus
achuile shórt agus a’ dianú culthachaí éadaigh.
"A chathail," ar seisean, "a’ mbeidh aon cheann
ucú sin ugud?"
"Níl fhios u’m," arsa Cathal, "go fóill," - ag
amharc (anc) thart. Well," ar seisean, "á fhaons
fheabhas) é mo chuisleán," arsa Cathal, "agus á mhéad
a’ méid muc atáthar a mharú ugum," ar seisean,
"ní thiocú liom iad sin a thógáil. Tá siad ró-bhreá
"Ó i
ugum," ar seisean. "Ní bheidh aon cheann ucú ugum,"
arsa Cathal.
Well, thug sé isteach ina dteach eile é. Agus a
bhreáchte an sell a bhí sa gcéad teach bhí an dol
a bhí sa dara teach ní bu bhreáchte.
"Well, a chathaill, anois," ar seisean, "tá tú do
sásta go maith mur dtig leat bean a phiocú
amach as a’ méid sin."
"Well, níl fhios u’m," arsa Cathal, a’ faire
thart, "á mheasa méal," ar seisean, "is measa
mullach. Is breáchte iad seo," ar seisean, "ná
an chéad lol a chainic mé, is ní bheidh aon cheann
ucú ugum," ar seisean. "Ní thiocú liom," ar seisean,
"iad sin a shású," ar seisean, "le grim bídh. Teastóf
uafa,
ruda beag milis (sic) agus ruda gon tseórt sin," ar seis-
ean, "agus ní thiocú liom-sa é sin a thóirt dófa. Bean
a theastuionns uam-sa," ar seisean, "a thig léi diann
le beatha gharú.
"Well, thug sé isteach ina dteach eile é a bhí
aige, agus bhí siad sin ní bu bhreáchte. Agus bhí Cathal a’
faire thart agus níor taithnigh aon cheann acú leis. Níor
bh’iad a’ clan iad a theasta’ uaidh. Chuaidh siad
taobh (tuíú) amach gon dorus agus d’anc siad uafa, é
héin agus cathal, agus feiceann sé bean a’ tíocht le báisín
uisge ar a claigeann - chathal.
"Sin í an bhean anois a bhéas ugum-sa," arsa Cath-
al, "agus a theastuíonns uam, agus ní h-iad na mrá
deasa sin," ar seisean, "atá ’s na tithe sin ugut.
"Well, a Chathail," ar seisean, "gheall mé dhuit," ar
seisean, "go bhfuíghinn bean duit, agus b’fhearr liom-sa
an bhean sin," ar seisean, "ná an méid a bhí ’s na
trí tithe."
"Bhí ’fhios ugum-sa sin go maith," arsa Cathal, ar
seisean, "is nár b’iad a’ cineál iad a d’fhóir damh-
sa (dú-sa) chor a’ bith."
Well, chuir sé isteach ar a’ mbad iad agus thug sé
go h-éir iad. Agus thug Cathal an bhean abhaile leis.
Agus nuair a thug sé an bhean abhaile leis -
"Well," ars an bhean, ar sise, "sé bun mo chóire
duit, a Chathail, gan a dhoil un na tráú aríst," ar sise.
"Tuige?" ar seisean.
"Beidh tú ar siúl," ar sise, "go dtéighe tú síos.
Creid mise dhuit," ar sise, "mur bhfáire tú thú héin," ar
sise, "go ngofa tú síos."
"Well anois," arsa cathal, ar seisean, "tastuíonn
beithíoch capaill uam," ar seisean, "agus á dtiocú liom
beithíoch capaill a ghróthan air sin gach a dtastuíonn
tuam.
Well," ar sise, "más rud go ngró(th)óidh tú aon
cheann uaidh," ar sise, "ná tóir aon cheann leat," ar
sise, "ach a’ ceann a chuirheas a chlaigeann sa trian
seo,"- 'tóirt grian beag (sic) dó.
