Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0284, Leathanach 0200

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0284, Leathanach 0200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
Nighean Ríogh Oilean Chnoc an Óir.
Bhí Rí agus bainhríoghain i n-Éirinn
fad o shoin agus bhí triúr mac aca.
Lá amháin bhí an triúr amuigh a' seilg.
"Mo Mhún 's mo dhorn orm," ars
an fear a ba sinne, "go bhfuil mise
a' gabhail a dhéanamh m'fhortún."
"Tá agus mise", ars an dara fear.
"Ó chan fhuil," ar seisean, "is leór mise
imtheacht go fóill go bhfeicidh sibh goide
éireochas domh. Seo tobar," ar seisean.
"Agus nuair a bhéas an t-uisge glan
ann béidh mise sásta; agus nuair a
bhéas an t-uisge salach béidh mise
mí-shásta; agus nuair a bhéas an
t-uisge 'na fhuil béidh mise marbh.
Seo sgian," ar seisean leis an dara
fear, "agus nuair a bhéas sí glan
béidh mise sásta agus nuair a bhéas
meirg uirthí béidh mise mí-shásta; agus
nuair a bhéas déora fola uirthí
béidh mise marbh."
Shiubhail sé leis go dtáinig sé go
dtí coillidh mhór. Bhí sé aníos agus
síos anonn agus anall fríd an
coillidh sin agus gan dul aige fághail
amach go dtí go rabh sé stróca
na sgifleógaí ag geaga na gcrann.
Maidin amháin tháinig sé fhad lé
h-abhainn ag bhí a gabhail trasna
fríd an choillidh dar leis go leanfadh
sé do'n abhainn agus go dtabharfadh sí
amach as an choillidh áit éiginteacht é.
Nuair a bhí an tráthnóna agus
coim na h-oidhche a' teacht fuair
sé é féin amach as an choillidh. Tháinig
sé go dtí léana beag glas a bhí ar
bhrúach na h-abhna agus shuidh sé a
dhéanamh a sgíste. Shín sé a chosa uaidh
agus leig sé féin siar ar an fhéar,
agus nuair a bhí sé a' gabhail a
thuitim na chodladh, chuala sé an
trup a' tarraingt air, d'amharc sé
agus tcí sé an bhean-uasal a ba
deise dá bhfaca sé ariamh a' tarraingt
air. Ba é an síoda a bhí uirthí a bhí
a' déanamh an trup; agus bhí achan
deallramh ag na seóide luachmhaire a
bhí thart uirthí-leis an ghréin. Tháinig sí
fad leis.
Céad míle fáilte romhat," ar sise,
"A mhac Ríogh na h-Éireann goide mar
tá do bunadh uilig 'sa bhaile?"
"Bhail bhí siad uilig go maith nuair
a d'fhág mise an baile go rabh maith
agat-sa," ar seisean.
Chuir sé iongantas mór air aithne
a bheith aicí air agus nach bhfaca sé
ariamh í go dtí sin.
"Creidim go bhfuil tú tuirseach," ar sise.
"Tá mé tuirseach ocrach," ar seisean,
"agus an t-am agam."
"Ní luaithe 'tá na thig liom-sa do
sháith a thabhairt lé h-ithe duit," ar sise.
Tharraing sí aníos giota beag éadaigh
as a póca agus leag sí síos ar an
fhéar ghlas é. Spréidh an giota thart
ar an áit a rabh Mac Ríogh na
h-Éireann 'na shuidhe; agus nuair a
d'amharc sé bí togha gach bidh agus
rogha gach dighe, roimhe ar an éadach
"Toisigh anois," ar sise, agus ith
do sháith."
Nuair a bhí a sháith ithte aige thug
sé buidheachas díthe. Bheir sí ar
sgian agus ar forc agus gheárr sí
píosa beag feóla.
"Seo dhuit," ar sise, "agus ith sin."
"Bhail go rabh míle maith agat a
bhean uasal," ar seisean, "Ó shuidh mise
ag tábla m'athra agus mo mhathra 'sa
bhaile níor éirigh mé ariamh go mbéadh
mo sháith ithte, agus níor shuidh mé
aríst go mbéadh mo sháith ocrais orm."
Lé sin féin tharraing sí buille
de shlat na draoidheachta air agus
rinne sí crapán cloiche do.
Maidín lá ar na bhárach nuair a
d'éirigh a dhearbhrathair d'amharc sé an
an sgian phóca agus bhí spairteannaí
fola uirthí. Dar leis féin tá mo
dhearbhrathair marbh. Chuaidh sé go dtí
an tobar agus ní rabh a dhath ann
ach fuil. Tháinig sé fhad leis an fhear
a b'óige de na dearbhraithreach agus
d'innis sé do go rabh a dhearbhrathair
marbh agus go gcaithfeadh seisean fághail
amach goide a d'éirigh do.
Maidín lá ar na bhárach nuair a
d'éirigh sé, thug sé an sgian do'n
dearthair a b'óige agus dubhairt sé
leis nuair a bhéadh an sgian glan go
mbéadh seisean sásta, agus nuair a
bhéadh meirg ar an sgiain go mbéadh
seisean mí-shásta, agus nuair a
bhéadh deóra fola ar an sgiain go
mbéadh seisean marbh. "Seo tobar," ar
seisean, "agus nuair a bhéas sé glan
béidh mise sásta nuair a bhéas sé
salach béidh mé mí-shásta, agus
Nuair a bhéas an t-uisge na fhuil
béidh mise marbh."
Shiubhail sé leis go dtáinig sé go
dtí coillidh mhór. Chuaidh sé isteach ins
an choillidh agus bhí sé aníos agus
síos anonn agus anall agus gan
é ábalta fághail amach go dtí go
rabh sé stiallta stróca na sgifleógaí
ag géaga na gcrann. Maidin amháin
tháinig sé fhad lé h-abhainn a bhí a'
gabhail trasna fríd an choillidh. Dar
leis go leanfadh sé díthe agus go
dtabharfadh sí amach as an choillidh
i n-áit eigínteacht é. Nuair a bhí
an trathnóna agus coim na h-oidhche
a' teacht fuair sé é féin amuigh as
an choillidh. Tháinig sé go dtí léana
beag glas a bhí ar bhruach na h-abhna
agus shuidh sé a dhéanamh a sgíste.
