“Bhí bean ann a'n am amháin, agus ní rabh aicí ach a'n mhac amháin a dtugad siad Seán na Luadh' Buidh' air.”
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0428
- Dáta
- 13 Samhain 1937
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0300: The Dragon‑Slayer
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0650A: Strong John
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Seán Ó hEochaidh
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cormaic
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0428, Leathanach 0250
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISBeó i gcionn na míosa nach rabh tú."
a seanduine aosta.
"Má gnidhim sin duit sé go maidin
"Cia bith áit a bhfuil na daoine ar
chraith tú do shaoghal leó
agus do shlinneán
"Téididis do thaobh."
go rabh sé bliadhain agus fiche, agus níor
éirigh sé amach as a teinidh ariamh.
Ach a' lá seo bhí scaifte fear ag an
mháthair a baint choirce, agus le
chorráin a bhidhthear a bhaint uilig ins
an am sin. Be-gorra nuair a tháinic
an dinneára deir sé leis an mháthair.
rachaidh mé amach na chubhrinn," adeir sé
le chuid na bhfear."
"Dara leóra," adeir sí, "tá 'n t-am
sin agat ann éirigh. Chuaidh sé amach
'na chuibhrinn a scar a' bith le cuid
na bhfear, agus nuair a chuaidh fhad
agus bhí na fir a deánamh a gcuid
bheir sé ar corrann, agus chonnaictheas
dó go rabh an corran íontach éadtrom
agus fuair sé beirt. Chuir sé ceann
ann achan lámh agus thoisigh sé ag
ceann an iomaire, agus bhí sé ábalta
an t-iomaire a ghlanadh go bárr, le
athara lámh da chuid. Ach nuair a
bhí na fir chóir a bheith réidh le n-a
gcuid bhí 'n cuibhreann chóir a bheith
bainte aige. Chuidigh sé leóbhtha go dtí
go rabh an chuibhreann chóir a bheith réidh
Tráthnóna tháinic sé isteach agus chuaidh
i luigh, agus ar maidin lá thar na
bhárach deir sé le n-a mhathair:-
"Bhail a mháthair," adeir sé, "tá mé deánamh
go bhfuil an t-am agam-sa a dhul a
shaothrughadh rud ínteacht damh fhéin agus
duit-se," adeir sé. D'imthigh leis ar
maidin lá thar na bhárach, agus sé'n
dóigh a bhí ann ins an am sin, nuair
a dheánfadh fear fastodh, dheánfad sé
fastodh lá agus bliadhain. An chéad
mhaighistir a casadh dó a scar a bith
rinn sé fastodh leis lá agus bliadhain.
"Anois," adeir a' maighistir," adeir sé.
an stoc a cuirfeas mise amach ar
maidin leat, mur rabh siad isteach
ins an oidhche leat," adeir sé "caillfidh
tú an ceann."
"Bhail," adeir sé, "deánfaidh mise mo
dithcheall." Rinn an fhastodh a scar a' bith
agus a' scaifte a cuireadh amach ar maidin
le scaifte sean-eallaigh. Bhí siad a tuitim
anonn agus a tuitim anall, agus ba
doiligh díobhtha a bheith ábalta siubhal
amach ní h-é amháin siubhal isteach
tráthnóna. Ní rabh a'n ghreim ar na
pháirceannaí sin ach oiread agus tá ar
an urlár, ach go rabh bádhbhdhún mór
thart ag taoibh na gcubhrinn seo
agus chuaidh sé suas ar thaobh an bhalla
agus d'amharc sé isteach agus bhí fear
ann a bhí comh fada le coirce. Dar
leis fhéin nach mór a' péachadh eallach
a bheith amuigh annseo a gcailleadh
leis an ocras agus fear a léin
astoigh annsin. Dar Dia thoisigh sé
agus leag sé bhearnaidh ar a' bhalla agus
chuir isteach a' t-eallach."
I dtrata an tráthnóna nuair a bhí'n
t-eallach 'na luighe thart agus iad ag
ath-chógnadh, agus a sáith ithte aca
Mhothuigh sé na crainn ubhall a lúbadh
agus na sean-chrainn a chraiceáil agus
ní rabh fhios aige goidé bhí a teacht
ach sa deireadh d'amharc sé thart agus
chonnaic sé an fáthach a teacht."
"A chroidheáin shalaigh," adeir sé, "nár mhaith
an t-éadan a bhí ort do chuid eallaigh
a leigean isteach annseo!"
Chonnaictheas damh gur mhó i bhfad a' peachadh.
iad a fhágailt amuigh annsin caillte leis an
ocras," adeir sé, "agus biadh astoigh annseo,"
"Bhail a dhailtín," adeir sé, "caillfidh tusa an
cheann, sin nó cuirfidh tú amach iad."
