Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0014, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0014, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Gaibhairin Giobógach Gioblach
Bhí rí mór ar Éirinn fadó agus bhí aon inghean amháin
aige. Ní bhfaigheadh aoinne le pósadh í gan galán mór cloiche
a bhí ag cúinne na cúirte a bhreith timcheall na cúirte trí 
uaire. buel! lá deo na laetheannta buail gaibairín giobógach
giobalac an t-slighe. Leath sé a cosa timcheall an galáin agus
thóg sé leis timcheall na cuirte í "liom-sa an ingean anois
a ríogh onáraig" ar sisean. "ní leat" ars an ríogh "Cad é
mar sagas fir tusa dar ndóigh, ní do gabhar a mheasfa dhom
í thabhairt." Bhí an ingean ináirde ar an bhfuinneóig agus
dubhairt sí len a athair gurabh é sin a margadh agus go
gcaithfidh sí an gabhair a pósadh ón uair gur dein sé é. Pósadh
iad agus d'fiarfaidh an gabhar dí ciaca is fearr leí é bheith
"na fear is ló aicí agus na gabar is t-oidhche," nó, "na fear is
toidhche agus na gabhar is ló." Dubhairt sí leis go mbfearr
leí é bheith 'na fear is ló aicí mar go mbeadh na ndaoine
go léir ag feachaint uirthí i dtaobh bheith ag imteacht fara gabhar.
Bíodar ag imteacht mar sin agus igcionn bliadhna
rugadh mach dí agus ní túisge rugadh é ná n-árduigheadh
an seimine amach é agus níor goil sí deora air. buel!,
caith sí blian eile ag an geilirt agus rugadh an tarna
mach dí agus d'imtig an dálta ceadna ar agus níor
goil sí deora air. I gcionn tamaill eile rugadh an tríomhadh
mach dí agus dimthigh an dalta chéadhna air ach síl sí
deora len a h-aon súil amháin leí' agus thriomaig sí
é len a h-aincisiúr póca. Seadh annsan gabhairín leí an lá
san. Tá sé in am agam-sa dul go dtí mó muinntir féin
agus tá sé cómh mhaith agatsa tú féin a dhéanamh suas chun
go mbeimíd-sa t-subhail.
Bhíodar ag cur an bóthair doibh i gcóir na hoidhche. Dubhairt
an gabhairín leí fannacht annsan ar an mbóthar nó go raghadh
sé féin isteach thar claidhe ag ithe adhmhar aidhnéamh do féin.
Ní fada a bhí sé imtighthe nuair a bhuail slataire d'fear, caol
dubh chuiche agus dfiafruigh sé dí cad é mar saghas fir a bhí
aicí. Dubhairt sí leis go raibh fear ar nós na haon saghas
fir aicí. Dubhairt sé leí go sáthadh sé í muna 'neosfadh dí
do cad é an saghas fir a bhí aicí ach ní inneosfadh sí dó.
Ní fada a bhí sé imtighthe nuair do preabh an gabhairin
amach tar an claidhe chuiche. "Cé bhí ag ciannt leath annsan"
ars an gabhairín," "Ní raibh aoinne" ar sise. Deirim-sé
go raibh" ar sisean, "deirim-sa ná raibh ar sise "bféidir" ars
an gabhairín, "gurabh é glór an aidhneáin a bhí im cluasa"
D'fanadar annsan go maidin laé na mbhárach agus
thugadar an lá ag siubhal arís agus igcóir na hoidhche dubhairt
sé leí fannacht ar an mbóthar agus chuaidh sé féin
isteach thar an claidhe ag ithe an aidhneáin. Ní fada a
bhí sé istigh nuair a bhuail an slataire caol duibh chuiche agus
dfiarfruig sé dí cad é mar saghas fir a bhí aicí agus dubhairt
sí leis gur fear ar nós na haon fear a bhí aicí agus
chuaidh sé ana dhían ar fad uirtí agus dinnis sí
dó é. Ar maidin lár na mbhárach d'imthigeadar chun
siubhal an tríomhadh lá agus igcóir na hoidhche dheineadar an rud
chéadhna. Cuaidh sé ag ithe an aidhneáin do féin. Ní fada a bhí
sé imtighthe nuair a tháinig an fear caol dubh chuiche arís
agus d'fiarfuig sé dí cad é an saghas fear a bhí aicí agus
cuaidh sé cómh dian san uirthí gur tarraig sé amach
sgian mór chun í a sáth muna inneosfadh sí do cad é
mar saghas fear a bhí aicí. Innis sí do sa deire é go mbiodh
sé mar fear san ló agus mar gabhar san oidhche.