Shín sé a dhá chois uaidh agus luigh sé
siar ar an fhéar agus nuair a
bhí sé a' gabhail a thuitim 'na
chodladh, chuala sé an trup ag
tarraingt air. D'amharc sé agus
tcí sé an bhean uasal a ba
deise dá bhfaca sé ariamh a tarr-
aingt air, agus ba é an síoda a bhí
uirthí a bhí a' déanamh an trup agus
bhí achan deallramh ag na séoide luach-
mhaire a bhí uirthí-leis an ghréin. Tháinig
sí fhad leis.
"Cead míle fáilte romhat," ar sise.
"A Mhac Ríogh na h-Éireann goide mar
tá do bhunadh uilig 'sa bhaile?"
"Bhail bhí siad uilig go maith nuair
a d'fhág mise an baile, go rabh maith
agat-sa," ar seisean.
Chuir sé iongantas mór air aithne
a bheith aicí air agus nach bhfaca sé
ariamh í go dtí sin.
"Creidim go bhfuil tú tuirseach," ar sise.
"Tá mé tuirseach ochrach," ar seisean,
agus an t-am agam/
"Ní luaithe 'tá na thig liom-sa do
sháith a thabhair lé h-ithe duit," ar sise.
Tharraing sí aníos giota beag
éadaigh as a póca agus leag sí ar
an fhéar é. Spréidh an giota thart ar
an áit a rabh mac Ríogh na h-Éireann
'na shuidhe, agus nuair a d'amharc sé
thart bhí togha gach bidh agus rogha
gach dighe roimhe ar an éadach.
"Toisigh anois," ar sise, agus ith do
sháith."
Nuair a bhí a sháith ithte aige thug
sé buideachas dithe. Bheir sí ar sgian
agus ar forc agus ghéarr sí píosa
beag féola.
"Seo dhuit," ar sise, "agus ith sin."
"go rabh míle maith agat a bhean
uasal," ar seisean. "Ach ó shuidh mise
ag tábla m'athra agus mo mhathra sa
bhaile níor éirigh mé go mbéadh mo
sháith ithte, agus níor shuidh mé aríst
go mbéadh mo shaith ocrais orm."
Lé sin féin bhuail sí buille de
shlat na draoidheachta air agus rinne
sí crapán cloiche do.
Maidin lá ar na bharach nuair
a d'éirigh an fear a b'óige; d’amharc
sé ar an sgian phóca agus bhí spairt-
eannaí fola uirthí. Dar leis féin tá
mo dhearbhrathair marbh. Chuaidh sé fhad
leis an tobar agus ní rabh a dhath
ann ach fuil. Dar leis féin anois
tá mé cinnte go bhfuil sé marbh agus
d'imthigh sé leis go bhfeiceadh sé goide
a d'éirigh do.
Shiubhail sé leis go dtí go dtáinig
sé fhad lé coillidh mhór. Chuaidh sé
isteach 'sa coillidh agus bhí sé aníos
agus síos anonn agus anall agus
gan dul aige fághail amach go dtí go
rabh a ceirteach stiallta stróca
na sgifleógaí ar gheaga na gcrann.
Maidin amháin tháinig sé fhad lé
h-abhainn a bhí a' gabhail trasna
fríd a' choillidh dar leis go leanfadh sé
do'n abhainn agus go dtabharfadh sí amach
as an choillidh i n-áit éighinteacht é.
Nuair a tháinig an tráthnóna agus
coim na h-oidhche fuair sé é féin
amuigh as an choillidh. Tháinig sé fhad lé
léana beag glas a bhí ar bhruach na
h-abhna agus sheasaigh sé a dhéanamh
a sgíste agus chuir sé a dhruim leis
an dá cloich a bhí ann. Ní rabh sé
i bhfad annsin go gcuala sé an trup
a tarraingt air. D'amharc sé agus
tcí sé an bhean-uasal a ba deise
dá bhfaca sé ariamh a tarraingt air.
Bá é an síoda a bhí uirt a bhí a
déanamh an trup, agus bhí achan
deallramh ag na seóide luachmhaire a
bhí uirthí leis an ghréin. Tháinig sí
fhad leis.
"Céad míle fáilte romhat," ar sise,
"A Mhac Ríogh na h-Éireann. Goide
mar 'tá do bhunadh uilig sa bhaile?"
"Bhail bhí siad uilig go maith nuair
a d'fhág mise an baile go rabh maith
agat-sa," ar seisean.
Chuir sé iongantas mór air aithne
a bheith aicí air agus nach bhfaca sé
ariamh í go dtí sin.
"Creidim go bhfuil tú tuirseach"
ar sise.
"Tá mé tuirseach ocrach," ar seisean,
"agus an t-am agam."
"Ní luaithe 'tá na thig liom-sa do
sháith a thabhairt le h-ithe duit," ar sise.
Tharraing sí aníos giota beag éadaigh
as a póca agus leag sí ar an fhéar
é. Spréidh an giota thart ar an áit
a rabh Mac Ríogh na h-Éireann 'na
shuidhe agus nuair a d'amharc sé thart
bhí togha gach bidh agus rogha gach dighe
roimhe ar an éadach.
"Toisigh anois," ar sise, "agus ith do sháith."
Nuair a bhí a sháith ithte aige thug sé
buidheachas díthe. Bheir sí ar sgian
agus ar forc agus ghéarr sí píosa
beag féola.
"Seo dhuit," ar sise, "agus ith sin."
"go rabh míle maith agat," ar seisean.
"O shuidh mise ag tábla m'athra agus mo
mháthra 'sa bhaile níor éirigh mé gur ith
mé mo sháith agus níor shuidh mé aríst
go dtí go mbeadh mo sháith ocrais orm; ach dá
dtabharfadh sé mo bhás íosfaidh mé sin."