"Bhail," adeir sé, "cé bith a dheánfas a' ceann
Leig mise isteach a' t-eallach."
"Bhail anois," adeir a' fáthach, ceocú is feárr
leat-greimeannaí cruaidhe coraidheacht, nó
buillí beag de'n chlaidhimh?"
"A bheathadhaigh shalaigh," adeir sé, "goidé'n mhaith
a bhéadh damh-sa a dhul a choraidheacht
leat-sa," adeir sé, "ach mór thug mé isteach
dó a'n fhear ariamh le chlaidhimh," adeir sé.
Thoisigh an greadadh eadar a' bheirt go
dteárn siad criogan de'n bhógann, agus
bógan de'n chríogann, agus toibreacha fíor-
uisce i lár na gcloch glas, agus 'á
dtigeadh a rabh daoine ó íochtar a' dómhain
go h-uachtar a' dómhain gur a dh'amharc
agus a deánamh íontais dó'n dis a'
thiocfad siad go dtáinic neóin beag agus
deireadh an lae, agus d'éirigh an gasúr
go h-árd achmhuineach agus bhain sé
an cheann do'n fháthach." Cuir isteach a'
t-eallach an oidhche sin, agus be-gorra
an oidhche sin nuair a tháinic siad isteach
bhí soithigh an bainne ag éirighe an-ghann
nó bhí níos mó bhainne ag an eallach
an oidhche sin nó bhí aca le bliadhain
roimhe sin."
Be-gorra," adeir a mhaighistir is tú
an gasúr is feárr a bhí agam-sa ariamh
nó bhí gasraí agham-sa nach dtabharfadh
leath an eallaigh isteach leóbhtha tráthnóna
ní h-é amháin iad a bheith a biseadh
Shuigh a bheirt ar dhá thaoibh na teinneadh
agus bhuail a' comhrádh, agus i dtráta
am chodlata. "Bhail," adeir a' maighistir.
adeir sé, "tá rud anocht," adeir sé, "nár
mhothuigh mise anocht ó bhí mé mo ghasúr
"Goidé sin?" adeir a' gasúr."
"Tá achan oidhche, i dtrátha an ama seo
dh'oidhche mhothuighinn trí bhúirthe fathaigh thíos
ins a' choill agus ní mhothuighim anocht
ann ach beirt."
"Ó!" adeir a' gasúr, "ní dadaidh sin," adeir
sé, athrughadh aimseardha atá ann.
Ar maidin lá thar na bhárach leigead
amach a' t-eallach arais, agus nuair a
leig cuir isteach leóga ní rabh sé a dhith
a dtiomaint a' lá sin a char a' bith -
d'imthigh an t-eallach ins na spalpaca
rása go dteachaidh siad isteach na
fáthaigh arais. I dtrata an ama chéadna
tráthnóna - mar rinn sé an chéad lá
rinn sé an dara lá leis a' dara
fáthach a tháinic, agus chuir isteach a'
t-eallach an oidhche sin. Ach be-gorra an
dara h-oidhche ní rabh leath soithigh fá
choinne an bhaile) bainne, agus nuair
nach rabh fuarthas cuipfearaí a dheánfad
thuilleadh soithigh dó'n bhainne. Agus i
n-am chodlata bhí'n dara h-oidhche mar
bhí an chéad oidhche. Ní rabh fágtha an oidhche
seo ach búirthe amháin.
"Ó!" adeir a buachaill leis a mhaighistir
ní dadaidh sin," adeir sé, "níl ann ach
athrugadh aimseara.
"Tcím," adeir sé, "b'fhéidir nach bhfuil. Ach
an tríomhadh lá a scar a' bith rinneadh an
rud céadna, agus mharbh sé an tríomhadh
fáthach agus bhí 'n t-eallach a biseadh ar
fhad. Ach an ceathramhadh maidin nuair a
bhí an gasúr ag 'ul amach deir sé leis
a' ghasúr "bhail a ghasúir," adeir sé, "nach
thusa ag 'ul amach ar maidin indiú
a chor a' bith."
"Be-gorra tá," adeir a' gasúr, "cuirfidh
mise isteach m'fhastodh. Chuaidh a' gasúr
amach a scar a' bith ní rabh gar a
bheith leis, ní fhanochadh sé astoigh díobhtha.
"Bhail innseochaidh mé duit goidé'n t-ádhbhar
"a bhfuil mé ag iarraidh fanacht astoigh
adeir sé. "Tá péist ins a' loch seo thíos
adeir sé, "agus i gcionn ach aon seachtmhadh
bhliadhain gheibh sí nighean duine uasail le
shlugaint," adeir sé, "agus 'sé mo nighean-sa a
bhfuil a 'curn' ann an iarraidh seo."
