Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0532, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0532, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Madra na Druinne Léithe
Is fudó 'chualadh é seo mar scial
age Pádraig Ó Loingsigh.
Bhí rí i n-Éirinn fadó agus bhí
tirúr ingean aige. D’imthig an rí
agus a bhauríogan lá ar dínéar is
d’fhan a’ tríúr ingean 'sa bhaile.
Dúirt an ingean chríonna - "Ó tá ár
n-ár n-athair agus ár máthair imthighthe
suidhfimíd i gcathaoir na h-athchuingí
agus iarrfaimíd mac rí lé pósadh."
Shuidh an ingean chríonna agus ghlaodhaig
sí ar mhac rí agus tháinig sé chúichi agus
shuidh sé i n-aice léithe.
Shuidh a’ tarna h-ingean agus ghlaodhaig
sí ar mhac rí eile agus tháinig sé
agus shuidh sé i n- aice léithe.
Bhíodar ad iarrfaidh an ingean óg
a chuir ’n-a suidhe sa chathaoir agus
níor mhaith léi suidhe sa chathaoir
Dúirt sí go marbhóch a h-athair agus a
máthair í nuair a thacfaidíst abhaile.
Ní bheidís sásta chun do mbeadh
sí sin chómh h-olc leo féinig.
Shuidh sí ar a’ gcathaoir, agus lé
h-olc ar a' gcuid eile, loirg sí
Madra na Druinne Léithe.
Tháinig a’ madra agus shuidh sé ar
a h-aghaidh amach 'ge 'n-a dhá cois.
Tháinig a’ t-athair agus a’ mháthair
agus bíodar sásta go maith nuair
'chonnacadar na fearaibh agus bhí ana-
rud orrtha
nuair a chonnacadar an madra
d’fhanadar tamall 'sa tig agus annsan
nuair a bhíodar ag imtheacht
abhaile :- "Táim a chuir dhe cheist
de breith agus de mhuar-ualach orraibh,"
a dúirt an athair, "teacht chúgham i
gceann lá agus bliadna chun go mbeidh
fhios agam connus atá sibh a'
dianamh amach" Bhailíodar leo, agus d’imthig
an gadhar - an madra - roimis a’ gcailín amach agus d'imthigh clann
a’ rí go dtí ’n-a áitreabh féinig.
bhí an cailín - an ingean óg - bhí
sí tabhartha ’bheith ad iarra ciméad
suas leis a’ madra.
nuair a thánadar i gcómhair na
h-oidhche go dtí cúirt ana- bhreágh agus
chuadar isteach :-
"Shíde do chúirt-sé," a dúirt a’ madra,
mar bhí cainnt ages nach aonní
'san am san, "agus draoidheacht atá
orm-sa," a dúirt sé leis a gcailín.
"Mac rí iseadh mise chómh maith
leis a’ gcuid eile. Ciaca is feárr
leat me bheith im’ madra 'sa lá agus
im' fhear istoidhche, ná ’m’fhear 'sá
lá agus im’ badra istoidhche?"
"Is fear liom," a dúirt a’ cailín,
tu bheith it fhear ins an oidhche,
mar is mó duine a chídhfidh mé
i rith a’ laé agus 'dhianfaidh cuilleachta
dhom."
Bhíodar mar sin go ceann bliadna agus
bhíodar chun teacht i gceann na bliadna
a’ triall ar a h-athair.
"Na biarfá rud éiginteach a’ triall
ar t’ athair" a dúirt an madra.
"N'fhicim-se aonní annso," a dúirt sí.
"ach rud ata age féinig."
Thug sé chúichi scuthán (?scáthán) nuair
'fhiachfá isteach un go ndianfadh sé
óg an t-é bheadh críonna.
Nuair ’thánadar go h-áirithe, níor
tháinig a’ bheirt eile chómh maith agus
níor thugadar aonni leotha.
Seadh! D’fhanadar tímpal go ceann
seachtmhaine agus bhailíodar leo arís
agus chuir sé an cheist chiadna chúcha
teacht i gceanna bliadna eile.
Sarar thánadar rugach leanbh mic
do’n mhnaoi óig - do'n ingean óg - agus
dúirt an madra léithe :- "Má chídheann
tú aonni a ’ teacht go dtí an
leanbh ná h-abair aonní."