Chuir sé an grian i n-a póca agus chua sé síos un
na tráú, agus cébí moillín bheag a rinne sé a’ caint leis
a’ maoi bhí fear a’ choc-bháid a’ feithiú air sgathú
maith.
"A chathaill," ar seisean, "ar chuir an bhean collú ort?"
ar seisean.
"Well," ar seisean, "bhí sgathú caint' aguinn," ar seis-
ean, "agus mhoilligh sin beagán mé, ná bheinn inseo níos
Luaithe.
e. Well, a Chathaill," ar seisean, "a’ mbeidh cluife ugud
innin?"
"Beidh," arsa Cathal, "ar a’ gcundar (thú) a thíocht isteach
ar tala t’rim."
Thainic sé isteach, agus bocsáil siad suas na cárdaí
agus fuair Cathal a’ cluire
"Cé theastuíonns uait anois, a Chathaill?"
"Well, tastuíonn beithíoch capaill uam," ar seisean,
Well," ar seisean, "caith(f)idh tú thíocht un a’
dhomhain siar," ar seisean, "i gcoinní an bheithíoch capaill."
Níor chuimhni Cathal a chuir i n-a mharagú ’fhágáil
ar thala tirim ar ais. Chua sé isteach ar a’ mbád, is níor
chuimhni sé 'rá leis ’fhágáil ar thala tirim ar ais. Agus
nuair a d’anc sé thart ar a chuisleánn héin, ar a'
thionntó ar ais dó bhí sé a goil isteach ins a’ domhan
thiar. Well, bhí trí dhe móra le léimiú aige shal
á dtéigheat sé isteach ins na stáblaí.
"léim iad sin, a chathaill," ar seisean,
"Ó, ní thig liom," arsa Cathal, "tá mé ag éirí beag
ánn sináiltí."
Chuir sé a lámh in’ airicis agus tharrain sé anall
go srthng thar na draéntacha seo é. Thug sé isteach sa
stabla seo é, agus nuair a d’anc sé ar na caiple -
"Anois, a chatháil," ar seisean, "a’ mbeidh aon chapall.
ucú sin ugud?"
"Well, níl fhios a’m go fóill," arsa Cathal.
Chuir sé a lámh i n-a póca agus thug sé aníos a’ grian
beag seo thug sise dhó. Chraith sé an srian agus níor tháinic
aon chapall aige.
"Ní bheidh aon cheann ucú ugum," arsa cathal, "ní
bheidh aon cheann acú sin ugum-sa," ar seisean, "- tá
siad ró-bhreágh agam," ar seisean.
"Well, teanam isteach ina stábla eile."
Thug sé isteach sa dara stábla é, agus bu bhreáchte ná
sin na caiple bhí sa dara stábla. D’fheic(f)eá thú héin
ins a’ loinnir a bhí i n-a gcuid craice le teann
tógála
"Anois, a Chathaill," ar seisean, "tá tú dó-shásta go
anbidh
maith mur naon cheann acú sin ugut."
"Níl fhios á’m go fóill," arsa Cathal, "a’ mbeidh nó
nach mbeidh.
Thug sé aníos a’ grian agus chraith sé é chraith sé ar
ist é is níor tháinic aon cheann aige. Chraith sé an
tríothú h-uair é is níor thainic aon cheann aige.
"Ní bheidh aon cheann acú ugum," arsa Cathal, ar
seisean.
Well, thug sé isteach ina stábla eile é, agus bu bhreách-
te ná sin na caiple bhí ins a’ tríothú stábla.
"Well, a Chathaill, anois," ar seisean, "tá tú dó-sásta
go mait," ar seisean, "mur dtig leat capall a phiocú am-
ach as a’ méid sin."
"Well, níl fhios á’m," arsa Cathal, "go fóill."
chuir sé a lámh i n-a phóca agus thug sé aníos
a’ grian agus chraith sé é, agus níor tháinic aon cheann aige.
chraith sé aríst é is níor tháinic aon cheann aige. An
tríothú h-uair a chraith sé an srian tigeann pléibis
tin beag aníos ó chúl a’ doruis. Sáitheann sí a chlaige.
eann sa trian.
