Athach na Dreoláine Móire
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0014
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Cill Dromann, Co. Chiarraí
- Cill Chuáin, Co. Chiarraí
- Cinn Aird, Co. Chiarraí
- Bailitheoirí
- Pádraig Tiburtius Ó Riain
- Diarmaid Mac Gearailt
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cathaláin
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0014, Leathanach 231
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISÁthach na Dreoilíne Móire
Bhí baintreabhach ann fadó agus má bhí riamh is
minic a bhí agus beidh go deó. Bhí aon mhac aici agus sé
an t-ainm a bhí air Máic Leagóid agus d’éirig
sé suas na ana gaisgídheach fir. "Dona is
duach orm" ar se lá le na mháthair caithfead
dul ag lorg fortiún dom féin. D’imthig
sé ar lá agus ní fada chuaidh sé nuair a
bhuail gruagach leis – Caoch Ruadh agus paca
cártaí aige. Dé bheathasa a Mháic Leagóid
ar sé sin, "ná h-imirteóchfá cluiche cártaí?"
D’imrigheadar agus do bhuaidh Máic Leagóid"
"Tabhair do bhreith anois" ar san ghruagach.
"Tabharfad" ar sé sin, "tabhair trí buidéil
fíona chúgham ar an láthair seo"; do thug.
D’imrígheadar an tarna cluiche
ach má deineadar do bhuaidh an ghruagach.
"Tabhairse do bhreith anois" arsa Máic
Leagóid. "Ní beag duit a luach" arsan
ghruagach leis. "Cuirim mar mar cheist agus
mar bhreith agus mar gheasa droma draoidh-
eacht an claídheamh soluis atá sa domhan
thoir a thabhiart chúgham agus gan dhá oidhche
a chodailt in aon tig ná trí bhéile bídh
d’ithe ar aon bhórd go dtabharfhair chugham é.
Dh’imthigh sé air go dúbhach agus go brónach
agus i gcúrsa an lae do chonnaic sé botháinín
uaidh i gcoill agus chuaidh sé isteach. Bhí seana-
bhean annsúd istig roimis. Dé do bheathasa
a Mháic Leagóid ar sise. Tá do dhóthain cúraim
ort. Tá’s agamsa cá bhfuil cá bhfuil do do
thriail. Thug sí a dhóthain le nithe agus le nól
do agus dúbhairt sí leis go raibh stábla
annsúd thíos agus an t-srian a bhreith leis agus
é chrithadh i mbéal an stábla agus pé capall
a buailfidh chúghat ar an gcéad sreanng
cuir an srian air.
D’imthigh sé agus chroch sé an srian
i mbéal an stábla agus sé bhramaichín gioblach
a tháinig chuige. Chuir sé an t-srian air. Bait
leis conus a thabharfadh an braimicín
gioblach aon mharcuídheacht do. Thug sé
leis amach í agus bhí sé ag siúbhal an bhóthair
leí. "Dhera" arsan bramaichín gioblach cad
na thaobh ná raghfá ag marcaigheacht orm.
"Dhera a bramaichín, ní feafá marcuígheacht
a thabhairt dom". "Bhfuil tú id mharcach maith?"
Ars an bramaichín gioblach. "Tá cuíbhseac".
ar seisean. Chuaidh sé anáirde uirthe agus
níos ná san bhuail sí a drom anáirde
ar an spéir. Bhí sí ag iompó mór
dtímhcheall no go dtáinig sí ar an dtalamh
"By gar" ar sise déanfhair an bheart.
D’imthig sí chun bóthair agus bhéarfadh sí ar an
ngaoth roímpe agus ní bhéarfadh an ghaoth na diaidh
uirthe agus níor stad sí nó gur cuaidh sí go
dtí an domhan thoir.
Nuair a shroich sí an domhan thoir
annsan dúbhairt sí leis í féin a chur isteach
’on stábla agus má dhein dúbhairt sí leis go
nochtadh sí féin cosa an chlaidhimh soluis do
agus ar sise "mara dtabharfhair leat é ar an
gcéad iarracht níl aon dul agat ar í
thabhairt leat go deó." Ambasa ar maidin
lár na mháireach chuaidh sé isteach on stábla
chúiche agus bhí cosa an chlaidimh soluis nochtaidhthe
aici roimhis. Rug sé ar agus thug sé aon strois
amháin air agus thug sé leis é agus dhein sé sin béic
go gclosfaí ar fuaid an domhain é. "Ar mo
dhrom leat go tapaidh a Mháic Leagóid" ar
sí sin. Bhí sé ar a drom go tapaidh agus seo leó
chun bóthair agus i gcionn tamaill den mbóthar
dubairt sí leis feuchaint na dhiaidh.