"Maith thú," ar sise, "'stú an chead
duine ariamh a bhris a dhath de na geasa
atá orm. Tá mé faoi gheasa lé seacht
mbliadhna ag fathach fhian na coilleadh agu
shiubhail thusa leat liom anois," ar sise.
Shiubhail sé leithe go dtáinig siad go
dtí teach a bhí aicí-se. Shuidh an bheirt
agus thoisigh siad a chomhrádh.
"Anois," ar sise, "is goirid go dtarraidh
an fathach. Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé
fáilte agus céad romhat. Béidh sé go
n-aoibheamhail agus go bhfiocaidh sé lé
do chur tháire do choimheadh; ach is cuma
goide a déirfeas sé," ar sise, "na tabhair
thusa freagar air, na má thugan tá ar
ngaithe déanta dá mba ndán 's do
giotaí a dhéanamh duit," ar sise, "cuirfidh
mise i gcionn a chéile arais thú agus
déan mar íarrfas mé ort."
Rinne sé mar d'iarr sí air. Ní rabh
i bhfad go dtáinig an fáthach. Chraith sé
lámh lé Mac Ríogh na h-Éireann. D'fhiafruigh
sé do: goide mar bhí a bhunadh uilig
'sa bhaile. Shíl sé go mbainfeadh sé
cainnt as a dheoin na daindheáin;
ach ní thug mac Ríogh na h-Éireann freaghar
ar bith air. Bheir sé greim air agus
rinne sé dá leath do agus shiubhail sé
amach ar an dorus agus cuma fhiata
fheargach air.
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc bhí
íochshlainnte aicí-sé. Chuir sí i gcionn a
chéile é; chumail sí an íochshlainnte do
agus rinne sí beo beitheach aríst é
"'nois," ar sise, "tá an méid sin
déanta go maith."
Chóirigh sí leabaidh agus chuir sí a
luighe é. D'éirigh sé maidin lá ar na
bhárach; rinne an bheirt a mbricfeasta
agus shuidh siad a chomhrádh.
"Anois," ar sise, "siubhailfidh muid
thart síos fá'n chuan, go bhfeicfidh tú na
h-iongantais nach bhfaca tú ariamh."
Bhí cuid mhór beathach állta thart fá'n
chuan agus d'umhlochadh achan cheann
aca díthe-sé, agus níor bhain ceann
ar bith aca leo, agus chuir seo
iongantas mór ar san. Chuir siad
isteach an lá mar sin agus tháinig na
bhaile tráthnóna. Nuair a bhí coim
na h-oidhche a' teacht, bhí fhios aicí-sé
go mbéadh an fáthach a' teacht.
"Anois," ar sise, "is goirid go
rabh an fáthach a' teacht, agus cá
bith mar rinne sé inde lé comhrádh
a bhaint asat, dhéanfaidh sé oiread
eile díchill indiu agus bí ar do
fhaithchill agus na labhair focal ar bith;
agus dá ndéanfadh sé píosaí beaga
duit cuirfidh mise i gcionn a chéile
arais thú."
Tháinig an fathach. Thoisigh an ceist-
earacht aige; ach ní rabh maith do a
bheith leis ní labarfadh an fear eile.
Rinne sé ceathramhnacha do agus
chaith sé fríd an teach é. Shiubhail sé
amach ar an dorus nuair a bhí sin
déanta aige agus dhá oiread feirge
air agus bhí an lá roimhe sin.
Chuir sise na ceathramhnacha i gcionn
a chéile agus chumail sí an iochshlainnte
air agus d'éirigh sé siar beo
beitheach go maith agus bhí se ariamh.
Chóirigh sí leabaidh do agus chuaidh sé
a luighe. Maidin lá ar na bhárach
d'éirigh siad mar rinne siad an lá
roimhe agus shiubhail siad leo achan
áit. Chuir siad isteach an lá mar
sin go dtí an oidhche. Nuair a bhí
an oidhche a' teacht bhíos aicí-sé go
mbéadh an fáthach a theacht.
"Anois," ar sise, "cá bith mar rinne
tú inde agus artú inde; tá dúil
agam go ndéanfaidh tú níos feárr
indiu."
Tháinig an fathach agus rinne sé a
dhícheall lé comhrádh a bhaint as a
ní rabh gar a bheith leis. Bheir sé
air agus rinne sé píosaí miona
do. D'imthigh sé amach ar an dorus
annsin agus é níos feargaigh na
bhí sé oidhche ar bith eile. Chruinnigh
sise suas na píosaí beaga seo
agus chuir sí i gcionn a chéile iad.
Chumaill sí an iochshláinnte do agus
d'éirigh sé beo beitheach arais.
Chóirigh sí leabaidh do agus chuaidh
sé a luighe. D'éirigh siad ar maidín
lá ar na bhárach agus nuair a bhí
a mbricfeasta déanta: "Anois," ar
sise, "tá cuid maith de na geasa
briste; ach tá tuilleadh lé deánamh go
fóill sul a bhfághaidh mise cead
imtheacht o'n áit. Seo dhuit sráin," ar
sise, "agus gabh amach na stábla agus
tá cuid mhór beathach ann agus nuair
a tcífeas siad tú buailfidh siad na
cruitheacha deirigh ar an anráidh:
ach má bhuaileann féin," ar sise, "ní
dhéanfaidh siad dochar ar bith duit-se.
gabh thusa isteach agus caith an sráin
ar cheann an chapaill dhuibh atá i
gcúl an doruis agus má bhí tú
gasta ariamh bí gasta annsin agus
bain an teach amach go tuigh géar
agus dhéanfas tú sin."
Rinne sé mar d'iarr sí air. Chaith
sé an srain ar cheann an chapaill,
agus rath sé a' tarraingt ar a'
teach. Nuair a bhí sé a' teacht isteach
ar an dorus bhí an capall fá léim
do. "Maith thú." ar sise.
