Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0017, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0017, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Scéal Chú an Laighnigh.
Fadó ríamh do bhí baintreach bocht na gcómhnuidhe i nUibh
Ráthach go raibh paiste beag tálmhan aici agus ceathrar nó cúigear
muirear uirthe. D'fheadar-sa cad é an ainm a bhí uirthe
féinigh ach do mhuinntir Gharmáin ab cad a fear mar sé an
ainm a bhí ar a mhac críona ná Tomáisín Ó Gormán. Seadh,
nuair a bhí Tomáisín 'na stócach b'eigean dó dul ag
tuilleamh go dtí 'sna daoine eile chun a mháthair agus a
beaga
dhriféaracha eile do choimeád suas. Seadh, tá sean-rád
ann, "an té a bhíonn in aimsir go mbíonn daréug ag
cainnt leis" agus sin é mar a bhí ag Tomáisín leis mar
bhíodh a órdú féin ag gach duine de'n líon air, sa tigh
go mbíodh sé ag aimsir agus b'éigean do gach rud do
léiriughadh ar a chroidhe agus sa tslighe sin d'fhás sé
suas ina bhuachaill bhreágh gan eagla ná faitchíos ar
roimh aoinne. Seadh i gceann bliadhanta agus é in aimsir
i gcómhnuidhe do chualaidh sé go raibh an tighearna mór
in mead as Rígh in Éirinn ag lorg buachaill aimsure agus go
raibh mórán buachaillí aimsire siubhla ar lé fada roimhe sin
acht pé mháchaíl do bhí ar an dtíghearna ná bíodh trí
seachtmhaine déug i ráithe éinne aca, i dtreó is nuair
do chuaidh ag tásc san amach ar an dtíghearna nár
bh'fhéidir do bhuachaill a fhághail ar ór ná ar airgead.
Seadh, dubhairt Tomáisín go dtabharfadh sé féin fé agus
ba gheárr go dtug sé órdú míosa,do'n máighistir do bhí
ar lé fada roimhe sin, go mbeadh sé féin 'á fhágaint
agus a bheith ag soláthar a mhalairt. Seadh, is mar
sin a bhí. Do bhí a mháighistir ag iarraidh Tomáisín do
choimeád 'na sheirbhís féin ach níorbh aon mhaith dhó bheith
leis. Do bhí a aigne deúnta suas aige Tomáisín chun
trial do bhaint as an dtighearna agus ní raibh aon dul
ag aoinne ar aon chasadh bhaint as. Seadh, do bhí san go
maith is ní raibh go holc agus maidin áirighthe do bhailibh
mo Thomáisín chuige a dhorn seana-bhailcaisí is d'iarr
teistiméireacht ar a mháighistir is do thug se sin dó é
go fonnmhar agus thug se cead do Thomáisín casadh
airís air féin aon lá ná taithneochadh an tionad go
mbeadh sé ann leis agus go mbé féin an fear do thógfadh
isteach airís é. Do bheir Tomáisín buidheachas leis agus
bhailibh leis fé dhén tighe an tighearna agus níor dhein
sé stad ná staonadh nú gur bhuail sé ag an ndoras
annsan. Seadh, do tháinig cailín aimsire chuige agus d'fhiafruig
sí dhe cér bhé fén nó cad abhí uaidh. D'innis sé a
chúrsa dhí, gur buachaill óg é a bhí ag lorg ionad aimsire.
Dubhairt sí leis go raibh an tíghearna agus a chlann mhac
amuigh ag fiadhach agus ná beidís aige baile go tuitim na
hoidhche agus ná raibh istigh ach í féin agus a mháighistreás .i.
inghean an tighearna ach go bhféadfadh sé fanacht leó go
dtiocfhaidís abhaile má ba mhían leis sin do dhéanamh. Dubhairt
sé go bhfanfadh sé agus do stiúiríodar isteach i seómra é
a bhí tamall ó'n dtigh agus do thugadar a ndóithin bídh
lé nithe dhó. Seadh, tráthnóna déanach do tháinig an tíghearna
agus a chlann abhaile agus nuair do thángadar isteach d'innis an inghean dhóibh
mar gheall ar an mbuachaill do tháinig chúcha ar lorg ionad
aimsire agus do stiúraig sí a hathair as an seómra go
gcuireadar ann é. Do chuir an tíghearna a mhac amach ag
glaodhach air. Do tháinig seisean isteach agus do theasbáin sé
do'n dtíghearna an teistiméireacht do fuair sé ó'n mháighistir
go raibh sé ag obairúghadh leis an áirighthe sin bliadhan do.
