Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0068, Leathanach 079b

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0068, Leathanach 079b

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Sgéul Tharbh Bán an tSléibhe
Rí bhí ann agus bhí triúr inghean aige.
Cailleadh a bhean agus nuair a cailleadh í phós
sé bean eile. Nuair a bhí an bhean sgathamh
aige sé rud a rinne sí gon triur ingean, triúr
cailíní. Duine acab a freastal ar bheithidhibh
duine eile a nítheachán agus duine eile ag
obair sa gcisteanach. Chuir siad fhéin i gcomhairle
i dteannta a chéile agus dubhairt siad le
chéile nach mbeadh siad mar sin aici go
n-imtheoch siad rompab." Ní ghabhfadh mise
tar a gcéad fhear a casfar adeir an
chéud ingean fanfha mé an aonfacht leis"
"Ní ghabhfha mise tar a dara fear a casfhar
dom" adeir an dárna h-ingean. "Ní
ghabhfha mise tar an gcéud fheireanach a
casfar dom" adeir an triomhadh ingean.
Is gearr a bhí a siubhalta acab nuair a
casadh maor orrab. D'fan an chéud ingean
an aonfhacht leis. Ní mórán achair a bhí
sí thú bheith dó tharbh sa ló agus d'fear san
oidhche." "Bhoil adeir sé beidh mé mo fear
san oidhche mar sin ach caithfhidh mé bheith
mo tharbh sa ló." Bhí an bheirt acab sa teach
an aonfhacht. D'imthigheach seisean ina tharbh
chuile lá agus thagadh sé isteach ina fhear
san oidhche. Nuair a bhí sí i ngar do chlann
ansoin bhí sí goil abhaile. "Ná bac le dhul
abhaile a deir seisean fan san áit a bhfuil
tú ní'l aon bhaile ad ach é." "Ó is cuma
liom adeir sí rachfhaidh mé abhaile." "Ó adeir
sé tá an mhí chomhairle ort." "Ó tá an
dearg cheann a theacht anois agus ní
shin é an t-aisteir eirigheóchas léithi" adeir
an leas-mháthair nuair a chonnaic sí a
teacht í. Nuair a tháinig sí isteach chuir
sí sa seomra b'aoirde sa teach í. "Fan
ansoin adeir sí anos. Nuair a chonnaic
na cailíní ag á glasáil thuas i mbarr a
tigh í bhí siad a faireadh go dtug siad
leób na h-eochrachaí. Ní móran acair a bhí
sí ann nuair a tháinig leanbh mic ar a
saoghal. Ní'l ann ach go bhfaca sí é nuair a
tugadh uaithe é agus ní raibh fhios aici
cé ndeachaidh sé. Nuair a chonnaic na cailíní
a deanamh laé é, chuaidh siad suas agus
bhain siad na glais agus dubhairt siad léithi
a bheith a gradadh agus gur mairg dhi nar
fhan san áit a raibh sí. D'imthigh léithi
ansoin go dtáinig sí chomh fada le tarbh
bán an tSléibhe. "Anois adeir sé céurd tá
go bharr t-aistir ad. Bfearr dhuit mo chomhairle
sa dheanamh agus mar a ndeanfhaidh tú
níos mú é beidh tú an aoitmhéala. D'imthigh
léithi agus d'fan sí an aonfacht leis isteach
is amach no go raibh sí ingar go pháisde
aríst. Nuair a bhí an tám a druideadh
léithi dubhairt sí go ngabhfhadh sí abhaile. Dubhairt
sisean léithi gan a dhul nach raibh tada dhá
bharr cheana aici. Ní raibh aon mhaith dhó a
cainnt léithi d'imthigh léithi gur thriall sí ar
theach a h-athar aríst. Nuair a chonnaic an
leasmháthairt a teacht í "Ó adeir sí tá
sí a teacht aríst ach ní hé fearacht
cheana é cinnfhidh sé orm-sa no ní
corigeóchaidh léithi an turas seo." Cuir sí
suas sa seomra céudna í a raibh sí ann
cheana agus dubhairt sí nach bfágfhadh sí é.