Dfheach agus chonnaic
sé trí cínn de chapallaibh glasa ag teacht
na ndiaidh. "Tá trí cínn de capallaibh
glasa ag teacht nár ndiaidh" ar sé sin.
"Á" ar sise "táid siad san lúth ach níl
siad buan na gcuid allais." Bhí sí ag cur
an bhóthair di airís agus má bhí i gcionn
tamaill dúbhairt sí leis feachaint na dhiaidh
arís agus má dhein dúbhairt Máic Leagóid go
raibh chiethre cínn de chapallaibh dúbha ina
dhiaidh agus ar sise. Táid siad san lúth agus níl
siad buan na gcuid allais" Bhí sí ag cur
an bhóthair dí i gcomnuídhe agus dubhairt sí
leis feachaint na dhiaidh arís an triomhadh
h-uair agus má dhein chonnaic sé capall cíor
dearg na dhiaidh. "A" arsan bramaicín
"tá sí sin lúth agus tá sí lúth na cuid alluis.
Drifiúr dómhsa iseadh í sin agus tiocfaidh sí
sin suas linn. Bhí an bramaichín ag
imteacht ar a dícheall agus is geárr go
raibh an capall dearg ag teacht suas léi.
Chuir an bramaichín siotar aisti chun
a rádh léi coimeád amach uaithe agus chuir
sí sin siotar aiste ná feadfhadh sí é.
Dubhairt an bramaichín le Máic Leagóid
go gcaithfheadh sí í féin ar a glúinibh
chómh luath agus tiocfadh a capall eile suas
léi agus chuir sí siothar aisti chun an capall
dearg a rádh léi i féin a chaitheamh
ar a glúine chómh luath agus gheóbhadh
sí tháirste.
Le linn í theacht suas leis an bramaichín gioblach thóg an murcach
a claidheamh chun an ceann do bhaint de Maic Leagóid agus má dhein
chaith an bramaichín gioblach í féin agus d’imthigh sí tháirste. Ní túisge
san ná caith an capall dearg í féin ar a dhá ghlúin agus phreab an
bramaichín gioblach na seasamh. "Anois an t-am agat a Mháic Leagóid"
ar sise, "Bain an ceann do leis an gclaidheamh solais." Do dhein.
Bhain sé an ceann do leis an claidheamh solais agus seo sa tsiubhal iad
i dteannta a chéile agus an dá capall aige agus dubhradar ná raibh aon
capall eile d’fheadfadh cuiméad suas leó. "Tair ar mo dhrom-sa
anois." arsa an capall dearg le Máic Leagóid, mar tá siad
maith déanta aice seo." Bhíodar ag cur an bóthar díobh annsan
go síothadh sathach go dtangadar abhaile go h-Éirinn.