Chuir siad isteach a' lá sin agus
ar maidin lá ar na bhárach, d'iarr
sí air a ghabhail arais agus an sráin
a chaitheamh ar an chapall mar
rinne sé an lá roimhe sin. Chuaidh
sé amach agus chaith sé an sráin
ar an capall agus d'imthigh sé a'
tarraingt ar an teach, agus nuair a
bhí sé a gabhail isteach ar an dorus
bhí an capall 'sna sála aige.
"Maith tú," ars an bhean uasal.
Chuir siad isteach a' lá sin agus
ar maidin lá ar na bharach, d'iarr
sí air a gabhail arais agus an sráin
a chaitheamh ar an chapall dhubh a bhí
i gcul an dorais mar rinne sé an
dá lá roimhe sin. Chuaidh sé amach
agus chaith sé an srain ar an
chapall mar h-iarradh air agus
go tuig agus rinne, d'imthigh sé an
méid a bhí ann a chnámha gur
bhain sé an teach amach, agus nuair
a bhí sé a gabhail isteach ar an dorus,
bhí ceann a chapaill sínte a gabhail
a fhaghail greim air, ach d'éirigh leis
imtheacht uirthí mar sin féin.
"Anois," ar sise, "tá oiread de na
geasa briste domh-sa agus go dtig
liom imtheacht agus an fáthach fághail."
Shiubhail an bheirt leo. Bhí siad
a' siubhal thart i chois a cladaigh, go
dtí go dtáinig siad go dtí binn a
rabh aice mhór isteach inntí.
"Amharc isteach annsin," ar sise,
"go bhfeicidh tú a' bhfuil a dhath ins an
aice sin."
D'amharc sé isteach.
"Tcím Sean adharc mhór," ar seisean.
"lé do thoil tabhair amach í," ar sise.
Thug. Agus shín sé díthe í.
"Anois," ar sise, "seo dhuit sparán,
agus béidh an sparán sin lán dé
ghinníeacha buidhe i gcomhnuidhe. Gabh
go dtí an teach lóistín is feárr a
gheobhas tú, agus cá bith a dhéanfas tú
na leig do rún lé duine ar bith agus
béidh mise arais fá do choinne seacht-
mhain ó indiú."
Shéid sí an adharc seo agus
tháinig éan mór fhad léithe a dtugadh
siad roc air, agus caislean beag
ar a dhruim leis. Chraith an bheirt
dhá láimh lé chéile agus chuaidh sí
isteach ins an caislean bheag a bhí
ar dhruim an éin, agus d'imthigh sí
léithe a' tarraingt ar oilean Chnoc an
Óir. Shiubhail seisean leis a' tarraingt
ar a lóistín féin. Chuaidh sé ar
lóistín i "Hotel" agus fuair sé
giomanach lé freastal a thabhairt
do achan lá. Mac do chailleach
phisreógach a bhí 'sa ghiomanach. Agus
an chead lá bhí achan rud déanta
aige i Sasamh Mac Ríogh na h-Éireann.
Thiomainn sé amach fríd an tír é
agus focal níor labhair sé leis rith
an lae. Nuair a bhí an lá istuigh
thug sé buidheachas do'n ghiomanach
agus shín sé giní do. Chuaidh Mac
na caillighe 'na' bhaile agus d'fhiafruigh
a Mhathair do, goide mar d'éirigh
leis indiu?
"Ta, gur fear iongantach é suid,"
ar seisean, "Thug sé giní domh, agus
níor labhair sé a'n fhochal cainnte
liom ó mhaidin."
"Bhail a Mhic," ar sise, "dá bhfuightheá
amach a rún sin, b'fhéidir go mbeithea
d'fhear shaidhbhir go fóill. Ar maidin
amarach na bíodh dhath ar bith
déanta agat ann a shásamh agus
cuirfidh sé ceist ort ná nar dhíol
seisean go maith inde thú is an
méid a rinne tú. Abair leis gur
chuma leat-sa fá díolaidheacht gur
b'fheárr leat a bheith lé fear a bhéadh
a' comhrádh leat."
Maidin lá ar na bhárach ní
rabh a dhath ar bith déanta ag an giom-
anach. Chuir Mac a Ríogh ceist air
na nar dhíol seisean go maith é ar
shon a chuid oibre an lá roimhe sin.
Dubhairt an buachaill gur díol ach
go mb'fheárr leis a bheith lé fear a
bhéadh a' comhrádh leis na bheith lé
fear a bheirfeadh ginidheacha do
agus nach rabh sé i brath a ghabhail
leis ar chor ar bith níos mo.
"Bhail tar liom indiu," ar seisean,
"agus béidh lá mór comhráidh againn."
Ghléas an buachaill na beathaigh
agus rinne sé achan rud a rabh
lé deánamh agus thiomainn se amach
fríd an tír é.
"Anois," arsa Mac Ríogh na
h-Éireann, "tcifidh tú radharc deas
annseo ar uair an do dhéag seacht-
mhain ó indiú. Tiocfaidh cailín
galánta annseo fá mo coinne-sa
agus béidh mise léithe nuair imtheochas
sí."
Chuir siad isteach an lá agus
chuaidh Mac cailleach na gcearc 'na'
bhaile. D'innis sé do na mhathair fá'n
chailín dheas a bhí lé teach fá choinne
Mac Ríogh na h-Éireann ar an do
dhéag 'o chlog seachtmhain ó'n lá sin.
"Maith thú," ar sise, "tcím gur bhain
tú comhrádh as indiu. Seo dhuit biorran
suain agus nuair a bhéas sé a teacht
i dtratha an ama a mbéidh sí a'
teacht, sáith ann a cheann é agus
tuitfidh sé 'na chodladh, agus nuair a
tcífeas sí nach dtig léithe é a
mhusgladh na a thabhairt léithe, ní dóighche
rud a ndéanfadh sí na tú féin a
thabhairt léithe; agus d'fhéadfá dóigh fir-
uasail a bheith go fóill ort."
Maidin lá ar na bhárach bhí
mac chailleach na gcearc 'na shuidhe
leis an dearg-mhaidin, thug leis
an biorran-suain agus d'imthigh.