"Bhail is cuma liom-sa a mbéadh a bhfuil an
méid nighneacha atá ar a' bhaile le shlugaint
adeir sé, "níl mise ag 'ul fhanacht astoigh.
adeir sé."
Chuir a' gasúr isteach a' t-eallach, agus
níor leig dadaidh air fhéin, agus chuaidh isteach
fríd an chathair a bhí ag na fathaigh
go bhfeicead sé goidé mar bhí. Nuair
a chuaidh sé isteach go dtí 'n chathair
an mhaidin seo. Bhí sé astoigh go
measardha luath, agus bhí seanbhean mhór
'n-a suidhe astoigh. "A ghasúir," adeir sí
goidé'n dóigh atá ort?"
"Tá go maith," adeir sé
"Bhail a bhfuil fhios aghat goidé dheánfas
tú," adeir sí, "tabhair isteach dhá bhucóid
uisce chugam-sa."
"Cá dtabharfad," adeir a' gasúr, "go dtí
go dteiseanaidhe tú damh cá bhfuil a
tobar. Thug sí amach é fhad leis a' tobar
agus nuair a thug bhí trí staighre síos
fhad leis a' tobar "Bhail," adeir sé, "gabh
fhéin síos agus thug aníos a chéad bhucóid
uisce," adeir sé, "agus bhéarfaidh mise
'un toighe duit í," adeir sí. Nuair
a fuair a' gasúr ise thíos chuir sé a
chos léithe agus chuir sé síos go tóin
í agus bháidh sé í. Bhí sé a deánamh
gurbh í máthair na bhfathaigh í. Chuaidh sé
isteach agus a bheáthadhach a bhfeárr a fuair
sé fá na stáblaí, thug sé amach é, agus
a' chulaith cruadhcha a b'fheárr a fuair
sé "cuir air í, agus a' claidheamh a
b'fheárr a chonnaic sé "agus tharraing
síos é fhéin leadar ar an talamh,ar
an áit a rabh'n briseadh le bheith eadar
a' pheist agus cé bith a shábhailfeadh nighean
a' mhaighisteara. Bhí boc mór annsin
agus bhí seisean leis a' pheist a throid
ach leóga ní theachaidh sé dhá chomhair.
Bhuail an gasúr agus a' péist ar 'un
briste, go dtí go rabh an tráthnóna
ann, agus adeir a pheist," adeir sí: "amarc
é."
a loidh a shill Ó178 17
8079
i bprúrtocht. Bhaogh
sise.
2276180 Ceánfaill ar
ainm an soir 'na Seán Ó h. ota
ag
seóladh an S
"Tírcona
do scríodain síos an 5 3297 111
ó beainn. Bean Mic. Amh
aon an-deata. A
an Dubh. 5
agus a saothníodh agus a tógadh ar
scríob
Do (s) an?"
Ban leim.
Crón.
"Diabhal agus an
"Tá chulaidh mo phósta na strócacha liom."
síos.
Níl aon pighinn i mo phóca ná feóirling
de'n chíos
"Tá próiste i mo phóca fá luach na
beórach gan díol
"Agus is truagh mé gan pósadh."
dtigidh an fóghmhar arís."
sin. Dar leis fhéin, "a bhfághainn-se an
chlaidheamh a chuir ins a' bhall sin b'fhéidir
go ndeánfainn an obair. Nuair a
d'éirigh an pheist le é shlugaint cuir
sé an chlaidheamh isteach ins a' pholl ins a
bhall dhubh a bhí ar a taoibh, agus thuit a' phéist
marbh. Leig a' pheist dhá shrann aistí fhéin
nuair a bhí sí a fághail bháis, agus sín sí
amach ar a' talamh, agus b'fhuide an teangaidh
nó ó seo 'na droichid. Gheárr sé an teangaidh
astoigh ag an bhun, agus chórnaidh suas í
agus chuir ina phóca í agus d'imthigh. Bhí’n
boc seo eile a dheánamh go b'é fhéin a rinn
a ghaisgeamhlacht uilig, agus gheárr a' cheann
de'n phéist agus thug leis ’na bhaile í."
Be-gorra bhí'n bhainéis le bheith ar obair
ar maidin lá thar na bhárach, agus an péire
óg ag imtheacht. "Bhail athair," adeir sí, "tá
mise ag iarraidh athchuingne ort, agus ní
athchuingne gan mo phósadh sin," adeir sí
gan a'n fhear a phósadh choidhche," adeir sí, "ach
a' fear a mharbh an pheist."