"Well, shorraidh dhuíot!" ar seisean, "i ndiaidh an
méid caiple breágh a bhí ’sna trí stábla sin," ar seis-
ean, "más tusa an pónánn a tháinic ugum," ar seis-
eann."
"Bhfuil fhios ugud cé chuma bhfuil sé?" ars an
pónán "Tig liom-sa an talú dhiann," ar sise, "má níonn
tusa an mharcuíocht. Agus tastuíonn sé uait," ar sise.
"Dianha mise an mharcuíocht," arsa Cathal.
Chua sé ’mharcuíocht urthí (ursí), agus thoisigh sí a’
steallú agus leag sí Cathal.
"Well, barrú ort!" arsa Cathal, ar seisean, "mur
maith a’ loss a thug tú dhom," ar seisean, "á lághad ó
thalú thú!" ar seisean.
"Anois," ar sise aríst," ar sise, "beir do grim," ar
dhúisi sé é sin. Agus chua siad a’ caint le chéile,
chumail siad na súile agus ghlan siad iad héin. Agus bhí
siad sách fuair. Maidin earraigh a bhí ann. Séard a
bhí ann go dháta go bhliain a’ t-ochtú la déag go
Márt, aimsir fuair go maith. Rinn siad suas a gcóir
le insin goidéard a dhianhat siad. Bhí cineál náire
orthú dhul abhaile gan féachaint le dhul go teach a'
tórraí agus iad héin a thuiosbáint ann. Agus chuaidh. Ag
us b’fhada uafa é. Bhí sé go mór níos fuide uafa
ná ón áit ar thárla siad leis a’ gcónra an oíche
roimhe sin. Agus chaith siad bia agus deoch ann, agus rinn
siad a gcaint 's a gcórá ’s a rást ann (un) gur imigh
an tsochraoíd. Agus chua siad trí mhíle gon bhealach
leis a’ tsochraoíd dhá híolacan go dtí an roilic a ru
an corp a goil a cur ann. Agus thoisi siad ag inn-
sean a sgéal rúin go daoiní áithrid as sin amach
"na
ná go bhfuair an uile leile) duine curdas faoi a
cúirsí. Nar bh’aisteach an rud é sin a thárlaigh
treabha.
"Á," ar sise, "ná botheráil léithe," ar sise, "ná
chuir ag obair chor a’ bith í."
"Cuirhead," ar seisean. "Ní bheidh mé dhá tógáil,"
ar seisean, "gan a dhianú rud a’ bith.
Thug sé amach í is chuir sé drae urthí (ursí) i
dtóiseach is clocha. Bhris sí na h-úmachaí a cuiriú urthí
(ursí) is chuile shórt, is chiceáil sí is leag sí cachal is
beag nár mhara (mharbhaigh) sí é. Well, thoisigh cathal
dhá ciceáil agus dhá buallú, agus ar seisean.
"Cath(f)idh mé a féachaint amárach ar ais," ar
seisean. "Tá sí níos measa," ar seisean, "ná beithíoch
mhór le brisiú isteach."
"Well," ars an bhean, ar sise, "má tá sí mar
sin," ar sise, "nach dtig leat beithíoch eile chéannacht,"
ar sise, "agus a fágáil ar a’ bhféar."
"Well, ní bheidh mise dhá thógáil," ar seisean,
"gan a dhianú rud a’ bith."
Thug sé amach lár na bhárach í agus thoisigh sí ar a’
gcuma chéanna a’ frumsáil agus a’ brise ná gur bhris
sí chuile shórt go na h-umachaí a bhí ag Cathal urthe
(ursí).