Tháinig cúín ghearra-ghlas agus
'sciub sí léi an leanbh 'n-a bial.
An tara blian rugach mac eile
dhóibh, agus an t-slíghe chiadna tháinig
cúín ghearra-ghlas agus sciub sí an
leanbh léithe. In tríomhadh blian
bhí gearrachaille ingín' aca, agus tháinig
cúín ghearra-ghlas agus sciub sí léithe
an leanbh.
Tháinig sruth deora anuas ó ’n-a
súile nuaith 'chonnaic sí an tríomhadh
leanbh imthighthe, agus bhí miaracán ar
a láimh aici agus ghoibh sí na deoracha
sa mhiaracán agus chuir sí ’n-a póca
iad.
Chuadar annsan i triall ar a
h-athair, an tríomhadh blian, agus
d’iarr an stoc eile - na driféaracha -
uirrthi dul amach a ’ máirseáil i
n-aénach leotha. Cuaidh sí i n-aénach'
leotha agus bhíodar ag imtheacht tímpal
cois na fairrge agus dúradar léithe.
Báithfimíd thu mara ’neosfaidh tú
dhúinn a’ bhfuil sé, an madra
in' fhear aon uair. Ní ’neosfadh sí
dhóibh é agus bíodar 'dul ana-dhian
errthi agus d’ínns sí dhóibh go raibh
sé in' fhear san oidhche.
Nuair a tháinig sí isteach d’fhiach
a’ madra eirrthi.
"Caithfimíd a bheith ar siubhal," a dúirt sé
Nuair imíodar amach: "ba mhairg
duit," a dúirt a’ madra, "d’ínns dóibh
go rabhas-sa im’ fhear. Caithfead- sa
bheith ar siubhal anois ar nós
an éin."
"Bhead-sa it’ dhiaidh," a dúirt sí sin.
Bhíodh sé ag imtheacht ó chrann
go crann agus ó áit go h-áit agus í
'á leanúint. Thánadar fé dhéin
tíghe san oidhche.
"Teidhir annsan isteach," a dúirt a’
madra - bí sé in' ian an uair
sin - "teidhir annsan isteach agus iarr
a bheith istig, agus mara bhfaighir
a bheith istigh ar do shon féinig,
iarr a bheith istigh ar shon Mhadra
na Druinne Léithe, fiafhróid siad dhíot
ca bhfuil a’ madra. Abair ná feacaís
riamh é ach dur chualadhaís gur
madra maith é."
Chuaidh sí isteach agus d’ iarr sí bheith
istigh. Dúradar léithe ná fágaidíst
aonne istig. "A bhfaighinn a bheith
istig ar shon Mhadra na Druinne
Léithe?" a dúirt a’ cailín.
"Ca bhfuil a’ madra?" dúirt a bhean
a’ tíghe.
"N'fheadar-sa ca bhfuil a’ madra,"
a dúirt sí "ach chualadh gur madra
maith é."
Fuair sí bheith istig agus bhí garsún
cupla bliain nú trí 'sa tig agus bhí
sé 'dul ceanngailte suas di.
Nuair ’bhí sí ag imtheacht ar
maidin, thug bean i tíghe úrna
snáith dhi agus ’á mbeithfá a’ buinnt
as an úrna agus 'á chasadh ar cheair-
tlín ’rith a’ laé bheadh a’ t- úrna
chómh muar tráthnóna agus bhí sé
ar maidin. Bhailbh sí léi agus bhí an
madra amuich a’ f'reach léi.
D'imthigh sé arís ar nós an éin
agus bhíodar ag imtheacht ó áit go
h-áit chun dur bhuail a ’ tráthnóna
leo arís a chuaidh sí isteach go
tig eile.
"Fiafraig do bhean a’ tíghe," a dúirt
a’ madra, "a’ bhfaighfá bheith istigh
ar do shon féin mara bhfaighir a
beith istigh ar do shon féin iarr a
bheith istig ar son Madra na Druinne
Léithe. Fiafróid siadh díot ca bhfuil
a’ madra. Abair leotha ná feadar-
uíghis ca bhfuil sé ach dur chualadhaís
gur madra maith é."
