Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0456, Leathanach 0231

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0456, Leathanach 0231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Scéul White Gearamáin.
Bhí triúr díleachtaithe anso fadó agus nuair a dh’éiríodar
suas, triúr driféar a b’eadh iad, bhídís a rá bpaidire ar maidin
agus tráthnúna ar nús nach éinne ach má séadh sé’n achuiní
d’iarraidís ar Dhia na glóire fear breágh bhuala ’steach a’ dorus go
dtís nach éinne ’ca. Bhíodar a’ caitheamh a saoghail leó ach i gcaitheamh
na h-aimsire do "rapp"-áil a’ fear amu’ insa n-oídhche agus d’éirig
ceann aca agus á ligeant isteach ach cad a bheach ann na madara
mór dubh. Léim sé ’steach ar an úrlár chúcha.
"Ná lige Dia dhom thú," ar sisean, "cad a thug chúgham tusa?"
"Ó is fada bheinn-se insa n-áit do rabhas féin," ar sisean léi; "ná [dá]
ligfá dhom fhéin agus gan do chuid achuinithe bhac. Mise ’n fear a chuir Dia na
Glóire chúghat-sa anois mar gheall ar a’ sórt achuiní bhíos tú
dhiarraig Air ach caithfir a bheith sásta liom."
Seadh bhí sé sin aice.
"Ciaca’s feárr leat anois mé," ar seisean, "a bheith im’fhear isló ná im
b'madara isló?"
"Is feárr liom i d’fhear isló thú," ar sise, "agus i d’mhadara stoídhche."
Ansan bhí sé sin aice sin agus iad a’ caitheamh na h-aimsire agus
nuair a thagach a’ lá dhineach fear mór breágh dho agus bhíoch sé ag obair
agus a’ gnú ar nús nach éinne ach nuair a thagach an oídhche sula bhíoch
sé caithte thall sa bhfus ’n-a mhadara agus gan cuileachta gan pléisiúr ánn.
Ní bh'aon tsásamh in aochor léithe é.
Ní fada bhí nuair a tháinig an tarna duine go béul a’ duiris i
gcaitheamh na h-aimsire agus do dh’éirig a’ tarna ceann do ligfeach
sí ’steach é agus má dh’éirig cad a bheach ansan ná piast mhór
ghroí dhubh. Sleamhanáin sí ’steach.
"Cad a thug chúgham tú?" ar sise.
"Ó thug a’ triall ort-sa," ar sisean, "go mbeithfá ’gam lé pósa".
"Ná lige Dia dhom thú," ar sise, "mara déunta tháim leat."
"Ó caithfir gabháil liom," ar sisean, "mar sin é’n achuiní thás tú dhiarraig.
Mise chuir Dia na Glóire chúghat-sa a bhárr do chuid achuinithe."
Bhí ’n phiast ansan sa tig ach d’fhiafhrui’ sé dhi ciaca bfeárr
léithe é féin a bheith ’n-a piast istoídhche agus in fhear isló nú’n-a
phiast isló agus in fhear istoídhche.
"Is feárr liom id’ phiast istoídhche thú," ar sisean [ar sise]. "mar ná cídhfig
éinne thú agus it fhear isló."
Seadh bhídís ansan ’n-a mbeirt fhear mhóra bhreághtha ag obairt agus
a’ gnú ar nús nach éinne a rith a’ lae ach nuair a thagach an
oídhche do dhineach madara do’n bhfear eile agus do dhineach piast do'n
bhfear eile agus ní bhíoch cuileachta ná pléisiúr aca.
Tháinig a’ tríú duine a’ triall ar a’ gceann óg agus d’fhiafhrui’
sí dho cad a thug é féin ’n-a mhadara. White Gearamáin a b'eadh é.
"Cad a thug chúgham tusa?" ar seiseann [ar sise].
"Do thug," ar sisean, "do mbeithfá-sa lé pósa ’gam. Agus ciaca is feárr
leat," ar seisean, "mise bheith in mhadara isló nú im’fhear istoídhche nú im'
fhear isló nú im’ mhadara istoídhche?"