Bhí achan rud déanta aige i sásamh
Mhac Ríogh na h-Éireann an mhaidin
sin. Nuair a d'éirigh sé thiomainn
sé amach fríd an tir é mar ghníodh
sé achan lá. Tháinig siad go dtí an
áit a rabh an cailín galánta lé
castail díobhtha, agus nuair a bhí sé
i dtrátha an amha a rabh sí lé
theacht, sháith Mac Chailleach na gcearc
an biorran suain ann a cheann
agus thuit sé 'na chodladh. Nuair
a bhí sin déanta aige d'amharc sé
agus tcí sé an t-éan mór a
teacht 'sa spéir agus caislean beag
ar a dhruim leis. Tháinig siad go dtí
an áit a rabh Mac Ríogh na
n-Éireann agus amach leis an
spéir-bhean a ba deise a chonnaic
sé ariamh as an chaislean, agus
dhá cloigeann deag ban léithe nach
rabh mórán na diaidh féin. Bhí
siad seo léithe fá choinne freastala.
Níor amharc an cailín galanta seo
'sá taoibh a rabh Mac Cailleach na
gcearc ar chor ar bith ach chuaidh
sí fhad lé Mac Ríogh na h-Éireann.
Rinne sí a dhícheall agus a seacht
ndícheall ag iarraidh é a mhusgladh,
ach ní rabh musgladh lé deánamh
air. Nuair a chonnaic sí go rabh
a dícheall déanta agus go rabh sí
buaile amach; ghoill sé oiread uirthí
agus gur sgéaird a gaothsán fuil
ghlan sí a gaothsan lé haincisean
agus chuir sí isteach ann a phóca é.
Scríobh sí leitir agus chuir sí isteach
ann a phóca fosta í, agus bhí fáinne
óir ar a méar a rabh a h-ainm
scríobhtha air agus bhain sí anuas
é agus chuir sí suas ar a mhéar
beag-san é. D'imthigh sí isteach ins
an chaislean annsin, thug an t-Éan
leis í agus as go bráth leo. Nuair
a chonnaic Mac Chailleach na gcearc
goide go beag agus bhí aige ar shon
a shaothair, bhuail an buaidhreadh
é agus tharraing sé an biorran
suain as cionn Mac Ríogh na
h-Éireann. Mhusgail Mac an Ríogh
suas agus d'amharc sé ar a "watch."
Bhí sé indiadh an ama agus d'athainn
sé go rabh a chaill déanta, agus go
rabh sise ar shiubhal agus nach rabh
pilleadh uirthí. Ní dhearna sé a dhath
ach a phaighe a thabhairt do Mhac
Chailleach na gcearc ar shon a' lae,
agus imtheacht leis i mbéal a chinn bhí
sé ar shiubhal leis ó áit go h-áit
go dtí go rabh a chuid eadaigh ag
éirighe smul-chaithte agus é comhair a
bheith 'sna bratógaí. Tráthnóna
amháin lé clap-sholas, chonnaic sé
solas beag thall i mbun cnuic a
bhí ann agus tharraing sé air.
goide a bhí ann ach teach beag
deas? Chuir sé a cheann isteach ar
an dorus agus bhí fáthach mór
sínte suas i chois na teineadh. Chuir
an fáthach fáilte roimhe ann a ainm.
"Agus an miste domh fhiafruigh duit,"
ar seisean, "goide a shéol a' bealach
seo thú?"
Dubhairt sé nar mhiste do ag tois-
eacht agus ag innse do an sgéil
ó na thús go dtí na dheireadh fá'n
chailín a chaill sé agus a bhí sé
a chuartughadh.
"Ó na bíodh beag-uchtach ar bith
ort," ars an fáthach, "is doighche go
bhfuigh tú í fríd am. Creidim go
bhfuil an t-ocras anois ort", ar
seisean.
"Maise tá," ars an fear eile.
"Cé aca is fearr leat féoil fhuar
na féoil rósta," ar seisean.
"Is feárr liom féoil rósta," ar seisean
"na is air is mo a bhí cleachtú agam."
Thug sé a shuipear do de fhéoil rósta
agus chóirigh sé leabaidh
chluimrigh do.
"Anois," ar seisean, "tá chuid mhór
leabharthach agam-sa agus suidhfidh mé
agus léighfidh mé liom go maidin.
Agus má bhíonn a h-ainm luaidhte
ann aon leabhar dá bhfuil agam,
béidh mé ábalta innse duit ar maidín
agus gabh thusa a luighe agus codlaigh
do shaith."
Chuaidh Mac Ríogh na h-Éireann
a luighe agus shuidh an fáthach ag na
chuid leabharthach go maidin
Ar maidn nuair a d'éirigh Mac
a' Ríogh fuair sé a sháith dé fhéoil
rósta lé h-ithe. Annsin chuir sé
ceist ar an fháthach: goide mar
d'éirigh leis? Dubhair sé nach
dtáinig sé ar a h-ainm ar chor ar
bith ann aon leabhar dá rabh aige.
"Bhail," arsa Mac a Ríogh, "tá an
am agam-sa a bheith ag imtheacht."
Thug sé buidheachas do'n fhathach ar
shon a dtéarn se do. Dubhairt a'
fáthach leis gan imtheacht go fóill go
rabh sé i dtréan ama.
"Tá dearbhrathair agam-sa," ar
seisean, "a bhfuil dhá oiread léighinn
aige agus dhá oiread leabharthach agus
tá agam-sa agus nuair a bhéas
neóin bheag agus deireadh an lae ann
cuirfidh mise fhad leis thú."
Rinne sé mar d'iarr an fathach
air. D'fhan sé aige agus chuaidh an
bheirt amach 'na' chnuic a sheilg agus
mharbh siad cuid mhór ainmidhthe agus
éanlaith. Tháinig siad na bhaile trath-
nóna agus an t-iomlán leo agus
bhí an fathach iongantach sásta, na
ní bhéadh fiachadh air a ghabhail amach
a sheilg go ceann chupla lá 'na
dhiaidh sin. Nuair a bhí néoin
bheag agus deireadh an lae a
teacht agus Mac Ríogh na h-Éireann
a' gabhail a d'imtheacht; thug an fáthach
leis péire de bhroga draoidheachta a
bhí aige agus d'fhág sé ar an árd
taoibh amuigh de'n teach iad.