"Mhaigh gorra!" adeir sé "nach é seo é."
Ní h-é," adeir sí. "Má tá teangaidh ins a'
chloighean," adeir sí, "sin a' fear a rinn é.
agus mur bhfuil, ní h-é. Nuair a fhoscluigheadh
chloigean na péiste ní rabh dadaidh inntí."
"Ó bhail," adeir a t-athair, "ní thig liom-sa
dadaidh a dheánamh," adeir sé, "ach cé bith
fhear a thiocfas annseo agus teangaidh na
péiste leis," adeir sé, "gheobhaidh sé mo nighean-sa
le pósadh."
Ar shiubhal le achan fhear 'na bhaile, agus
an fhear a rabh beáthadhach mór capaill aige
gheárr sé 'n teangaidh as, agus a féar
a rabh bollóg mhaith aige gheárr sé an
teangaidh as, agus thiocfadh corr fhear
agus trí nó ceathair a' teangacha fuaighte
d'a chéile, ach ní rabh ceann ar bith aca
mór go leór fá choinne na péiste."
"Diabhal," adeir a' maighistir, "go rachaidh mé
isteach anocht fá choinne an ghasúir b'fhéidir
go bhfuil fhios aige-san rud ínteacht. Chuaidh
isteach fhad leis a' ghasúr. "A ghasúir," adeir
sé, d'fhéad tú a theacht aníos chuig an
cuirim seo anocht," adeir sé
"Á!" adeir a' gasúr, "goidé bhéidhinn-se a dheánamh
fríd scaifte daoine uaisle," adeir sé, "agus
gan éadach ar bith orm."
"Bhéarfaidh mise duit," adeir sé, "an chulaith
éadaigh is feárr a chuir tú ar do dhruim
ariamh, ach," adeir sé, "tar aníos."
"Ní rachaidh mé mur gcomhair," adeir a' gasúr
Agus mur ndeánaidh an chulaith atá orm
groithe," adeir sé, "ní rachaidh mé mur
gcómhair a chor a' bith. Be-gorra ins
a' deireadh d'aontuigh an gasúr a dhul
isteach fhad leis a' chuideachta, agus nuair
a chuaidh sé isteach fhad leis a' chuideachta
a ghasúir," adeir a' maighistir, "a bhfuil fhios
aghat-sa dadaidh ar bith fá theangaidh nó
péiste seo?"
"Níl fhios agam móran," adeir sé "ach bhféidir
adeir sé, "go bhfuil seo cosamhail léithe a
tharraingt amach an líota a bhí ina póca
agus chaith sé ar a' tábla í. Ba í bhí
ann. Be-gorra ar maidin bhí 'n t-óganach
seo 'na suidhe agus é an cóirigh, agus
suigh a' gasúr suas le n-a thaoibh, agus
bhí eagla air go salachadh an gasúr a chuid
éadaigh, agus bhí'n gasúr beag a bhruideadh
ariamh gur chuir sé isteach ins a' chóirneál
é, agus d'iarr sé air gan a chur
níos fuide, agus nuair a chuaidh sé
isteach 'na chóirneáil chuaidh sé a d'amharc
ar an ghasúr bheag ag n-a thaoibh
Dheamhan a dteárn a' gasúr ach a lámh
a tharraingt air, agus chuir sé isteach
faoi 'n tábla é.
Ar maidin lá thar na bhárach a scar a'
bith, pósadh an lánamhain, agus nuair a
pósadh an lánamhain, tháinic siad abhaile
an oidhche sin, agus ar maidin lá thar
na bhárach i ndiaidh na bainneise, chuaidh
a' gasúr a scaoileadh amach an eallaigh
"Á," adeir a mhaighistir, "ní dheánfá comh
beag dó mo nighean-sa, agus go rachfa
a bhuachailleacht."
"Beag nó mór do nighean," adeir sé
"Tá mise ag 'ul a chuir isteach an fhastoidh?"
"Bhail," adeir a' nighean," adeir sí, "béidh
mise leat." Shiubhail a' bheirt i ndiaidh an
eallaigh, agus be-gorra nuair a tháinic a
t-eallach comhgarach dó'n áit ar chóir díobhtha
a dhul ar shiubhal leis a' rása. Nuair a
chonnaic sise an chéad bhó ag 'ul isteach
ar bhalla na bhfáthach thuit sí i luige
"Goidé," adeir sé, "atá teacht ort?" "Tá tusa a
dheánamh go bhfuil áit mhór agat fhéin agus
ag d'athair, "ach tá áit agham-sa dhá uair
comh mór libh," adeir sé. Níl a dhath taobh
astoigh de'n bhádhbhdhún sin nach liom-sa anois.