"Is feárr liom go mór," ar sise, "tú bheith it’fhear istoídhche agus i d’
mhadara isló agus do mú rud a dhéunfai’ tú dhom," ar sise, "i rith a’
lae in ionad aon mhadara agus beig pléisiúr na h-oídhche ’gam ort ach
goch áirithe."
"Seadh is maith é sin," ar sisean.
Bhíodar ansan a’ caitheamh a’ tsaoghail leó agus má bhí nuair a
thagach an oídhche do dhineach madara mór dubh do cheann aca agus
dhineach piast mhór do cheann eile ’ca agus dhineach fear mór breágh
dho’n madara bhíoch i rith a’ lae ănn.
Seadh do bhíoch sé ’n fhear mór bhreágh istoídhche agus pléisiúr na
h-oídhche agus cleachta ann agus subháilceas agus an bheirt eile gan húm ná
hám únta agus foramad a’ domhain ar a’ mbeirt driféar léithe
mar gheall ar sin.
I gcaitheamh na h-aimsire ansan adúirt sé léithe:
"Niúsfad-sa dhuit," ar sisean, "ach ná nis d’éinn' eile an sgéul so," ar sisean,
"Ní fad eile a bhead-sa i d’ theannta-sa nuair a bhei’ mé im'
fhear isló agus istoídhche ’gat mar imeóig a’ druíocht dom i gceann
an áirithe seo aimsire ach ná nis d’éinn' é nú má niseas
tú ní leat mise."
Do bhí sí ró-mhór leis na driféaracha agus níor stad na mná
riamh ach a’ cainnt, do bhris ar a foidhne lé agus dúirt sí
leótha:
"Á mo thrua mhór sibh," ar sise. "Is geairid eile go mbei’ sé sin in
fhear isló agus istoídhche ’gam-sa agus subháilteas agam uaig."
Ombriathar pé áit do raibh sé go bhfuair sé ’mach é mar do
dhin sé basca dho mar gheall ar é rá agus do tháini’ sé chúiche.
"Féuch anois," ar sisean, "ná féudfá in aochorach déunamh dréir
do gheallúint agus féuch duit fhéin is measa san caithfead-sa
bailiú liom anois agus ní chídhfir go brách aríst mé."
Bhí oiread san cion agus gradam aice dho dúirt sí leis ná [dá]
faid a raghach sé go leanfach sí féin é.
"Ní h-aon mhaith dhuit-se a bheith a’ rith im’ dhiaig-se," ar sisean, "ná
aon dul agat air."
Bailibh sé leis agus chaill sí meabhair sa ciall nuair a chonnaic
sé fágaint a’ tí’ é is dh’imi’ sí ’n-a dhiaig agus bhí sé roímpe
'mach an áirithe sin i gcúnaí agus é fuacht 'n-a solus, an áirithe
sin ó bhaile gcúnaí agus í chimeád radharc air do ngaibh sé
trasna dho dhruím cnoc fé mar gheóch sé ansan scoir dir a
gCruai’ agus a’ Mhaoílínn (1) a’ cuir drom cnuic do ach do bhí fear
ănn a’ buint mhúna anáirde i ndrom a’ chnuic agus do ghaibh
White a’ bóthar insa treó chéudhna chuige agus n’fheacai’ sé é ach
chonnaic sí sin é mar do chinnibh sé an dá súil air agus do chonnaic
sí ag éiriú ó thalamh é agus a’ buala cheann fé agus ag imeacht tríd a’
dtalamh síos i láthair a chos agus ní thóg sí an dá shúil do’n
baiste dtí do gcuai’ sí ar a’ bhfód. Bhí ’n fear roímpe.
"Cá raghair a bhean," ar sisean, "nú b’eas [as] do chiall athás tú?" mar
dh’aithni’ sí suarach cruiceálta í.
