An Gobán Saor
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0524
- Dáta
- 30 Samhain 1937
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0875: The Clever Peasant Girl
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
- Rathún, Co. na Gaillimhe
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Proinnsias de Búrca
- Faisnéiseoir
- Miceál Mac Máighistir
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0524, Leathanach 060
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISan tighe. Agus nuair a mhothuigh an bhean a bhí
amuigh an choiscéim taobh thiar dhuithche bhreághnuigh sí
thart agus hainnic sí fear, agus bhuin sí amach. Asgo brách
léithche agus ní fháill aicí breith ar a' pháiste. Rug
tom ar a páiste agus thug sé leis abhaile é agus bhí sé sa
lathar n-a mbarach
teach aige an oidhche sin. Ar maidin nach bhí
Nóigh óigh ar fud an bhaile. Bhí páiste a leithide seo go
dfear bhí sin marbh. Fuair sé bás insa cliabhán. Bhíothas
a' caoineadh agus a' garraighil faoí bhás an pháiste. Chualaidh
thom é. Tháinic sé agus d'fiafhruigh sé dhíofa céard a bhí ortha
D'innis siad dhó gur cailleadh an páiste. "Níor cailleadh
an páiste" arsa tom ar seisean. "Fairighidh go maith
an rud atá insa chliabhán. Cuirighidh siar i gcoinne
an t-sagairt" ar seisean "tá an páiste slán sábháiltí
agam-sa insa teach thóir" arsa tom agus d’innis
tom dhófa an chuma arabh an cás, agus fuaidh sé agus thug
sé leis, an páiste, agus a leithide go bhród agus a bhí ag a'
mhuinntir nuair a fuair siad a páiste. Nuair a
breathnuigheadh insa cliabhán bhí an cliabhán follamh
ní rabh rud ar bith sa cliabhán.
Nuair a thiocfhadh na cómharsannaigh isteach ag éisteach
lé hághaidh go bfeicfhidís cé d'innseóch sgéaltaí dhófa
i mbaile Choiche
"Chuaidh.
lá finn.
Ch
Cailí agus seo
ab
ant agus ó
Neir mo Nór achuala go car
agus a' diarcadh. Fuaidh sé suas a' déana a
Bhí átha cliath, agus bhí blianta fada ar an chaisleán sin
Tháinic sé anuas go Sligheach, agus phós sé bean mheasamhail
dóigheamhail bhí aige gabhaltas mór talamhna agus fuaidh
sé suas go bl atha cliath aríst nuair a phós sé
an bhean seo agus d'fan sé aicí sé mhí. B’éigin dó a
ghuil suas go caisleán bhí átha Cliath aríst a'
deurchadh in éis a chuid saorthaí agus fir. Well chuir Rí
Shasanaí litir fháighe ag iarraidh air agus a' guibhe air
a ghuil anonn chuige fhéin go ndéanfhat sé an pálás ar dhó
fhéin i Sasanaí, agus ní bheachaidh chomh fada leis ar an am
sin. Dubhairt sé lé na bhean. Bhí sé a' guibhe go
síorraidhe mac a bheith aige lé go múinfheat sé dhó an
chéird chéadhna a bhí aige fhéin. Agus dubhairt sé lé na
bhean nuair a bhí sé imblátha Cliath cunntas a chuir
chuige nuair a bheadh an páiste aicí. Bhí ’fhios aige go
Rímhaith go rabh sí ag iompchar nuair a d'fhág sé í.
Agus annsin rugadh an páiste. Agus bhí bean chomharsanna
insa bhaile chéadhna agus bhí páiste óg aicí an oidhche cheanann
chéadhna bean go’n chomharsa. Well ’sé an rud a bhí ag
níon
bean ghobáin, agus 'sé an rud a bhí ag a bhean
na comharsan mac. Well bhí fhios ag bean ghobáin
nach mbeadh taithneadh mór ar ghobhán lé í cunntas
a chuir chuige go rabh in óg aige, agus go céard a
nídheann sí ach malraidh a dhéanamh lé beann ná
comharsna faoí’n mhac. Agus fuair sí an mac agus
níon
thug sí an dhó agus pronntanas maith airgid
Well sgríobh sí annsin chuig gobán go blátha cliath
beórtí
go rabh mac beartaí dhó agus é a theacht abhaile.
agus tháinic sé abhaile agus lé gradain agus lé áthas mór.
agus rinn sé bainfheis mhór go na chomharsannaigh thart
air ar feadh naoí n-oidhche agus naoí lá, agus fuaidh sé
suas ina chuid oibre aríst, agus bhí an páiste seo a'
a fás suas cuir
fás suas agus sé scoill agus léigheann roimhe gur thóig
sé suas é mur ba chóir dhá leithide a bheith tóigthí
suas, ná bhí gobán bhí sé líontaí lé h-airgeadh.