An méidir beidh t-anam agam cad na taobh-gur
innís do cad é mar porth fir mé "míse feín a bhí ann"
ar siseann, "agus dinnis comh mhaith san go loitís an port
go freagarais mé." "Níl aon dul agat orm" ar sisean agus
da sheasócfá amach anocht do bhéinn im fear ba breaghtha
a thánaig ríamh amáireach agath. Is caithfidh mé cuir diom
anois ar sé agus níl aon milleán agam ort mar caitheas
dul cómh dían san ort. D'iompaigh se uirthí agus rug sé air
agus dubhairt sí leis go leanfaidh sí tré teine agus tré uisge é.
"Níl aon maith duit-sé im leanamhaint-sé anois" ar sisean
tá sé cómh mhaith agat dul abhaile "ní raghadh mé ná abhaile"
ar sise leanfadh thú. Níl aon mhaith duit é anois ar sisean
tá a leithéid san de draoidheacht ar an sean-cailleach go gcaithfeadh
mé dul chuiche anois go bfuil chnoch lasrac curtha aicí anáirde
go dtí an spéir romhat agus chnoch sgeanna bearrtha go dtí an
spéir sa tslighe chéadhna agus fairrge eadhtorra agus ná
feadfad an t-éan dul tríotha. "Is cuma liom" ar sise, "ma
cailltear féin leanfaidh mé thú. Bhí sé chun imtheachta agus
do rug sí air agus líon sí an líne a bhí air d'fuil srón, leanfaidh
mé coidhche agus go deo tú ar sise. buel! ar sisean "ón úair
go bfuil tú cómh dána san tá dríofúir eile dhom in giorract
journey lae d'áit agus má théigeann tú ag triall uirtí seo
níl aon baoghail ná go marbeócfaidh sí thú an am is gur
innis orm, ach ú an céad leanbh a thugadh duith ann agus bféidir
go saorfad san thú. Dimtig sé uaithe agus d'imtig sí uirthí go
dubach brónach an bhean bhocht agus ar turus lae chonnaic sí
bothainín uaithí i gcóir na hoidhche. Dein sí fé dul isteach ins
an mbotáin agus le linn dul isteach dí do bhí an leanbhín
i mbéal an dorais.
"O! O! O!" ar sisean, "mo mhathair" agus rith sé chuicí.
Bhí bean an thighe thuas cois na teine agus seo anuas í
"An tusa tá annsan a méidhrigh" ar sise "tar éis ar
deinís ar mo dhritheár. Mara mbeadh an leanbh díolfá go
dóighthe so. Marbhocainn-sa ar an noimeat so thú. bhuel!
ar sise, níl an milleán cómh mór san agam ort. Dheinís
do dhiceall. Chuaidh sé ró dhían ort agus dheinís seasamh maith
chun an firinne d'innsint. "fill abhaile anois," ar sise "níl
aon mhaith duit bheith á leanamhaint, "ní raghadh abhaile anois
ná go deó," ar sise, "leanfaidh mé go deó agus coidhche é" bhuel
dfan sí annsan agus fúair sí bidh agus lóistín na
hoidhche uaithí san.
Ar maidin láe na mhbháireach airís, agus í chun
imtheachta. Dubhairt bean an tighe leí go raibh driofúir eile leí
in giorracht turus lae eile dí agus is measa í sin duit ná
mise féin, ach tá an tarna leanbh a rugadh duith ann agus
bféidir go saorfadh san thú. Tug sí blúirín de coinneal chéarac
dí agus dubhairt sí leí nuair a thiocfaidh sí go dtí an chnoc
lasrach í caitheamh sa lasair agus go n-oscloghadh bothair dí ann.
Dimthig sí uirthí chun bhothair arís agus i gcóir na
hoidhche connaich sí an botháin uaithe arís agus do dhéin
sí fé 'na dhéin agus ma dein, agus nuair a chuaidh
sí isteach bhí bean an teine ag cuir na teine síos bhí
an leanbhín ar an urláir agus seo anuas é agus 'na
haon gáir aige. D'iompaig bean an thighe síos agus nuair
a connaich sí í. "Deara an tusa atá annsan a
bheithea,hnaigh" ar sise "beag eagla atá ort teacht chun mó
thighe thar eis do dheinís ar mo dritheár. Doig muise mura
mbeadh an leanbháin anois, ach go ndheanfainn-sa do gnó
ar an noimeat so. Buel go diemhin chun an fhirinne
d'innsint dheanás seasamh mhaith agus chuaidh sé ró
dhían ort ach tá sé chomh mhaith agat casadh abhaile
mar ná bfuil aon dul agat ar dul cuige anois." "Muise
go deimhin féin" ní raghadh" ar sise "leanfad go deó
agus coidhche é.