"Ní mór ná go b’eadh," ar sise. "A leithéid seo agus a' ngaibh sé trasn'
ort nú bhfeacaoís cá ghaibh sé?"
"N’fheac é," ar sisean, "’gus táim anso ó mhaidean is ní ghaibh aon duine
chúgham i n-aon tsolus dom."
"Ó mhuise ghaibh sé chúghat mar bhíos-sa féuchaint air agus a’
dtúrfá dhom a’ rann?"
"Dhere cad a bá leat di?" ar sisean.
"Do bpollfainn ansan síos," ar sise, "mar ansan síos a chuai’ sé."
"Ní h-ao’ mhaith dhuit a bheith a’ polla ansan", adúirt a’ fear,
"mar ná féudfá ao’ pholl a dhéunamh ănn."
Thug sé dhi’n rann a d’fhonn is do ndéunfach sé í "phlase", -áil agus
ní mór na scaobanna in aochor a bhí tógthaithe 'ci nuair a bhuail
an licín léithe agus chuir sí barra na roinne fé’n lic agus do thóg sí
'náird' í agus is seola bhí poll ansan agus staighre breágh a’ gabháilt síos
ánn. Ní dhin sí ach bailiú léithe an staighre síos agus do dhún
a’ poll ’n-a diaig aríst agus do scannruig an fear a bhí ar a’
bportach a’ buint na múna agus do bhí ó "step" do "step" aice á
chuir di do gcuai’ sí ar a’ saol eile thá thíos. Thá saol eile ănn
dé dheáraimh. D’éiri’ sí ’mach ansan agus má tá do bhí tithe
’s talamh is áiteanna buala léithe fé mar bhí sa n-áit do
bhfág sí ach bhí ’n oídhche teacht uirthe agus do bhuail tig léithe, lar
na mháireach do bhuail tig léithe agus do chuaidh sí ’steach féuchaint a’
bhfaghach sí lóisdín na h-oídhch' ánn agus do chuaidh agus ní raibh éinne
ansan istig roímpe ach aon bhean amháin.
"Mhuise," ar sise, "an dtúrfá lóisdín na h-oídhche dhom?"
"N’fhéudfainn é mhuis' ," ar sise, "mar níl aon duine lé fuacht
insa tig seo ach aon duine 'mháin."
Do thug sé an méid san focal di, dúirt sé’n méid sin léithe
shara bhfág sé í, má shroitheann sí dul ’n-a dhúthaig féin go
brách an áit ná geóch sí ’n lóisdín é lorg ar shon, White
Gearamáin agus go mbé go bhfaghach sí é.
"Muis'," ar sise leis a’ gcailín, "mara mbíonn féin ná [dá]
dtúrfá dhom ar shon White Gearamáin lóisdín na h-oídhche."
"Dhere cá bhfuairis-se cuir amach ar sin?" adúirt a’ cailín.
"Do fuaireas mhuis," ar sise, "é bheith mar fhear pósta i n-Éirinn
agam."
"Gheóir agus míle fáilte mhuis," ar sise, "agus aréir a bhí sé sin anso," ar sise,
"agus dúirt sé liom-sa," ar seisean [ar sise].
"Geó' tú agus míle fáilte," ar sise, "mar is dritheáir dílis dom-sa é sin."
Seadh fuair sí ’n lóisdín agus ní fágach aon easb' uirthe i rith na
h-oídhche ach ar maidin amáireach ar línn di a súile dh’oscailt
cad a chídhfeach sí a’ gabháilt tharrais a’ bhfniúig lasmu’ ná
White Gearamáin. Seo ’n-a suí í go dtiocfach sí suas leis agus
n’fheadair sí an soir a ghaibh sí sochus siar, ní bhfuair sé aon
amharc eile air. Seadh d’éiri’ sí ’mach ansan nuair a bhí sí
rúnach do agus dh’imi’ sí a’ siúbhal léithe aríst agus bhí sí siúbhal
insa n-áit go dtí go dtáinig an oídhche aríst uirthe agus do
bhuail tig eile léithe ar thaobh an bhóthair lé luí na h-oídhche agus
do chuai’ sí a’ lorg lóisdín na h-oídhche go maidean ánn.