Bhí na cailíní a faire uirthi aríst agus goid-
eadar na h-eochrachaí aríst uaithe. Is gearr
la bhí sí thuas nuair a rug sí páisde breagh
mic aríst agus ní raibh ann ach go bhfaca
sí é nuair a bhí sé tugthaí uaithe. Ar
maidin leig na cailíní amach í agus dubhairt
siad léithi imtheacht agus gur mairg dhi nar
fhan san áit a rabih sí agus marach iad fhéin
go bfágfhaí sa seomra sin í go gcáillfhí í.
Bhuail léithi ansoin go ndeachaidh sí chomg
fada le tarbh bán an tsléibhe aríst.
Nuair a tháinig sí isteach aige - "Tá tú
ann adeir sí agus gan tada go bharr t-aistir
ad." "Níl aon neart am air" adeir sí d'fhan
siad an éindi ansoin go raibh sí i ngar go
pháisde aríst agus nuair a bhí dubhairt sise
go rachfhadh sí abhaile. "Má theigheann adeir
seisean, ní eireóchaidh leat" "Is cuma liom"
adeir sí "Ní'l aon mhaith dhom a cur comhairle
ort" adeir sé. Bhuail léithe go ndeachaidh sí
go dtí teach a h-athar aríst. Chonnaic an
leasmháthair a teacht í. "Tá sí teacht
aríst adeir sí agus ní eireóchaidh léithi
mar ní thiúbhrafha mise an deis gon
muinntir a bhí dhá leigint léithi" Chuir sí
suas sa seomra céudhna í agus thug sí
léithi na h-eochrachaí san áit a mbiodh sí
fhéin agus chuir sí i bfolach iad san áit nach
bhfhaighdeadh aon dhuine iad. Ní mórán achair
a bhí sí thuas nuair a bhí mac eile aici. Nuair
a chonnaic sí ag á thabhairt uaithe é leig
sí deóir agus thuit an tsúil as. Chas sí
an tsúil i gcirtín ghlan agus chuir sí síos ina
póca í. Bhí sí dona go léor ansoin. Nuair
a bhí píosa gon oidhche caithte d'innis na
cailíní an sgéul go na buacaillí. D'eirigh
na buacaillí agus fuaireadar dréimre
agus chuaidh duine acab suas agus thug
sé amach thríd an fhuinneóg í. Nuair
a bhí sí ús dubhairt na cailíní léithi a bheith
ag imtheacht agus gan a theacht an
bealach aríst go deó no nach bhféadfhadh
siad fhéin aon mhaith a dhéanamh dhi. Bhuail
léithi go ndeachaidh sí chomh fada leis an
tarbh ban aríst. Nuair a tháinig sí
isteach. "Tá tú ann adeir sé agus tá an
mhí chomhairle deanta ad. Dhá bhfanfhá
sa teach seo ar mo chomhairlresa go
mbeaedh do thriúr mac ad bheidhfheá ceart.
Ach dhá bhfanfhá ann go mbeadh an mac
deireanach féin ad bheidhfheá ceart. Ach tá
mise a goil ag imtheacht uait ar maidin
amáireach." Ar maidin dubhairt sé "Bhí
mise faoi dhraoidheacht ag a gCailleach Béartha
agus dhá bhfanfhá sa teach go mbeadh ceann
go na páisdí ad beinn-se tóighthí uaidh
dhraoidheacht ad ach tá mé goil ag imtheacht
uait anois agus ní fheicfhidh tú aríst go
brách mé mar a bhfeicfhidh tú uait me."
D'imthigh leis ar maidin agus lean sise dó.