Nuair a bhí sí ag imtheacht ar
maidin thug sí cír di, agus an ceann
ba ghioballaíghe
’bheadh ar aon chailín, 'á gciorrfá leis
a’ gcír í, bheadh ceann breágh gruaige
ar a’ gcailín annsan. Bhuail sí chúichi
an chír agus bhí an madra amuich a’
f'reach léi. Bhailíodar leo is bhíodar
a’ cur díobh chun go rug an oidhche
aríst orrtha.
"Téidhir annsan isteach mar thig."
a dúirt a’ madra "agus iarr a bheith
istigh ar do shon féin. Mara bhfaighir
a bheith istig ar do shon féin, iarr
a bheith istig ar son Mhadra na
Druinne Léithe."
Chuaidh sí isteach agus d’ iarr sí beith
istigh ar a son féin, agus nú ná
faigheadh sí bheith ar a son féin istig, d'iarr sí
bheith istigh ar shon Mhadra na Druinne
Léithe.
"Ca bhfuil a’ madra?" a dúirt bean
a’ tíghe.
"N'fheadar-sa ca bhfuil a’ madra
ach go gcloisinn gur mada maith
é ."
Bhí gearrachaille annsan mar thig
agus bhi súil ana-chrapaidhthe aici
in áirde ar chrann a gcómhair na
h-oidhche agus ar maidin - bhí ceárdcha
i n-aice leis an áit. nuair eirig
a’ ghrian ar maidin, bhí an ghrian
a saighneáil ana-bhreágh síos ins
a’ tobar.
"Teidhir amach" a dúirt an gabha lé
’n-a ingean "agus tabhair isteach cana
in uisce chúgham."
Chuaidh an ingean go dtí an tobar
agus a cana ’ci. Nuair a chonnaic
sí scáth na mná thíos i's a’ tobar -
an bhean bhreágh ar fad a cheap sí
go b’é a scáth féinig a chonnaic
sí.
"Is muar a’ truagh mo leithéid
de chailín áluinn," a dúirt ingean a’
ghabha "bheith a’ tindeáil ar an ngaibhín
gránna meirgeach!"
Bhuail sí buille dh’á cana i gcoinne
an chrainn a bhris sí an cana
agus away léi
"Teidhir amach," a dúirt a’ gabha lé
n-a bhean, níor tháinigh sí siúd
leis an uisge fós agus tabhair chúgham
a’ t-uisce."
Chuaidh a bhean amach agus chonnaic
sí scáth na mná sa tobar. Cheap
sí go b’é a scáth féinig é, agus 'sa
t-slíghe chiadna a dúirt sí :-
"Is muar a’ truagh mo leithéid
de bhean bhreágh bheith a’ tindeáil
ar a’ ghaibhín gránna meirgheach!"
Bhuail sí a cana i gcoinne an
chraínn agus bhailbh sí léi.
"N'fheadar 'on domhan," a dúirt a’ gabha,
"Cad d’ imthig orrtha súd."
Loirg sé fhéinig chuige cana agus
chuaidh sé amach. Nuair 'fhiach sé
'sa tobar, bhí'os aige dur bhean a
bhí 'sa tobar, agus d’fhiach sé in áirde
'sa chrann.
"Ta san dianta agat orm" a dúirt
sé leis a’ gcailín a bhí sa chrann.
"Tá mo bhean agus m'ingean imthighthe
im' choinne 'gat agus tair anuas
anois agus din áis eigiteach 'om ó
táid siad súd imthithe."
"Raghaidh mé i n-aimsir chúghat," a
dúirt a' cailín "go ceann bliadna
má dhineann tú gatha dos nach
aon mhéir de chos agus dhe lámha liom,
agus sin é mo phágh go ceann bliadna."
"Dianfaidh mé," a dúirt a’ gabha.
Dhin a’ gabha na gathaí nuair a
bheadh aimsir aige, agus nuair a bhí
an bhliadhain suas thug sé do'n
chailín iad.
Cheangail sí iad ar a chosa agus
ar a lámha agus chuir sí chun dul
de dhuím a’ chnuic. Bhí sí a’ cur
di chun dur chuaidh sí in áirde
go barra an chnuic. Chonnaic sí
áit ana-bhreágh 'sa taobh eile ’on
chnoc. Tháinigh sí anuas, mar
b’ fhuiriste dhi dul lé fánaidh seochus
bheith a’ dul i gcoinne ’n aoird, agus
bhí tig beag i n-aice leis a’
gcnoc do raibh muiltheoir un.