Thug thart í fríd achan rud a bhí ann,
agus theisean daoithe na ceasannaí ar chuir
sé chuirp na bhfáthaigh ionnta fá choinne
an eallaigh shiubhal ortha. Bhí siad 'na suidhe
thart fá na chrainn agus achan rud go dtí
go dtáinic an tráthnóna, agus nuair a
bhí sé ag éirighe comhgarach ag an tráthnóna
seo aníos stócach beag fríd a' choill." Adeir
sé leis an buachaill nach deas an rud atá
mór," adeir sé. "A bhfeiceann tú a mbéinn-sa
comh mór leat-sa thiocfadh liom cuid de
na h-ubhlaí sin a bhaint."
"Be-gorra," adeir a' buachaill, "nach beag a
rud damh-sa ceann aca a thabhairt duit!"
Shín sé suas a lámh le h-ubhla a thabhairt
dó'n fhear bheag ríbeach ruadh, agus nuair
a shín sé suas a lámh, ghreamuigh a lámh
dó'n ubhla agus bhí sé annsin. Chuir a'
fhear beag ríbeach ruadh a lámha thart
fá'n bhean agus d'imthigh sé agus d'fhág
sé annsin é."
Tháinic an oidhche, agus ní rabh eallach nó
fhear nó bean a teacht, agus ní rabh fhios
goidé bhí contráilte. H-imthigheadh amach
agus chuartuigheadh fríd na páirceannaí, agus
ní rabh eallach ar bith ins na pháirceannaí
"Níorsh'fhéidir," adeir a' maighistir, "go dteachaidh
sé isteach leóbhtha. Be-gorra shiubhail siad
thart ar a bhádhbhdhún agus fuair siad
bheárnaidh leagtha sa deireadh. Shiubhail siad
thart agus ins a deireadh fuair siad eisean
crochta thuas i gcrann. Ní rabh a'n
carpantóir ins a' tír nach rabh cruinn
ar maidin lá thar na bhárach fá choinne
an chrann a gheárradh, agus nuair a
gheárrfaidhe brainnse thíos ghreamochadh sé
thuas, agus nuair a ghéarrfaidhe brainnse thuas
ghreamochadh sé thíos. Ach bhí siad mar sin."
"Bhail," adeir a mhaighistir, "ní thig liom-sa
dadaidh a dheánamh leat anois," adeir sé,
"ach teach a dheánamh duit ar airde an
áit a bhfuil tú do shuidhe," adeir sé,
agus do chuid a tabhairt duit go bhfeicidh
muid goidé mar rachas.
Nuair a bhí sé tamallt maith thuas
annsin agus an teach deánta, agus é
a fhághail a chuid, be-gorra rinn sé
brionglóideach oidhche amháin, nach scaoilfeadh
a lámh a choidhche go bhfághad sé trí bolgam
de bhainne cioch a mháthara. Cuireadh ar
Shiubhal fá n-a choinne san a scar a' bith
agus nuair a tháinic sí "a mhic," adeir sí
goidé 'n dóigh a mbeiththeá a smaoituighadh go
mbéadh bhainne agham-sa," adeir sí, "agus ní
rabh a'n mac dhá mo chomhair a bhí tusa ann
adeir sí le trí bliadhna ficeadh," adeir sí
"Bhail cé bith mar tá," adeir sé, "b'fhéidir
go ndeánfá groithe. Be-gorra bhí oiread
bhainne ag an bhean sin agus atá ag scol
anois. Níor ól sé ach trí bolgaim gur scaoil
a lámh, agus bhí comh maith agus bhí ariamh
"Bhail anois," adeir a' maighistir, tharla go
bhfuil tú anois ceart go leór, agus nach
bhfuil fhios agat cé'n áit a bhfuil agat le
dhul," adeir sé, "fan ins an áit a bhfuil
tú agus pós do raeghe bean ins an áit
"Bhail," adeir sé codlochaidh mise an oidhche
anocht ann d'áit," adeir sé, "ach ní chodlochaidh
mé an dara h-oidhche i n-aon teach," adeir
sé, "go bhfághaidh mé amach cé'n áit a
dteachaidh sí.
D'éirigh ar maidin lá thar na bhárach agus
fuair sé trí bhonnógaí aráin min choirce
deánta, agus d'imthigh leis go bhfeicead sé
cé 'n áit a dtiocfadh leis a' bhean a chuartughadh
go bráthach. An chéad tráthnóna nuair
a shuidh sé síos a deánamh chuid, tháinic
cú aníos agus é tuitim ó thaoibh go taoibh
leis an ocras. An rannfá cúilín beag
nó cailín beag, cuid ar leith nó coimhroinnt (?)