Nuair a b'íseal di-se b'árd dó-san agus ní
raibh sí ach a coingbhéal amarc ar no go
raibh an grian a goil faoi agus sheas sé léithi
ar thamhnóg bhán. "Anois adeir sé is mór an
dícéille atá ort go mo leanamhaint-sa
agus anseo a chodhlós mise anocht. Gaibh
síos ins an teach sin thíos agus iarr lóistín
as ucht dé agus tharbh bán an tsléibhe agus
gheobhfha tú é. "Ní fhabhfhad" adeir sí. "Ó dean
adeir seisean ní bheidhfheá beo ar maidin
anseo." Bhuail sí síos ansoin agus d'airr sí
lóistín ann as uht dé agus tarbh bán
an tsléibhe. "Gheobhfha tú sin agus fáilte"
adeir bean an tighe. Bhí gasúr ar an urlár
tuairim bliain go leith g'aois liathróid óir
aige agus camán airgid agus é a bhualadh
báire. Nuair a shuidh sise síos rith sé go rithte
raithte is chuaidh sé ina h-ucht. "Aithnigheann
an páisde thú" adeir an bhean. "Ce'n chaoi a
n-aithneóch sé mé." "Tuige nach n-aithneóch
sé thú agus gurb in é an chéud mhac a bhí
ad. Fan anois an aonfhacht liom-sa agus
leis an bpáisde. Nuair nach rinne tú
comhairle an fhir ní'l aon mhaith duit a bheith
dhá leanacht. Is gearr eile a leanfhas tú
é nuair nach bhféudfha tú é leanacht níos
fuide." "Leanfhad a deir sí chomh fada is
fhéudfhas mé." "Níl aon mhaith ag iarraidh
Rud a bith ort ach do chomhairle féin." Nuair
abhí sí goil ag imtheachr ar maidin thug
an bhean anuas siusúr aici. "Tabhair
leat é sin adeir sí agus dhá mbeadh an
chulaith is dona faoi'n domhain ort chomh luath
is gearrfhas tú sgalbh ar leis sin beidh sí na
culaith bhreagh." Chuaidh sí amach ansoin chomh
fada leis an tarbh. "Gaibh síos anois agus
fan an aonfhacht leis an mbean sin, ní'l
aon ghro ad go mo leanamhaint-sa" "Ní
ghabhfad adeir sí gabhfa mé an aonfhacht
leat fhéin chomh fada is féudhfhas mé." "Is fearr
é sin" adeir sé. Lean sí dhó ansoin
mar bhí sí an lá roimhe sin. Tháinig sé
ar thamhnóg bhán eile le tuitim na hoidhche
agus sheas sé suas ann go dtainig sí
suas leis. " Gaibh síos sa teach sin thíos
agus iarr lóistín as ucht dé agus tharbh
ban an tsléibhe agus gheobhfha tú é. Ní'l
aon gro anseo ad." "Shiubhail léithi síos ann
nuair a tháinic sí isteach d'iarr sí lóistín.
"Gheobhfha tú sin agus fáilte" adeieer bean an
tígh. Bhí páisde a lámhachán ar an urlár
agus tháinig sé anál agus bhí sé ar srul
ar maidin nuair a bhí sí ag imteacht thug an bhean ciar
dhi agus dubhairt sí léithi cébri rud a bheadh ar cloigeann
aon dhuine go leigheasfhadh an chiar é agus go bhfágfhadh si
cloigeann breágh gruaige ar
go ndeachaidh sé ina h-ucht. Aithnigheann an
páisde thú" adeir an bhean. "Cé'n chaoi a
n-aithneóch sé mé" adeir sise. "Sin é an
dárna mac a bhí ad" adeir an bean.
"Agus adeir sí nuair nach raibh comhairle ort fan
an aonfhacht liom-sa agus leis an bpáisde anois."
"Ní fhanfhad" "Bhoil ní'l aon ghro ad a leanamhaint
an fhir sin san áit a bhfuil sé goil, is gearr eile
fhéadfhas sé thú leanamhaint." D'fhan aí ann an
oidhche sin is ar maidin la'r na mháireach chuaidh
sí chomh fada leis a tarbh. Nuair a tháinig
sí - "tá sé chomh maith dhuit a dhul síos an
aonfhacht leis an mbean sin thíos." "Ní ghabhfhad
adeir sí. "Deanfhaidh sin" adeir sé "biodh
do chomhairle fhéin ad mar bhí i gcomhnuidhe."
Lean sí dhó ansoin agus nuair b'íseal di-
se b'árd dhó-san. Nír aibh sí ach a
coingbheáilt amhairc ar ar feadh an láe.
nó go raibh sé na thrathnóna go dtáinig
sé ar thamhnóg bhán. Nuair a tháinig
nuair a bhí sí ag imtheacht thug an bhean crann
tochraiste dhi bheadh dhá chur thar timpeall agus cuí é
uair a theigheadh sé timpeall cuirfheadh sé an oiread seo
slata síoda uaidh.