Nuair a thangadar abhaile dubhairt an bramaichín gioblach
le Máic Leagóid, "bain an ceann díomsa anois" ar sise
"Ó, ní dhéanfad ar seisean óir dhéinis do mhaitheas dom". Ach bhí sí
ag gabháil dó gur bhain sé an ceann di agus dhein an bhean ba
bhreághtha tháinig riamh di agus chuir sí iachall air an ceann do bhaint
don gcapall dearg sa tslighe céadhna agus dhein an bhean ba
bhreaghtha dí sa tslíghe céadhna. Annsan dubhairt an bramaichín
gioblach leis í féin a phósadh agus dubhairt an ceann eile í
féin do phósadh agus n’fheadar sé cad a dhéanfadh sé eatortha. Bhí
an maitheas ceadhna deanta ag an mbeirt aca dho ach
dubhairt an braimichín gioblach leis an bhean eile do phósadh go
dtabharfadh sé an méid sin urrain di. Phós sé í agus bhíodar
ag mairistint go saidheach sháthach i dteannta chéile. D’imthigh
Máic Leagóid agus a bhean lá síos chun na trágha agus má imthig
shuidheadar shíos ar an dtráig agus chuir Máic Leagóid a cheann ’na
h-ucht agus thuit a chodladh air agus is geárr go bhfeaca sí chuici
aniar tré corp na trágha athach mór groidhe agus mealbhóg
mhór thiar air agus an t-iasc a bhíodh fé na chosa a caitheamh isteach
sa mealbhóg. Bhí sí ag iarraidh Máic Leagóid a dhúiseacht ach
ní fhéadfadh sí é. Níor stad sé ná níor staon sé go
dtáinig an t-áthach mór chuichi. Bhuail sé cic ar Maic Leagóid
agus chuir sé trí raimhne de’n dtráig é agus níor dhúisig sé
agus thóg sé leis an bhean agus d’imthig sé tríd an dtráig
mhór siar. Níor dhúisig Mac Leagóid go ceann seacht
lá agus nuair dhúisig sé sin bhí a drifiúr in aice leis agus
dubhairt sí leis gur imthigh a bhean ag athach na Dreolainne
Móire agus is fearra dhuit mise a phósadh ar sise mar
ní’l aon dul agat uirthe go deó. "Ní phósfadh" ar sisean
ach raghad ag triall ar mo bhean, pé tslíghe go raghad
ag triall uirthe. "Bheul" ar sise, "má’s mar sin é ní
h-aon mhaith bheith leat. Thug sí mála dhó annsan agus
trí blóga aráin agus dubhairt sí leis ná raibh le rádh aige
leis an mhála ach eirig liom a mhála agus beir go dtí mo
bhean me agus pé uair a thiocfadh ocras ar ná raibh le
dheanamh ach a rádh leis an mhála isliú agus a dhóithin d’ithe agus
nár gádh dhó aon eagla bheith air ná raibh a doithin aige mar
nuair a bhaineadh sé stial do’n aráin thiocfadh an stial air
arís.
Dubhairt sé leis an mála eirighe agus é bhreith go dtí
a bhean agus i gcursa an lae tháinig ocras air agus dubhairt
sé leis an mála isliú agus d‘isligh an mhála le h-ais tobar
fíor uisge. Thairrig sé chuige a chuid aráin agus thosnuig
sé ag ithe dó féin agus ní fada bhí sé ag ithe dó nuair a
bhuail maidrín beag dubh aníos ó’n dtráig chuige "Ára
mhuise a Mháic Leagóid arsa sin, "an dtabharfá dhom píosa
beag aráin dom féin agus dom choileánaibh bochta atá ag
fagháil bháis leis an ocras" Geobhair do dhóithin a coileáinín
bocht." ar seisean agus thug sé píosa aráin dó.
Má theastuigheann cabhair madra uisge an faill
domhain uait ní’l agat ach glaodhach agus beidh sé agat" arsa
an maidrín. "Dhera mhuise a choileáinín bhoicht" arsa Máic
Leagóid cad é an cabhair d’fhéadfá-sa a thabhairt dom"
Thúm sé a iarball sa tobar agus dhein sé íochtar fola
agus uachtar meala dhó. Bíodh do dhóithin meala agat pé sgeul
é agus nách bhfuil maitheas déanta agam duit," arsa an
maidrín. "Tá mhuise a coileáinín bhoicht" ar seisean. Seadh
nuair a bhí a dhóithin ithte aige dubhairt sé "eirigh liom a
mhála agus beir go dtí mo bhean mé. D’imthigh an mála san
aer follamh siar arís agus i gcúrsa an lae arís bhuail ocras
é. Dubhairt sé leis an mála túirling arís agus tháinig
sé anuas le h-ais tobar mar a dhein sé cheana. Bhí
sé ag ithe do féin nuair a chonnaic sé an maidrín beag
ocrach chuige aníos ó’n dtráig agus é ag staggeráil leis
an ocras. "Dhera mhuise a Mhaic Leagóid" ar seisean
an dtabharfá píosa beag aráin dom, dom féin agus dom coileáinibh
atá ag fághail bháis leis an ocras. "Geobhair do dhóthain a choileainín bhocht" ar
seisean agus thug sé stíall aráin dó. Go mbeidh Dia leat a Mhaic
Leagóid" ar sé sin "agus má theastuigheann cabhair Madra Ealla na
Coille Gaillí níl agat ach glaodhach air agus beidh sé agat." "Dhera mhuise
cad é an cabhair d’fhéadfása a thabhairt dom" arsa Máic Leagóid.