Nuair a chuaidh sí isteach d’fhiafraigh
sí dho bhean a’ mhuiltheóra :- "a’ bhfaighinn
bheith istigh.
"Gheobhfair", a dúirt sí sin.
D’fhan sí istigh agus ar maidin amái-
reach tháinig cailín isteach go tig
a’ mhuiltheóra. Bhí ceann chómh gliobach,
chómh gránna errthí is gur dhóigh leat
nár chíor sí riamh é.
"Nach muar a’ truagh do leithéid
de chailín" a dúirt an stróinséar, "ná
cíorfadh do cheann."
"Ní thabharfadh mó máthair," a dúirt
a’ cailín, "aon chír dom, mar tá
fear aici lé pósadh lé h-eagla
go dtuitfeadh a’ fear i ngrádh liom."
Chíor sí a ceann leis a’ gcír
agus bhí ceann breágh gruaige errthi
a’ dul abhaile.
"Cá bhfuairis a’ ghruaig bhreágh
ó shoin?" a dúirt a máthair.
"Ó, tá cailín a dtig a’ mhuiltheo-
ra," a dúirt sí, "agus tá cír aici agus
'chíor sí mó cheann agus fiach an ceann
breágh gruaige ’tá anois orm!"
"Fiafraig di," a dúirt an bhean, "a’
bhfaighfá an chír - a ndíolfadh sí
an chír léd mháthair."
Tháinig a’ cailín ar maidin.
"Chuir mo mháthair a’ triall ort
me," a dúirt sí, "fiach' a ndíolfá an
chír."
"Díolfaidh mé an chír ar oidhche
ar a’ bhfear atá sa tig aici - lé
cois an fhir atá sa tig aici," a
dúirt an cailín stróinséardha
Bhuinn sí gioball de’n t-seana
iadach a bhí errthi agus bhí cullaith
bhreágh iadaigh a’ dul abhaile errthi.
"Cá bhfuairis a’ t-iadach breágh
ó shoin" a dúirt a mathair.
"Ó, tá sisiúr -
"Cá bhfuairis a’ t-iadach breágh?
a dúirt a máthair "Fuaireas ó'n
gcailín stróinséardha atá i tig a'
mhuilheóra," a dúirt sí "ar oidhche a
beith i n-aénacht leis a’ bhfear atá
agat go maidean."
"Is beag a’ chabhair di sin", a dúirt
an bhean.
Tháinig sí ar maidin id iarraidh
an t-sisiúra agus chonnaich sí an
cailín agus a’ t-úrna snáith aici
agus í a chasadh le trí lá roimhe
sin, agus bhí an t- úrna chómh muar
an lá deireannach agus bhí sé a
chiad lá. Chuaidh sí abhaile agus dúirt sí
lé ’n-a máthair é.
"Fiafraig di," a dúirt an mháthair "i
ndíolfadh sí an t-úrna snáith."
"Díolfaidh mé" a dúirt sí "má thugann
sí oidhche eile dhom i dteannta an
fhear atá sa tigh aici."
"Tabharfaidh mé," a dúirt sí sin "agus
is beag a’ chabhair di sin."
Seana-chailleach a b’eadh í 'bhí
lán de dhraoidheacht, agus is í 'chuir an
cnoc gloinne 'deir ('dir) an bhean agus
an madra mar do cheap sí ná fia-
dtach an cailín teacht go brách 'san
áit.
Tháinig a’ cailín san oidhche go
dtí an tig chun bheith i n-aénacht
leis a’ bhfear an oidhche sin.
Chuir sí amach 'sa stábla leabaidh
chuige agus nuair a bhí sé a dul
amach thug sí dose do a chuir ’n-a
chodla é agus bhí an cailín ’roth (’rith)
na h-oidhche agus í ag ínnsint do
ca’ 'n-a thaobh ná tagann tú abhaile
i n-aénacht liom, agus nach aonní
imthig errthí mar gheall air, ó’n
chiad lá ’fhág sí a h-athair.
Níor chualaidh sé ruainne mar
bhí sé ’n-a throm-chodla.