Well nuair a bhí an páiste tóigthí suas lé scoil
agus a chuile rud fuair sé litir eile as Shasana, agus
dubhairt Rí sasanaí leis mur dtigheat sé go dtí é
nach mbeadh buidheachas mór aige air, agus dhá
dtigheat sé go dtí é go mbeadh buidheachas mór
aige ar fhéin agus ar Éirinn, agus a chaisleán a chríochnú.
Well annsin ní rabh ’fhios ag gobán céard a
dhéanfhat sé. Tháinic sé abhaile annsin chuig na bhean
marthlaid achualar. Ba
agus chuig na mhac go Sligheach, agus ní rabh an mac a'
taithneachtáil leis ar a mhian. Ní rabh sé fachthas dhó
leath chomh clifeárta leis fhéin, agus nuair a chuirfheat sé
cainnt ar a mhac in éis é a bheith ina scoláire mhór
ní rabh sé ábhalta míniú an scéal ach dhó
Agus bhí dabht ionghantach ag gobán nach bainnt
a bith aige dhó. Agus a geárrcháile seo a bhí insa
chomharsáin nuair a d'eirigheadh gobán amach a siubhal
dhó fhéin ná a guil 'un aifrinn chastaidh leis an geárrcháill
seo agus an chainnt agus an t-sabháilte a bhí inntí bhí
oirthín
grádh a chroidhe. Agus chuimhnigh sé go rabh cuid dhá
chuid oibhriocha fhéin inntí. Well nuair a bhí an mac
suas annsin ina bhliadhain agus fiche bhí sé ina bhí
fearramhail dóigheamhail, mhúinntí, tóigthí, ach ní rabh béasal
an athar aige. Dubhairt an t-athair lá leis, annsin
o gcaithfheat sé a ghuil ina mhargaidh indhiú le craiceann
na caorach seo. Agus bhí cúig ná sé go phuntaí óla
ar chraiceann na caorach, agus dubhairt sé leis an
mhac go gcaithfheat sé a ghuil ina n-aonaigh indiú
ná ina mhargaidh agus an craiceann seo a dhíol.
muise 'athair arsa'n mac ar seisean "go tuige a
bhfuil tú go mo chuir ina mhargaidh a' díol an chraicinn
é
"Ó tá fhios agam péin a' fáth" ar seisean. "Caithfidh
tú a ghuil indhiu ánn" ar seisean "agus a dhíol, agus ná
ta go dhuine ar bith é" ar seisean "ach an té
a bhéarfas an craiceann dhuit agus a luach. "Well anois
arsa'n mac ar seisean? ar nódh nach doiligh dhom-sa a
díol tá 'fhios agam nach ngabhfhaidh mé duine a
bhéarfas an craiceann agus a luach dhom." "Well ná díol
lé aon nduine go brách an craiceann seo" ar seisean
"go bfágha' tú an craiceann agus a luach. "agus cé
méad leach an craicinn 'athair ar seisean?