Do léig an tíghearna é agus má dhein. Do tháinig lúib
istigh an domhain agus dTomáisín aige agus do réidhtig sé
margadh bliadhna láithreach baill leis. Seadh, do bhí san
go maith agus ní raibh go h-olc agus d'ullmhuigheadh
síos bíadh dhóibh agus d'itheadar é agus nuair do bhí san
ithte aca do chaitheadar tamall ag cainnt agus ag cur
an tsaoghail trí na chéile agus sara raibh sé in am
codlata d'innis tíghearna do Thomáisín cad do bhí lé
déunamh amáireach aige. Dubhairt sé leis na ba do
chomáint roimis amach nuair do bhéidís teindeála crúidhte
ag an gcailín aimsire agus go bhfuigeadh na ba féin amach
an gort ach go raibh talamh fachaig na dteóra agus na ba
do fhéireacht 'na gcuid féin agus ar a chluais dheis gan aon
lámh a bheith i dtalamh an fháchaig aige nó má raghadh aon
cheann do's na ba ar an bhfachach go gcuinneóchadh sé
iad. Seadh, is mar sin do bhí. Do chuaidh Tomáisín 'na
chodhladh agus d'eirigh sé ar maidin ar na bhárach agus d'ith sé biadh
agus nuair do bhí na ba cruidhte do sheól sé roimis amach
iad agus má dhein do fuair se claidheamh ó'n Tighearna ag
fágaint an tighe dhó agus dubhairt sé leis féin nárbh aon
ualach do aige é lé heagla go mbeadh éinne ag cur
isteach air toisg é bheith 'na stróinséir. Seadh, do ghread
sé leis is do fuair na ba féin amach an gort, ach nuair
do shrois Tomáisín iad do chonnaic se ná raibh priocadh na
fiacaile aca ann agus d'feuch sé thar teórainn go talamh an
fháthaig agus is amhlaidh do bhí coill breágh féir annsan agus
gan aon ainmhidhe dhá nithe. An ríabhach faic níor dhein
Tomáisín ach beárna d'osgailt sa chlaidhe agus na ba do
sgaoileadh isteach ag ithe go talamh an fháthaig. "Bíodh san
agaibh" ar seisean, "'se an truagh do de ó ocras do
bheith oraibh-se a ainmhidhthe bochta agus féar do bheith
ag imtheacht leis an ngaoith mhóir annso," ach ba gheárr go
raibh malairt puirt aige ámhthach mar níorbh fhada go
gcualaidh sé an fothram chuige tríd an gcoill, fáthach mór
na dtí gceann, na dtrí mbeann, na dtrí muinnéal agus
do dhein sé fé dhéin Tomáisín agus ba seo leis ag
comáint ba an dtighearna ach má bhí do chrom Tomáisín
ar iad do stop air agus do bhuail an fáthach lé clabtha
baise é lé cúl a láimhe is do chuir sé Tomáisín ag steag-
aráil. D'eirigh an fuil uasal in uachtar in ucht aige
Tomáisín agus dubhairt sé leis an bhfáthach má's bruighean do bhí
uaidh gur anois an tam aige. D'fheuch seisean air agus do
dhein sé gáire. "Is mór liom mar ghrem thú," ar seisean,
"agus is beag liom mar dhá ghreim thú. Do chuirfinn mar
iall im' bhróig thú mara mbeadh an bhróg eile
i bhformad léithe agus do dhéanfainn lúbán de chnámh do
dhroma is do chasfainn tharam aníar thú mar do chasfainn
súgán sneachtuig." "B'féidir gurbh fhusa é rádh ná é
dhéanamh mhuise," arsa Tomáisín ag tubhairt fé'n bhfáthach
lé buile dá chlaidheamh i gcaoil a dhroma. Ní raibh aon
coinne ag an bhfáthach leis an mbuile agus dá bhrígh sin
do ghoin sé go slachtmhar é. Do bhí fhios ag Tomáisín
annsan go raibh an fáthach ró mhaith dó ar an gclaidheamh
