Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0304, Leathanach 0525

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0304, Leathanach 0525

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Bladhman Mhic an Úbhail.
Do bhí rí fadó ann, is minic a bhí
tá fós is beig aríst agus sé’n ainm
bhí air Rí Laighean. Sé ait a chúnaig sé
thoir i mBaile ’n Ghóilín. Do bhí
beirt mhac aige agus ’nghean agus bean
ana-bhreágh b’eadh ’n ’nghean agus bhí
sisear mná coílleachta faréithe na
h-aon lá sa mbliain. Ní raibh
aon dul amach tharais a’
ngáirdín aice ná tharais a
gcúirt. Seadh ghaibh sí ’mach lá
breágh gréine í fhéin agus a
seisear mná coílleachta agus má ghaibh
do bhí. crann úbhal sa gháirdín
sin is ní dh’fhás aon úbhal
riamh air, ach ar línn do
’nghean Rí gabháilt tharais
chonnaic sí úbhal dearg craidhreac
air ghlac dúil a’ domhain
sa n-úbhal í agus dubhairt sí
lé ceann dos na mná
coílleachta go mbfeárr léi ná’n
saoghal go mbeach a’ túbhal
aice. Seadh tugach a’ t-úbhal
dhi agus dh’ith sí ’n t-úbhal
agus ar línn gabháilt isteach di
cé bheach roímpe i mbéul a’ duiris ná
’n seanndraoí. Ní raibh aon rí ná
bíoch seanndraoí fadó ’ca.
"Ombriathar," ar sisean, "a ’nghean a Rí, "go
rabhais a’ gabháilt amach," arsa sisean "
tán tú id’ mhnaoí snaidhmtha a’
gabháilt isteach," ar sisean
Chualaig a’ Rí é.
"Gud é sin agat á rá?" arsan
Rí," ar sisean
"Deirim é," arsan seanndraoí," ar sisean
tá sé i gceist," ar sisean
Rug a’ Rí uirthe agus d’fhiafrui’
sé di cad a dhin amhlaig ó shoin
í. Dubhairt sí ná feaca sí
aon fhear ach oiread is chonnaic
an té bhí marbh.
"Cad i dhin leat é mar sin?" ar sisean
"Well," ar sise, "a’ chann san ná
dh’fhág aon úbhal riamh air,"
ar sisean "bhí úbhal dearg craidhreac
fásta indiu air," ar sisean "agus d’itheas,"
a’ t-úbhal san mara bé sin é.
"Sin é dhin é," arsan seanndraoí," ar sisean
Seadh méid borrach a’ lá
dhi do bhorrach an oídhche di ’sa
méid ná borrach an oídhche do
bhorrach a’ lá dhi. Fé cheann
trí rátha ’n lá san rugach
mac di is sé ainm a tugach
air, Bladhman Mhic an Úbhail. Seadh
ombaiste bhí Bladhman ag éiriú
suas ’n-a garsún. is bhí sé
’meacht ó bhliain go bliain go
raibh sé g-éirithe suas n-a
slataire maith fir agus gan ao’
chúram air cóir mhaith aige
agus é foghluim lú, neart is
gaisce ó n-úncailí. Seadh tháinig
lá seachtaig is chuaidh a’
dá úncail, beirt mhac a’
Rí suas ar gcnoc
a’ fiach is má chuaidh ní
mharuíodar ao’ ní ach
giorrfhia teacht abhaile dóibh.
529
seadh do shíl braon fola ó’n ngiorrfhia
trís a’ seachta
"N’fheadar," arsa duine 'ca, ar seisean "’nois
cá bhfaighimís bean cómh breágh go
mbeach fuil dearg trí ghile," ar sisean "agus
ceann ar dhath chlúimh a’ ghiorrfia,"
ar seisean.
"Ó niúsfaig a’ seanndraoí dhuit é,"
arsan dritheáir.
Seadh thánadar abhaile is
cheistíodar a’ seanndraoí a’ raibh
ao’ bhean sa domhan dubhairt sé go
raibh ’nghean Rí na Gréige.
"Seadh," arsan mac críona," ar sisean
raghai’ mé a’ déunamh árthaig."
ar sisean lé n-áthair, "amáireach."
Thug sé leis a chip sa
mheannuithí ’ca lún i gcóir a lae
soir go dtí Poll a’ Daimh dar
leis fhéin is feárr a bhí adhmad
agus bhí sé a’ gabháilt soir ar
maidin agus nuair a bhí do bhuail
sin bhuait," ar sisean, "triallód-sa [triallfad-sa]
amáireach í," ar sisean
Seadh d’imi’ sé lar na mháireach
air sa chip sa mheannithí thiar
air, sa lún bíg gcóir a’ lae
’ge agus bhuail a’ tsruithín leis
fé mar bhuail leis a’ ndritheáir
a’ lá roimis sin."
"Cá raghair a’ tarna mac a’
Rí?" ar sisean.
Raghai’ mé a’ déunamh cro
géann," ar sisean.
"go n-éirí. leat," ar sise,"i gcóir
agus i gceart."
nuair a chuai’ sé ’n imeall
na coille stropáil sé dho ’nuas
is fé mar bhuineach sé ’n
crann théighach an crann in
ionad féin i gcró na géanna
[ngéann] is á mbeach sé ó
shoin sa choíll n’fhéudfach sé
aon áthach a dhéunamh. Chaith sé
teacht abhaile tráthnúna is
tuirseach tnáite. Seadh bhí
bladhman sa 'yard' nuai’ a
tháini’ sé bhaile tráthnúna is
dh’fhiafrig a’ dritheáir do."
"Seadh ndinis í?" ar sisean.
"Níor dhineas," ar sisean.
"N’fheaca riamh sibh," arsa
bladhman "beirt gan mhaith iseadh
sibh," ar sisean.
"Tugaoíg dom-sa na h-úirlisí."
ar sisean "is cuirfi’ mé geall go
ndéunfai’ mé árthach duibh," ar sisean
"é, cad a dhéunfá-sa," arsan
t-úncail," ar sisean, "n’fhéudfá faic
a dhéunamh tán tú ró-óg,
tó lag."