"Naoí bpinghne". "Well fuaidh sé isteach, an mac,
bhaile mhóir ar maidin leis a chraiceann agus bhí sé
lé ghuil thart lé teach an gheárrchaile seo
an Ó
bpingne luach a raicinn. Fuaidh an mac ina
amaidin
mhargaidh agus b’éigin dó a ghuil thart lé teach an gheárrcháile
seo. Bhí an geárrcháile seo agus a h-athair agus a máthair
bocht truaighlí na créatúir. Well ghabh sé thart
ina mhargaidh an lá seo agus chráil sé amach an
craiceann ar a mhargadh. Seo craiceann breágh caorachar
goireac
cé cheannóchas é." "Cé mhéad a luach agus í naoí bpinghne adeir
Well cinntí ghobhfhat sé go leór a cheannochfhadh an
nois
craiceann ach chaithfheat sé an craiceann agus a luach
fháil. Ní bhfuair sé fear ar bith a thiúbhrfhad an
craiceann agus a luach dhó. Bhí sé a' teacht abhaile agus tháinic
sé abhaile an oidhche sin agus níor dhíol sé an craiceann
lá'r na bhárach fuaidh sé ina mhargaidh agus níor dhíol sé
an craiceann, agus an tríomhadh lá fuaidh sé ina mhargaidh
níor dhíol sé an craiceann agus bhí an geárrcháile seo bhí
sí sa doras ag amharc air a guil ina mhargaidh ar maidin
agus a' teacht tráthnóna ach aon lá go na trí lá. Agus
fuaidh sí amach roimhe nuair a tháinic sé abhaile an
triomhadh lá agus d’fhiafhruigh sí dhó. "Ara a dhuine uasail
ar sise go cé an fáth a bhfuil tú a guil a bealach sin
le trí lá agus a' teacht abhaile tráthnóna?" D’innis
Sun
dhuithche muise a' díol an chraicinn seo" ar seisean iseáin
an craiceann-dhom-sa" ar sise thaiseáin sé an craiceann
Shuithche. "Muise cé mhéad a tá ar an chraiceann seo" ar
sise naoí bpinghne" ar seisean "naoí bpinghne. "'Seadh
ar seisean "ach caithfidh mé an chraiceann agus a luach
fháil." "Á a dhuine mhódhamhail" ar sise "bhéarfha mise an
craiceann dhuit agus céad fáilte ach fan annsin" ar sise
dtugaidh mé amach diamhas go mbainfidh mé an
olann dhó. Ghabh sí isteach ina tighe agus thug sí amach
dfuaidh
é
nt ola go'n
ar dheamhas agus bhain sí seacht
chraiceann agus d’íot sí leis na naoí bpinghne. Agus
uaidh sé abhaile, agus nuair a tháinic sé isteach chuig
gobán chuig n-athair. "Níl an craiceann leat.
"Níl" ar seisean. Agus a ghrádh" ar seisean "cé a cheannuigh
an craiceann uait?" "Á a leithide seo go gheárrcháile
ar seisean "nach bhfuil i bhfad ó'n doras". "Á goirim
an geárrcháile sin" arsa gobán ar seisean, caithfidh tú
ar seisean
an gheárrchaille sin a phósadh anois sul 'á go dtí trí lá
"Deanfha mé rud a' bith athair" ar seisean "iarrfhas
tú orm agus go deimhin bhí cómhairle maith ag
an athair air. "Déan mé rud ar bith athair
iarrfhas tú orm." "Well gabh anois" ar seisean agus
thabhair chugam-sa buidéal fuisge, agus rachfha' mé ina
tighe sin anocht" ar seisean "go n-iarra' mé an
geárrcháile sin dhuit-se. Fuaidh a mac agus thug sé
chuige buidéal fuisge. Agus nuair a tháinic an
tráthnóna d'imthigh an t-athair agus fuaidh sé go dtí
teach na cómharsna seo, agus tharraing sé amach
a bhuidéal fuisgí agus thug sé glaine thart go'n
tsean chúpla agus ar nódh creidim gur mhaith leófa
é. Well ní ólfadh an geárrcháile aon deóir dhó
nídh nach ionghnadh. "Well a bhfuil ’fhios agaibh anois"
ar seisean
arsa goban leis an t-sean chúpla go cé fáth mo
shiubhail? "Muise níl 'fhios ar siad-san. "Well
ar seisean "ag iarraidh" ar seisean "an ghearrcháile
sin go mo mhac atá mé" ar seisean "a dtiubhrfhas
sibh dhomí?" "Á muise" ar siadsan "béim Dé ort a ghobáin
agus ná bhí a magadh orainn. Bhí gobán saidhbhir a bhfuil
'fhios agat agus bhí siad-san bocht. "Béim Dé ort ar
ar ndo
siadsan agus ná bhí a magadh orainne na fhinn. Ní
phósfhaidh do mhac an geárrcháile sin gan pinghin an sgilling go
bonn. "Pósfaidh" ar seisean. Rinneadh an pósadh agus go céard
gharbhaner
bhanach ach litir eile ó Rí
a tháinic isteach ór ná
Shasana é a ghuil anonn go thiugh nach mbeadh aon
bhaill ar a chaisleán mur mbíot sé ánn agus é a bheith
ghuil
cinntí an tum seo a go sasanaí. Well bhí an
lánamhain óg póstaí a bhfuil fhios agut agus bhí siad annsin
agus nuair a bhí siad sgatha póstaí coighcís ná trí
ena mhac
seachtmhainní dubhairt gobán go rachfhat siad go sasanaí.
racfha' muid go shasanaí" ar seisean "in ainm Dé ar
deireadh thiar. Ní diúltóchaidh muid an tum seo é.
dubhairt sé leis an bhean óg cáca a bheith déantaidh
aicí ar maidin a bheidh leófa go lón a guil go bláthachla
éin.