agus dá bhrígh sin dubhairt sé leis an bhfáthach gur bh'fheárr
leis féin iomrascáil chruaidh chealganta ná a bheadh ag
brúigheann lé claoidhte mar gur bé do thaithigh sé i dtúis óige
shiar ameasc gleanntaghlasa Uíbh Ráthuig i bh'fhochair chlann
na bh'fheirmeóirí agus na leanbhí uaisle. Seadh do bhí an fathach
sásda leis act do bhí Tomáisín ró bheag agus ní fhuigheadh an
fathach fé na bhuile chuige é agus am briathar féin go mbainfheadh
Tomáisín foth mheatóigín beag deas as an bfathach agus go
dtugach sé foth round bheag deas do leis nuair do bhíodh
an caoí aige chuige i dtreó is na feacíos iomareascáil dheas
ghreaneamhar riamh act mar bhí aigí an mbeirt. Act lé
deireanaídhe an tráthnóna do thairigh Tomáisín chuige a
claoídheamh is dhíslig sé fé an bfhathach isteach; dísluig sé sínn
anuas chuige chuimh go gchíodhfheadh sé cad do bhí se cun a dhéanamh;
act ní túisce dhein, ná bhuail Tomáisín léi Rach-sach sa dá
shúil é agus dhein puití dá radharch istig
na cheann. Do bhain an tiarracht san a mhebahair don bhfhathach
i dtreó is gur thuit sé ar an dtalamh act ní túisge fuair
Tomáisín leaghtaighthe é ná do bhuail sé lé buaile dá chlaoídheamh
é i dteóra an mhuinníol is a chínn agus mar an ngeárr sé
don gcéad iarracht é, do gheárr agus d'ath-gheárr sé don dara
iarracht é agus do bhí na cínn bainnthe anuas aige don bhfhathach
bheidhfá
an fhaid is do ag rádh cuith as san. Do bhain sé gad d'on
gcrann ba ghiorra do annsan agus do chuir sé casadh ar deiseál
ann agus casadh ar dtuathál agus do chuir sé i dtrí chluais
leis an bhfatac isteach é agus i dtrí chluais eile
amac é, riamh is choídhche no go raibh na trí cheanníocha
istig aige ann agus do buail sé chuige ar a ghualeannaibh
iad, agus bhí sé díreach chuimh na mba do chomáint
abhaile, nuair a labhair an guth in-áirde i gceann
aige an dTigearna dhaon fhear a mharbheóchadh an fathach
ach ní raibh sé dho mhisneach ag éinne tabhairt fé.
"Seadh anois" ars an Tighearna, leis, "is feárr liom liom
ná mo saidhbhreas saoghaltha ar fad an méid atá déanta
indhiu agat, an fathach mór a bheith marbh agat agus
geóbhair m'ingíon le pósadh anois uaim agus a chorthom
óir na theannta; Seadh bhí an sróinséir ana shásta len'
mhargadh. Chaith mac críona an Tighearna deoch amhras air
nárbh bhé Tomáisín in-aon-chor é, ach ná raibh aon ghnó
aige aon-nídh radh. Seadh ollamhuígheach a dhóthain bídh agus
dígh dho, agus dith sé a dhóthain agus m'amhras go raibh
gádh aige leis tar-éis an laé. Nuair a bhí sé 'nam
codhladhta, chuaidh an Tighearna agus iad uile a codhladh le
hórdúgadh an Tighearna ach a ndúbhairt sé. "go raibh sé nam
aige gac fear agus bean a cheann a chur mar a
ngheóbhfhadh sé ar maidin é. Seadh bhí san go maith agus
deirig an Tighearna agus an líon tíghe go leir ar
maidin; ach seo liútar létar ag an gcailín aimsire
go raibh a máistreás imighthe tar-éis na hoidhche agus
gan aon tuairisch cár ghaibh sí. Seadh deirig an Tighearna
agus a chlaínn mhac go léir agus do istig is amuigh í ach ná seadh
sin a raibh má bhárr aca agus ná raibh aon phioc do Thomáisín lé