Coinnibh sí annsan ar feadh na hoidhche í agus tugh sí
biadh a dhoithin dí agus í ag imteacht ar maidin. Dubhairt
bean an thighe leí go raibh driofúir eile leí in giorracht turus
lae eile dí agus gur measa í sin ná iad ar fad. Thug sí
dhí blúire de siosúirín agus dubhairt sí leí nuair a
thiucfaidh sí go dtí cnoc sgeanna bearrtha é caitheamh ins
na sgceana agus go nosglocadh botar di ann.
"Marbhóchaidh mo dhrifiúr eile siúrálta tú," ar sise,
ach tá an tríomhadh leanbh a rugadh duit ann agus béidir go
saorfhadh sin thu. Caithfhidh tú an leanbh a bhaint amach
sara gcídhfhidh mo dhrifiúr thú.
Dhimig sí uairthe an bóthar an tríomhadh lá agus i gcóir
na hoídhche chonnaic sé an bothán arís. Dhein sí fé isteach
agus má dhein bhí an leanbh thuas sa chúinne agus bean an tíghe
sa chuinne sa tslíghe cheadhna. Thug sí aon léim amháin
ó'n ndoras agus chuaidh sí go dtí an leanbh agus ní túisce
dein ná seo an leanbh ina hucht, "Dona is duais ort
a mheidrig" ar sise, "Is beag eagla na náire ort
taghaidh a thabhairt ar mo thigse, taréus ar dheinis ar
mo dhriotháir. Sé an leanbh a shaor thú, bhí an leanbh ar
leath shúil.
"bhfuil an h-ainasúir póca agat a thriomúighis
an deór leis nuair a tógadh an leanbh an seimní
amach uait," arsa bena an tíghe. "Tá cheanna ars an
bhean eile "Cuimil dá shúil é arsa bean an tíghe.
Dhein agus tháinig an tsúil ann chómh maith is bhí an
ceann eile. Bhí sí ag gabháilt dhi ag iarraidh
í chur abhaile ach níor b'aon mhaith dhi é dúbhairt
bean an ghabhairín go leanfhadh sí go deó agus choídhche
é. Thug sí lóistín agus biadh dhi. Ar maidin nuair a
bhí sí ag imtheacht thug sí fáinne dhi agus dúbhairt
sí lé é chaitheamh san bhfhairrge eachtaighthe agus go
nosglóchadh bóthar di ann.
Anois ar sis "an fhuil shrón a chuiris na léine
níl aon dul ag éinne an fhuil a bhaint aiste
go níghthir féin í. Tá cúigear mná óga curtha
chun bais ag an seana choileach nuair na feadann
siad í níghe. Bíonn duine dhá gcur chun báis aici
gach aon oidhche toisg ná feadfhaidis an léine a níghe.
Nuair a bhí sí ag imtheacht maidin lár na bháireach
thug sí do boisán agus dúbhairt sí leí ná raibh aon
dath eadaig fén spéir ná go dtiocfhadh sé as agus na
culaitheanna ba bhreághtha ar domhan gach aon lá
ar sise. Imig leat anois agus go neiríghe do bhóthar
leat." Dhimig sé uirthe, agus iarr an laé dhi tháinig
tháinig sí go dtí an gcnoc lasrach. Chaith sí an bliúre
coineal céireach ins an dóightean agus dhein bóthar tríd di.
Dhimig sí uirthe arís agus i rr an lae dhi tháinig sí
go dtí an gcnoc sgeanna beárrtha. Chaith sí an
siosúr ann agus dhein bóthar tríd di. An lá ina dhiaidh
sin tháinig sí go dtí an bhfairrge eachtaighthe agus chaith
sí an fáine ann. Dhein bóthar ann di agus chuaidh sí anall
ar an dtaobh eile. Nuair a bhí sí ar an gcladach
thall bhí sí ins an dúthchaig ba bhreagta lé fághail.
Bhí sí ag cur an bhóthair dí go dtáinig sí go dtí
bruach abhann agus chonnaic sí an bhean agus í ag gol. Dhein
dein sí fé na dein agus d'fiarfhuig sí di cad a bhí uirthe.
Dúbhairt sí léi go raibh leine annso aici agus go raibh
bhreághtha ná san arís don tríomhadh duine bhuailead ar amach
agus iad ortha.