"Ní bhfaghair mar ná féudfaimíd-na éinne dh’fhágaint
anso ’stig, " ar sise, "ach aon duine 'mháin."
"Mhuise ná [dá] dtúrfá dhom ar shon White Gearamáin é,"
ar sise, "do bheinn ana-bhaoch ’uit."
"Dhere cá bhfuairis-se aon chuir amach ar White Gearamáin
ar sise.
"Istó mhuise fuaireas," ar sise, "mar sé bhí mar fhear-pósta i
n-Éirinn agam ach dh’imi’ sé bhuam agus is sin é thug anso me
a’ diarraig teacht suas leis agus níl aon dul agam air."
"Ó níl," ar sise. "gheóir agus míle fáilte mhuise," ar sisean, "mar dritheáir
domsa é sin agus aréir a bhí sé sin anso," ar sise, "ar lóisdín."
Seadh ombasa má tá, an tríú lá ansan --- sisiúr a
thug an chéud chailín di agus a’ tarna cailín ansan sé’n rud
a thug sí dhi, raca breágh cínn, shleamhanóch, ach bhí sí siúbhal
léithe ansan a’ tríú lá agus má bhí ní bhuail ao’ ní' léithe go dtí
go dtáinig an oídhche agus do bhuail a leithéid eile do thig léithe ar
thaobh bóthair agus do chuai’ sí lorg lóisdín na h-oídhch' ănn agus
dúirt sí seo léithe ná faghann éinne bheith insa tig seo
'stig ach éinne 'mháin.
"Istó mhuise ná [dá] dtúrfá ar shon White Gearamáin
dom-sa é," ar sise, "ní dhéunfainn aon díobháil ’uit."
"Do gheóir agus míle fáilte mhuise," ar sise, "ar a shon san agus cá
bhfuairis aon chuir amach ar sin?"
"Ó fuaireas," ar sise, "é bheith mar fear-pósta i n-Éirinn
agam."
"Aréir a bhí sé sin anso," ar sise, "agus má tá féin," ar sise, "tá sé
pósta. Tá sé pósta ó dh’fhág sé thusa mar tá sé anso thall
age seana-chaileach athá na mílte blian agus is sí chuir a’
druíocht agus a’ diabhaluíocht san ar féin agus orainn-ne mar
triúr driféar do san athá buailte leat anois agus táimíd fé
dhruíocht go brách aice agus tá sé thall istig insa chúirt ’n-a
teannta agus beig anois i gcaitheamh a’ tsaoghail aríst ach
fuairis-se ’n méid sin sulaoídí bhuaig do dtáini’ sé id’
sholus ar feag na dtrí h-uaire ad’ túirt chuin cínn ach
níl aon dul mór agat air ach déunfam-na ar lán-
dícheall 'uit. Túrfad-sa dhuit-se ’nois úbhal práis mar tá
Do tháinig a’ cailín isteach i gcaitheamh a’ lae agus dhin an bhean
ana-thrua dhi.
"Mo ghraidhn tú," ar sise, "is mór a’ trua gan déirc éicint a
dhéunamh ort níl luid do’n éudach ort."
Bheir sí ar a’ sisiúr agus do thug sí snap ar íochtar a gúna
agus do tháinig cloith [culaith] shíoda ó bhonn bathas uirthe. Nuair
a dh’fhéuch a’ cailín síos uirthe féin is nuair a chonnaic sí an
cló bhí uirthe chaill sí ciall is seo ’mach í lé mustar is lé
h-áthas is ní dhin sí aon stad do gcunai’ sí go dtí na
máthair.
"Cá bhfuairis a’ chloith [chulaith] bhreágh éudaig?" adúirt a’
tseana-chaileach.