ó dhraoidheacht ad" Bhuail léithi ansoin ar maidin
agus chuaidh sí chomh fada leis. Bhí sé ina
fhear rúimpa. "Gaibh síos ansoin thíos agus
fan an aonfhacht leis an mbean. Sin í mo
dhreabhthair agus ba dreabhthair dhom an
bheirt eile. Thug siad na páisdi uait agus bhí
siad a tabhairt aire dhóib. Má fhanann tusa
an aonfhacht leis an gceann seo beidh tú
ceart agus beidh na páisdí ad. Ní fhéadfha
tú mise a leanamhaint ach go dtí an dó
dhéug indiu. Sé'n chaoi ngabhfha mise faoi'n
talamh. Féudfha tusa dhul faoi an
talamh freisin ach má fheudaim fhéin beidh
croc fiacla siostail romhat sul dhá bhféud-
fha tú dul go rioghacht na cailligh béartha agus
ní fhéudfa tú dhul thairis." "Is cuma liom"
adeir sí "gabhfhad" Bhuail leis an mbeirt acab
agus eisean ina fhear agus iad a siubhal le
chéile go raibh sé an dódhéug agus ansoin
tháinig siad air thamhnóg bhán. Thairring
sé teinechreas as a phóca agus las sé an tamhóg
go bhfuair sé leac thíos innte agus bhí lúbóg sa
leac aige le breith uirthi. Thóig sé an leac agus
shiubhail sé síos agus shiubhail sise síos ina dhiadh.
Nuair a chuaidh siad síos bhí tighthe agus rioghacht
le feiceál acab mar bhí ús. Bhí siad a siubhal leób
gur casadh an corch leóthab. Nuair a tháinig
siad faoi bhun a chruic rug sé ar láimh uirthi.
"Slán ad adeir sé tá mise goil a deanamh éan
dhíom fhéin agus ag oil tar a gcroc agus ní
fhéudfha tusa dhul thairis." Chuir sí fuil aníos
le cúmh ina dhiadh agus buaileadh an fhuil sa léine
ar. D'imthigh sé uaithe ina éun tar a gcroc.
D'impuigh sí tar ansoin agus an chéud
teach a dtáinig sí isteach ann ba teach
gabha a bhí ann. Nuair a tháinig sí isteach
fiarfuigheadh dhi cé'n bealach a dtáinig sí.
D'innis sí a sgéul gon ghabha. "Bhoil adeir
an gabha fan an aonfhacht liom-sa go ceann
bliana agus deanfhaidh mé péige bróga
iarrainn dhuit a bhainfheas greim as na fiacla
siostail agus b'fhéidir go bhféudfhá dhul thar a
gcroc." "D'fanfhainn adeir sí agus dhá bliain"
"Ní iarrfaidh mé ort ach bliain" adeir an gabha.
D'fan sí aige fo ceann bliana nuair a bhí
an bhliain thuas bhí na bróga denta ag an
ngabha. Nuair a bhí na bróga denta chuir sí
uirthi. "Tabhairt neart éudaigh leat anois adeir
an gabha le faitchios a gclisfheadh na bróga
ort. Tuibhrfha siad go mullach an cruic thú
súráilte agus má bhionn neart eadaigh
ad ní'l ort ach thú fhéin a ramhnáil síos."
Shiubhail sí suas ansoin go raibh sí thuas ar
mhullach an chruic agus nuair a bhí bhí na
fiacla a goil isteach thrí na bróga. Chas
sí an t-éudach timpeall uirthi fhéin agus
chas sí cuid mhaith ar a cloigeann. Bhain
sí ramhail aisti fhéin agus bhí sí a ramhnáil
ariamh gur stop sí ar thamhnóg bhán
thíos ag tóin an chruic. Nuair a
shuimhnigh sí ansoin d'eirigh sí agus chuir
sí caoi urithi fhéin. Má bhí an t-éudach
stróicighthe fhéin ní raibh uirthi ach píosa bhaint
as leis an sisiúr agus bhí culaith bhreagh
eudaigh uirthi. Chuir an chiar an chaoi chéudna
ar a ceann. Shiubhail léithi ansoin agus bhí sí
a siubhal gur casadh i dteach í - teach bainn-
trí. BHí fearr na fáilte ag an mbainntreach
roimpi agus ní raibh fhios aici cé as a dtáinig
sí. Bhí ingean ag an mbainntreach agus bhiodh sí
ag obair tigh na Cailligh Béartha sa lá agus bhí
fios aici ar chuile rud dhá raibh thimpeall uirthi.