"Well, díolha mise í," ar seisean, "an chéad lá
aonaigh thiocas," ar seisean, "bhéartha mé un aonaigh is díol
ha mé í," ar seisean, "má fháit dadaí urthí (ursí).
"Ná díol," ar sise, "ná beidh aithreachas ort."
"Díolhad," ar seisean.
Thug sé leis an pónán agus dhíol sé an pónánn ar
chúig phunta. Agus ní ru teach ná bean ná buistéara
ná buailteóir roimhe nuair a thainic sé abhaile, ach
an bothán portaigh ar ais agus an mháthair.
"Is dona an job a rinne tú," ars an tsean-
mháthair, "an pónan a dhíol. Agus," ar sise, "tháinic
fathach mór inseo inniú agus thug sé an bhean leis," ar
sise, "agus marót sé dhá fhear déag go do shórt," ar sise.
"Well, caith(f)idh mé dhoil ar thóir na mrá," ar
seisean, "cébí dianhas mé," ar seisean, "caith(f)idh mé
dhoil ar a tóir," ar seisean. "Dian lón dom," ar
seisean, "a mháthair, - gléas lón dom go dtéighe mé ar
thóir na mrá."
Gléas a mháthair lón dó, agus d’imi sé. Rinne sí
trí thoirtín dó. Agus nuair a chua sé sgathú gon
mbealach, nuair a bhuail a’ t-ocras é, bhí fear bheag
a’ brise cloch ar a’ mbóthar.
é.
cuid ar leith agus coimhlinn," ar seisean, "a mhac
na baintrighe, chuile ghibín agus a gheaibín a dtit(f)e uait,"
ar seisean, "tabhair dam-sa (tór ’n-sa) é, agus tá a
call orm."
"Ní bhéartha mé gibín na geaibín duit," ar seisean,"
tigh
"ach sui síos agus ith do sháith gon gcáca - gon tóirtín
agus céad fáilte rót."
"Well, ní misde tú," arsa sean-nduinín bhriste
na gcloch, gábhadh (gáú) a’ bith ins a’ domhan a mbeidh
tú ann," ar seisean, "glaoí ar sean-nduine bhríste
na gcloch," ar seisean, "agus ní bheidh mise i bhfad uait."
"Well, tá mé an-bhuíoch dhuíot," ar seisean.
D’imi sé leis sgathú eile ná gur bhuail an t-
ocras an darna h-uair é, agus shui sé síos agus chua sé ag
ithe an dara tóirtin nuair a thigeanns an chú dú
ón tsliabh (tslíú) aige.
"Well, a Chathaill na gárdaí," ar sise, "chuile ghbín
agus a gheaibín á dtit(f)e uait," ar sis, "tór ú-sa é,
ar sise, "- tá mé amuich," ar sise, "a’ seilg agus a’ fian-
sgaith a mhaidin agus níor casú dada liom, agus tá a cháll
go cruaí orm."
"Well, ní bhfuíghe tú gibín ná geaibín," ar seis-
ean, "ach fhad's sheas(f)as a’ toirtín seo," ar seisean,
"Céad fáilte rot, agus suí síos agus ith (i') do sháith.
"Well, go ru míle maith ugud," ar sise.
Shui siad síos agus d’ith siad an tóirtín, agus nuair a d’it
siad a’ tóirtin -
gábhadh (gáú) a’ bith," ar sise, "a mbeidh tú go brách
ann, glaoí ar a’ gCú dú' ón tslíú, agus ní bheidh mise agus
bhfad uait."
"Well, tá mé an-bhuíoch dhuíot," arsa Cathal.
"Agus lean go do shron," ar sise, "agus dianha tú an t-
eólus.
Well, bhí math go leór. D’imi sé sgathú eile gur
bhuail a’ t-ocras a’ tríothú h-uair é. Agus nuair
a bhuail a’ t-ocras a’ tríothú h-uair é shui sé síos
agus tigeann an seabhac as (ios) a chionn, agus -
"Cuid ar leith agus coimhlinn," ar seisean, "a Chathaill na
gcárdaí, chuile gibín agus a gheaibín á dtit(f)e uait tor
'ú-sa é," ar seisean, "Tá a chall go cruaí orm."