An tarna h-oidhche thug sí dose
eile dho agus bhí an cleas ciadna
air - thuit sé ’n-a chodla.
Bhí buachaill a’ stábla, bhí sé
ag éisteach' an dá oidhche leis a’
gcailín a’ cainnt leis a’ bhfear. Ní
raibh fios age’n bhfear go raibh a'
cailín i n-ao’ chor un.
Dúirt sé leis an bhfear ar maidin.
Tá cailín 'sa stábla nach aon
oidhche le dhá oidhche, a dúirt sé agus ní
foláir nú 'sí do bhean í, mar tá
sí 'a rádh leath t'acht abhaile, agus tá
sí ag ínnsint dhuit cad d’fhuilig
sí ó'n chiad lá fhág sí a h-athair
mar gheall ort, agus ná raghfá abhaile
léi.
"Ta suin dianta" a dúirt an fear.
An tríomhadh oidhche 'leog sé air
gur ól sé an deoch agus 'scaoil sé
'dir a léine agus a chroiceann síos é.
Níor thóg sí aon notice de agus
nuair a chuaidh sé 'sa stábla, nídh
nách ún'a níor thuit aon chodla air
agus thugadar an oidhche a’ cainnt go
maidin mar gheall ar nach aonni,
agus connus 'fhuilig in bhean agus in
ingean ó’n ngabha mar gheall errthi
agus nach aonní fé mar a bhí sé.
Bhí an buachaill annsan a n-aénach'
leotha, agus bhí'os age'n mbuachaill ('nach
aonni annsan chómh maith léi féinig.
"Níl aon t-slíghe," a dúirt a’ buachaill,
"(ach) ’á bhfiadfá teacht tímpal ar
an ingín, agus a rádh leis an ingean
dur breághtha de bhean i bhfad í ná
a máthair agus go bpósfá í ’á bhfiat-
aidís an mháthair a chuir chun báis."
Dúirt sé leis an ingín amáireach:
"Is breághtha de bhean thusa i bhfad
ná do mháthair agus 'á bhfiadtaimís
do mháthair a cúir chun báis, 'phós
fainn-se thusa "
"Ó, is f'riste é sin a dhianamh,"
a dúirt an ingean. "Tá trí sheomra
draoidheachta 'ci, agus tá cómhra istigh
i's 'ach aon t-seomra, agus fiadtair-se,
nuair a raghaidh sí a chodla, fiad-
tair-se í chimeád 'sa leabaidh agus
cuirfead-sa an draoidheacht ar
siubhal agus imeoidh sé i gcómhnuidhe
a’ mbuachaill - tá sé maith do dhóithin
dhuit - lé buachaill a’ stábla."
Bhí an cnoc gloinne imthighthe. Thug
sé sintiúis maith annsan do'n mhui-
ltheoir, agus nuair a thánadar thar
n-ais b’iad a thirúr cloinne 'bhí
age’n dtriúr ban dur fhan sí aca
na trí oidhche roime sin, agus bhí'os
aca san go raibh an cúrsa ar fad
fé ’n-a cómhair agus d’árduíodar leo
na leanbhaí chun aire 'thabhairt dóibh.
Nuair a tháinig sí 'sa chiad tig,
bhí an garsún a’ dul ceangailte
suas di. "Sin é do mhac." a dúirt bean
a’ tíghe, agus thug sí síntiús maith
airgid di.
Nuair a chuaidh sí go dtí an
tarna tig, thug sí an tarna garsún
léithe, agus síntiús maith airgid a
thugadar di, agus nuair a tháinig sí
go dtí an tríomadh tig bhí an
gearrachaille - níor thaithn sí i n-ao'
chor léithe mar ghoil sí ’n-a diaidh.
"Tá na dheoracha id’ phóca fós," a dúirt
an bhean, "agus cimil do mhiar istig
'sa mhiaracán agus cimil do ’n-a súile
é agus beidh sí alright."
Chimíl sí de shúile an leinbh na
deoracha agus bí an leanbh alright.
Nuair a chuadar abhaile bhí an
pálás agus nach aonní aca, agus bí an
draoidheacht imthighthe dhe sin, agus shin é
mo scial-sa is má tá briag an
bíodh.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.