"Ní rannfaidh mise dadaidh," adeir sé, "ach
shuidh agus ith do sháith, agus fhad agus
mhairfeas seo "Dheánfaidh sé mise agus thusa
D'ith a' cú a sháith agus nuair a bhí sé
ag imtheacht - "Anois," adeir sé, "má thig
cruaidh a choidhche ort-sa," adeir sé, "scairt
ar chú na h-áilte ghlaise, agus mur
ndeánaidh mise maith duit ní dheánfaidh mé
dócar duit."
Chodluigh sé an oidhche sin annsin, agus
ar maidin lá thar na bhárach d'imthigh
arais, agus tráthnóna lá thar na bhárach
nuair a shuidh sé síos a dh'ithe greim
eile i gcoill bheag a bhí ann, tháinic
seabhach agus é a cleitearnaighe ó chrann
go crann agus gan é ábalta móran
eiteógacht a dheánamh. Deir a seabhac adeir
sé á mbéadh cuilín beag nó cailín beag cuid
ar leith, nó coimh roinnt agham-sa."
"Ní rannfaidh mise dadaidh," adeir sé ach
shuidh síos agus ith do sháith. Nuair a d'ith
a seabhac a sáith, agus é ag imtheacht. Anonn
adeir sé, "má thig cruaidh a choidhche ort
scairt ar seabhac na coilleadh craobhuigh.
adeir sí, "agus mur ndeánaidh mise maith duit
fóghmhar na bliadhna, a' dhul i n-aghaidhe
na mban óg.
Ní na fir atá dhá n-iarraidh, ach iad
ag 'ul leó
"Cé gur chiúin, céillidhe a slubhla siad
an ród
Ní pósfar aon bhean i mbliadhna, gan
an riabhac gus an Chrón.
"Cuirim-se lá léin ar an Riabhach agus an
Chrón,
a
ar an fear óg ann mo dhiaidh."
d'iarrfad spré le mraoi óig
feárr liom cailín ceilidhe, nach mbéadh
maoin aicí nó stór,
an cifleóg gan fiafruigh, tealt ón
t-sléibh 'sa chuid bó.
an
'arfainn mo bheannacht dó
thar
óg i mo dhiaidh,"
gheall
rachfad i bhfad ó bhaile mar
ar ghlór béil
"feárr dó cailín follamh, chois abhaile aige
in.
a bheith i lúbh na gcoimhighthe
deór
ar siubhal a chois na h-abhna seo gur casadh
fhear beag ríbeach ruadh dó, agus bhainfead
sé ribe de'n ghaoith, agus ní bhainfeadh an
ghaoth ribe ar bith dó. Bhí sé damánta
chosamhail leis an fear a d'imthigh leis a
bhean, ag d'aithin sé nach b'é bhí ann.
Chuaidh sé fhéin agus a' fear beag ríbeach
ruaidh 'un comhraidh le chéile, agus d'innis
sé dó'n fhear beag ríbeach ruadh bríogh
Shiubhail."
"Bhail anois," adeir an fear beag ribeach
ruadh, tá do bhean-sa ag an Crochaire
Tárnocht ins a' dómhan thoir, agus má tá
adeir sé, "béidh sí doiligh fhághailt uadh
ach is cuma," adeir sé, "rachaidh muid
an fhad sin a scar a' bith," adeir sé.
Shiubhail siad leóbhtha a chois na h-abhna
go dtí go dtáinic siad fhad leis an
fairrge mhóir. "Anois," adeir a' fear beag
ríbeach ruadh leis," adeir sé, "caithfidh
bád a fághail," adeir sé, "le dhul a' fhad
sin ar shiubhal," adeir sé. Tharraing a
fhear beag ríbeach ruadh trí slis adhmaidh
amach as a póca, agus chuir sé séideóg.
faoi agus séideóg as a chionn, agus
rinn sé an long díobhtha is deise a chuaidh
ar an fhairrge ariamh. "Anois," adeir
sé leis a' bhuachaill," adeir sé "na tabhair
thusa d'anam dó Dia nó dó Muire
go bhfághaidh muid amach as a' bhád seo,
nó má gnidh," adeir sé fágthar ar
shuidhe ar ar dtom ar an fhairrge muid
D'imthigh leóbhtha, go dtí go rabh siad
a seóladh isteach faoi chúirt agus cathair
an Trócaire Tárnocht ins a' dómhan thoir.