"Well, ní bhfuige tú gibín ná geaibinn," ar seisean,
ach fhad's ghofas a’ tóirtín céad fáilte rot."
"Well, go ru maith ugud," ars an seabhac, "tá
mé an-bhuíoch," ar seisean. "Agus lean go do shrón," ar
seisean, "agus gheofa tú an t-eólus. Well, anois," ars
an seabhac leis, "níl tú i bhfad ó theach an fhatha
mhóir," ar seisean, "agus beidh sé amuich," ar seisean,
"a’ seilg agus a’ fiann-sgaith. Agus má thigeann sé is-
teach sluigfe (sluice) sé thú," ar seisean, "mur
gcuire sí i bhfalach thú."
Well, nuair a tháinic sé isteach go dtí an teach
a ru an bhean ann -
"Well," ar sise, "is maith an áit a d’fhága tú,"
ar sise, "agus is dona an áit ar thárla tú. Ach a dtigid
an fathach mór isteach sluigfe (sluice) sé thú. Chuirhe
mé i bhfalach anois thú," ar sise, "faoi bhairille
ar sise, "agus ní bheidh ’fhios aige ’mbeidh tú ann chor
a’ bith, agus mur nach bhfuil mé i bhfad as Éire," ar sis.
"sílhe sé gur orm-sa muiteós sé an balú."
Nuair a tháinic a’ fathach isteach-
"Fad fad féasóg," ar seisean, "muithighim balú.
ann Éireanna’ bhréagaigh bhradaigh ar fud mo chúirt agus
mo chathair. Is mór liom go ghrim thú agus is beag
liom go dhá ghrim thú, is 'á mba' gráinne salainn
ugum," ar seisean, "d’íosainn go ghrim thú!"
"Cé tá tú 'rá?" ar sise. "Is minic cheana
(hana)," ar sise, "a chaith tú slun orm-sa," ar sise.
"agus má chaiteann tú aon shlun níos mó orm," ar sise
"mur sin, imeó mé uait dú’ is dath."
"Ó, well, tá aithreachas mór orm," ar seisean, "faoí
n-a leithide rá leat," ar seisean, "ach shíl mé gur
chuir mé bálá Éireannaigh," ar seisean, "sa gcuisleán
- ins a’ gcathair
"Well, níl aon Éireannach ann," ar sise, "ach mise
agus ní h-in é an tsuim," ar sise, "a bhí ugum annad. Bhí
mé a’ cuimhniú," ar sise, "go bpós(f)aí sinn ina dtrí
seachtainí," - agus bhí lá agus bliain go spás, tá’s ugud, á dtig
iú aon nduine eile a chlaimáilhiú an bhean, agus dúirt
bhe
sise - "ní ann ach trí seachtainí," ar sise, "go
bpós(f)aí mé héin agus thú héin, agus bhí suim mhór ug-
um ag eirí anuad," ar sise leis a’ bhfathach.
"Well, innseó mé aon rud amháin duit anois," ar
seisean, "tá m’anam-sa," ar seisean, "ins a’ tsimil.
éar sin - ins a’ tsúithche - thuas insin. Sin é an áit a
bhfuil m’anam," ar seisean.
"Ó, well," ar sise, "máis sin é an cás," ar sise
"Is dona an chuma atá air. Caith(f)idh mé a ghlanú," ar sise
"agus deis a chuir air agus a decoileáil thart, agus flower a
chuir air."