"Spáin i leith iad," ar sisean
"Ombriathar go bhfuair bhailibh
leis lar na mháireach a lún
bíg i gcóir lae air is
bhuail a’ tsruithín leis in
imeall na coille fé mar bhuail leis
a’ dá úncail a’ dá lá roimis
sin.
"Cá raghair a bhladhman mhic an
Úbhail?" ar sisean.
"Raghai’ mé déunamh árthaig," ar sisean
go n-éirí‘ leat," ar sisean 'i gcóir agus
i gceart."
Seadh ambasa féinig nuair a
chuaidh Bladhman soir go dtí ’n
gcoíll bhí sé féuchaint gud
é’n choíll is feárr aca go
dhéunfach raibh adhmad ínnte
dhéunfach árthach ach do bhuail
paiste beag leis. Dubhairt sé
go ndéunfach sí seo an bheart
stopáil sé dho ’nuas agus má
strópáil chuai’ sé a’ triall ar
chrann mór a bhí san ann dar leis fhéin a
dhéunfach a’ cille, bhuail sé
buile dá thuagh ar a’ gcrann
agus thóg ’níos as a phnéucha
do’n gcéad bhuile é agus do chuaidh
a’ crann san n-ionad
fhéinig isteach mar chille
ansa n-árthach is fé mar bhuineach
sé crann théigheach a’ crann
in ionad féin sa n-árthach agus
ar a sé chlog tráthnúna bhí’n
t-árthach déunta suas aige
fé na trí cruínn is fé
na seólta is fé na théuda
agus n’fheadair sé connus
a chuirfeach sé ar a’
bpoll ansan í ach d’imi’ sé
suas sa choíll is fuair
sé sean-órd a bhí ann
agus bhuail sé buile thiar i
bpoll na stiúrach uirthe is chuir
sé do’n mbuile. sin amach
glan ar Pholl a’ Daimh í agus
phreab sé n-a diaig agus
chuai’ sé ar bórd agus
scaoíl sé síos anncuire
Tháini’ sé bhaile agus bhí na h-úncailí
roimis ansa 'yard'.
"Seadh bhfuil sí déunta ’gat?" ar sisean
"Tá a-ho-o, is mise dhin í," ar sisean
"nú ní dhéunfach sibh-se go deó
í," ar sisean.
"Cabhail sí?" ar sisean
D’imíodar síos go dtí barra na
trá. Chonnaiceadar a’ t-árthach
is dise chonnaiceadar riamh age
bladhman tréis a’ lae
Seadh dubhairt a’ bheirt mhac ansan
leis a’ Rí an oiread san martanna
mharú sa n-oiread san caereach
agus an oiread san bíg a chuir
sa n-árthach. go raghaidís ’on
Ghréig a’ triall ar ’nghean Rí
na Gréigé. Seadh chuir sé fios ar
a bhúistéir. Mharaibh sé an
oiread san martanna an
oiread san caereach is nuair a
chuai’ sé dtí ’n bácaer
thug sé an oiread san ’ráin
leis. Chuai’ isteach i dtig
táirne is thug sé an
oiread san buidéil beóir is
fuiscí is na h-aon rud
leótha. Seadh cuireadar lún
lae is bliana ínnte do
h-áirithin gcóir a’ bhóthair ach
bhí sé ollamh ansan ar maidin
agus nuair a bhíodar a’ meacht
theastuig ó bhladman go raghach
sé ’n aoch leótha. D’iarr sé
ort é ligint in aoch leó.
dúbhradar leis ná
ligfidís go raibh sé ró-óg.
Seadh do sheóladar go h-áirithín
ó Pholl a’ Daimh agus bhí
bladhman a’ meacht as a
meabhair. Dubhairt sé lé na
mháthair is lé n-athair-críona
leis a’ Rí ná beach sé uair a chluig
aige mara ligfaí é féin in aoch leótha
"Dhere grá gil," arsan t-athair críona
"n’fheadar cad deirim leat," ar sisean, "níl
cluíomh ná faic agat," ar sisean,
bhfuil an’ tseana-chluíomh agat?" ar sisean lé
n-athair críona.
"Tá," ar sisean "Sin seana-chluíomh,"
ar sisean "do bhuaig m-athair-críona féin
mharaibh sé gaisciach leis."
ar seisean.
D’imi’ sé ’náirde fé chois a’
cúpla is thairrig sé chuige ’nuas
é. Bhí sé lán do mheirg is do
chroth bladhman é is do chuir sé
seacht cóta meirge dho. Dhin sé
cómh geal lé h-eala é. Ní
dhin sí ao’ rud ach ’meacht siar
dtí ’n 'tower’ is bhí sí an
Fiach i leith a’ t-árthach ’ge ’n
mbeirt úncailí is ’on diabhal
rud a dhin sé ach barra chluíomh
a bhuala é is é fhéin a sgaoíle
síos. Léim sé ’steach ar bórd
chúcha dtí ’n mbeirt úncailí
N’fhéudfad-sa aon chóiriú catha chuir
air. Ach bhuineadar amach Rí
na Gréige. Bhí tráig bhreágh
ansan, cuan breágh ciúin cneasta
ann ná raibh fíú ’n tonn dá luasca
ná fiú ’n phríocháin ó’n aer a’
cac air. Cuireadar téud.
i muir is thugadar téud dtir.
Thugadar feistiú lae is
bliana ar an árthach á
mbeach is ná beidís bhuaithe
ach uair chluig. Lar na
mháireach dubhairt mac críona
’n Rí raghach sé féin i
dtír.
"agus fanaoíg-se ansan," ar sisean lé
na dhritheáir is lé bladhman,
"Mara mbead-sa anso i gceann
lae agus blian," ar seisean, "a bíg a’ cuir
díbh abhaile."
D’imi’ sé air i dtir lé na bháidin
beag agus má dh’imig ní fada ’steach
a bhí sé nuair a bhuail coíll leis
agus ní raibh sé ach istig sa choíll
nuair a bhuail splanncacha leis. Bhí
sé á dhala ’mach age splanncacha
N’fhéudfach sé dul trí troithe
chaith sé casa bhaile ar an árthach
tháini’ sé ar bórd.
"Seadh," ar sisean arsan dritheáir," ar sisean, "ní
dhinis a’ bheart."
"Ó gcúntais lé n’fhéudfainn é. Téunaoíg
abhaile," ar seisean.