agus nuair a d'amharc a' gasúr thart
bhí na crainn, a scáile amuigh san fhairrge
go moltar Dia!" adeir sé, "go bhfuil mé
comhgarach dó'n talamh. Ní rabh 'n focal
ráidhte aige nuair a fágadh an bheirt
'n-a suidhe ar a dtomh amuigh san uisce
Bhí siad seacht míle ó thalamh, bhí brainnsa
na gcrann amach a' fad sin. Ach cé bith
mar bhí, "fuair siad na talamh a scar
a' bith, agus tharraing ar chúirt agus
chathair an Crochaire Tárnocht. Bhí'n
bhean astoigh agus nuair a tháinic siad
isteal chuir sé trí mhurdar caointe aistí
"Ná bí a caoineadh," adeir a' fear beag
ríbeach ruadh," adeir sé, "agus na leig
dadaidh ort fhéin," adeir sé, "ná ní fhéidir
an fhear sin a chuir 'un báis," adeir
sé, "a choidhche. Ní croidhe nó cruadhógaí
ins an fhear sin," adeir sé, "agus
nuair nach bhfuil ní fhéidir é mharbha
"Dá ndeánta spíonntógaí de," adeir sé
rachadh siad le chéile arais, agus sin
an t-ádhbhar," adeir sé "nach bhfuil gar
ach
toiseacht air, agus d'fhéadfad sé go
bhfuightheá-sa amach cá bhfuil a chroidhe
agus a chruadhógaí.
"goidé'n dóigh," adeir sise, "a bhfuighidh mise
sin amach?"
"Tá," adeir sé, "nuair a thiocfas sé anois
indiaidh a bheith a seilg thoisigh thusa a
chaoineadh," adeir sé, "agus nuair a thoiseocht
thusa a caoineadh fiafrochaidh sé goidé
tá ort. Abair thusa nach bhfuil fhios
agat cé'n chlúid nó 'n ceárn a gcaillfear
thusa ann go dtigidh sé arais, agus abair
go bhfuil sé ag cur innidhe mhór ort é
imtheacht a char a' bith."
Be-gorra nuair a tháinic a' Trochaire Tárnocht
isteach an oidhche sin, "fud fud feasóg
adeir sé, "mothuighim boladh an Éireannaigh
bhreágaigh bhradaigh," adeir sé.
Ní bhéidh sin annseo a choidhche fhad agus
béidheas mise annseo!"
"Bhail b'fhéidir go mbéadh," adeir sé. Nuair
a bhí an Crochaire Tárnocht ag imtheacht ar
maidin leig sise trí mhurdar caoinnte
aistí. "Goidé," adeir sé, "an chaoineadh atá
ort-sa?"
"Tá," adeir sí, "níl fhios agam-sa cé'n chluidh
nó'n ceárn, a gcailltear mise ann go
dtigidh tusa chugam arais."
"Á!" adeir sé, "ná bí amaideach," adeir sé.
dá ndeántaidhe spíonntógaí damh-sa rachainn
arais. Ní croidhe nó crudógaí ionnam-sa
adeir sé, "agus sin a' t-ádhbhar nach dtig
mé mharbha."
"Agus cé'n áit a bhfuil siad?" adeir sise
"Tá," adeir sé, "tá siad i n-ursain a' dorais
Tháinic a' fear beag ríbeach ruadh, nuair
a d'imthigh an Trochaire Tárnocht "goidé
adeir an fear beag ríbeach ruadh a bhí
sé ag mise duit?"
D'innis sé damh," adeir sí, "go rabh a'
chroidhe agus a chruadhógaí i n-ursain a'
dorais."
"Ná creid é," adeir sé. Ach is cuma. Anois
adeir sé, "nuair imtheochas muid 'inne amach
adeir sé, "ná fhág a dhath deas fá'n teach
adeir sé, "nó an scóid fá'n teach nach
gcuirfidh tusa thart ar arsainn an dorais
agus b'fhéidir," adeir sé "nuair a thiocfadh
sé san oidhche anocht go n-innseochadh sé
duit amárach cá bhfuil sé."
Nuair a tháinic sé san oidhche tcidhfeá an
dubhladhán dubh a bhí ar thóin a ghoile
a gháiridhe ar an ghléas a chuir sise
thart fá arsain an dorais. Nuair a
tháinic sí isteach - "tcídhim," adeir sé, "a
mbéadh fhios agat cá bhfuil sé go ndeán
mhór dó.
"Ó is cinnte go ndeánfainn!" adeir sí
"Bhail anois," adeir sé, "innseochaidh mise duit
ar maidin amárach é," adeir sé. Nuair
a bhí sé ag imtheacht ar maidin lá thar
na bhárach. "Bhail anois," adeir sé, "an
bhfeiceann tú an cloch mhór sin toir?"
adeir sé "Tcím," adeir sí. "Bhail sin
an áit a bhfuil mo chroidhe agus mo
cruadhógaí-sa."
