Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0589, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0589, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Mada Rua na n-Ocht gCos
Bhí rí fadó i nÉirinn agus bhí triúr iníon
aige. Bhí cathaoir aige agus duine ’bith a suihiú ins
a’ gcathaoir rud a’ bith a d’iarrhat sé gheofat sé é.
D’imigh an rí lá as a’ mbaile, agus dúirt an bhean
bu sine acú -
"Suihe muid sa gcathaoir inniuf agus iarrha
muid fir a theacht agus ar dtóirt un bealaigh. Tá muid
sách fada inseo anois."
Shui sí ins a’ gcathaoir agus d’iarr sí mac rí an
domhain thoir a theacht agus a tóirt leis. Shui a’ darna
bean ann agus dúirt sí mac rí eile a theacht agus a tóirt
leis. Ní ru an tríothú bean sástaí suidhe (suí-e)
chor a’ bith. Dúirt sí go ru sí sách luath. Ach chuir
eadar iallach urthí suidhe (suí-e) agus d’iarr sí Mada
Rua na n-Ocht gCos a theacht agus a tóirt un bealaigh.
Maidin lá thar n-a bhárach tháinic mac rí an domh-
ain thoir agus d’iarr sé an bhean bu sine acú a chuir
amach aige. Gleasú an bhean óg agus cuiriú amach aige í.
Agus d’imigh leóf. Ar maidin lá thar n-a bhárach tháinic
mac an rí eile d’orda sé an darna bean a chuir
amach aige. Gléasú an bhean óg agus cuiriú amach aige í.
Ar maidin lá thar n-a nórthaí tainic Mada
Rua na n-Ocht gCos agus d’orda sé an tríothú bean a
chuir amach aige. Gléasú í, agus d’imi leóf. Bhí siad ag
imeacht leófa insin nó go dtáinic siad ag coill, is bhí
teach beag insin lom, gan duine gan daoiní, ach tiní agus
neart soluis ann. D’fhága sé insin san oích í agus dúirt
sé -
"Racha mise amach a’ seilg agus fan thusa insin go
dtige mé ar ais."
D’imi leis, agus níor bh’fhada go dtainic a’ fear
breagh rua isteach aicí.
"Teanam líom-sa agus fág Mada na n-Ocht gCos in-
sin, ná maró sé thú nuair a thioca sé isteach."
"Cébí rud a dhéanhas sé liom, ní fháca mé
seo is ní imeó mé fear a’ bith eile."
D’imigh leis, agus níor bh’fhada go dtáinic fear bán
breágh eile isteach.
"Teanam liom-sa agus ná bac leis a’ Mada Rua na
n-Ocht gCos: maró sé thú agus íosa sé thú nuair a thioca sé
isteach."
"Cébí rud a dhianhas sé liom, ní fháca mé
seo go dtige sé ar ais."
D’imigh leis, agus níor bh’fhada go dtáinic fear dú'
isteach agus dhá bhreáchte an bheirt eile bu bhreáchte an fear
dú'.
"Teanam liom-sa agus fág Mada Rua na n-Ocht
gCos inniu, ná maró sé cínntí thú nuair a thioca sé is-
teach agus íosa sé thú."
"Cébí rud a’ dhianhas sé liom, ní fháca mé
seo go dtige sé ar ais."
D’imigh leis agus níor bh'fada go dtainic a’ Mada
Rua isteach.
"Cén chaoi ar chaith tú an oíche ó d’imi mé? Creidim
go ru tú uaigneach."
"Bhí mé uaigeach, ach bhí neart cúlódair ugum
dhá nglacainn iad," - ag innsean dó faon triúr fir bhreá
a thainic isteach.
"Well, mise thainic isteach agad achaon tara go na
trí h-uaire sin, agus dhá dtéightheá taobh (tuí) amach gon
dorus liom mharóinn cinntí thú. Ach anois, thárlaigh cho dílis
sin thú, tá do dhá roghain le fáil ugud: cébí acú is fearr
leat in m’fhear ins an oíche mé ná ins a’ lá, agus in mo
mhada an tara eile."
"Well, is fearr liom thú a bheith in d’fhear ins
an oíche agus do mhada ins a’ lá."