Bhí sin déantaidh aicí lé fonn, agus ir a d’eirigh siad
ar maidin chraith siad lámh lé na chéile agus d'imthigh
gobán agus a mhac go Shasanaí. Agus nuair a bhí
bán leith mhíle an bóthar hionntuigh sé ar a mhac.
"Well a mhic dílis" ar seisean "tá an bóthar seo fada
giorrthuigh an bóthar seo dhom". "Muise athair dhílis ar
seisean "go cé an chuma a dtiocfadh liom an bóthar
mur
fada sin a ghiortadh." "Ó well, dtigh leat a ghiorrtadh ar
seisean "fille guid abhaile aríst". Dfill siad abhaile
agus bhí ionghantas mór ar ar bhean óg seo agus ar
ban
an t-sean bhean iad filleadh. Agus fuaidh siad abhaile
agus fuaidh siad a chodhladh. An dárna lá dubhairt
gobán leófa a bheith ina shuidhe go rachfhat siad
Shasanaí, agus a chleas ceanann céadhna nuair a
tháinic sé go dtí an spota céadhna d’iarr sé ar
a mhac. "Giorrthuigh an bóthar a mhic" ar seisean "tá sé
fada". "Muise athair dílis" ar seisean "cé’n chuma a
dtiocfhad liom-sa an bóthar fada a ghiorrthadh.
"A thionntuigh muid abhaile" ar sa gobán "níl aon ghráithe
againn a guil go Shasanaí ar an chuma sin. Tháinic
siad abhaile agus fuaidh siad a chodhladh, agus an tríomhadh lá.
Agus insa leabaidh d’fhiafhruigh an bhean óg go'n fhear
muise" ar sise "innis dhom" ar sise "go cé an fáth
dhá fear.
ar fill tú fhéin agus d'athair lé trí lá." "Well innseóchfhad" ar
seisean. "Nuair a théigheat sinn go dtí spota msa bhóthar
ar seisean "d'iarradh m'athair orm-sa an bóthar a ghiorrthadh
go rabh sé fada, agus go cé an chuma a ngiorrtóch fainn-se
an bóthar. "GEad mo chroidhe sa d'athair" ar sise
rád mo chroidhe-sa d’athair sa is maith a rinn sé
gan a ghuil níos fuide leat. Ní rabh aon mhaith ionnad.
Well anois" ar sise "má imthigheann sé ambárr ach agus iarraidh
ortsa an bóthar a ghiorthadh a bhfuil 'fhios agat céard a
déanfas tú. Chuimhnigh ar an sgéal is spóirteamhla a chuala
tú ariamh ná atá agat agus innis é is sin é an rud a
ghiorrthuigheas a bóthar fada ag innseacht sgéal nuair
a bhéas beirt ag imtheacht lé chéile mé bhíonn an sgéal
a' guil ar aghaidh ní aireóchfhaidh siad a bóthar. "Well maith
go leór" ar seisean. An ceathradh lá d'eirigh siad agus fuaidh
siad go dtí an bóthar, a lón leófa. "Well amhic" ar seisean
anois giorrtuigh an bóthar dhom." "Well giorrtóchfhad athair ar
seisean. Chuimhnigh sé ar an sgéal ba spóirteamhla a bhí
aige agus thosaigh sé é. "Well anois a mhic" ar seisean is sin
é an chuma leis an bhóthar a ghiorrtadh ach a mhic" ar seisean
é ar an urlár as air ná
bhíot siad síntís
teineadh, a' gáiridh agus a' déanamh a gcuid grinn, agus ag
éisteacht leis na sgéaltaí seo agus fad mónadh a bheadh
faoí na cheann ag chaon fhear nuair a bheat sé
síntí ar an urlár annsin ná go mbíot sé in-am
chodhlata. Ní rabh aon t-solus insan am sin ánn ach
solus na teineadh, blocán giúmhaise a chur insa
teinidh. Ní rab ola ná lampannaí ná dadaí go'n t-sór
d' sin insa tráth sin ach teinidh mhaith mhónadh agus blocán
giúmhasaigh, agus solus cipín. Agus bhíot siad a' déanamh a
gcuid grinn agus spóirt ná go mbeat sé in-am codhlata
théigheadh chuile dhuine abhailí ina thighe fhéin. Agus chuile
uair a bhíodh tóramh
fear ag innsean a sgéil fhéin.