Be-gorra nuair a tháinic a' fear beag
ribeach ruadh isteach arais deir sé léithe
"ní sin an áit a bhfuil sé a char a' bith
adeir sé, "ach a mhéad a dteárn tusa
leis a doras deán a dhá oiread leis
a chloch mhór."
lá thar na bhárach nuair a tháinic sé ní
feicfeá aon ghreim do'n chloch mhór le
blat, agus achan rud deas dá rabh fá'n
teach. "Tcím," adeir sé, "dá mbéadh fhios
agat cá bhfuil sé "nach ndeánfá dochar dó
"Ní dheánfainn a chor a' bith," adeir sí.
"Bhail ní annsin," adeir sé "atá sé, "ach
nuair a béidheas mise ag imtheacht ar
maidin amárach, innseochaidh mé duit cá bhfuil
sé. Ar maidin lá thar na bhárach nuair
a bhí sé ag imtheacht "Anois," adeir sé
tá asal thíos annsin ins a' stábla
sin thíos," adeir sé, "agus tá chlaidheamh
solusta faoi chosa an asail," adeir sé.
agus níl a'n nduine a leagfaidh a lámh
ar an chlaidheamh solusta," adeir sé, "nach
rachaidh an t-asal a bhuirfighe agus
moitheochaidh mise ins a' dómhan thoir é
adeir sé. Agus i ndiaidh an chlaidheamh
sholusta a tharraingt fhéin," adeir sé
níl maith annsin. "Tá crann ubhlaí
a fás taobh amuigh do'n stábla," adeir
sé, "a bhfuil an t-asal ann, agus ní
gheárrfaidh a dhath a' chrann," adeir sé
"ach an chlaidheamh, agus nuair a gheárrfas
a' chrann tá geárrfhiadh astoigh ins a
chrann, agus imtheochaidh an geárrfiadh
agus má mharbhthar an geárrfhiadh, tá
lacha astoigh ins a' geárrfhiadh," adeir sé
agus imtheochaidh an lacha," adeir sé,
agus má mharbhthar an lacha," adeir sé
"tá ubh i dtoin a lacha, a bhfuil mo chroidhe
agus mo chrudógaí-sa ann," adeir sé,
agus bhéarfaidh an lacha os cionn na fairrge
sula marbhthar í, agus 'na shiaidh sin
agus uilig tá mise sábhailte."
Nuair a tháinic a' fear beag ríbeach
ruadh agus a fear fhéin isteach ar maidin
lá thar na bhárach i ndiaidh an Crochaire
"Tárnocht imtheacht. "Bhail," adeir a' fear
beag ribeach ruadh, "tá sé annsin," adeir
sé, "agus oibrigidh go maith gasta
anois," adeir sé. "gabh thusa síos, agus
thug muid 'inne leat, agus tá aithne
ag an asal ort agus b'fhéidir nach
mbógfad sé go bhfágfaidhe an chlaidheamh
Níor bhóg a' t-asal go dtí go bhfuair
siad an chlaidheamh, agus fuair an fear
beag ribeach ruadh amach agus tharraing
sé an chlaidheamh ar a' chrann. Dar
"Dia rinn a' boc dearmad ar feadh tamaill
agus siúd ar siubhal leis a' gheárrfhiadh.
"Cá bhfuil, a cú na h-Ailte glaise," adeir sé.
"Tá mé annseo agus a geárrfhiadh agam," adeir sé
Ach nuair a bhí greim aige ar an gheárrfiadh
d'imthigh an lacha, agus nuair a d'imthigh
an lacha - "chá bhfuil tú?" adeir sé, "a
Seabhach na coilleadh craobhuigh."
"Tá mé annseo," adeir sé. "Ach leig an
lacha an aibh síos ins an fhairrge. A
bradáin eas Aoidh Ruaidh, cá bhfuil tú?"
adeir sé
"Tá mé a teacht," adeir sé, "agus an uil
liom, agus nuair a bhí an ubh ar láimh
an cailín óg, bhí'n Trochaire Tárnocht a
teacht 'na caorthacha teineadh (agus rinn
mé dearmad de seo, "tá ball ar mo thaoibh
adeir sé, "agus mur mbuailtear a' bhall
sin ní ba mhairbhthear a chor a' bith
mé Ghlac sise súil mhaith agus bhuail
sí an ball a bhí ar thaoibh an
Trochaire Tárnocht, agus d'imthigh sé 'na
chrap ceó. Chuaidh siad isteach go cúirt
agus chathair an Tróchaire Tárnocht nuair
a bhí deireadh thart, agus an méid
óir agus airgid a bhí ann thug siad
leóbhtha fosta é, agus tá siad 'na
sáith dóigh an lá sin go dtí 'n lá indiabh