fághail ac oireadh leí seadh dollamhuig an cailín aimsire biadh dhóibh
ac má dhein ní fheadfheadh éinne aca féachaint air ní tinneas
bídh na beatha bhí ortha ní nách ionghantach do bhí a mhalairt do thrí
chéile agus do shuatha beart ortha. Seadh do bhíodar ag cur is ag cúitheamh
go ceann tamaill; annsan do labhair mac críonna an Tighearna
mhuise ars' seisean do bhaill an bháigh amac cómh siúrálta is atáim
annso ars seisean ní hé Tomáisín ar aon chor do thug leis
na plaoísc annso aréir ac sé fear do bhí farainn aréir ná
crochaire an chraínn agus is amhlaidh do mhairbh Tomáisín an fathach
agus nuair do chonnaic an Crothaire marbh aige é is amhlaidh do
tháinig se thíos féi Thomáisín lé bladar ansan d'fheadfhadh
Thomáisín dul ag fuascailt air agus an Crochaire do thógaint anuas
annsan do cuireadh Tomáisín féin anáirde i nionad, mar
do bhí an crochaire agus an crann cómh lán san do dhraoídheacht agus einne
teangeamhóchaidh leis an gcrann go mbeadh sé féin anáirde ann agus an
gad ó thaobh taobh tríd i nionad an chrochaire. Itimís biadh
ars seiseann agus téidhmís do dtí an gcrann úd atá i dtalamh an
fhathaig agus cuirfadh mé - geall gur bé Tomáisín atá anáirde
ann seadh daontuígheadar go léir leis agus ditheadar biadh agus
nuair do bhí san ithte aca bheir gac éinne aca air a claoídheamh
is do bhuail cuige é agus do bhuail cuige é agus do bhuail gac fear aca sciath ar a
ciateóig chuige ar eagla troda agus do bhogadar leó annsan agus do
cuadar isteach go talmhain an fhathaigh; go raghaidís féi dhéin an
chraínn. Níor chás dóibh dul an uair úd ann mar bhí an
fathach marbh ach do bfhada roime sin go raibh aon chead saor
aca dul ann. Seadh nuair do shrioseadar an crann dfheaceadar
anáirde agus cad do cídhfaidís ann act mo Thomáisín bocht
agus é ceanghailte anáirde ann agus an gad ó thaobh taobh tríd
atoir
Seadh annsan a fhir bhoicht ars iad san leis, agus cad do
fuastaleochaidh anois tú. "Níl aon nídh chuin mise a fhuascailt" ars
seisean "fé bhun an crann so do leagadh agus is deacair san do
dhéanamh. "Ó ní deacair" ars clann an Tighearna" is fiú tusa
cuid is mó ná an méid sín dó dhéanamh ar do shon agus
fuascaleóchfaimid tusa anois leis; no imtheóig an bonn uain. Seadh ní
raibh aon cuagh ansan aca agus béigean do dhuine aca dul
abhaile tharnais agus na tuaghte thabhairt leis. Seadh do
thosnúigheadar ar a bheith ag leagadh an cheaínn ach do bhí sé
ana mhall mar béigean dóibh polladh ar trí troighthe ó'n
dtalamh le eagla gur b'amhlaidh do ragaidís féin anáirde
i n-ionad Thomáisín. Do thóg sé an lá ar fad uatha an
crann do leagadh ach do thuit sé leó tráthnona shiar agus do
b'ogadar Tomáisín ansan agus do thugadar leó abhaile
é agus ganncar maith aca leis. Nuair a bhí san ithte
aca sin é an uair d'eachtaruig Tomáisín dóibh
gur be féin do mhairbh an fathach agus ansan d'innis sé dhóibh
cunnas mar d'eirig dóibh ó thúis deire. Sin é an uair
do bhí fhios dáríribh aca gur bé crochaire an chraínn
a fhuadaig a dhreibhthiúr leis. Seadh cad do dhéanfaidhíd
anois amáireach? ars Tomáisín; Cad do dhéanfaimíd?