"Anois," ar seisean, "má bhí tú
gata ariamh bí gasta an iarraidh
seo. Sáith do chosa isteach ionnta go
gasta agus thig leat, na mur' rabh
tú gasta go leór brisfidh siad do
mhuinneal, agus má bhíonn tú gasta
go leór bhéirfidh siad go dtí an
dorus ag mo dhearbhrathair-sa tú i
n-am ghoirid."
Chuaidh Mac Ríogh na h-Éireann
'e léim isteach ins na bróga. D'éirigh
siad i náirde agus bhí dara achán
léim aca ó chnoc go cnoc agus
ní rabh siad i bhfad go dtáinig
siad go dtí an dorus ag an dara
fáthach. Nuair a chomhaic an fáthach
é d'aithinn sé gur be a dhearbh-
rathair a chur chuige é agus bhí
luthgháir mhór air roimhe, na ba
mhaith leis fághail amach goide mar bhí
a dhearbrathair ná b'fhada roimhe sin
ó fuair sé a thuairisg. D'fhiafruigh
sé do goide a shiubhal agus d'innis
Mac a' Ríogh do fá'n chailín a chaill
sé agus a bhí sé a chuartughadh.
Rinne sé réidh a shuipear do agus
d'iarr sé air a ghabhail a luighe
agus go suidhfeadh seisean agus go
léighfeadh sé a chuid leabharthach agus
dhá mbéadh a h-ainm luaidhte i
n-áit ar bith, go mbéadh sé ábalta
innse do ar maidin.
Rinne Mac a' Ríogh a shuipear
agus chuaidh sé a luighe. Chuaidh an
oidhche thart agus tháinig an maidin.
D'éirigh Mac Ríogh na h-Éireann
agus fuair sé a bhricfeasta. D'fhiafruigh
sé de'n fhathach, goide mar d'éirigh leis?
Dubhairt sé nach bhfaca sé a
h-ainm luaidhte i n-aon leabhar
dá rabh aige.
"Bhail creidim go bhfuil an t-am
agam-sa a bheith ar siubhal," arsa
Mac a' Ríogh.
"Ó níl," ar seisean, "glac d'am,
agus tá dearbhrathair agam-sa a bhfuil
a thrí oiread léighinn aige agus a thrí
oiread leabharthach agus 'tá agam-sa
agus nuair a thiocfas neóin bheag
agus deireadh an lach thig leat a
ghabhail fhad leis."
Chaith an bheirt an lá sin a'
siubhal thart fá'n chladach go dtí
go dtáinig an tráthnóna. Nuair
a bhí an oidhche a' teacht dubhairt
Mac Ríogh na n-Éireann go rabh
an t-am aige-san a bheith ar
shiubhal. Dubhairt a' fáthach go rabh
agus thug sé amach na broga draoi-
dheachta. Thug Mac Ríogh na h-Éireann
léim isteach ionnta agus as go
bráthach leis a tabhairt léim ó
chnoc go cnoc go dtáinig sé
fhad leis an tríomhadh fáthach. Rinne
sé sin gáire mór lé luthgháir nuair
a chonnaic sé é. Chuir sé céad
míle fáilte roimhe agus d'fhiafruigh sé
do goide mar bhí a dearbhrathair.
Dubhairt sé leis go rabh go maith.
"Bhail creidim," ar seisean, "nach
dtáinig tú annseo gan gnaithe a bheith
agat."
D'innis sé an sgéal dó ó na
thús go dtí na dheireadh fá'n chailín
a chaill sé agus a bhí sé a chuartú
agus dá mbéadh sé ábalta cuidiú
ar bith a thabhairt do go mbéadh sé
iongantach buidheach do.
"B'fhéidir go dtiocfadh liom," ar seisean.
"Ach is dóighche go bhfuil ocras ort
agus is feárr duit do shuipear a
dhéanamh agus a ghabhail i luighe.
Agus suidhfidh mise go maidín agus
leighfidh mé mo chuid leabharthach."
Rinne Mac Ríogh na h-Éireann
a shuipear agus chuaidh sé a
luighe. Maidín lá ar na bhárach
bhí sé 'na shuidhe go breágh luath.
Nuair a fuair sé a bricfeasta
chuir sé ceist ar an fhathach goide
mar d'éirigh leis?
"Bhail indiaidh ar leighidh mé ar
seisean, "ní fhaca mé a h-ainm
luaidhte."
"O bhail," arsa Mac a' Ríogh.
"Tá an t-am agam-sa a bheith ar
shiubhal."
"Chan fhuil," ars an fáthach, "tá tú
i dtréan ama. Rachaidh muid thart
fá'n chladach ar ball agus b'fhéidir
gur somaigh iongantas a tcífeadh-
mais."
Bhí siad a' siubhal thart fá bheanna
an chladaigh go dtí go dtáinig siad
fhad lé sgealpaigh mhór a bhí isteach
i mbinn.
"Amharc isteach annsin go bhfeicidh
tú an bhfeicfidh tú a dhath," arsan fathach.
D'amharc sé agus dubhairt sé go
bhfaca sé adharc mhór.
"Tabhair amach í," ar seisean.
Thug. Agus shín sé do í. Chuir an
fáthach seidheóg isteach ins an adhairc
agus níl ann ach nar siabh sé an
chloigeann do Mhac Ríogh na h-Éireann.
"Amharc uait anois," ars an
fathach, "an bhfeiceann tú a dhath."
"Tchím cuid mhór éanach beag dubh
a' teacht 'sa spéir," ar seisean, "agus
iad ag umhladh anuas a tarraingt
orainn."
Séid sé an adharc arais. Annsin
d'iarr sé ar Mhac Ríogh na h-Éireann
amharc uaidh arais an bhfeicfeadh sé
a dhath. Dubhairt sé go bhfaca sé
sgaifte de éanacha móra dubha a'
teacht agus ag umhladh anuas a'
tarraingt ortha. Séid sé an adharc
an tríomhadh h-uair agus d'iarr
sé ar Mhac Ríogh na h-Éireann
amharc a' bhfeicfeadh sé a dhath.