Thúm sé a earball sa tobar agus dhein sé íochtar fola agus uachtar meala
do agus dubhairt sé "Nách sin maitheas déanta agam duit." "Tá mhuise a
choileáin bhocht" ar seisean.
D’ith sé a dhóthain agus dubhairt sé leis an mála eirighe arís
agus é bhreith go dtí’n a bhean. D‘imthig an mála an t-aer follamh síar
arís agus i gcúrsa an tríomhadh lae do thánaig ocras air agus dubhairt sé
leis an mála túirling arís agus dhein le h-ais tobar fíor uisge arís
sa tslíghe chéadna. Bhí sé ag ithe dho féin agus má bhí bhuail éinín chuige
aníos ón dtráig agus cuma an ocrais air. "Dhera mhuise a Mháic Leagóid"
ar sise, "an dtabharfá dhom píosa aráin dom fhéin agus dom choileanaibh atá ag
fághail bháis leis an ocras." "Geobhair do dhóithin a éinín bhocht" ar seisean
agus thug sé stiall breágh aráin dó agus má thug dubhairt sí leis dá dteas-
tóchadh cabhair "Seabhac na Faille Fúaire" uaidh go deo ná raibh aige ach
glaodhach air agus go mbeadh sé aige.
"Dhera a éinín bhocht" arsa Máic Leagóid "is súarach an cabhair tusa dhom"
Thúm sé a eirball sa tobar agus dhein sé íochtar fola agus uachtar meala dho. "Nách sin
maitheas déanta agam cheana féin duit" ar seise "Tá cheana mhuise a éinín."
ar seisean. Nuair a bhí a dhóithin ithte aige dubhairt sé "eirig liom a
mhála agus beir go dtí mo bhean mé. D’imthig an mála an t-aer follamh síar
airís agus thúirling sé tír ba bhreághtha a chonnaic sé ríamh. D’imthigh sé air agus
chonnaic sé cúirt breágh uaidh istigh i gcill agus bhí sé ag gabháil mór-thimcheall na
na cúirte go bhfeacaidh sé a bhean anáirde ar an bhfuinneóg. D’éirigh as a chorp agus
chuaidh sé anáírde ar an bhfuineóg chúichi. Chuir sí fáilte roimis agus dubhairt sí
leis go raibh sé chomh maith aige dul abhaile dho féin ná raibh aon dul
aige í thabhairt as an áit seo go deo agus gurb é a tuairim ná raibh aon anam
ar iomchur ag an Athach in aon chor. Ach dubhairt sé léithe fhagháil amach do cá raibh
a anam aige. Imthigh ort anois, ar sise, mar is gearr go mbeidh sé ag teacht agus má
bheireann sé ort bhís marbh siúreálta. D’imthigh sé agus is gearr go dtáinig an t-Athach agus torc
mór muice ar a ghualainn aige. Is fada go dtabharfadh an spriosán do bhí pósta
agat a leithéid sin chughat, ar seisean. Chaith sé an mhuc ar an úrlár. Á, ar
seisean, gheibhim baluithe an t-Éireannach ar an bhfóidín fírinneach. Á, ar sise, tháinig
spideóigín chugham anso ó Éire ó chiantaibh agus b’fhéidir gurab é a gheibheann tú
Ó! B’fhéidir go bhfuil an ceart agat, ar seisean. Tá eagla orm, ar sise, go dtiocfaidh sé
siúd agus go marbhóchaidh sé thú. Dhera, ar seisean, mo thruagh thú. Ní fhéadfaidh sé
mise mharbhú. An gcíonn tú an bloc mór san thuas ar thaobh na cúirte?