ach ár suaimhneas do cheapadh ars clann an Tighearna
náthair ní amhlaidh do mheasfá dhuínn a bheith dhá
fhiadhachsiúd anois ó pholl go poll. Cad eile arsa
Tomáisín agus raghad-sa féin ar i thóir amáireach; leanaig mé
nú ná banaidh. Seadh ar maidin lár na mháireach d'eirígheadar
agus ditheadar bhiadh i dteannta a chéile ach amháin an Tiagharna
agus ní raibh fonn bídh ná beatha arsan do buail sé i bhas
fé na leath cheann agus do thosnuig sé ar i bheith ag cnámhsán
Mhuise is meata an clann sibhse ach go h-áirighthe ars
siseann an t-aon dreibhthiúr amháin do bhí sa t-saoghal
agaibh do bheidh imighthe uaibh aige bligeárd do chrochaire gan
chlú gan cáil, agus gan aon phioch dá thinneas oraibh ná sibh
imbun aon t-sásámh do bhaint dho. Ní bheithfeá mar sin
arsa an mac críodhna leis dá mbaíl leat gan i bheith
chómh fáilteach ná chómh síbhialta leis an tráthnóna do
tháinig sé anso agus na plaoísg aige agus gan t-íngheann do
tharrac do láithreach boíll fé mar dheinnis.
Níor leig
Tomáisin dhoibh a tuille rádh dubhairt sé go raghadh sé
féin ar a thuairisg. Do ghléas sé é féin suas láithreach
i gcúlaith airm do thug an Tiagharna do a chlaidheamh le
na thaobh dheas agus an sgeath le na thaobh clé aige agus nuair
do bhí sé ollamh ansan do thug an Tiagharna srian san
do crothadh amuigh i ndoras an stábla agus go raibh trí
cínn do chapaill ann agus piaca ceann aca do thiocfad
chuige, agus do chuireadh i ceann an t-srian í sin
do thabhairt leis. Seadh do dhein Tomáisín rud air.
Do tug sé leis an t-srian agus do chroch sé i ndorus
i agus ná chroch, ba gheárr go dtánaig lair bhreágh óg Ruadh ag
triall air agus do sháidh sí amach a ceann sa t-srian agus do thug
Tomáisín do'n dtaca san go doras an Tighearna í. Gheidhre
ciaca aca atá agat ar's siseann. - Atá ars Tomáisín
láir bhréagh Ruadh ó sin í is feárr dhuit ar siseann
is fíor láir í san agus atá buadh fé leith ag fíor láir ná
bíonn ag aon capall eile sí an fíor láir an seachtamhadh
siorrach bainneann do bhíonn ag láir indiaidh i chéile
agus is ana anamh do bhíonn a leithéidí ann. Seadh do bhuail
Tomáisín diallait ar an láir Ruadh agus do chuaidh ag
marcaidheacht uirthe ach ní túisge chuaidh ná thug mo láir
léim as i corp agus do ghlan sí do'n dtaca san chúirt
an Tighearna agus do fuair sí i bonnaibh arís ar an dtaobh
eile. D'iompaig sí ansan a drom fúithe agus a cheithre cosa san
cár ach ná dhein níor bhog mó Thomáisín a ghreim agus níor
tháinig aon eagla ar ach chómh beag nuair do bhraith
an láir nár b'aon mhaith dhí do bheith leis do stad sí
dá cuid cleas agus do bhí sí chómh sochair le uan. Seadh arsa
an Tiagharna leis déanfair an bheart agus pé áit go
bhfoghlaimíse a bheidh ad mharcach capaill tabhair sé fé
ndearr nách aon náire dhuit dul na drom ó arsa
Tomáisín sin é mar bhíonn ag aoinne do mhúinnean
na fasachtaighthe is mithid dómh-sa beith eólasach ar gach
gnó mar is fadó chaitheas cion fir do dhéanamh. Seadh
Seadh chun sgéal geárr do dhéanamh do cuireadh
lón maith bídh anáirde ar an gcapall chuige agus do bhog sé
chun bóthair agus ná feadar sé cá dtabharfadh sé aghaidh ach do
thug sé a ceann don láir agus do sgaoíl sé ar a son féin í
agus do thugadar ar an lá go léir ag imteacht agus thugfadh an láir
suas leis an ngaoith Mhárta do beadh naoí míle chun
taoisig uirthe agus ní b'éarfadh an ghaoth bheadh na diaidh uirthe.