Dubhairt sé go bhfaca sé cnap mór
dubh mar bhéadh néall a' tarraingt
air. Goide a bhí 'sa chnap seo
ach an t-éan a dtugadh siad roch air.
"Anois," ars an fathach, "Mise
maighistir na h-éanach, sin an
fath a rabh siad ag umhladh anuas
nuair a bhí siad a' gabhail thart.
Agus seo éan a bhéirfeas tusa go
n-oilean chnoc an óir."
Labhair sé leis an éan agus
d'fhiafruigh sé do cá rabh sé nuair
a rinne seisean an chead sgairt?
Dubhairt sé go rabh sé thall 'sa
chathair.
"Cá rabh tú," ar seisean, "nuair a
rinne mé an dara sgairt?"
"Bhí mé a' tarraingt ar a' gheafta,"
ar seisean.
"Cá rabh tú nuair a rinne mé
an tríomhadh sgairt?" ar seisean.
A' teacht amach ar an ghéafta.
Agus cad tuighe nach dtáinig tú an
chead sgairt a rinne mé ort?
"Tá," ars an t-ean, "ta oiread
cuideachta i n-oilean chnoc an
óir agus nar chuala mé tú tá
nighean Ríogh Oilean Chnoc an Óir
'a phósadh agus tá oiread cuideach-
ta ann agus tá millteanach.
"Bhail. seo leitir," ars an fáthach,
"agus tabhair leat an do ghob í;
Cuir an fear seo faoi deiteóig
agus fág i dteach Ríogh oilean chnoc
an óir é agus pill orm-sa leis
an leitir arais."
Bhí eagla ar an fhathach go níosfadh
an t-éan an fear, agus dar
leis nuair a bhéadh an leitir ann
a bhéal na b'eagal do.
Nuair a d'fhág an t-éan thall
Mac Ríogh na h-Éireann i n-oilean
Chnoc an Óir, phill sé arais chuig
an fhathach leis an leitir. Chuaidh
Mac Ríogh na n-Éireann ar lóistín
ins an teach a ba ghalánta a bhí
'sa chathair. Agus bhí oidhche na dala
lé bheith ag nigean Ríogh Oilean
Chnoc an Óir an oidhche 'na
dhiaidh sin. Oidhche na dala fuair
cuid mhór cuireadh, go h-áireat
na daoiní galánta. Agus cé a
fuair cuireadh lé bheith ins an
t-seomra a rabh an lánamhain
ann? ach Mac Ríogh na h-Éireann.
Tháinig an oidhche agus chruinnigh
na daoiní. Thoisigh an t-ól agus
an céol agus an damhsa. D'éirigh
Mac Ríogh na h-Éireann agus ba
gheal lé daimhseóir é agus thóg sé
nigean Ríogh Oilean Chnoc an Óir.
An chead teacht thart a rinne siad,
chuir sé an h-aincisean isteach
ann a lámh agus chuir sí ann a
phóca é. An dara teacht thart a
rinne siad, chuir sé an leitir isteach
ann a láimh agus cuir sí ann a
póca í. Agus an tríomhadh teacht
thart a rinne siad, chuir sé an
fáinne suas ar a méar. D'amharc
sí ar an fháinne agus lé sin thuit
sí 'na cnap a luige. Thug an fear
a bhí a' gabhail a pósadh léim 'na
sheasamh agus thug sé iarraidh é a
bhualadh.
"Goide na geasa a bheithfea
imirt ar mo bhean-sa?" ar seisean.
"Beir ar do chéill," arsa Mac
Ríogh na h-Éireann, "Níl geasa ar
bith a' baint liom-sa agus tá sí
féin a' teacht chuicí féin agus
innseochaidh sí an sgéal goide
a d'éirigh díthe."
Bhí sise a teacht chuicí féin
agus chuala sí an chainnt.
Níl a dhath orm-sa," ar sise;
"Ach gur éirigh mé ró thé lé barr-
aidheacht an damhsa agus le mur
dtail anois suidhigidh thart go dtí
go n-innsidh achan duine sgéal.
"Bhail ort féin a' chead sgéal
a innse," ars achan duine, "o's tú a
thrácht ar innse na sgéaltach."
Maith go leór," ar sise, "innseoch-
aidh mise an chead sgéal."
Dubhairt achan duine go rabh sin
maith go leór.
"Fad ó shoin," ar sise, "Nuair a
bhí mise mo ghiorsaigh bhig, bhí m'athair
go h-iongantach maith domh. Níl
aon lá a mbíodh sé ar siubhal nach
mbíodh rud eigínteacht cheannuighthe
leis chugam a teacht do go dtí nach
rabh fhios goide na rudaí beag a
bhí agam. Bhí cuid mhór daoiní ag
obair annseo 'san am agus níl a'n
am a mbíodh siad a' glanadh an
toighe nach gcaithfeadh siad mo chuid
bábóg beag agus na rudaí éile
a bhí agam- soir agus siar agus
bhínn-sé a' caoineadh. Lá amháin
bhí m'athair ar shiubhal as baile
agus a' teacht do bhí bocsa beag
deas agus glas agus eochair air
ceannuighthe leis chugam, agus d'iarr
sé orm mo chuid gréimhillidhe uilig a
chur isteach ann agus an glas a
chur air agus nach mbéadh aon duine
teacht 'i gcomhair níos mo. Rinne
mé seo agus bhí bród mór orm
féin as an bhocsa agus bhíodh an
eochair liom i gcomhnuidhe ann mo
phóca ar eagla go dtiocfadh duine
ar bith é chomhair an méid a bhí
'sa bhocsa. Lá amháin bhí mé ar
shiubhal amuigh agus chaill mé an
eochair. Bhí mé cailleadh mo chéille
agus chaith mé dhá bhliadhain gan
ceann ar bith. I gcionn an dá bhliadh-
ain fuair m'athair eochair úr domh.