ná rud dhá shórt sin ar an mbaile bhíodh na daoinidh uile
cruinn. Téigheat siad a gcómhnaidhe a' companáil ó
acú fear a bhfeárr a d’innseóchfhadh sgéal agus ghlaoidhfidh
ar an fhear a bfeárr ina sgéaltóir toseadh agus
an oidhche a ghiortadh dhófa lé na sgéal, agus sin é an cuma
a gcuirfhat siad isteach an t-am insan áit seo insa t-sean
duine
aimsir an té is mó a bheadh sgéaltaí annsin aige badh é
in fear a bfeárr é. "Is imdhaí oidhche a chaith siad ag innseacht
sgéaltaí ó oidhche go maidin
Ach innis dhom" ar seisean" ba mhaith liom a ghuil ag
obair ar seisean, innis dhom céard a bhéas mé a dhéanamh
fhad agus bhéas tú ag ithe do dhinnéir. Bhí siad a' dheánamh
an chloch mhór a rachfhadh as cionn an mall boor, agus iad dhá
gearradh amach. "Well" arsa máighistir na saorthaí leis. "Bhí
irthí.
a dheanan cat agus dhá ríoball uirthe seo" ar seisean fhad
agus bhéas sinn ag ithe a ndinnéir". "lé bé mághaidh air. "A dhéanamh
oirt
cat agus dá róball uirthe seo fhad agus bhéas sinn ag ithe ar
ná
ndinnéir". D’imthigh siad agus gobán ar a chloic ar
a' feag, agus bhí an cat agus an dá rioball dheántaidh aige nuair
a tháinic siad ar ais. Agus nuair a hainnic siad an
éantaidh
cat agus an dá rioball donnsuigh, máighistir na saortaí. "Ó
tháinic ionghantas na n-ionghantas air. Agus shíl sé nach
rabh aon fhear beó ar an talamh seo a bhí ábhalta
sin a dhéanamh. Agus d’imthigh leis agus fuaidh go dtí an Rí
agus d’innis sé an cás go’n Rí. Agus dubhairt sé leis an
nach dtáinic lé fear ar bith a dhéanamh ar an
domhan seo murb' é go bán shaor a rinn é, agus go
gcaithfidh sé gurb' é gobán saor a bhí ag an obair
é theacht agus 'fheiceál. Tháinic an Rí leis agus chuir sé
cainnt ar ghobán agus 'sé gobán a bhí ánn agus chraith sé
lámh leis. Rinne siad is annsin an Rí dhófa
naoí n-oidhche agus naoí lá. "Well chaith go bán anns in
chúig bliadhna a' déanamh caisleán an Rí, agus bhí sé lé
bheith. Dubhairt go bán lé na mhac a nuair a bhí
siad ar an goune a guil go londúin cébí
áit sa domhan a rachfhat sé a bheith cinntí déanamh
mór leis na mrá, agus mur ndéanfhat sé mór leis na
mrá go mbeat sé aireach. Well rinne sé mór leis
na cailíní an Rí a bhí sa phálás. Rinn sé mór
leófa. Agus bhí sé ina bhuachaill bhreágh, agus go cinntí bhí
grádh ionghantach acú air agus bhí siad cinntí go
bpósfhat sé cionn acú. Agus ní rabh rud ar bith
annsin lé'n eirigh nach n-innseóchfhat sí sin go mhac
gobán. "Well bhí an caisleán lé bheith réidh i bhfoireacht
lá ná dhó agus d’fiafhruigh sí go’n mhac, an bhean seo a
bhí a' dúil lé go bpósfhat sé í, cé'n uair a bheadh
an caisleán réidh. "Tá sé i bhfoisgeacht lá ná do
ar seisean. "Well" ar sise leis cluinim-se insa
phálás nuair a bhéas an caisleán sin réidh nach
ndéanfha' sibh-se aon chaisleán eile aríst go brách
Thuige" ar seisean? "Tá" ar sise "caiththidhear isteach sa
towel íbh lé faitcíos go ndéanfhat sibh aon chaisleán
eile aríst choidhche a bheadh go breágh leis." "Ó buidheachas
mór ort-sa" arsa mac gobán. Tháinic sé abhaile agus an
áit a athair ar lóistín agus d’innis sé go'n athair
é. "Fear maith" ar seisean "fear maith. Is maith an job
ar seisean "go rabh tú mór leis na mrá." "Well lár na
atharnail
bhárach bhí gobán a guil suas ar an stafall agus tháinic
an Rí agus dhearc sé thart ar a chuid oibre. Ghlaodh sa
anuas ar gobán go'n stapall. "Well a ghobáin" ar seisean
"nach breágh an pálás é sin. Do bharramhail" ar seisean
"a bhfuil aon phálás sa domhan seo anois" ar seisean "chomh
bhreágh leis sin? "Well cinntí tá sé breágh" ar seisean, agus
ar seisean "d'fhág mise trí arthaighil in mo dhiaidh sa
bhaile, agus dhá mbeat siad sin agam" ar seisean "bhéarfainn.