"Ó fuaireas," ar sise, "cailín athá anso ’mu’ insa tig seo agus do
thug sí snap lé sisiúr athá 'ci ar íochtar mo sheana-ghúna
agus do tháinig an gúna breágh san orm ansan.
"Imig amach aríst chúiche", adúirt a’ tseana-chaileach agus
fiafhruig di cad air a dhíolfach sí é, an sisiúr."
Do chuaidh agus dúirt sí léithe go gcuir a máthair anso í
á dh’fhiafhrú dhi cad air a dhíolfach sí ’n sisiúr mar bhí ’sa
’ge’n seana-chaileach go maith go raibh bua éicinteach aice
féin agus age’n sisiúr agus bfeárr léithe go mbeach sé tiocthaithe
bhuaithe 'ci.
"Abair léithe go dtúrfai’ mé dhi é saor go maith ach aon oídhche
'mháin a thúirt dom a’ dul achodla lé na fear-pósta sé sin,
White Gearamáin."
"Chuaidh a h-inghean chúiche leis a’ sgéula agus: -
"Abair léithe," ar sise, "do bhfaghaig."
Sheadh cuireach fios uirthe. Chuai’ sí ’on chúirt, go cúirt a’ tseana
chaileach agus do bhí White Gearamáin agus puirtléaraí bhí 'ci féin
a’ fiach lasmu’ insa choíll ach má tá bhí ortha bheith amu’ go
dtí déunuíocht na h-oídhche agus nuair a thánadar do scól sí
chosa agus bhí sí seo curtha chodla ’ci ’n-a leabaig agus ní raibh
'iosa ’ge é agus do bhí uisge bog déunta ’ci agus scól sí suas a
chosa lé trua dho agus bhí deoch déunta ’ci agus do thug sí dho’n
deoch agus ní túisge bhí ’n deoch ólta ’ge ná thuit sé mara
raibh sé agus ní raibh 'iosa ’ge n-aochorach ná go deoch mhaith í.
Bheir sí ansan air agus do chuir sí ’on leabaig é agus n’fheadair
sé ao’ ní’ mar gheall ar éinne bheith i leabaig ’n-a
theannta nú ile mar bhí sé fé mar bheach fear a bheach fé
"operation". Ombasa má tá do bhí ’n cailín a’ cainnt leis agus
má bhí ní raibh sé túirt aon chainnt ná aon tor uirthe agus
do bhí’n putléaraí i seabhamara anaice leótha agus do chloiseach
sé’n bhean a’ cainnt agus ní chloiseach sé é túirt aon chainnt
dhi go dtí amáireach agus d’éirig a’ tseana-chaileach go tapaig
amáireach shara dtáini’ sé as a’ gcaola san agus dúirt sí leis
a’ gcailín éirí' ’mach aiste sin go mithi’ di bheith sásta dóthain
cheana do go dteastuig bhuaithe féin dul isteach ánn. Béigeant
di éirí’ mach agus bailiú léithe agus dul amach i dtig a’ bhaile ’ríst.
Sheadh ombasa nuair a dh’éirig White Gearamámh i gcaitheamh
a’ lae is nuair a bhuail sé ’mach bhí ’n puitléaraí n-aonach leis.
"Mhuise," ar sisean, "cé bhí cainnt aréir leat nú cé’n bhean a’ bhí
i d’ theannta sa leabaig?"
"Ar mh-anam-sa féin ná feadar," ar sisean, "agus n’fheadar a’ raibh
ao’ bhean ánn. Thuit mo chodla go trom orm," ar sisean, "agus thuit mo
chodla orm is dói’ liom shara gcuadhas ’on leabaig in aochor agus
ní mhothuíos go dtí ó chiainibh. Bhíos ana-thuirseach."
