Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0342, Leathanach 0582

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0342, Leathanach 0582

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
An Chailleach Bhéarach
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí
triúr inghean aca. Bhí seomra sa teach
agus bhí cathaoi sa seomra agus
duine ar bith a shuidhfheadh inntí bhí
rud ar bith ba mhian leis le fághail aige,
acht ba doiligh cúig a' chur ar an bhfear
agus bhiodh an seomra i comhnaidhe fé ghlas aige.
Lá amháin dimtigh an fear ag
fiadhach agus d'fhág sé an iocair sa nglas.
Chonnaic an ingnean a boige an iochair
agus d'innis sí don dara ceann é agus
dinnis sise don triomhadh ingnean é.
Chuaidh an triomhadh duine agus bhain
sí an glas agus shuidh sí i gcathaoir
an fheasa agus d'iarr sí fear chomh-breágh
leis an ngréin a bheith ar a tóir maidin
lár na bhárach. Chuaidh an dara ceann
isteach agus d'iarr sí fearr chomh breágh
leis na realta a bheadh ar a tóir
an lá 'na dhiaidh sin agus suidh an ceann
a b'óige sa gcathaoir agus d'iarr sí fear
eidir eatorra a bheadh ar a tóir an lá
ina dhiaidh sin. Nuair a tháinic an t-athair
abhaile chonnaic sé an iochair sa nglas
agus sgiob sí mar cheap sé nach bhfaca
na h-ingeaneacha í. Maidin lár na bharach tháinic
fear le coiste agus capall agus d'iarr sé bean
a chur amach eige. Cuireadh. Bhí siad ag
imteacht agus ag sior imteacht gor tháiniceadar
go dtí teampall. Mharbhuigh sé an bhean agus
rinne sé ceithre ceathramhna dí agus chuir sé
ceann in 'chaon cornéal den teampall.
An mhaidin 'na dhiaidh sé tháinic fear eile
agus thus sé leis a bhean féin. Nuair a tháinic
sé go dtí an teampeall mharbhuigh sé í agus
chuir ceathradh in 'chaoin chornéal den teampeall.
An tríomhadh maidin tháinic fear eile agus
thug sé leis an ingnean a bóige.
Bhiodar ag imteacht leobhtha gur thainiceadar
go dtí teach agus dubhairt an fear leis
an gcailín dul isteach agus tine d'fheadadh.
Chuaidh sí isteach agus chuir sí síos teine
Chuaidh an fear isteach na diaidh agus d'oladar
taé. Nuair a bhí an taé olta aca d'iafruigh
an fear don bhean cé aca a b'fearr léithe
bheith 'na capall sa lá agus 'an fear san oidhe
ná ina fear sa lá agus 'na capall san oidhche.
Dubhairt sí go mbearr leithe ina fear san oidhe
agus 'na capall sa lá. Annsin bhiodh sí ina fear
san oidhche agus ina capall sa lá.
Lá amháin dfág sé a filéad ar an bhfuinneóig
agus chuaidh sé siar sa seomra. Rug an bhean
ar an bhiléad agus chaith sí sa teine é.
Táinic an fear aniar as an seomra agus
dubhairt "Ó tá mé réidh leat anois." Shíl sise breith
ar an bhfiléad acht bhí sé dóighte. Amach leis
ar an bhfuinneóig agus nuair a bhí sé amuigh
bhí sé ina shneag breac (magpie). Amach léithise ina
dhiaidh. Dimtigheadar leobhtha agus nuair a
bhiodh seisean ar an árdán bhiodh sise ar
an isleán agus nuair a bhiodh seisean ar an
islean bhíodh sise ar an árdán. Tháinic an
oidhche agus chuaidh an fear suas i gcrann
agus chuaidh sise isteach i dteach. Níor
codhlaigh sí morán san oidhche agus ar
maidin dith sí a bricfeasta agus fuair sí
piosa de císte agus cuile uair a n'iteadh sí
greim de chuimhnigheadh sí ar a chuile nídh san domhan.
Dimtigheadar leobh annsin gor tháinic an oidhche
agus chuaidh an fear suas i gcrann agus
cuaidh sise isteach i dteach. Chodlaigh sé go maith
an oidhche seó agus nuair dith sí a bricfeasta
fuair sí raca agus nuair a chuirfheadh sí ina
cuid gruaige é bheadh an cúl gruaige
a b'fearr sa domhan uirthí. Dimthigheadar
leobh aríst gor tháinic an oidhche. Chuaidh seisean
suas i gcrann agus chuaidh sise isteach i dteach.
Ar maidin fuair sí spoilín snáithe agus nuair
a sháidhfheadh sí sup suas ann thuiteadh sé
anuas ina ribín shíoda. Dimtigheadar leobh arís
gor thainic an oidhche agus chuadar 'un
suaimhnais mar cuaidh an oidhche roimge.
Fuair sí gablaoireach ar maidin nach gcinfheadh
uirthí rud a bhaint amach léi. Fuair sí
siosúr i dteach eile agus eadach ar bith a
mbainfhaidh gibse as éadach leis bheadh sé ar an
éadach ba bhreaghtha da domhan. Biodar ag
imteacht leobhtha annsin agus nuair a bhí sise ar
an isleán bhí sé seisean ar an árdán.
Tharraing sé sop as an talamh agus dosgail
an talamh agus síos leis. Nuair a thainic an
bhean go dtí an áit ar tharraing sé an sop
thosuigh sí fhéin ag tarraint suip acht
dá mbeadh sí ag tarraint ó shoin ní
tharraingeochadh sí an sop ceart.