Seadh tamall maith siar san lá agus iad tamall maith ó bhaile
do tháinig ocras ar Thomáisín agus do phreabh sé
anuas do'n láir Ruadh agus do sgaoíl sé ag iththe ar thaobh
an bhótair í agus do thairrig sé chuige a chuid bídh agus do
crom sé ag ithe. Níor bhfada mar sin do mair
do chonnaic sé chuige oiread beithídh do Chú mór groídh
agus a bhéal ar leathadh aige aice. Comráighe dé mo
chosaint ort mar Chú ars seiseann is dócha go
níosfair mé ach nuair do tháinig an Chú suas do
shuidh sí lé'n ais, mbféidir ars é sin an aigne
féin go mbeadh ochras ortsa mar Chú ag breith ar
stráice mór aráin do bhí aige agus ar chnám breágh
feóla agus á shíneadh chúithe. Má shín d'ith án Chú go
h-ampladh iad agus nuair do bhíodar ithte aici do
chrom sí ar a bheith gá lígh féin. Seadh i gceann
tamaill do bhaillibh Tomáisín chuige an méid bídh
do bhí spártha aige agus do bhuail se isteach na
mháilín iad agus do ceangail sé i ngiorta na
h-Iallaithe iad agus do bheir sé ar a shrian
ar an láir agus do bhí sé chun a bheith ag bogadh chun bóthair
lei na línn sin do labhair an Chú agus d'fiarraig sí do an
b'amhlaidh do bhí se ag imteacht gan a beannacht féinidh
Nuair do bhraith Tomáisín go raibh cainnt ag an gCú
ní mhór na go dtuit an t-anam as agus do bhí an chainnt
ar leathadh air. Nuair do labhair sé ó ba mhaith an
rud í d'fághail ar siseann dá bhí do mheóin í thabhairt
uait. Do chonnaich an Chú go raibh faithíos air. Ó ná
bíodh aon eagla ort ars sise agus má bhíonn tú in-aon
chruadh chás go dteó gCaodhaig ar Chú an liaghnig. Seadh
do bheir sé bhuidheachas léi agus do bhaillibh leis agus do
thug se an oidhche sin go léir ag imtheacht chómh maith
leis an lá roimhe sin. Seadh ar maidin lá ar na
bháireach do scair sé an t-srian do cheann na
láireach agus do sgaoíl sé iteach i ngort í mar a raibh
a dhóthain féir léi nithe aici agus d'osgail sé féin an
máilín go raibh a greim bhídh ann agus do chrom sé
ar bheith ag ithe agus gádh mhaith aige leis ach ní fada
bhí sé ag ithe nuair do chonnaic sé chuige san aon
Seabhac mór graoídhe go raibh oiread aon t-sórd
ann agus a bhéal ar bathadh aige agus níor dhein sé stad
ná staonadh no gur thúrluing sé le ais Thomáisín
do bheir Tomáisín ar geannc maith do bullóig
agus do chaith sé go dtí an seabhac é agus dith sé sin go
amplach siar é. Agus nuair do bhí san déannta aige
do sheasamh sé ar aon chois amháin is do bhuail sé a
cheann feí na sciathán deas ós cómhair Tomáisín
amach, Sead deirig Tomáisín i gceann tamaill is do
bhailibh sé chuige an méid bhig a bhí spártha aige agus do
rug sé ar a shrian go gcuirfhach sé ar ceann a
chapaill í is go mbead sé ag bogad leis. Is leí na
linn sin do labhair an Seabhach agus dfiarfhuig sé do
an banluig do bheadh sé ag imtheacht gan a
bheannacht féin a d'fághail dúbhairt Tomáisín nach eadh
má geóbhach sé í gheobhair agus failte ars seisean
mar is maith an díol ort é a fhir an chroíde mhoir
gan doichill, agus na theannta san má bheireann aon
cruadh-chás go deó ort glaóid ar Seabac na
Faille Fuaire agus tabhair fé ndeara ná ceillfhad-sa mo
chabhair ort. Sead is mar sin do bhí, do bheir Tomáisín
buídheachas leis an Seabac is do bhuail srian
ar cheann an chapaill láithreach agus do ghreadh sí sin
bóthar i dtreó is go mbreán leat a bheith ag
feuchaint uirrthi, agus do bhíodar ag imtheacht i rith