"Seadh," arsan dritheáir, "raghad-sa
dtír amáireach triallfad é," ar sisean
Chuaidh a’ dritheáir i dtír agus
sé ’n cleas héadna dh’imigh air,
chaith sé casa.
"Téunaoíg abhaile," ar sisean
"Seadh," arsa bladhman," ar sisean, "ligíg
mise dtír," ar seisean.
age splanncacha agus má bhí bhí sé a’ cuir
a chluíomh roimis agus é á ghárdáil
féinig is a’ sgolta na splanncacha
go gcuir sé an choíll do ach
nuair a tháini’ sé ’mach as
a’ gcoíll ansan bhí bhóthar breágh
réig mín roimis, socair, is bhí ’n
oídhche déunamh air do bhuail tig
ar thaobh a’ bhóthair leis agus bhí
seanduine críona agus a dhá ilinn
anuas ar a’ gcúla bheag
aige.
"Mhuise dé bheatha a bhladhman mhic
an Úbhail ó Éirinn anso," ar sisean
"dhere mairi’-se abhfad," arsa
Bladhman. "Nách maith an aithine
tá ’gat orm," ar sisean
"Tá go maith," ar seisean "Is mú
lá seirbhíse a thugas-sa do
t-athair," ar seisean "nuair a bhí sé
óg," ar seisean "bhíos in aimsir aige,"
ar sisean."Tair isteach go lá. Tá’n
oídhche ’nois agat," ar sisean, "agus ní fiú
dhuit dul a thuille tá do
h-aon tig abhfad bhuait," ar sisean, "is
tair isteach go lá," ar sisean, "agus bé
nách h-olc í mo chúirle
dhuit i gcóir a’ bhóthair amáireach," ar sisean
"Dhere," arsa bladhman," ar sisean
raghai’ mé dá chúrtha ná fuil aon
dochal ort," ar sisean.
Seadh chuai’ sé steach agus
dá fheabhas a thug a mháthair
cabhair age baile dho ’on
diabhal go raibh a’ chóir
chéudhna age ’n seanduine
dhineadar trí treana do ’n
oídhche trian di chuin sgéultóireacht,
trian di chuin óil is trian
eile chuin codlata.
"Seadh ’nois," ar sisean lé bladhman
"cail do thriail [triall] amáireach?"
"a’ triall ar ’nghean Rí na
Gréige," ar sisean.
"Tá cúram ort," arsan seanduine," ar sisean, "Is
mú gaisciach maith fir marbh mar gheall
uirthe sin," ar sisean, "tá muarán saighdiúirí
’ge sin is caithfi’ tú nach aon fhear aca
mharú seara bhfaighir í," ar sisean.
"Níl ao’ bheann agam ortha," arsa
bladhman," ar sisean.
"Seadh ’nois," ar sisean nuair a bhí sé ’meacht
ar maidin bhuaig, "tair chúgham-sa
i gcóir a’ tráthnúna," ar sisean "ná téir
’on chúirt go deó," ar sisean go dtíocfair
chúgham anso," ar sisean "ar pháirc
a’ bhuailthe go mbeir-se a’ cúrac
amáireach," ar sisean, "thíos i mbun
an pháirc," ar sisean, "tá fear anáirde
i gcrann ann go nglaodhann siad
a’ crochaire tarlomarach air," ar sisean
"Tá sé ansan anáirde lé
seacht mbliana mar bhí sé
a’ faire ar ’nghean a’ Rí
a dh’fhuadach," ar sise "agus cuir a’
Rí ’náirde lé deasa é," ar sisean "Thá
sé greamuithe ansan anáirde lé
seacht mbliana," ar sisean "agus má
sgaoíleann tú é," ar sisean, "fé mar
sgaoílfir snaidhm do," ar sisean, "tiocfaig
dá shnaidhm ort féinig agus
bei’ tusa anáirde agus é sin ar
a’ dtalamh agus sguabfai’ sé ’nghean
a’ Rí bhuait," agus " déurfai’ sé
leat é sgaoíle tréis a’ lae," ar sisean, "ach
ná buin lé féuchaint air," ar sisean
Seadh nig sé lá is aghaig is
dh’iarr sé cabhair is trócaire
gcóir a’ bhóthair agus thugach sé
gleann do cosa bucóid leis
is seacht n-acara, do léim
'hop and jump' is bheireach
sé ar a’ ngaoth a bhí roimis
is ní bheireach a’ ghaoth a bhí
na dhiaig air agus ar uair
a do dhéug bhí sé ’ge cúirt
’nghean Rí na Gréige is bhí sí
casa mór-dtuathal. Seadh dhid
sé léithe ’steach is bhuail sé dhrom
léithe is stad sé í agus bhuail sé
buile ar a’ gcuaile cúiric, sgread
sgiath is d’iarr cúrac do b’é
féin a’ fear ná chúl siar
riamh i ndiaig a thúna, aimsir
catha ná chruaig-chúiric, fear a bhí
ábalta ar chóir is ceart a
bhuint amach, fear a thúbharfach cóir
is ceart bhuaig ní feárr cé
thúbharfach bhuaig é.
"Fo fo," arsan Rí ar sisean, "a leithéid
sin do bhuile ná buaileach ar
mo chúile cuiric faid atháim
anso," ar sisean "agus ní fláir," ar sisean lé
Micí na Muc, sin é ’n seirbhíseach
a bhí ’ge, "do bhfuil gaisciach
éinteach cóir amu’," ar sisean, "Téir
amach," ar sisean "lé Micí," ar sisean
"fhéuch cé tá ’mu’."
Chuaidh Micí ’mach.
"Cu’ tá bhuait?" ar sisean.
"Tá cúrac," ar sisean, "nú ’nghean a’ Rí."
Tháinig Micí ’steach. "Cé h-é tá ’mu?" ar sisean
"Ó tá gaisciach," ar sisean, "fear beag
iseadh é," ar sisean, "ach sé fear is dise," ar sisean
"luig súil duine riamh air," ar sisean
"Ca’ tá bhuaig?" ar sisean
"Tá cúrac," ar sisean, "nú t-inghean."
"Abair leis," ar sisean "go gcaithfi’ sé
iad a cúrach."