Annsan istigh atá m’anam, ar sé sin. D’imthigh sé air ag fiadhach do
féin amáireach arís, má imthigh tháinig Maic Leagóid arís chúiche agus dubhairt
sí leis go ndubhairt sé gur istigh sa bhloc a bhí a anam agus go raibh sé
chomh maith aige dul abhaile. Dubhairt sé léithe gurb á triail a bhí sé. D’imthigh
sé arís agus tháinig an t-athach arís chúiche agus tor mór muice ar a ghualainn
aige ba mhó go mór ná an ceann indé roimis sin ach fhaid a bhí sé
amuigh chuir sí na h-aon rud ba bhreaghtha sa chúirt timcheall ar a
mbloc acht nuair a chonnaic sé na nithe go léir bailithe timcheall
ar an mbloch chrom sé ar gháirí fúithe. Bhí ana-néal uirthe chuige i dtaobh
bheith ag gáirí fúithe acht dubhairt sé léithe nach ag gáirí fúithe a bhí sé ach
ana-bhuidheach di i dtaobh na nithe breaghtha san a chur timcheall ar an
áit go raibh a anam. Acht tá an eagla orm, ar seisin, go dtiocfaidh sé siúd aus
go marbhóchaidh sé tú. Dhera, arsan t-athach, ní ansan atá m’anam
in aon chor. An bhfeiceann tú an crann mór san in aghaidh na cúirte?
Cím, ar sise. Ní mór dó bheith ina ana-ghaiscidheach, ar seisean, chun
an crann san do leagadh d’aon iarracht agus dá leagadh sé féin,
doimhin", "madra ealla na Coille Gaillí" agus "Seabhac na Faille Fuaire" aige. D’imthigh sé
ar amach agus an claidheamh solais aige agus bhuail sé iarracht ar an gcrann agus leag sé
é. Ní túisge dhein ná dhein an crann béic mór groidhe go gcloisgeá i gceithre cúiní
an domhain í. Léim an reatha amach as an gcrann agus seo tríd an gcoill é. Cá b’
fuilleann tú an "Madra Ealla na Coille Gaillí" arsa Máic Leagóid, gheallais go ndéanfá
cabhair dom." "Táim annso agus an reatha agam" ar seiseanisg. e sin ná léim
an lacha amach as an reatha agus seo tríd an t-aer follamh síar í. "Cá bhfuileann
tú a "Seabhac na Faille Fúaire" ar sé sin "gheallais go ndéanfá cabhair dom"
"Táim anso agus an lacha agam" ar seisean. Ní túisge són ná thuit an t-ubh
ó’n lacha agus chuaidh sé síos go tóin na fairrge móire. "Cá bhfuileann tú a
"Mhadra Uisge an Fhaill Doimhin, ghealluis go ndéanfá cabhair dom," ar seisean.
Táim annso agus an t-ubh agam" ar sé sin. Is gearr gur chualaidh sé chuige an sioc,
fuaim , fothram, úrlach na choinne dá sníomh is dá briseadh is an clíona
dá réabadh is an choill go léir ag gluaiseacht in éinfheacht. Chonnaic sí
chuige an t-Athach agus na h-aon láimh as a corp aige ag teacht agus seo
chuige é chun é stracadh as a chéile. Seo Máíc Leagóid ag rith ó chrann
go crann agus an t-Athach mór ag rith ’na dhiaidh agus fé mar a gheibheadh sé an
seans air bhíodh sé ag stracadh an éadaig de’n t-Athach ríamh is choidhche
go raibh sé curtha amach aige agus bhí an ball adhabhar nochtaidhthe aige do féin
sa deire agus bhuail sé leis an t-ubh é agus dhein sé carn gclochaidhe dhe bhí
sé allnight annsan agus eo chuige madra Ealla na Coille Gaillí agus dubhairt
sé leis an ceann a bhaint do agus dubhairt sé ná déanfadh ambaic
go raibh a mhalairt ar mheas aige air, ach bhí sé ag gabháil dó, gur
chuir sé íachall air an ceann a bhaint do agus do dhein an fear ba
bhreághtha thánaig riamh do.
"Bhíosa fé dhraoidheacht aige san" ar seisean agus dhein sé madra
beag mar seo dhíom agus cheap sé go rabhas chun báis leis an
ocras aige ach ní rabhas" Bhain sé na chinn dhen mbeirt
eile sa tslighe chéadna agus dhein na fearaibh ba bhreaghtha
a thánaig riamh dóibh. Thug sé leis a bhean abhaile
go hÉirinn agus mhaireadar go síothach sáthach as san
amach.
Sin é mo sgéal-sa agus má tá bréag ann, bíodh.