Well, lár na bhárach chua sí héin agus an fear a
bhí faoin mbairille, rug siad ar achuile shórt agus glann siad
é. Agus bhí coire mór suirabait dhá bhruith dhó, agus bhí]
siad ag iarraidh an súithte a choinneál as a’ sturabot
dó - gon bhfathach mór. Nuair a tháinic a’ fathach -
"Well, anois," ar seisean, "fheicim go bhfuil suim ag
eirí ugud annam. Well, ní ru mise aríú," ar seisean,
"cho (go) folláin leis an uair," ar seisean, "á mhéad súithe
ar seisean, "á dtit(f)iú in mo chuid sturabout, sin é an
uair is folláinne bheinn."
"Ó well," ar sis, "á mbeadh fhios (mbet's) ugum sin,"
ar sis, "ní ghofainn ins a’ trioblóid a ndeacha mé."
"Ach amuich sa gcarr aoiligh sin amuich," ar seisean,
"atá m’anam."
"Well, is dona an chuma atá air," ar sise, "anois," ar
sise, "caith(f)idh mé deis icínt a chuir air sin amárach," ar
sise, "máis sin é an áit a bhfuil d’anam."
"Well, sin é an áit," ar seisean.
Agus bhí sé dhá feachaint amach ar a’ gcuma seo go
bhfeiceat sé a’ ru aon tsuim aicí ann.
Well, chuaidh sí héin agus a’ pear seo lárnabhárach, agus
ghearr siad an cárn aoiligh gur chuir siad altannaí ann agus
gur chuir siad feowers thart ann, agus gur setáil siad ar fónú
é. Agus nuair a thainic sé abhaile d’anc sé air.
"Well, feicim anois," ar seisean, "go bhfuil suim mhór ug
ud annam."
"Well tá," ar sise, "agus ní bheidh sé," ar sise, "ach seachtain
go bpóstar mé héin is tú héin," ar sise insin.
"Well, anois," ar seisean, "bhfuil fhios ugud cén áit a bhfuil
m’anam? Tá m’anam," ar seisean, "ins a’ gcrann sin amuich
Agus," ar seisean, "tá sionnach ins a’ gcrann, agus lacha i mbolg
a’ tsionnaigh, agus ubh (ú') i dtóin na lacha, is ní baol marú
damh-sa (dhú-sa)," ar seisean, "go mbuailtear an ú' atá i
dtóin na lacha sin," ar seisean, "ar a’ mball dóráin atá ar
mo thaoibh chlí.
Bhí seisean ag éisteacht agus é faoin mbairille.
"Agus níl éinne," ar seisean, "buailhiú buille ar a’
gcrann sin nach bhfás(f)a seacht gcinn air," ar seisean, "cho
(go) mór is tá air."
Well, ar a’ móiméit ar éirigh seisean ar maidin agus a d’imigh
an fathach mór, chua sé amach agus an chéad bhuille go thua bhuail
sé ar a’ gcrann bhí seacht gcinn air fástaí cho (go) mór agus bhí
air roimhe.
"Well, a' ndearna tú aon mhaith," ar sise, " ar
éinne aríú in do shaol? Má rinne, anois," ar sise, "d’am
le gluíoch air."
"Well, cûnú, 'shean-nduinn bhriste na gcloch," ar seis-
ean.
"Rud a’ bith atá tú iarraidh," ars an sean-nduinín, ar
seisean, "tá sé le fáil ugud," ar seisean, "uam-sa."
"An crann seo ’ghearrú," ar seisean.
Thug sé tua amach as bosga bhí aige, agus an chéad bhuille
bhuail sé ar a’ gcrann bhí an crann leagthaí aige.
síod amach a’ sionnach.
"A' ndearna tú aon mháthas," ar sise, "ar éinne aríú.
in do shaol roimhe?"
"Well, tá mé ag iarra cúnú an chú dú' ón tslín,
ar seisean.
D’imigh an cú dú' ón isín i ndia’ a’ tsionnaigh
agus ní ru sí i bhfad dhá strócú. Agus síod amach a’ lacha.
"A' ndearna tú aon mhathas ar éinne aríú in do
saol roimhe, ná ar aon rud a’ bith eile?" ar sise.