"Téir amach," ar sisean, "fhéuch a’
bhfuil puínn bhuaig."
Chuaidh Micí na Muc amach
go dtí bladhman is dh’fhiafhrui’ sé
do bhladhman cad a bhí bhuaig.
"Tá seacht céud ar
mo láimh dhis," ar sisean, "seacht céud
ar mo láimh chlé, seacht
céud im’ dhiaig aniar," ar sisean, "is
oiread go léir rúm amach
Is iad a sgaoíle amach," ar sisean, "as
seacht geata chúgham," ar sisean "lé h-órdú
seachtair," ar sisean.
D’imig bladhman air suas sgaoíleach
amach chuige na saighdiúirithe go
léir is fé mar thagach fear
amach as a’ ngeata
do bhí ’n ceann sciopthaithe ’ge
bladhman dóibh tráthnóna. Ar a
sé chlog tráthnóna bhí cnocán
déunta dá gcuid airm aige
is cnocán déunta dá gcuirp
aige is cnocán eile dá
gcuid éadaig aige ach bhíodar
marbh aige is é gabháilt tharais
a’ gcrann so.
"Mhuise mo cheól tú bladhmain,"
ar sisean. "Tá ana-ghaisce déunta ’gat," ar sisean
"Is ó thá’n ghaisce go léir
déunta ’gat bfearra dhuit mise
sgaoíle," ar sisean.
"Dhere an té chuir anáirde
tú," arsa bladhman, ar sisean "sgaoíleach
sé tú," ar sisean
Chuai’ sé dtí ’n gcúirt dtí
’nghean a’ Rí agus níl aon bhall do
ná thuit i ngrá léithe agus thuit
sí leis agus bhí sé ag oscailt
na [a] seabhamra go raghach sé ’náirde
go ’meóch sí ar fad leis.
"Ní imeó’ mé choídhche ná go deó
thú," ar sisean "go mbuadhfai’ mé lé
'fair play' glan tú," ar sisean.
Seadh chuai’ sé dtí ’n seanduine
agus má chuaidh an méid a bhí
geárrtha a laitithe do bhí oighean slánuithe
’ge ’n seanduine. Chuir sé bladhman
síos ann is nuair a dh’éirig
bladhman as an óighean slánuithe
bhí sé cómh friseáilte lé ná
raibh sé in aon chath ná
buala riamh dhá fheabhas a bhí ’n
chéud oídhche bfeárr a bhí ’n
tarna h-oídhche ’ge.
"Seadh ’nois," ar sisean lé bladhman, "tá
ana-ghaisce déunta ’ndiu agat."
"Tá," arsa bladhman," ar sisean
"Tá oiread eile fós aige ’ca."
"Níl aon tsaighdiúir ’on tsaoghal a bhí
indiu aige," arsa bladhman, "mara
ndéurfair a thuille sgaoíle ’mach chúgham."
ar sisean.
Ach d’imi’ sé air lar na mháireach
agus má dh’imig bhuail sé buile ar
a’ gcuaile cúiric is thóg sé ’níos ó
na leath ar fad í.
"Ó Dia linn," arsan Rí, "a leithéid
seo do bhuile ná buaileach ar mo
chuaile cúiric riamh. Téir amach,"
ar sisean, "féuch ca’ tá ’ndiu bhuaig."
D’fhiafruig micí na muc do
cad a bhí uaig indiu. "Tá gach
a’ bhfuil do shaighdiúirithe ’on tsaoghal
age n Rí," ar sisean
Scaoíleach amach chuige iad agus
dhin sé fútha fé mar
dhéunfach seabhac fé sgata mion-
amáireach," ar sisean, "ach Micí na Muc."
"bin a bhfuil?" ar sisean.
"Sin a bhfuil," arsan seanduine," ar sisean
"buinfi’ sé sin babhta maith astut,"
ar sisean.
"Ná bac san," arsa bladhman, "ní
h-ao’ nath liom-sa é sin," ar sisean
Seadh dh’imi’ sé an tarna
tríú lá. Má dh’imig
bhuail sé buile ar a’ gcuaile
cúiric. Thóg sé ’níos ó’n
bh'foundation' ar fad í agus má
thóg:
"Téir amach," ar sisean lé Micí na
Muc arís, "is cúiric tú féinig é."
Seo lé chéilig iad lámh thíos is
lámh thuas is a’ tríú cor bhuail
sé Micí fé thíos."
"An ceann duit," ar sisean lé Micí
"Ná dhin," arsa Micí, ar sisean, "agus
bé go ndéunfainn cabhair mhaith
fós duit," ar sisean.
"Ní dhiarr éinne riamh sos
cúiric orm," ar sisean, arsa bladhman
"ach fear go dtúbharfainn do é."
Seadh sgaoíl sé lé Micí
bhuaig is bhí sé teacht ansan
go dtí ’n gcúirt chuin inghean
a’ Rí thúbhairt leis nuair a
labhair a’ Crochaire Tárlomarach
amach.
"seo ’nois a Bhladhmain tá na
h-ao’ ní déunta agus na
h-aon saighdiúir marbh," ar sisean "an
mhaith go leir déunta ’gat
bfearra dhuit mise sgaoíle," ar sisean.
"Stó mhuis," arsa bladhman,
sgaoílfi’ mé," ar sisean "déunfai’ mé
maith ort," ar sisean.
Ach seó ’náirde ar a’
crann é. Fhé mar sgaoíleach
sé sraidhm thagach dhá shraidhm
ar fhéinig tslí ’s go raibh
bladhman anáirde is an crochaire
tárlomarach ar a’ dtalamh is d’imi’
sé dtí ’n gcúirt. Dubhairt sé go
bé féin a mharaibh na saighdiúirí. Ní
dhin sé ach breith ar ’nghean a’ Rí is
í thúbhairt leis. Chuir sé ansan mar
bhreith is mar chleasa droma
draoídheachta air ná faghach sé í
phósa gceann [go ceann] lae agus
blian.
Seadh nuair a chuaidh Micí na
Muc a’ seóla na muc lar na
mháireach níl aon lá ghaibheach
Micí ’mach a’ dtuigeas tú ná go
ndeireach sé leis a’ gcrochaire, "tuille
’on diabhail chúghat anáirde," ar sisean, "ach
gaibh sé tharais a’ gcrann. Ní
raibh ’ios age Micí na Muc
faic.