Thuit sí 'na codhladh le tuirse agus céba
cáide a bhí sí ina codhladh bhí an taobh dhen
cota a bhí fuithí lobhtha. Nuair a dhuisigh sí
ní raibh a fhios aicí cen ball den domhan a raibh sí
agus na theannta sin bhí ocras uirthí.
Cuir sí a lámh ina poca agus bain sí sglamh
as an gcíste agus cuimhnigh sí ar chuile shórt
sa domhan. Thóg sí amach an siosúr agus
bhain sí gibse as a cóta agus bhí an cuthlaigh
ba breághta ar domhan uirthí.
Thairaing sí sop le cuir suas sa spól
le go dtitfheadh sé anuas ina ribín síoda
acht cén sop é acht an sop a tharraing
an snag breac agus d'osgail an talamh agus
síos leithe. Ba é mac na Callaigh Béaraigh
a bhí s asnag seó agus bhí a cuid fear
faoí éint na mrá le í mharbhú, agus nuair a
nuair a chonnaic siad an bhean bhreágh níor
mharbhuigheadar í acht dubhradar leí dul síos sa
teach a bhí in aice leobhtha. Rinne sí amhlaigh
agus nuair a tháinic sí go dtí an doras bhí bean
an tíghe ag caoinead. "Cén fáth do caoineadh
a' bhfuil docar a fhiafruigh duit" adeir an
bhean óg. "O muise níl" adeir bean an tíghe
"Tá léine ag mac na callaig béaraigh ar a bhfuil
braon fola ar a brollach agus tá an chailleach
ghá tabhairt do chuile bhean óg ar a' mbaile
agus an té nach nglanfhaí í bainfear an
ceann dí agus tá sí ag m'ingnín-sa
anois agus tá ag cinneadh uirthí i ghlanadh"
"Teasbáin domsa í" adeir an bhean óg
Theasbáin. Chuimil sí an ghalloireach dí agus
bhí sí chomh glan le criostal.
Annsin dubhairt an bean siubhail le ingnín
bean an tíghe a rádh leis an gcailligh gor bí
féin a ghlan í. Thug sí an leine suas
don chailligh. D'fiafruigh an chailleach cé ghlan
an léine. Dubhairt sise gorbí féin
"Ní thú" adeir an chailleach. "Cé tá sa teach agaidh"
Dubhairt ingnín bhean an tíghe go raibh bean sa teach aca.
Dubhairt an Cailleach Bhearach leí a cloigeann a
leagan anuas ar an mbloc agus bhain sí an
cloigeann dí. Chuir an Chailleach Bhéarach cailín
darab ainm Cul Carach a thóir na galaoireach
a ghlan an léine. Dubhairt an bhean siubhail go dtiubrach
sí an ghalloireach duithe acht í leigean a codhla
le na mac. Dubhairt an Cailleach go leigfhead
agus annsin fuair sí an gallaoireach.
Nuair a tháinic an oidhche cuaidh an bhean
a codhladh le mac na caillaigh bearaigh acht ní
labhrocadh mach na caillígh léi. Ar maidin chuir
an chailleach amach as an leabaigh í.
Chuir an Chailleach Cul Carach ar thoir an
raca agus fuair sí é as í leigean a codlaid le
na mac. Chuaidh sí a chodhladh leis acht ní
labhrócadh sé léithe. An lá a chuir an Chailleach
Cúl Carach ar thor an raca bhain an
bhean sgealpóg leis an siosúr as guna an
chailín an bhí an cuthlaigh b'fearr sa domhan uirthí
agus nuair a chonnaic an Chailleach sin
cuir sí Cúl Carach ar thóir an t-siosúir.
Fuair sí é. Annsin leigh an cailleach a chodhladh le
a mac í. Dubhairt sí leis ar maidin nuair nach
labhrocadh sé léithe nach raibh aon ghreim aicí ar
ná baint leis acht chaith sí isteach fáinne sa leabaidh
chuige. Chuaidh sí abhaile annsin agus thóg buachaill eile
an fáinne, annsin cuaidh sé féin agus mach na
Caillaigh Bearaig ag fiadhach.
"Cén bhean a bhí a chodhladh leat areir" adeir an buachaill
"Ní raibh aon bhean" adeir mac na Callaigh.
"Bhí" Thosuigh fearg ag teacht ar mac na callaigh.
"Bhí" adeir an buachaill "agus nuair nach labhrocfá
leithe chaith sí an fáinne seo isteach sa leabaidh
cugat." D'aithnigh an fear an fáinne agus dubhairt
sé go mbéidir go raibh. "An dtugann an Chailleach
aon deoch duit roimg codhladh" adeir an buachail.
"Tugann" adeir mac na callaigh. "Nuair a bhearfaidh
sé dhuit é anocht leig siar le do ghiall é" adeir an buachaill.
Cuaidh an bhean óg a codhladh leis agus bhí sé
indon labhairt léithe. Maidin lár na bhárac thainic
sgeala chuig an gcaillig go raibh a drothair a bhí sa
domhain thair tinn, agus cuaidh sí breathnú air.
Ann ní raibh acht an dá chúpla sa teach agus bhí chuile
shórt trí chéile ar theacht na Cailligh. "Tá sí ag teacht
agus marbhocaidh sí muid" adier cúl carach "agus níl
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.