"Do bhí bean éicinteach a’ cainnt leat ansan agus n’fheadar-
sa ’n tsaol," ar sisean, "a’ rabhais i n-Éirinn ná ao’ bhean i
n-Éirinn riamh agat mar dúirt sí," ar sisean, "go mú bhóthar agus
cusán tugthaithe 'ci féinig i d’ dhiaig ó dh’-fhág sí Éirinn agus ná
fiú leat focal cainnte rá ’nois léi. "
"Ar mh-anam fhéin go fíor duit," ar sisean.
Seadh amáireach, bhí ’n sisiúr age’n seana-chaileach, amáireach
agus chuaidh ’nghean a’ tseana-chaileach amach aríst agus bhí cuid
gruaige ar sile siar síos léi go giobalach stracuithe agus ná
raibh ao’ ní’ 'cí réiteóch é agus nuair a chonnaic bean White
Gearamáin an cló bhí uirthe ní dhin sí ach a’ raca bhí ’n-a
póca thógaint aníos agus sgríoba thúirt leis a’ raca ’n-a
i ceann.
"Mo ghraidhn tú," ar sise, "is mór mar theastóch uait do ceann a
shleamhanú."
An chéud sgríobha thug sí di do shleamhnuig a’ raca ’n
ceann agus do tháinig ceann gruaig' uirthe chómh breágh agus do
bhí ar bhean riamh síos isteach go dtí h-árd a túna agus do bhí
sí i bhfeirim ao’ bhean-uasal a ceapach riamh i gceann
niúimhinte.
Seadh istoídhche máireach do chuaidh inghean a’ tseana-chaileach, do
chuir a máthair amach í nuair a chonnaic sí an
ceann gruaige bhí uirthe agus an cló bhí cur' uirthe agus dh’fhiafhrui’
sé dhi cad air a dhíolfach sí ’n raca agus dúirt sí léithe go
bhfaghach sí ’n raca bhuaithe oídhche eile a thúirt ’n-a codla
fara na fear-pósta dhi.
"Abair léithe go bhfaghaig," ar sise.
Do chuaidh sí ’mach agus do thug sí dhi’n raca agus do bhí White
a’ fiach é féin agus a’ puitléaraí agus má tá dúirt an
puitléaraí lé White Gearamáin aire mhaith a thúirt do
féinig anocht mar do bhficeann sé féinig do maith na deasa
bhíonn á dhéunamh leis agus ná feacai’ sé riamh roimis sin a’
tseana- chaileach chómh mór ’n-a chúram agus thá sí agus:
"Fair tú féin anocht aríst," ar sisean.
"Ombasa féin má tá do bhí na deasa déunta suas aice fé
na chóir agus bean Éireann curtha síos ar a’ leabaig aice. Do
chuir sí an t-uisge beirithe is a chosa síos ănn do
scólfach sé iad agus bhí ’n deoch déunta suas aice agus má thá do
lig sé air do n-ól sé’n deoch agus do scaoíl sé 'dir a léine
agus a chroiceann síos é agus ní
chuaidh ao’ bhraon ’n-a bholog do agus do lig sé air go dtit sé
mara raibh sé. Meas sí go raibh a gnú déunta 'cí do
chuir sí ’n leabaig é agus má chuir an chéud fhocal adúirt
a’ bhean eile leis do dh’fhreagair sé í go tapaig agus dúirt
sé léithe connus in aochor a dh’fhéud sí teacht ’n-a treó ná
insa n-áit chuige agus bhíodar féin ag eachtaraí dhá chéile
ar nach aon bhóthar a thug sí uirthe agus nach ao’ ní’.
"Anois ná bac san," ar seisean, "níl a bás súd lé fáil do deó",
ar seisean, "agus ní caillfear í ach oiread agus ní féidir í mharú agus
bean a’ cuíneamh agus a’ chuardach féuch cabhail a bás lé
fáil i dtaobh éicint. Imig ort agus ní dh’fhágfad-sa aon
easb' ort agus téir isteach ’on "hotel" agus bhí caitheamh leat féinig
ănn agus bead-sa díol asat i gan ’ios d’éinne agus bei’ mé
á dh’fháilt amach, ligfi’ mé orm do bhfuil ana-éileamh agam
ar a’ gcailín ar a h-inghean nuair athá sí sa insa chló go
bhfuil sí agus bei’ mé a diarra gabháil laistiar do na máthair
uirthe agus a’ spioga fúithe agus béidir do mbuinfinn bhuaithe agus
do bhfaghach sí ’mach cabhail bás a máthar agus do niúsfach sí
dhom é."