"Tuille ’n diabhail chúghat anáirde," ar sisean
"Á-a," arsa bladhman, "má liom-sa
’n ceann a sgioba indé dhuit," ar sisean
d’fhéuch Micí na Muc anáirde
"Cé tá ’gam anáirde," ar sisean.
"Táim-se," arsa bladhman.
"gcúntais dé," ar sisean, "an tú tá náirde?"
"Ó is mé cheana," arsa bladhman.
"Cad a dh’imig ort."
Nis sé do Mhicí na Muc cad a
dh’imig air.
"Seadh," arsa Micí na Muc," ar sisean, "ní
bheir anáirde chúig núimintí eile,"
ar sisean, "Is mhór a’ truagh," ar sisean, "fear
maith a bheith ansan anáirde agus
dro-fhear a bheith ar a’ dtalamh," ar sisean.
Chuaidh mic anáirde is sgaoíl
sé bladhman fé mar sgaoíleach
sé sraidhm do bhladhman thagach
dhá shraidhm ar fhéinig agus bhí Micí
na Muc anáirde is bladhman
ar a’ dtalamh.
"Seadh," arsa bladhman, ar sisean, "ní
cheangló sé éinne go deó
’ríst," ar sisean.
thairrig sé chuige a chluíomh is
dhin sé cíop-róp dosna téudna is
do’n gcrann. Ní dhin sé ach ’meacht fé
dhéin na cúirte.
"Ó," arsan Rí," ar sisean, "téir abhaile dhuit
féin. Tá sí ’mithe bhuait," ar sisean, "fear
ná féudfair í bhuint go deó dho," ar sisean
dh’fhan sé ’n oídhche sin sa chúirt
ach go cháirithin. Seadh má dh’fhan
"Seadh raghai’ mé ’n-a dhiaig,"
arsa bladhman.
"Ní h-ao’ mhaitheas duit é," arsan
Rí," ar sisean "Tair i leith chúgham," adubhairt
a’ Rí, ar sisean. "Tá túbhaile anso ’gam,"
ar sisean. "Níl aon trus a leathfair amach
é," ar sisean, "ná [go] dtiocfaig na h-aon
bhia is maith leat air," ar sisean, "ach
ná cuir ao’ ní’ steach ann.
Caith bhuait na h-ao’ ní’ bheig
air," ar sisean.
Seadh, d’imig bladhman ’n-a
dhiaig ach do h-áirithin agus má dh’imig
agus é siúbhal géur tapaig agus bhí ’n
oídhche titithe air is gan tig ná
treabh a’ buala leis. Chonnaic
sé gleann mór ansan.
"Seadh," ar sisean "raghai’ mé anso
síos," ar sisean "ó spéir na
h-oídhche. Níl ao’ ghnú ’gam," ar sisean "a’
siúbhal a rith na h-oídhche," ar sisean.
"n’fheadar nách ainmhithe fiaine
bhuailfeach liom," ar sisean, "a
dh’íosfach mé."
Chuai’ sé síos agus nuair a chuai’ sé síos bhí sórt
riannán luatha ansan friseáilte.
dubhairt sé leis féin ná
bhfada roimis sin bhí teine
ann. bailibh a sé suas
cipíní is fraoch is na h-aon
rud agus dhin sé síos teine
bhreágh dho féinig a nuair a
bhí ’n teine aduithe ar
a thoil aige ansan, bhí ’n
t-ucaras air tairrig sé
’mach a thubháile, leath sé ar a’
dtalamh é agus tháinig na h-aon
sórt bíg a dh’iarr sé air. Bhí
sé ag ithe ar a thoil go breágh go
súgach do féinig nuair a chuala sé
chuige an gleó anuas trís an
ngleann, trís na clocha is trís a’
raithinig. Cad a ghluaiseóch chuige
ná cú a cos briste.
chú agus a cromán briste
"Mhuise bhfuil brúscar nú bráscar," ar sise,
"thúbharfainn dom’ chleán bocht athá
fhághal bháis lé seachtain leis an
ucaras? Tá dul dom aon ghreim bíg
a shláthar dóibh," ar sisean "mar
tá’n sioc agus a’ seachta ann."
"Mhuise," arsa bladhman," ar sisean, "did anall
liom," ar sisean "tá dóthain lé n-ithe agus
oiread ná féudfair a thúbhairt
leat," ar sisean.
Dhid sí chuige ’nall agus dh’ith sí
dóthain. Dubhairt sé léithe ansan
an tar-is-bhárr go léir a
bhailiú léithe.
"Muise mo ghraidhn go deó thú,"
ar sise. "Is tú fear a’ chroí
mhóir," ar sisea "Ní mar sin dom
aréir anso," ar sise "bhí ’n
cnochaire tárlomarach," ar sisean,
’nghean Rí na Gréige ’ge," ar sise,
’sa phaiste chéudna so a
chúnaig sé fé’n thán tusa
anocht," ar sisean "agus nuair a
loirgíos brúscar," ar sisean "a
thúbhairt dom’ chleáin," ar sisean "thug
sé fúm lé cloch," ar sisean, "is
bhris sé mo chromán," ar sisean
Seadh nuair a bhí dóthain
ithte ’ci is í bailiú
léithe:
"Má bheireann aon chás
cruaig deo ort," ar sisean, a
"glaoghaig ar Chúín Thrá’ na Mí."
Seadh shín sé siar chuin codlata
dho féinig. Dh’éiri’ sé ar maidin is
nig sé lá’ is aghaig is d’iarr sé
cabhair is trócaire ar dhia gcóir a
lae. bhailibh sé leis agus an oídhche teacht
air ní raibh tig ná treabh a’
buala leis ach gleann mór fhé mar
bhuail leis an oídhche roimis sin. Chuai’
sé síos ansa ghleann san agus bhí rian
luath friseáilte ann agus dhin sé síos
teine bhreágh do féin bhailibh sé na
cipíní is na h-aon sórt. Dhin sé
síos teine bhreágh. Nuair a bhí ’n teine
dearg ar a thoil ansan aige do thairrig
sé chuige éudach-cláir, leath sé ’mach
é agus a’ bia dh’iarr sé aréir
roimis sin air ní h-é dh’iarr sé
an tarna h-oídhche air. Bhí sé ag
ithe do breágh do féin ansan
nuair a chuala sé chuige an
fhuaim a’ gabháilt trís a’ ngleann
anuas agus cad a chídhfeach sé ná
do bladhman. Bhí ’ios aige ná rabhadar
abhfad roimis ansa tslí agus nuair a dh’ith
sé a dhóthain ansan, a’ seabhac,
bhailibh sé leis a’ méid a dh’fhéud
sé ’n-a chrúcaí is istig fé
na sgíatháin.