an laé ar fad nú go dtí siar amach um thráth-
nóna agus do tháingeadar ar bruach abhann agus do bhí sé
i gcás idir dhá chómhairle an abhainn do chur do, agus
ar a shon san do thuig sé é féin arís agus dúbhairt
sé maigne féin go n-íosfhad sé greim bhig sara
d'tabharfhad sé fá an abhainn, do bhaint sé an srian
do cheann na láireach is do scaoíl sé ag
ithe í ar bhruach na h-abhainn agus do shuigh sé
feín síos is do chrom sé ar ithe, níor bfada
do mar sin nú gur bhraith sé an lapadáil
san abhainn agus ba ghearr gur eirig fear mór
aníos as an abann chuighe agus do shuid sé ar
an bport anaice leis. Do shuí Tomáisín straíce
mór feóla agus do thog an fear uaid iad go
failteach agus dith agus do labhair sé go sibhialta
leí Tomaisín annsan a Thomáisín ars sé tá
fhios agamsa fáth do thaisdil agus ná cur díoth
an abha sé inaonchor ach lean ar t-agaid agus
is geárr go mbuailfid baile mór leat agus
tá do bhean annsin. Nuair do shroisfair
an baile mór cuir isteach do láir na
leithéid seo d'ait agus síos an tsráid
annsan agus beid do bhean san bfuinneóg na
leithéid seo do thig agus cídfhid sí thú agus cuirfhid
sí cailín aimsire id dhiaidh téire ar triall
uirthi agus má tá crochaire an chraínn amuigh
ag fiadach ní cás duit biad d'ithe uaidthe
acht air do chluas deis ná fan i n'aon giorrach
don dtig i gcóir na h-oidhche leí eagla go
bfuigheach an crochaire do bholadh acht tóg
an raibh sí pósta fós aige an Crochaire,
agus dúbhairt sí ná raibh acht mara mbead é sin
do theacht go gcaitfeach sí é phósad feí
cheann seachtmhaine ón lá san, mhuise ars é sin
dá mbáil leath an rún do mheallad uaid
tráthnóna connus d'feadfá é mharbhú deanfhad
feadainn
má ars sise, agus leí na línn sin do
bhailibh Tomáisín leis is do chuaid ag solathar
lóistín do feín i gcóir na h-oidhche. Sead ní
fada bhí sé imigthe nuair do tháinig crochaire
an cráinn abhaile agus do leig inghean an Tigearna
uirthi go raibh lúib istig an Domhain aici ann.
Ó ars' sise nach fada a bhís amuigh atá
mó chroídhe ag preabarnaigh fead an tráthnóna
dtaóbh fhaid go rabhas ag teacht abhaile bhí eagla
gurbh amhlaid a bhí áon níd eirigthe dhuit,
Ó ní gád dhuith áon eagla bheidh ort a
Mhuineach ar's seisean, Ó ar's sise is doigh
liom na pósad tú in aonchor mar tá iniomad
ag faire tu a mharbhu! Ó ní gád dhuith áon
eagla ort mar gheall ar mo bhás mar ní
féidir mise a mharbhu! Cíonn tú an crann
san amuigh ar's é sin. Cím ars sise. Caithfí
é sin do leagad chun mise a mharbhú agus nuair a leagfá
é do léimeach ratha amach as agus níl áon níd
chuin an ratha a mharbhú acht Cú an Laignig agus
ní féidir é sin d'fághail nuair a bheidh an ratha
marbh leimfhid lacha amach as agus do chaithfead
an lacha ubh uaithe san uisce agus níl aón níd
chuin breith ar an lacha acht seabac na
faille fuaire agus níl duine chuin an ubh san
d'fághail acht lapadálí iochtar na h-abhann
agus níl áon nid chuin mise mharbhú nú go
mbuailfear sa chlitheaín clé mé leis an ubh san
agus ní thuitfhid na nithe san amach 'go deó
ar's an Crochaire, Ó más mar sin e ar's í sin
cad na thaobh nár innsis na neithe sin fadó
riamh dom ní deireanach í an mhaith aon uair a bhúinuig"
ars seisean. Seadh dollamhuig sí shíos biadh don gCrochaire annsan
agus dith sé sin go fonnamhar é agus oiread leo croidhe aige ní ná