Mar sin a bhí do ghaibh sé trasna ’máireach ar a’ gcailín
"I gcúntas a’ tsaoghail," ar seisean, "nách breágh ’n bean a dhin duit," ar sisean, "agus
nách trua mhór dheacarach," ar seisean, "mar fear ana-bhreágh b’eadh é
féin", nách trua mhór dheacarach," ar seisean, "ná fuil do mháthair ar thaobh
éicint do mbeithfá ’gam lé pósa."
"Do phósfainn-se tusa leis mhuis," ar sise, "ná [dá] bhféudfainn féin
é mar ní chím do shamhlú d’fhear i n-aon áit."
"Bí a’ cuardach," ar seisean, "agus a’ cuardach agus a’ braistint fhéuch cabhail
a bás in aochor," ar seisean, "féuch a’ bhféudfaimíst aon lámh a dhéunamh
uirthe do mbeach an áit fúinn féin."
Bhí sí a’ "place"-áil a máthar agus a’ cuardach uirthe agus dúirt
sí léithe go raibh sí ag úntaráil an-mhór lé laetheannta agus
go dócha go b’amhlaig a bhí sí chuig bás a dh’fháil.
"Ó ní h-eadh n-aochor", adúirt a mháthair léithe, ní h-eadh
n-aochor," ar sise. "Níl mo bhás lé fáil go deó," ar sise.
Bhí sí a’ g'bháilt sa g'bháilt di amáireach sa manathar is na
h-aon rud is í cainnt léithe gcúnaí agus í trácht tharrais a’ mbás do
raibh sí dul chuig deire is na h-ao’ ní'.
"Níl mo bhás lé fáil chuige," ar sise, "go dtí go ngeárrfar a’ crann
mór," ar sise, "atá ’mu’ insa choíll agus is sé’n áit athá’n tua gheárrfach é
sin," ar sise, "tá sí ’stig fé’n gcúinne thiar thuaig do’n dtig," ar sise, "tua
agam féin a gheárrfach é sin agus ní geárrfar go deó é agus níl
aon fhear chuig é ghearra", ar seisean (ar sise), "ach White Gearamáin is fhéuch a’
ngeárrfai’ sé é," ar sise, "tá ratha [reithe] ansan istig," ar sise, "agus tá
ratha ’stig sa chram," ar sise, "agus imeóig a’ ratha ’mach as a' gcrann
agus imeóig lacha ó’n ratha san," ar sisean [ar sise] "agus t-ubh a bhéurfaig a'
lacha," ar seisean [ar sise], "ná [dá] agus bhfaghainn-se buile dho’n ubh san fhéuch
maróch buile do’n ubh mé," ar sise, "agus núthaire níl aon dul go deó
ar é sin a dh’fháil," ar sise, "ná a dhéunamh."
"Ho-o-ó, níl," adúirt a’ bhean eile
Ombasa má seadh do tháini’ sí agus do dúirt sí lé White Gearamáin
do bin é é.
Seadh ní raibh White Gearamáin abhfad á dhéunamh agus do bhí'n obair
déunta ’ge agus an t-ubh greamuithe ’ge. Do bhí sí sin thíos i mbéul a’
san i gcúnaí a’ bruic leótha agus n’fhéudfainn-se aon scéul a dh’ínnsint
ortha san ach stócha go beana chaitheadar a saol mar bhíodar.
Do chuala é sin, Péigí Séars a chuala á rá san. Tá fiche
blian ó shoin ánn ó chual' é. Anso ’stig i mbaile bhíocáire chual'n é,
oídhche bhí sé ánn.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.