"Má bheireann ao’ chás cruaig go
deó ort," ar sisean "glaoghaig ar
Seabhac na Faille Fuaire," ar sisean.
Seadh shín sé tharrais is thuit
méul éinteach chodlata go lá
air. Nuair a dh’éirig sé ar maidin
nig sé lá’ ’s aghaig is dh’iarr
sé cabhair is trócaire gcóir a’
bhóthair. Do bhailibh leis agus má
bhailibh nuair a bhí ’n
oídhche teacht air ní raibh tig
ná treabh a’ bualadh leis ach
gleann mór fhé mar bhuail a’
dá oídhche roimis sin leis.
"Ambaiste," ar sisean "bé go ’nso
dh’fhanfach sé ’réir," ar sisean in aigine
féinig
Chuai’ sé síos agus fé mar bheach
an nimh ar an aithine do bhí
rian luatha friseáilthe ann, sa
ghleann
"Is dócha go ’nso bhí ’n biothúnach
aréir," ar sisean
Seadh bhailibh sé suas cipíní is
na h-aon tsórt a dh’fhéud sé
is dhin sé síos teine bhreágh
dho féin. Nuair a bhí ’n teine
dearg ar a thoil aige
thairrig sé chuige éudach
is leath sé mach é is
tháinig na h-aon sórt bíg
a iarr sé ar aghaig amach.
Seadh bhí sé ithe leis
agus ní mór a bhí ithte ’ge
nuair chualai’ sé chuige,
’nuas trís na sgeacha is trís
a’ raithinig na ’n glór. Cad
a chídhfeach sé chuige ’nuas
ná madar uisge agus a chos tosaig go
léir ’n-a dhá leath.
"Mhuise bhfuil brúscar ná bráscar
agat," ar sisean lé bladhman, "a thúbharfainn
dom’ chleán bocht athá fághail bháis lé
seachtain leis an ucaras?"
"Dhere," arsa bladhman, "tá. Did anall,"
ar sisean "Ná bíoch aon eagal ort," ar sisean, "tá
do dhóthain," ar sisean, "agus oiread ná
túbharfair leat," ar sisean.
"Mhuise mo ghraidhn go deó thú," ar sisean
"Is tú fear a’ chroí mhóir,
sochus a’ crochaire tárlomarach a
bhí anso ’réir go raibh ’nghean Rí
na Gréige farais," ar sisean, "Ní íosfach sí
greim is ní olfach sí bolagam is
bhíoch a’ bas fé na leath-cheann
is í gol go dúch," ar sisean
"Mhuise anso bhí sé ’réir," arsa
bladhman.
"Seadh," ar sisean
"Táim-se ’n-a dhiaig sin," arsa
bladhman," ar sisean
"Well," arsan madar uisge," ar sisean
"bei’ tú age na cúirt amáireach
ar uair a dódhéug," ar sisean, "agus
'landlord' talún iseadh é sin," ar sisean
"agus tá cíos seacht mbliana
anois amu’ aige." ar sisean, "agus mar
thug sé seacht mbliana anáirde
sa chrann," ar sisean "’ge Rí na
Gréige," ar sisean, "agus má bheireann
ao’ chas cruaig go deó ort," ar sisean
"glaoghaig ar Madar Uisge an
Phoíll Ghuirm," ar sisean
Seadh d’imig a’ Madar Uisge
bhuaig ansan is shín sé siar
chuin codlata agus nuair a
dh’éiri’ sé ar maidin nig sé
lá’s aghaig. D’iarr sé cabhair
is trócaire ar Dhia gcóir a’
bhóthair bhailibh sé leis. Thugach
sé gleann do chosabucóid is
thugach sé seacht n-acara do
léim 'hop and jump' leis. Bheireach sé ar
a’ ngaoth a bhíoch roimis is ní bheireach
a’ ghaoth a bhí ’n-a dhiaig air is ar
uair a dódhéug 'spy'-áil sé bhuaig
cúirt a’ cnocaire tárlomarach is í
caitheamh splanncacha sa n-aer
bhuaithe agus bhí sé déunamh uirthe is bhí
sé féuchaint connus a stopfach sé
í ach dhid sé léithe ’steach is bhí
sé cuir na splanncacha tharrais
leis a’ gcluíomh agus nuair a bhuail sé dhrom
léithe agus stop sé í bhí sé féuchaint
mór-tímcheall ach cá gcídhfeach sé
ná ’Nghean Rí na Gréige anáirde
ansa ghrianán.
‘Bailibh bhuan abhaile," ar sise leis. "Nuair
a bhíos-sa buaite ’gat," ar sise, "ní
chinís mé," ar sisean.
"Ná bac san," arsa bladhman, ar sisean
"bíoch misneach fós ort," ar sisean.
"Níl a mharú sud lé fághail,"
ar sise, "thá sé cómh maith agat cuir
díot."
"Ná bac san," arsa bladhman, ar sisean
"lig isteach mé," ar sisean.
D’oscail sí an ’neóg is bhí
sí déunamh 'tape'-eanna ansan
do smuit do chuilt a bhí ’stig
go dtúbharfach sí léithe níos
ar a 'tape'-eanna é.
"Dheré," arsa bladhman, "oscail
an ’neóig go maith dhom," ar sisean
D’oscail sí ’n neóig ar
fad do is bhuail sé barra cluíoimh
fé is chuai’ sé d’aon léim
amháin isteach sa ghrianán
chúiche
"Seadh ’nois," ars í sin leis, ar sisean
"geó sé siúd blath [bolath] an
éireannaig anso ’nocht," ar sise, "is
maró’ sé thú," ar sisean.