dúbhshlán ar seisean an domhain aon chaisleán eile a
bheith sa domhan" ar seisean a bheadh mur é seo. Ach
in
mbeadh na trí artaighil sin ugam-sa ní bheadh aon
chaisleán sa domhan a bheadh chomh breágh leis. "Well anois
arsa’n Rí "caithfidh mé a ghuil ina gcoinne sin agus
a dtabhairt 'ugat "Ó inéadh nach leigfhidh tú mé fhéin
faoí na ndéin arsa gobán? "Ó ní leigfhead" ar seisean
leán ná an mac. "Well ní ghobhfhaidh aon nduine eile
achas iad" arsa go bán ar seisean "ach mise agus mo mhac, ná
thusa agus do mhac fhéin, ní gheobhfhaidh aon nduine eile
beó iad" ar seisean ar an talamh seo". "Ó well" ar seisean
"ní thigh liom thusa ná do mhac a leigeann ina gcoinne.
"Well caithfhidh tú thú fhéin a ghuil ina gcoinne mur sin".
ar seisean "ná do mhac an prionnsa na corónach. Ní
gheobhfhaidh aon nduine eile iad. "Well" ar seisean cuirfhidh
mé mo mhac faoí na déin ar seisean "prionnsa ná
corónach." "Well anois" arsa gobán ar seisean "tigh leis
a ghuil ionn bféarfha' mise comharthuíocht a tighe dhó
a bhfuil mo bhean agus mo mhuinntir ionn, agus a bhfuil ná
h-airtighil ionn. "Well tabhair dhom ná cómhartuíocht ar
seisean imtheóchaidh sé ar an easneas anocht go dtuga
sé agat iad." "Well" arsa gobán ar seisean sé is ainm
dhófa caim inaghaidh an chaim, agus cor in aghaidh an chor, agus beart
in aghaidh na beirte. Sgríobh sé síos ar pháipéar iad.
"Sgríobh thú fhéin síos iad" arsa’n Rí ar páipéar. "Well cé'n
baile anois a bhfuil tú in do chomhnaidhe ionn in Éirinn?
i Sligheach" ar seisean. bhéarfa' mé dhuit an comhartuíocht í
ar seisean. "An teach a bhfuil mise in mo chomhnaidhe ionn
ar seisean
ocha
ar seisean "tá coifean ar thaobh dhó agus sgraith
ar an taobh eile." "Well tháinic an Rí óg análl go hÉirinn
bhí a pháipéar leis agus fuaidh sé go dtí an baile ceart go
maith. Ach a nuair a fuaidh sé go dtí an teach hainnic
isean sé go rabh clúdach ar an taobh sin, agus go rabh clúdach ar an
taobh eile go’n teach, agus níor b’sin é é ar nódh. Bhí sgraith ar
grán
"agus tuighe ar an taobh eile. Agus chaith sé trí lá ar
thaobh dhó
fad a bhaile ag iarraidh teach a rabh clúdach ar thaobh dhó
agus sgraith ar an taobh eile. Agus an tríomhadh lá d'eirigh
an bhean óg seo amach nuair a hainnic sí an duine óg
an duine uasal óg, a' teacht thart ar teach le ná
chuid páipéir agus masannaí, agus d’fiafhruigh sí dhó céard a bhí
sé iarraidh. "Well a bhean dhóigheamhail" arsa’n prionnsa óg ar
seisean "tá mé ag iarraidh teach ghobáin" ar seisean, "agus tá
sáthrú orm fháil" ar seisean. "Dubhairt sé liom" ar seisean.