Chonnaic inghnean na cailíghe na culaitheanna breághtha ortha
agus seo go dtí an mbean í ar lorg culaith. Dúbhairt bean an
gabhairín leí go dtabharfhad sí dhi culaith ní ba bhreághtha ná
iad ach í sgaoileadh a chodhladh leis an bhfear a bhí ag a máthair
anocht. Dúbhairt sí go ndeanfhadh agus chuaidh sí ag triall air i
gcómhair na hoidhche ach ambasa má dhein bhí deoch shuain
tabhartha ag an cailleach do agus níor fheúd sí é mhúscailt. Tháinig
sí uaidh ar maidin lár na bháireach gan aon chúnntas ar chad a
bhí lé deanamh aici. Amáireach arís. Dúbhairt sí lé h-ingnean
na caillíghe go dtabharfhadh sí culaith ní ba bhreághtha ná riamh
di ach í sgaoileadh a chodhladh arís leis agus má dhein bhí an deoch-
shuain fachta arís aige ó'n gcailleach agus ní fheadfhadh sí é mhús-
cailt. Thóg sí an gadh culaith dhi an gadh oidhche ní ba ba
bhreághtha ná riamh agus dúbhairt sí ná feadfhadh sí é mhúscailt
aon oidhche. Dúbhairt inghnean na caillíghe leí go dtabharfhadh
a máthair deoch-shuain do agus ná feadfaí é dhúiseacht annsan.
Dúbhairt sí go sgaoilfheadh sí feín an deoch síos sa plaincéad
anocht agus gur b'féidir leí é dhúiseacht an oidhche sin. Chuaidh sí
chuige i gcóir na hoidhche agus má dhein bhí sé na dhúiseacht roimpi.
Dúbhairt an gabhairín ná feadhfhadh aon nídh an seana
chailleach a chuir chun báis mara mbeadh fhios ag an inghnean
aon nídh mar gheall uirthi. Nuair d'eirig sí maidean lár na
bháireach chuir sí fios ar ingnean na caillíghe agus dúbhairt sí
léithe go dtabharfhadh sí dhi culaith ná raibh a shárú ar domhan
dá n'eosfhadh sí dhi ciannas an seana-chleach a chuir chuin
báis. "Tá tú annsan" ar sise "agus níl sí id chúram i geóbhair
a ríoghacht agus an fear is feárr sa dúthchaig lé pósadh na dhiaidh."
"Neósfhad-sa dhíbh é" ar sise "tá claidheamh go rothaig air istig
sa tseómra úd thall, - an tseómra is giorra do chúirt no
mháthar agus dá n-osglóchadh an doras dhéanfhadh sí béic go
gcloisfá i gceithre cúinní an domhan í agus má osclaighim
é is féidir liom é thabhairt liom. Tá lacha istig i seómra
eile agus tá ubh beirte aici agus déanfaidh sí an t-ubh a chosaint
oraibh ac ní dhéanfhadh ormsa agus thabharfad chúghaibh í. Tá
annsan ball adhbhar fé bhun chinn deas mo mháthar agus má
bhuaileann sibh leis an t-ubh sa bhall adhbhar déanfhaidh
sibh carn gcloicide dhi. Ach caithfidh sibh an claidheamh
rothaig a chur tríthe síos d'aon iarracht
amháin nó mar a gcuirfidh sibh níl aon dul agaibh
ar é dheanamh.
Do thug sí chúcha an claidheamh agus an t-ubh.
Chuaidh an t-seana coileach a chodhladh agus tug an
ingean deoch suaimhn di. Tháinig an gabhairín
agus an claidheamh agus an t-ubh aige. D'eirig ar ardóga
lán luathadh a dhá chois agus thiomhain sé an claidheamh
rothaig tríotha sios d'aon iarracht agus bhain cor-
casta dhi i dtreo ná feadfadh sí í féin a
réidhteach. Seo an tseana choileach ar fuaid
na h-áite ag léimint agus ag sgreachaig. Ní
tusa in aonchor a mairbh me
a mheidhirig ar sise ach m'inghean agus marbhóchaidh-sa
sibh a fad anois. Bhí an gabhairín ag stracadh
an eadaig di go dtáinig sé go dtí an ball
adhbhar agus d'aimsig sé go cruinn í leis an t-ubh agus
dhein carn gclocaidhe dhu.
Phós sé inghean na caillighe i riocht an
tsean-chailleach agus fuair sé bás. Ní túisge san ná tháinig
sé féin is a bhean abhaile go hEidin agus deineadh an fear
ba bhreághtha tháinig riamh no tar éis bháis na caillighe agus a inghean.
Sin é mo sceul agus má tá bréag an bíodh. Micheál Ó Cathaláin,
Gabhlán.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.