"Dhere ná bac san," arsa
bladhman, ar sisean, "raghad-sa ’on
tseiléar [‘cellar']," ar sisean
agus ní dhin bladhman ach forc a shá ’n-a
mhéir is shil sé braon fola ar
thairsin na finiúige.
"Má ghaibheann sé ’n blath,"
ar sisean, "abair leis is go spriodóigín a
tháinig ansan chúghat," ar sisean "go caithis.
a’ forc uirthe is go sil sí braon
fola," ar sisean "abair leis," ar sisean, "go bun é go bhfaghann
sé bhlath [bholath]."
Seadh nuair a bhrathadar a’ teacht
tráthnúna é ní dhin bladhman ach dul
síos sa t-seiléar agus bhí suipéar
ollamh aice seo roimis agus ambasa féin
má bhí nuair a tháini’ sé ’steach
na gluis ar na dóirse ’ge, is
níor bhféidir léithe gabháilt amach.
"Fo-fo," ar sisean "faighim blath [bolath] an
Éireannaig anso."
"Dher," ars í sin leis, "cad a
thúbharfach Éireannach anso?" ar sisean.
"Ó cum’ é. Faghaim a bhlath ann," ar sisean
"Níl sé ann," ars í sin. "N’fheaca-
sa aon fhear," ar sise, "ó fhágais indiu a
mé," ar sisean "go dtainís féin abhaile
tráthnúna," ar sisean.
"Well ’s cuma é," ar sisean, "faighim a
bh’lath."
"Well," ar sisean, "do bhíos ansan anáirde
a ghrianán tráthnúna is tair
anáirde go dteasbainfi’ mé dhuit," ar sisean,
"is tháinig spriodóigín ansan
amu’," ar sisean, "is bhí sí
diarra teacht isteach is chaitheas
a’ forc léithe is shil
braon fola uirthe ach is shin é
’n a fhuil ann," ar sisean.
"Á bé go b’é sin féinig é," ar sisean
Seadh nuair a bhí suipéar
ithte ansan aca is na
h-ao’ ní:
"Mhuise," ar sise "is ait a’ fear
thú. Is lán ait a’ fear
thú," ar sisean.
"Ca’ nach thaobh?" arsan crochaire
táromarach."
"Ca’ nach thaobh go bhfuileann tú im
fhágaint-sé anso," ar sisean "Cabhas dú-sa
cad a mharóch nú cad a dh’éireóch
duit go deó im’ aonar?" ar sisean
"Mo thrua mhór tú," ar sisean, "is deocair
mise mharú," ar sisean.
"Is cabhail t-anam? Bhfuil aon
anam in aochor ionnat?" ars– í
sin.
Tá anam ionnam gan dabht," ar sisean
Seadh dh’imi’ sé ’n tarna lá a’
bailiú chíosa nuair a dh’éiri’
sé ar maidin is má dh’imig
nuair bhí sé ’mithe tamall
ó’n dtig tháinig bladhman is bhí ’n
lá go súgach aca gcuileachta
chéilig."
"Seadh ’nois," arsa bladhman, "bí
bladar leis," ar sisean, "islig ort a
h-áirichin," ar sisean, "Ní baoghal duit mise," ar sisean
"nú’ caithfi’ mé tú phósa," ar sisean, "nuair
a bheig a’ lá is bliain suas. Ní
h-aon fhear eile," ar sisean "thiocfaig
chúgham go deó ’ríst."
"Seadh ’nois," ar sisean, "ós rud é," ar sisean "go
n’fhiafhruís dom é a’ gcideann
tú an bloc daraí sin thíos ansa
chisdin," ar sisean "ansan istig athá
m’anam-sa," ar sisean.
"Very well," ars í sin. "Tá sé
in áit mhaith agat," ar sisean "in áit
ars í sin, "ná fuil aon dul ar
é dh’fhágailt amach."
Seadh lar na mháireach dh’imi’
sé bailiú chíosa aríst tharnais
dh’éirig bladhman aníos as a’
seiléar is dh’ith sé bhruicfeast.
"Seadh ," ar sisean, "a’ bhfiafruís do
cá raibh anam?"
"D’fhiafhruíos," ar sisean.
"Cad dubhairt sé leat?" ar sisean
"Dubhairt sé liomar gur thíos ansa
bhloc daraí sin thíos ansan
chisdin, ansan istig a bhí anam."
"Ó léun air a’ biothúnach,"
arsa bladhman. "Ní ansan istig
atá anam in aochor a’
diabhal," ar sisean, "ach mar sin fhéin,
ar sisean "tugaimis linn anso ’níos
ansa phálás é," ar sisean.
D’imig bladhman leis síos is
thug sé leis a’ bloc mór
daraí bhí ann agus dhin sé suas
lé ‘flowers’ le 'posies' na
h-an sórt é is dhin sé
suas nútálta é agus nuair
a bhrathadar a’ teacht tráthnúna
é tháinig mo bhuacaill isteach
is nuair bhí shuipéar
á dh’ithe ’ge thug sé
fé ndeara ’n bloc daraí
is é déunta suas.
"Cad a thug aníos a’ bloc
daraí sin?" ar sisean
"Thugas fhéin aníos é," ar sisean
"Ca’ nach thaobh urú?"
"Ó do chonnac go ’stig ann a bhí t-anam,
lé cion ort," ar sisean "Thugas anso ’níos
é is dhineas suas lé páipéar is
lé 'flowers' é" ar sisean "d’fhonn is ná
beach sé ansan thíos caithte ansa
n-acharan ansa chisidn sin thíos,"
ar sisean.
"Seadh ’nois," ar sisean niúsfai’ mé
dhuit cail m’ anam," ar sisean, "is
cail mo mharú," ar sisean, "ó’s rud é
chuiris rúm," ar sisean "Tair anso
’mach," ar sisean "go dtí ’n bhfneóig
go neósfai’ mé dhuit é. A’
gcídheas tú an crann san amu’
ansa gháirdín," ar sisean.
"Cím," ar sisean.