"go rabh tuighe ar thaobh dhó agus sgraith ar an taobh eile.
"Ó" adeir sí "nár dhubhairt sé an fhírinn leat. Céard atá ar
an taobh sin anois go’n teach" ar sise? "Ó tá cludach chochain
air" ar seisean. "Well teanain isteach anois" ar sise "agus
feicfhidh tú an sgraith taobh istigh. Féach suas annsin anois a
"Ó sin sgraith" ar seisean. "Anois nach sheo é teach gobáin í.
’sé go cinntí. "Well anois cé'n ghruithe atá annseo ugat
arsa’n bhean óg? "Muise cuireadh análl mé" ar seisean
inn a gcoinne trí ar thaighil atá sa teach seo. Ní thigh lé
go fobán an caisleán a chríochnú gan iad. "Ó" ar sise
Cé’nis ainm" ar sise "go na hairtaigil? Tharraing sé
amach an píosa páipéir. "A bhfuil tú abhalta léigheamh ar
seisean? "Ó tá" ar sise. "Well" ar sise "caim in-aghaidh an
chaim agus chor in aghaidh an chor agus beart in-aghaidh na
trí artaighil
beirte. "Ó" ar sise "tá siad annseo" ar sise. Tá siad
annseo" ar sise "na trí ar thaighil. Bhí cómhra mór miotail
aicí ag gobán a mbíodh a chuid mine thíos ánn, agus bhí
millteach
sé naoí dtróighthe ar domhain cómhra mór nach gcorróchú
dhá réag fear. "Tá siad thíos ar sise "na trí arthaighil
ina thóin seo, agus níl mise ábhalta a ghuil síos" ar sise "gabh
thú fhéin síos aníos iad. Fuaidh sé isteach insa
bhosga agus síos leis insa chómhra míotail. Agus nuair a
fuair sise thíos é chuireann sí an clár air. "Fana tusa
annsin a bhuachaill" ar sise. "Go dtigidh mo mhuinntir chugam-sa
sin é an áit a rabh an spóirt ag an phrionnsa óg
bhí sé ina phriosúnach. Agus d’iarr sé uirthí go
síorraidhe a leigean amach. "Ní fhágfha' tú sin go brách
ar sise "go lobaí do chrámha annsin ná go dtighidh
m'fhear agus 'athair ingam-sa. Nach maith a léigh sí agus
an mheabhair a bhain sí as na trí fhocla. "Ní fhágfha
tú sin" ar sise "go brách" ar sise "go dtighidh m'fhear.
'athair chugam-sa. Well" arsa’n prionnsa óg. Gabh
ar seisean "agus innis go na póilís é, agus go'n oifigheach.
fuaidh sí is d’innis sí go na póilís é, agus tháinic an t-oifigheach
agus na póilís agus fuaidh siad a' cainnt leis an fhear a bhí
sa bosga. Bhí poill air a bhfuil 'fhios agat aer holes.
Agus anois d'fiafhruigh an prionnsa óg a rabh clanc ar
bith a leigeann as seo. "Níl ar sise "go brách go dtighidh
m'fhear agus 'athair. Ní fhágfha' tú sin choidhche. Ghuibh an
prionnsa a bhí sa phríosún ghuibh sé an t-oifigheach a
ghuil go bhlí átha Cliath agus cunntas a chuir chuig n-athair
an bheirt sin a leigean abhaile chomh tigh géar in Éirinn
sa agus b'féidir leis, nach a é fhéin lé leigeann as a phríosún
go brách go dtigheat siad abhaile agus fuaidh sé sin chomh
thiúgh géar agus tháinic leis anonn go Shasanaí agus d’innis sé
n-sa an cás go'n Rí. Agus leig an Rí annsin gobán agus a mhac
análl ar a' bhád ba luaithe a bhí ag imtheacht.
Agus tháinic siad abhaile agus nuair a tháinic siad abhaile
fhosgluigheadh a' cómhra an mhíotail agus leigeadh amach an
stócach, agus fuaidh sé anonn abhaile agus bhí gobán agus fear
aice slán sábháilte agus d'fan léithche ina dhiaidh sin.