Bhí siad insin, agus bhí deirithiúr dhó-san ins a’ teach
a’ coinneál cúlódair léithe-se, agus théigheat seisean amach a'
seilg achuile lá agus bhíof sin leis neart le h-aghaidh an lae
lá thar n-a bhárach. Bhí siad insin ar feadh bliana agus rugú
mac óg dhuith. Nuair a chaith siad sgathú insin d’imigh siad
go dtainic siad ag coill eile, bhí teach eile insin agus deir
ifiúr eile dhó insin. Agus chaith siad bliain eile insin
nó go rugú mac eile dhuithe, agus neart le n-ithe agus le
n-ól ucú agus iad go compórtúil. Agus 'n-a dhéidh sin
sgathú d’imigh siad ag coill eile, an áit a ru teach
deirifeár' eile a dhó. Agus chaith sí bliain eile insin, agus
rugú an tríothú mac dhuithe. Bhí siad insin ar feadh
bliana ’n-a dhéidh nó go ru an mac is óige bliain.
"Well anois," ars an Mada Rua, "tá se ceithre
bliana ó thug mise ó d’athair agus ó do mháthair thú agus
níor chuala mé aríú thú a’ caint go mbudh mhaith leat
a dhoil abhaile."
"Budh mhaith liom a dhoil abhaile, ach go tén gróthan
dom a’ caint air?"
"Well, bí faoi réir amárach agus racha muid abh-
aile go bhfeice tú d’athair agus do mháthair."
Ar maidin lá thar n-a bhárach bhí sí réidh, agus bhí
cóiste taobh (tuí) amu' gon dorus le cuingir (pr. chuinn-
ir) chapall agus cóisteóir ann. Agus réitigh orthú, go dtainic
siad ag teach a’ darna deirithiúr. Agus ghléas an páiste
agus thug leófa cho maith é. Thainic siad go teach na tríothú
deirifeára agus thug leófa an páiste eile agus go dtainic siad
ag Cúirt a h-athara. Agus cén t-am ná an uair é ach
an bheirt deirfeárachaí agus a gcuid fir héin a bheith land-
áiltí roimpí. 'S dhá mhéad an fháilte á ru roimh
an mbeirt eile agus roimh a gcuid fir bhí a sheacht n-oiread
fáilte roimh a’ Mada Rua agus a bhean héin, mar shíl siad
nach bhfeic(f)eat siad go brách í. Cath siad an lá agus tá oíche
le ithe agus ól agus spórt nó go ru se i n-am collata
is fuair achaon lánúin seómra dhófa héin agus fuaidh a
chollú. Nuair a bhí siad sgathú 'n-a gcollú agus mheas a
t-athair go ru siad n-a gcollú -
"Racha mé isteach go bhfeice mé cén deis atá ar a'
Mada Rua."
Chua sé isteach ag seómra na céad mhrá is bhí
siad n-a gcollú agus duine acú tionatuí' leis a’ mballa agus
a’ duine eile tionntuí' amach. Chua sé ag seómra na
darna h-iníne, agus fuair sé ar a’ deis chéanna iad. Chua sé
isteach ag seómra an Mhadaídh Ruaídh agus a bhean héin,
is fuair sé tionntuí' le chéilí go ceannúil cúramach air
a chéilí 'n-a gcollú. Bhí craiceann a’ Mhadaídh Ruaídh
leagthaí ar a’ gcathaoir. Chua sé síos agus ghlaoidh sé ar a
bhean.
"Gabh (go) aníos," ar seisean, "go bhfeice tú an Mada
Rua. Sén fear is breáchte á bhfaca mé aríú é."
Thainic sí isteach, agus dúirt siad le chéilí nach bhfaca
siad aon fhear aríú bu bhreáchte ná é.
"Dóighfe (dóiche) mé an craiceann," ars an rí,
"agus beidh sé in’ fhear bhreá i gcómhnuí."
"Ná dóich," ars an bhean, "ná níl ’fhios ugud cén
t-olc a thiocú as."
"Dóighfe (doíche) mé é," ar seisean, "cébí rud a
thiocas as."
Rug sé ar a’ gcraiceann agus chaith sé ins a’ tiní
é. Agus mhoithigh an Mada Rua an craiceann dá dhógh
agus d’éirigh é ’n-a shuídhe (shuí-e)."