ioghantach nuair do connuic sé an luibh isdtig go léir do bhí aige na
bhean ann. Seadh nuair do bhí sé inam codalta aige do chuaidh sé a
codhla agus deirig sé ar maidin ar na bhárach is dith sé biadh is do
cuaidh sé ag fiadhach arís má chuaidh ní túisge bhí sé imighthe ná
tháinig Tomaisín fé dhein an tíghe agus dinnis sí siúd do gach aon
fháirnéis do fuair sí ón gCrocaire. "Dar fiadh acht go bhfuil an
báire mar sin linn" ars Tomáisín agus seo amuich é agus tuagh mór aige agus
chrom se ar a bheidh ag leagadh an crainn agus ba geárr an mhoill
ar an dtuagh gabháil tríd agus ba gearr go léim ratha amach
as an gcrann agus seo leis. "Cá bhfhuileann tú a Chú an laighnig" ars
Tomáisín. "Atáim annso" ars an Cú "agus an rátha agam" Marbh é ars
Tomáisín do mhairbh an chú é agus seo amach an laca as a bolg. "Cá bhfhuileann tú
a Sheabhach na Faille Fuaire" ars Tomáisín "Atáim annso" arsan Seabhach "agus an
lacha agaim" le na línn sin do chaith an lacha ubh san uisge uaithe. "Cá
bhfuileann tú ag lapadálí íochtair na abhann" ars Tomáisín. "Atáim annso" ars
an lapadálí "agus mé ag cuardach ardalla. Seadh, sé an áit go bhfhuair an
lapadálí an tubh sa deire ná i loch lán i gCill Áirne agus do thug sé do
Thomáisín sín é agus ba gheárr go bhfheachadar chúcha an crocaire agus é ag
tubhairt na gcor. Do bhuail Tomáisín le buille na lachann sa
cliatháin clé é agus do thuit sé síar ach sara bhfhuair sé bás do labhair sé.
"Mo mhíle milleán ars sé sin ar san fear do thabharfheadh a rún do bhean".
Seadh cómh luath is a bhí an cróchaire marbh do thuit an tig mar bhí an
draoidheacht imighthe dho agus do bhain Tomáisín agus inghean an Tighearna amach
an stábla go raibh an láir ruadh ann do thairig sé sin amach an láir is
do cuaidh ag marcuibheacht uithre is do cuir sé an bean ar a chúlóig agus
ní ínnsteair a bheag ná mhór mar gheall uithre nú go sriathadar tig
nathar in Éireann. Seadh do bhí na mílte failte annso rómpa is
do fuair sé inighean an Tighearna leí pósadh agus a comhrom óir feí ,ar
bhí geallta di is do bhí pósadh seacht lá is seacht n'oidhche ortha.
Do theastuig ón dTíghearna go bhfanfhaidís 'na gcomhnaidhe san
comharsanacht 'na fhocair acht ní bheidh Tomáisín sásta leis. Do
tháinig sé thar nais go Uíbh Ráthach ar thuairisc a mháthar. Do bhí sí sin
meadhon sasta anois is í na truagh, 'sna aonar is í ag
maireachtaint ar a paisde thalmhan is an cuid eile dá leanbhaí imighthe
dhóibh féin ins na dúichtí iasachta nú fé mar deir na sean-daoine
imighthe ansa oileáin ag iarraidh slíghe mhaireachtaint do baint amach dóibh
féin is gan aon tsúil aici go gcídhfheach sí a mhac Tomáisín go deó arís
is ba bheag na thuit an tanam aisde le áthas. Nuair do tháinig sé sa
tSheanat láithir arís. Do thógadarr tig nua in Uíbh Ráthach agus do bhí saoghal
socair sámh acu i dteannta a céile as san amach. Do bé an fear ba
bhfhearr don mháithir don gclainn é mair do thuit sé léithe i ndeire a
saoghail agus do fuair sí uirum deire a naoise rud do bhí ag dul di mar an
bean bhocht do thug sí tamall maith a tarrach an tshaoghail na dhiaidh ann
ar bheagán failthais. Sín é anois sgéal Thomáisín Ó Garmúin ó Uibh
Ráthach agus má tá bréag ann níl aon leigheas agamsa air.
Críoch.
Máire Bhreathnach.
Carraig.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.