Bhí sé sin dhá throig déug ar
aoírde dhá throig déug do
'round' aige "tá tuagh ansan istig
sé thúin na leabtha ansan thuas."
ar sisean, "ní rug éinne lé
seacht mbliana air," ar sisean, "mara
bhfaghfar fear a bhéurfaig
ar bharra air," ar sisean, "agus
chuirfig seacht cóta meirige
do’n dtuath san," ar sisean, "a’s
dhéunfaig a’ tuagh," ar sisean, "cómh
geal lé h-eala," ar sisean "Ansan"
ar sisean "tagach a’ fear san," ar sisean
"Caithfi’ sé éiriú as chiúnn
a’ chruínn," ar sisean "agus a’ crann
a sgolta lé aon bhuile ’mháin
síos go dtí ’n dtalamh," ar sisean.
"Mara bhfaghfar. duine dhéunfaig é
sin," ar sisean, "ní féidir mé mharú
Nuar a sgoiltfear a’ crann a
síos go bun," ar sisean, "éireóig
ratha ’mach as," ar sisean, "as a’
gcrann, agus ní aon ainmhí
cheathair-chosach sa domhan a
bhéurfach ar a’ gcrann [ratha]
san," ar sisean, "ach Cúín Thrá’ na Mí. Ansan,"
ar sisean, "nuair a bhéurfaig Cúíín Thrá’
na Mí ar a’ ratha san," ar sisean, "éireóig
lacha thiar as san," ar sisean, "agus ní
stadfaig a’ lacha san go raghai’ sé
as chiúnn daghagán na farraige,"
ar sisean. "Níl aon éun sa spéir," ar sisean, "a
béurfaig ar a’ lacha san," sisean, "ach
Seabhac na Faille Fuaire," ar sisean "Nuair a
thiocfaig a’ seabhac is bhéurfai’ sé
ar a’ lacha," ar sisean "caithfig a’ lacha
ubh bhuaithe," ar sisean "a’s raghaig a’
t-ubh san síos," ar sisean, "i ndaghagán
na farraige," ar sisean. "Ansan," ar sisean
níl aon madar uisge sa doman
a thúbharfach leis a’ t-ubh san"
ar sisean, "ach Madar uisge an Phoíll Ghuirm"
ar sisean. "Ansan," ar sisean, "á mbeach a’
t-ubh san fachta ’gat," ar sisean, –
nocht sé é féin ansan, a bhorlach di –
"a’ gcídheas tú ball amhair sin
im’ thosach," ar sisean
"Cím," ar sisean.
"Mara bhfaghfar fear a chrústóig
ansan isteach mé lé aon bhuile
mháin," ar sisean, "leis an ubh san," ar sisean, "marófar ansan mé"
"sin é m’anam agat" ar sisean.
Seadh ambaiste thug sí
sórt géille ansan do ach chuadar
achodla nuair a dh’imi’
sé ar maidin a’ bailú chíosa maidin a
d’éirig bladhman is nuair a
bhí bhruicfeaist ithte ’ge.
"Seadh," ar sisean, "cad dubhairt sé
leat indé?"
"pé rud adubhairt sé bhí a liom bí
a’ cuir díot go tapaig,"
"Ó ní cuirfead a go fóil,"
arsa bladhman caithfi’ mé
a’ chéud uair cad dubhairt
sé leat."
"A’ gcídheas tú an crann san
amu’?" ar sise lé bladan
"Cím," arsa bladhman.
"Tá sé sin dhá throig déug do 'round'"
ars í sin, "agus dhá throig déug ar
aoírde is tá tuagh ansan istig fé
thúin na leabtha," ar sisean, "ná rugach lé
seacht mbliana uirthe. Dubhairt sé
liom," ar sisean "mara bhfaghfaí fear a
chrothfach í sin, a bhuinfeach
seacht cóta méirige dhi, a
dhéunfach cómh geal lé h-eala í
agus ansan teacht as chiúnn
a’ chruínn is é sgolta d’aon
iarracht amháin síos go bun
agus go n-éireóch ratha ’mach as
a’ gcrann san," ar sisean "ná fuil
aon ainmhí cheathair-chosach a
fé’n spéir a bhéurfach ar sin,"
ar sisean "ach Cúín Thrá’ na Mí agus
ansan," ar sisean, "nuair a bhéurfach
a’ Cú ar a’ ratha d’éireóch
lacha thiar as, raghach a’ lacha
san as chiúnn daghagán a as
farraige agus ná fuil aon éun
fé’n spéir a bhéurfach ar a’
lacha ach Madar Uisge ’n
Phoíll Ghuirm."
"Nuair a thiocfach Seabhac na
Faille Fuaire ansa is bhéurfach
sé ar a’ lacha san do chaithfeach
sí ubh bhuaithe is a’ raghach a’
t-ubh síos go daghagán na
farraige," ar sisean, "agus níl aon ainmhí
ceathair-chosach a thúbharfach
leis a’ t-ubh san," ar sisean, "ach
Madar Uisge ’n Phoíll Ghuirm."
túbharfach sé leis a’ t-ubh,"
ar seisean. "Tá ball amhair ar a’
chínn chlé," ar sisean, "agus é chrústú
’steach," ar sisean "d’aon chrústa
mháin," ar sisean, "sa bhall
amhair," ar sisean, "thuitfeach a’
t-anam as."
"Géilím duit go maith anois,"
arsa bladhman, ar sisean, "agus ’s ann atá anam
ar sisean, "lé cúnamh dé," ar sisean, "ní fada bhead-sa
"’nois," ar sisean "gan é thriaill," ar sisean.
Stropáil sé dho ’nuas ní fhág sé
air ach léine bheag éudrom agus dráirsín
singil agus seo dtí’n dtuagh a bhí fé
thúin na leabtha agus a rug sé uirthe
go maith. D’imi’ sé ’mach. Thug sé
crotha dhi. Chuir sé seacht cóta
meirige do ’n iarracht san di leis a’
gcrotha thug sé dhi agus dhin sé
cómh geall lé h-eala í. D’imi’
sé ’mach agus d’éiri’ sé do
lú is do shnaimeanna chos agus
chuai’ sé as chiúnn a’ chruínn
leis a’ dtuagh agus leis an iarracht
san do sgoilt sé síos go talamh
an crann agus leis an iarracht a
thug sé do dh’éirig a’ ratha
mach as bhonnn a‘ chruínn. Chaith
sé bhuaig a thuagh agus seo agus seo
ndiaig a’ ratha é agus fé mar
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.