"Tá tú réidh liom-sa feasta choíche," ar seisean,
leis a’ maoi "Racha mé amach thríd a’ bhfuinneóig ar a’
dó-dhéag anocht cho caol le snáithe síoda."
"Thoisigh an bheirt ucú a’ caoiniú, agus ar a’ dó-
dhéag san oíche d’imi sé amach thríd a’ bhfuinneóig cho
caol le snáithe síoda. Nuair a bhí sé ag imeacht, a’
sgarúint léithe-se thit na braonachaí fola ó n-
a shúile agus thit trí bhraon ar a léiní dhe.
Ar maidin lá thar n-a bhárach dúirt sise go n-
imeót sí ar ’fháirnis agus nach bhfanhat sí dhá oíche i n-aon
teach ná go bhfát sí fios fáirnis air. Bhí a h-athair
agus a máthair ag iarraidh í héin agus a triúr clainn' a
choinneál, ach ní fhanhú. Agus níor fhág sí éinne gon
chlainn urú ach oiread (aread). Thug sí léithe an chlann
go ndeacha sí ag teach a’ chéad deirifeáir agus d’fhága sí
an chéad mhac ag a’ deirithiúr sin. Is nuair a bhí sí ag
imeacht thug sí ceirtlín dhuithe.
"Seo ceirtlín dhuit anois agus béidh tú a’ criteáil agus
caith(f)idh sé an t-am dhuit, agus dhá mhéad a’ gcriteáilhe tú is
amhlaidh is mó bhéas a’ cheirtlín."
Tháinic sí ag teach a’ darna deirifeár agus d’fhága sí
an darna mac ann, is nuair a bhí sí ag imeacht thug sí
siosúr dhuith.
"Rud a’ bith a gheárrhas tú leis sin, dhá dhonacht agus dhá
stróicthí dhá mbeidh sé béidh síoda agus sról i n-áit."
D’imi léithe go dtainic sí ag teach a’ tríothú deirifeár.
ru fhios fáirnis aicí cé ru a dritheár ach oiread (uread)
léithe héin. D’fhága sí an tríothú mac aicí, agus nuair a bhí sí
ag imeacht thug sí cíor dhuithe.
"Dhá charraighe agus dhá ghiobaigh dhá mbéidh a’ cúl a
rachaidh an chíor sin ann béidh folt ór-bhuí ann ’n-a
dhéidh."
D'imigh léithe. Bhí sí ag imeacht roimpí nó go
dtainic sí ag droichead, agus mhuithigh sí caoiniú faoin droichead.
Chuaidh sí síos faoin droichead go bhfeiceat sí cé bhí a’ caoiniú.
Bhí caillín breágh insin a’ caoiniú.
"Cén fáth do chaointe?" ar sise.
"Tá- robailléaraí go bhean atá inseo agus tá cail-
iní na h-áite uilig curtha un báis aicí. Tá léiní inseo agus
ta’ trí spot fol' air, agus duine ’bith nach nighfidh an léiní
sin cuireann sí un báis é, agus ní féidir le duine ’bith a
níghe."
"Tóir 'om-sa an léiní go bhfeice mé cén seórt é."
Thug sí an léiní dhuith is a dá luas ar chumail
sí an léiní d’imigh an fhuil as.
"Céard déarthas mé léithe anois nuair a rachas
mé abhaile? Béidh 'fhios aicí go maith nach mise a rinní é -
a ghlan a’ léiní."
"Abair go dtainic fíach duf nuair a bhí tú a'
caoiniú faoin droichead, go dtainic fíach duf as do chionn
ins an abhainn, agus gur thit lámh duine uaidhe, agus gur rug tú
ar a’ lámh is gur thoisigh tú a’ bualú na léinín leis agus
gur imigh an fhuil ar áit na mbonn."
Chua sí abhaile agus d’innis sí an sgéal.
"Ó! Tá sí réidh," ar sise, "ní baol dom-sa
feasta - tá sí réidh!"
Thug sí an cailín léithe go dtug sí i dteach lóisdín
í, an teach bu goire go theach na mrá a ru an léiní aicí.
Lá thar n-a bhárach thoisigh sí a’ criteál, agus léir ('réir) 's mar
bhí a’ criteáil bhí an cheirtlín a’ borrú. Thainic gearr-
chraille (sic) isteach agus thug sí an sgéal ag a’ mraoi eile.