"Well, cúnú an tSeabhaic ón tslíú," ar seisean.
d’imigh an seabhac i ndia’ na lacha, agus thug sé anuas a'
lacha aige. Agus d’fhosgail siad ar a’ lacha go bhfuair siad."
ean, "ní fhaca mise leithide aríú," ar seisean.
"Ná bí ’caint liom," ar seisean, "gabh (go) ’mach,
agus bhí réidh," ar seisean, "go gcuire tú isteach do lá
dualgas - a’ dara lá dualgas.
Bhí go maith agus ní ru go dona. Nuair a chaith sé
a bhricfeásta, chuaidh amach, mo chréatúr. Agus dúirt
[an gruagach] leis ceann go na caiple, bhí imí' go
díreach mar bheadh (bhe') eala, a cheapú agus a thóirt
aige. Well, níor bh’fhéidir breith orthú sin. Nuair a
thainic sé ar a n-amharc (n-ouc), d’éirigh siad
as go brách leófa, agus ar ndóiche ní ru aon goir
aige-san a bheith ag amharc (anc, ounc) orthú, an
créatúr. Shui sé síos a’ caoiniú. Agus nuair a
bhí sé tamaillín beag 'n-a suí síos a’ caoiniú, tigh
eann a’ cailín beag aige.
"Is dona do mhisneach!" adúirt sí, "Is dona do
misneach nár úirt mé leat," ar sise, "misneach
a bheith ugud," ar sise, "agus gan faitíos a bheith ort."
Thug sí sriainín bheag aníos as a póca agus thug sí
dó í - an triainín."
"Gabh (go) ar a n-amharc (n-ouc) anois," ar
sise, "agus craith í seo," ar sise, "agus cébí ceann acú thioc
dhá chrámhaí. Agus nuair a chainic seisean an ball dóráin
a bhí ar a thaoibh loisg sé an ubh leis agus thit sé ’n-a chuailín
crámh."
"Fód glas ort," ar seisean, "fhathaigh!"
Well, chaith siad an oíche sin trí treanna, trian le
fhianuíocht, trian le- sgéaluíocht, trian le solum sámh (sán)
agus síor-chollata gur éirigh an lá. Fuair sé cóiste agus ceithre
cinn chapall (sic) insin lárnabhárach, agus líonn sé le ór buí
é amach as teach an fhatha’ mhóir, ná go dtainic sé leis
agus go dtug sé oiread g’fhear briste na gcloch is nach ru
call (pr. caill) aige aon chloch a bhrise le n-a shaol ar ais
ar chaoi a’ bith - g’airgead."
"Tá mé an-bhuíoch duíot," ar seisean le sean-nduinín
bhriste na gcloch, ar seisean, "bharr a’ job a rinne tú
damh-sa (dhá-sa). Agus tá mé an-bhuíoch duíot," ar seisean.
leis an a’ gcú. Thug sé a hansal eile gon gcu. Agus an
seabhac thug sé dallú dó cho (go) maith. "Agus am a’ bith,
ar seisean, "a dtioca tú thimpull mo thí-sa," ar seisean
leis a’ seabhac, "ní bheidh tú gearr," ar seisean, "gan grim
feóla."
"Tá mé an-bhuíoch duíot," ars an seabhac," ar seisean,
"agus le do mháthas héin," ar seisean, "a rinne muid seo dhuit,"
Thainic sé abhaile le n-a bhean, agus nuair a tháinic sé
abhaile bhí an cuisleán roimhe ar ais, na búistéaraí ’marú
na muc. Bhí na buailteóirí a’ buallú an cóirce. Agus bhí
an pónán Éandáiltí ar ais agus bránda buailtí ar a thaobh
(tuíú) nár éirigh leis (.i. leis a’ bhfear a cheannaigh uaidh í,
dadaí bhaint aistí agus a chuid airgid a chuir ar ais aige.
Agus chua siad-san an t-áth, mise an clocán, báitiú
iad-san is thainic mise.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.