Chuir si an crainn tocraish suas tigh na
bainntrí agus bhí sí cur na bainntrí ina
mhargadh leis an síoda chuile lá margadh
agus bhí sí a coingbheál neart airgid leis an
mbainntreach mar ní raibh an bainntreach
ach bocht. Oidhche amháin tháinig ingean na
bainntrí agus í a caoine "Céurd tá ort
adeir an bhainntreach. "Ó adeir an ingean
léine an Éireannach atá le nítheachán am
agus beiedh mé marbh faoi cheann trí lá
mar gheall uirthi." Sin é an uair a d'innis
an bainnreach go raibh léine le Eireannach
ar chuir a bhean fuil uirthi ag a bun an
chruic agus go raibh go leór no mhnáibh an
riogacht marbh le blian ag an gCailleach
nuair nach raibh siad i ndon an fhuil a bhainnt
aisti. "
Níthfhidh mise an léine dhuit. Gaibh amach
agus spáin dhom an sruthán." Tug sí
léithi an léine agus nith sí í agus ar a
bpoinnte is ar leag sí a láimh ar an fhuil
d'imthigh sí. Thug sí léithi abhaile ansoin í agus
nith sí agus ghlan sí í. Bhí glanta réidhtighthe
ag ingean na bainntrí lá'r na bháireach
le tabhairt ag a gcailleach bhéartha.
Anois adeir sí nuair a thíubhrfhas tú an
léine ag an gcailleach fiarróchaidh sí dhíot
cé'n caoi ar nith tú í. Abairt thusa gurb
é an chaoi a raibh sí sgartha amach ar an
sruthán brollach as a cionn agus go raibh dhá
phreachán a troid thuas ins an aér, láimh
mná acab is iad dhá strachailt ó na
'céile gur thuit an láimh uathab anuas ar
an léine is ar bpoinnte ar buaileadh an
láimh ar an léine gur imtigh an fhuil."
D'imthigh le ingean na bainntrí ag imtheacht
agus í a casadh poirt. Chuala na chailleach
a teacht í. "Tá sí seo a teacht adeir sí
agus sgéul maith aici, ní'l aon fhaitchios
uirthi go gcaillfihd sí an cloigeann." Nuair
a tháinig sí isteach - "cé'n chaoi ar bhain
tú an fhuil aisti adeir an chailleach." "Sí'l
mí nach mbainfhinn go deó. Ach tháinig dhá
phreachán as mo chionn 'san aer is iad a
troid faoi láimh mná. Thuig an láimh uathab
agus nuair a buaileadh an láimh ar an
léine d'imthigh an fhuil." "Ó adeir an
chailleach sin í láimh na raibiléara a bhí
aige seo in Éirinn. Cailleadh a teacht thar
an gcroc í agus ní raibh aon fhán an
fhuil a bhainnt amach go deo go mbainfheadh
an láimh sin amach í." Bhí cailleach chearc
ag an gcailleach bhéartha agus bhí ingean
aici agus bhí sí lán le gearbaí agus
ní raibh aon gruaig ná aon éudach uirthi
Tháinig sí isteach i dteach na bainntrí.
"Muise druid liom anuas anseo a cailín
beag" adeir sí. Druid agus chuir sí an
chiar ina ceann agus níor fhan gearabaí
ar bith uirthi agus tháinig cloigeann
breagh gruaige uirthi. Rug sí ar a siosúr
agus bhain sí sglamh as a cuid sean
éudaigh agus bhí an chulaith eudaigh ba
bhreaghtha a chonnaic tú ariamh uirthi
Nior stop sí sin go ndeachaidh sí chomh
gada leis an gcailleach bhéartha. Nuair
a tháinig sí isteach - "eard a chuir
an chaoi bhreagh sin ort" adeir an
chailleach. "Bean atá thíos tigh na bainn-
trí a bhfuil trí sheóid aici, ciar, sisiúr
agus crann tochrais. Tá na margadh
lán lé síoda aici leis an fhad seo achair."