"Tá bean insin amuich agus tá ceirtlín aicí, is dhá mhéad
dá bhfuil sí a’ criteáil 'sé chaoi bhfuil a’ cheirtlín a’ méadú."
"Caith(f)idh mise an cheirtlín sin ’fháil," ars an bhean
eile, - a’ teacht isteach aicí - "torum (tabhair dhom) a’ cheirtlín
sin agud."
"Bhéarthaidh," ar sise, "má ligeann tú a chollú ag d’fhear
anocht mé."
"Ligfidh (licidh)."
Fuair sí an cheirtlín. Ins an oíche, nuair a bhí siad
a goil a chollú tugann sí deoch gon fhear, chua sise isteach a
chollú is ní fhaca sé sight urthe go maidin. Dhá mhoiche dár
éirigh an lá d’éirigh an tseanbhean cho luath."
"Éirigh amach as sin, a rabailléaraí," ar sise, "tá tú
'do chollú ó thainic an oíche, 's is beag a’ chabhair 'uit é."
D’éirigh sí is chua sí go teach a’ lóisdín. Thainic gearr-
chraille isteach agus a ru sean-éadaigh urthí, agus thug sí amach a'
siosúr agus ghearr sí grim beag go na h-éadaigh, agus bhí síoda agus
srál ar a’ ngearrchraille a ghoil amach dhuith. Chuaidh sí ag a'
mraoi eile gur thiosbáin sí dhuith [an chulaith bhreagh a bhí
urthí]. Dúirt sí go ru siosúr gulánta ag a’ mraoi a bhí
ins a’ teach le n-a dtaobh (dtuíú).
"Cath(f)idh mise an siosúr sin 'fháil," ar sise, -
a’ teacht isteach agus - "torum a’ siosúr sin ugud," ar sise.
"Béarthaidh, má ligeann tú a chollú ag d’fhear
anocht mé."
"Licidh," a sise.
Fuair sí an siosúr. San oíche nuair a bhí an
fear a goil a chollú thug sí deoch dhó, is ní fhaca sé
sight ar a’ mraoi, ach chodail sé leis go maidin. D’éirigh
sise ar maidin is dúirt sí léithe éirí amach as sin.
"Tá tú 'do chollú insin ó thainic an oíche agus is
beag a’ chabhair ’uit é."
Lá thar n-a nórthaí thainic gearrchraille isteach
le cúl carrach giobach urthí. Tharrain sí amach a’ chíor agus
chumail sí ’n-a claigeann é, agus bhí folt ór-bhuí ar a’
gcailín a goil amach. Chua sí isteach a’ tiosbáint a’ chúil
gon mhraoi.
"Caith(f)idh mise an chíor sin ’fháil," ar sise, -
a’ teacht isteach ag a’ mraoi eile agus - "torum a’ chíor sin
ugud."
"Má ligeann tú a chollú ag d’fhear anocht mé, bhéarthaidh."
"Licidh," ar sise, "ach is beag a’ chabhair ’uit a dhoil a
chollú aige."
Fuair sí an chíor.
Bhí an fear agus a mac-san amuich a’ seilg ins a’ lá.
"Bhfaca tú an bhean bhreagh a bhí ’n-a collú le dhá
oíche agad?" ar seisean leis an leas-athair.
"Ní faca mise bean a’ bith," ar seisean.
"Ó, well, bhí an bhean bu bhreáchte á bhfaca mé aríú
’n-a collú le dhá oíche ugud, ach thug mo mháthair deoch dhuit,
níor thainic leat a feiceál. Ná h-ól a' deoch uaithe agus feic-
(f)e tú í."
Nuair a fuair sé an deoch ins an oíche lig sé an deoch
síos le n-a bhrollach. Agus chainic sé an bhean.
"Níl fhios a’m céard a dhianha muid anois ná cé-
'chaoi bhfuighe muid un bealaigh uaithe."
"Níl fhios á’m, mur dtugaidh an stócach fáirnis a’ bith
dhuit-se air."
Lá thar na bhárach chua sé héin agus a mac-san amach a'
seilig, agus -
"A’ bhfaca tú an bhean aréir?"