"Gaibh síos adeir an cailleach agus fiarruigh cé
ar a ndiolfhadh sí na seóid sin agus
tabhair sgéula chugam-sa." Chuaigh sí
síos agus dubhairt sí leis an mbean gur
chuir an cailleach sgéula aici ce ar a
ndiolfhadh sí na seóidh. "Bhoil anois adeir sí
abair léithi go dtiúbhrfha mé seódh dhi chaon
oidhche go trí oidhche dhá mbeidh mé an
aonfhacht lena fear." Nuair a d'innis sí
an sgéul - "Gaibh chomh fada léithi adeir an
chailleach agus bair léithi go bhfuil sé ina
mhargadh." D'imthigh léithi ansoin agus
dubhairt sí léithi a dhul chomh fada leis an
gcailleach agus ceann go na seóid a bheith
aici. Cuaid sí go dtí an chailleach agus
ceann go na seóid aici. Nuair tháinig
sí agus an seóid aici chuir sí an fear a
chodhla agus thug sí deoch dhó. Nuair a bhí sé
ina chodhla chuir sí an bhean an aonfhacht
leis. Nuair a chuaidh an bhean go dtí é chorruigh
sí anonn agus anál é agus thosuigh sí ag
innseacht a ceilbhear dhó ach ní raibh aon
mhaith dhi ann ní raibh blas áird aige
uirthi. Ní raibh aon bhlas aici ar maidin
ach an chailleach ag a cur as a seomra
agus an seóid fhághail uaithe agus cead
aici bóthar a bhualadh go mbeadh sé an
oidhche. Nuair a tháinig sí an oidhche sin
chuir sí an fear a chodhla agus thug sí deoch dhó agus nuair a bhí
sé na chodhla chuir sí suas an bhean. Bhí an
bhean a cainnt leis i gcaitheamh na hoidhche
ach ní raibh fhios ag an bhfear a raibh bean
a bith an aonfacht leis. Ar maidin ní raibh
aici ach an cailleach rádh léithi eirig
agus a dhul abhaile go mbeadh sé an oidhche
aríst. Dubhairt sí léithe a theacht an oidhche
soir a máireach agus ní féidir no deanfhaidh
mé fhéin agus an buachaill rud eicínt leithi.
Mar tá fhios am-sa cá bhfuil a h-anam."
Dhíbir an chailleach an bhean ar mhaidin
agus bhain sí di an tseóid. Ghléas an
chailleach suas í fhéin a goil gon domhan
soir. Nuair a fuair an fear a cuid
sála taobh amuigh gon dorus dubhairt
sé leis an mbuachaill a bheith ar an talamh.
Thainig an buachaill chomh fada leis "Tá mé
a feuchaint le h-aghaidh an chailleach a
mharbhughadh indiu. Tá fhios am cáil a
h-anam; tá sé sa gcrann sin tháll. Tá
reithe istigh sa gcrann, tá lacha i mbolg
an reithe, tá ubh i mbolg na lacha agus tá
an tanam san ubh. An chéud bhuille a
bhuailfheas mé ar an gcrann cloisfhidh an chailleach
sa domhan thoir é. Gearrfha mé
an grann leis an mbuille. Bí thusa faoi
reir agus biodh an reith i ngreim ad agus
marbhuigh é. Bainfhidh muid an lacha as an reithe
agus an ubh as an lacha agus buailfhidh mise an
ubh ar an gcailleach. Nuair a tiocfhas sí "Chuaidh
siad amach ansoin agus dhá thuiadh acab an
chéud bhuille sé ar an gcrann sgoilt sé é gur
leig sé amach an reithe agus mharbh an buachaill
an reithe lena thuaidh fhéin. Bhain siad an lacha
amach as an reithe agus an ubh as an
lacha. Ní raibh ann ach go raibh an ubh ina láimh
aige nuair a bhí an chailleach a teacht aige agus
i stripeáilte amach agus an ball dóráin le
feiceál aige. Bhuail sé an ubh sa mball dóráin
uirthe gur thuit sí ina spéice marbh. D'imthigh
an croc fiacla siostail ar a bpoinnte is bhí sí
marbh. Ba é fhein an maigistir ansoin
ar an rioghacht. Bhí an rioghacht aige fhéin
is ag a bhean.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.