"Chainic," ar eisean, "agus sin í mo bhean póstaí. Agus dhá
dtigiú leat-sa do mháthair a chuir un báis d’imeóinn-se agus
í sin agus d’fhácat sin achuile (acheile) sheórt dá bhfuil inseo
ugud héin agus ní dhearc(f)at sinn n-a dhéidh aríst go brách."
"Á, well, tá buaí icínt ar mo mháthair agus is doilígh
'fháil amach urthí, ach, féach(f)a mise le n’ fháil amach agus má
fháim innseó mé dhuit é."
Lá thar n-a bhárrach d’fhan a’ stócach istuich ag a
mháthair agus bhí sé an-chúramach agus ceanúil ar a mháthair
"Ara, 'mháthair, go ceouil d’anam-sa?"
"Well, tá sé ins a’ gcloch mhóir atá taobh (tuí')
amuich gon dorus," ar sise, "- amach ón dorus ins a’
gcloich mhór (sic) sin."
"Ó, thoisigh an stócach dhá phéantáil agus a’ cuir
deis' air - thímpull na cloiche. Agus nuair a chainic
sise é thaitin sé go ró-mhór léithte.
"Bu cosúil, a mhic, dhá mbéaf ’fhios ugud ceouil
m’anam-sa, go gcuirhea' dídean air."
"Ó, go cé bheadh orm, a mháthair! bu dhé bu bheag
liom a dtiocú liom a dhianú dhó."
"Well, ní insin ata m’anam-sa chor a’ bith,
ach tá sé ins a’ mballa atá thíos ins a’ lag taobh
thíos gon teach, is a’ mballa mór sin. Tá lacha istuich
ins a’ mballa is tá uibh i mbolg na lacha, agus ní féidir
mise chuir un báis go brách go mbuailtear leis an uibh mé
ar a’ mball dórain atá ar mo thaoibh."
"Á well, ní baol duit achoíche an bás mar sin,"
ars an mac.
D’imi leis agus d’innis sé gon fhear rua é agus chuaidh an
bheirt ucú agus thug siad leófa piocóid (piucóid) agus cró iar-
ainn agus a thoisigh a’ leagaint a’ bhalla ar a ndícheall. Nuair a
leag siad-san a’ balla d’imigh an lacha amach. Agus ghlaoidh
mac rí nÉirinn ar Sheabhac na Coilliú Craébhaighe a theacht agus
a’ lacha cheapú dhó. Tháinic Seabhac na Coilliú Craébhaighe,
agus nuair a bhí sé a’ ceapú an lacha (sic) bhí sí as cionn
a’ loch’ agus ligeann sí an uibh ins a’ loch. Ghlaoidh sé ar
Mhadú Uisge na Carraice Léith a theacht agus an uibh sin fháil
dó. Thainic Madú Uisce na Carraice Léithe agus thug sé an
uibh leis i n-a bhéal. Thainic siad abhaile go h-éadálach
insin. Agus bhí sise go brónach agus go breóití ins a’
teach a’ teacht gon mhac.
"Ara, céard tá ort, a mháthair?"
"Ní airighim go math chor a’ bith," ars an mháthair.
"Well, dhá bhfátha folcú maith, sílim nach ru
rud a’ bith is fear a rachú dhuit ná é."
"Well, b’fhéidir go rachú, a mhic," ar sise.
Chuir sé síos uisge agus théidh sé é, agus chuir a
mháthair isteach go bhfát sí folcú math, is nuair a fuair
sé nochtuí ins a’ tubán í, bhuail sé leis an ubh ar a’
mball dóráin í is mhara sé í."
"Tá tú réidh anois," ar seisean.
D’imigh mac rí nÉrinn agus a bhean héin insin agus
d’fhága siad achuile (acheile) sheórt dá ru amuich agus istuich
ag a’ mac óg. [Thugadar leófa a dtriúr mac ó na dreith-
iúrachaí] agus thainic siad abhaile go hÉire go teach a h-athar-
san agus a máthar, agus thug a’ t-athar suas a’ chróinn agus achuile
sheórt ár bhain dó dhó, agus bhí siad saibhir sách insin.
Chua siad-san an áth agus chua mise an cleideán.
Báithiú iad-san is tháinic mise.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.