Agus an lá ceadhna a fuair mé
an eochair úr, fuair mé an sean
cheann arais. Anois goide mur
mbaramhail cé aca do'n dá
eochair a ba cheart dom a choinneail."
"Bhail," ars an fear a bhí a'
gabhail 'a pósadh, "Shíl tú cuid mhór
de'n t-sean eochair nuair a
d'fhan tú dhá bhliadhain gan an
ceann úr fhághail agus tá mé a' deanamh
gur bí an sean-cheann a ba cheart
a choinneail."
"Bhail tusa an eochair úr," ar sise,
Agus seo an t-sean eochair a' síneadh
a láimhe chuig Mac Ríogh na h-Éireann.
Anois thig leat-sa a bheith ar shiubhal
tá an t-sean eochair agam agus is
í atá mé 'gabhail a choinneail."
D'éirigh sé sin 'na sseasamh agus
é go feargach agus dubairt sé lé Rí
Oilean Chnoc an Óir, a bheith ar a
leithid seo de áit ar an fhairrge.
Seachtmhain ó lá sin, fá choinne cath
a throid leis-san agus le na chuid fear.
Bhí go mhaith agus ní rabh go h-olc.
"Pósadh Ríogh na h-Éireann agus
Nighean Ríogh Chnoc an Óir. Nuair a
bhí an bhaineis thart, bhí ag an righ
lé h-imtheacht a throid.
"Anois," ar seisean lé Mac Ríogh
na h-Éireann, "tá mé a' gabhail a
thabhairt Comhairle duit agus coinnigh
cuimhne mhaith uirthí: na leig mo
nigean-sa 'é chomhair an ghleann'
dhorcha sin thíos tá an áit faoi gheasa
agus sin an áit ar chaill mise í an
chead uair ariamh; agus má bhíonn sí
caillte nuair a thiocfas mise arais
béidh daor ort.
Chruinnigh an Rí suas a chuid
fear agus d'imthigh siad a throid.
Maidin lá ar na bhárach amach lé Mac
Ríogh na h-Éireann agus lé Níghean
a' Ríogh fá choinne siubhail. Bhí á
lámh thart ar a guilleacha aige agus
iad a' siubhal leo go h-aoibheamhail
sásta; lé sin féin sgiobádh amach as
faoi na asgail í agus fágadh gan
duine ar bith é. Dar leis goide is
feárr domh a dheánamh. Bhí sé a'
brath siubhal leis agus rinne sé
ath-smaoitiughadh go mb'fheárr do
fanacht go dtiocfadh an Rí agus
an fhírinne a innse do. D'fhan sé
bhuaidh an Rí an cath agus tháinig
sé féin agus a chuid fear 'na' bhaile
agus iad breágh-sásta. D'innis Mac
Ríogh na h-Éireann do goide
a d'éirigh díobhtha.
"bhail," arsa an Rí, "fuígfidh mé lá
agus fich agat lé i a bheith annseo
agat agus mur' rabh sí annseo 'san
am sin bainfidh mé an ceann duit."
D'imthigh Mac Ríogh na h-Éireann
leis i mbéal a chinn a' cuartiugadh
a mhná. Bhí sé a siubhal leis fríd
chnoc a bhí ann agus tcí sé: Mac
tíre Seabhac agus fighdeóir agus an
triúr a' troid fá chaora mharbh.
Bhí sé i brath siubhal leis thart leo
ach rinne sé ath-smaoitiú gur
b'fheárr do a ghabhail agus eadarisán
a dhénamh eatra. Tháinig sé fhad
leo agus dubhairt go roinnfeadh sé
an chaora dá mbéadh an triúr aca
sásta do sin. Dubhairt siad go
dtiocfadh siad leis ar scor ar bith.
Rann-sé í. D'fhág sé an fheóil
laidir agus na cnámha ag an Mhac
tíre; an gheir agus an fheóil bhog
ag an t-Seabhac agus an chloigeann
ag an fhighdeóir.
"Anois," ar seisean leis an fhighdeóir,
"thig leat-sa piocadh isteach i súil
aca sin agus cuimhnigh i gcomhnuidhe
coinneail lé taoibh an fhosgaidh agus
ní bhéidh morán moille ort doineann
an gheimhridh a chur thairead gan
chaill. "Shilfinn a Mhac tíre," ar seisean
"gur seo an rud is feárr atá a'
fóirstean duit-se - leis an fheóil
ramhar agus leis na cnámha. Agus
an feóil bhog agus an gheir is fearr
a fhóirfeas duit-sé, ar seisean leis
an t-Seabhac. "Agus anois shílfinn
nach mbéadh ceachtar agaibh díom-
buidheach do'n Rann."
Bhí sé ar shiubhal uatha nuair a
dubhairt a' Mac tíre gur dhana
iad nach dtéarn rud éiginteacht do.
"Pillfidh muid arais é" arsan Seabhac.
Sgairt siad air agus phill sé arais.
"Tá mise," ars an Mac tíre, "ag
tabhairt trí ghaisteacht Mac tíre, trí
ghaisceamhlach Mac tíre, agus trí urradh
Mac tíre thar aon Mhac tíre dá
rabh ar an domhan duit."
"Bhail," ars an Seabhac, "tá mise ag
tabhairt trí ghaisteacht Seabhaic duit
trí ghaisceamhlacht Seabhaic agus trí
urradh Seabhaic thar aon Seabhac ar
an domhan."
"Bhail," ars an fhíghdeóir,
"bhéirfidh mise trí ghaisceacht fíghdeóra
duit; trí ghaisceamhlacht fíghdeóra agus
trí urradh fíghdeóra."
Thug Mac Ríogh na h-Éireann
buidheachas díobhtha agus é i n-áit a
bheith buidheach díobhtha agus siubhail
sé leis. Rinne sé Seabhac do féin
agus d'imthigh sé leis go rabh sé ar
bhárr na mbeann ar bruach na
fairrge. Bhí an oidhche a' teacht agus
d'amharc sé síos i sgealpaigh a
bhí ann agus tcí sé solas. Rinne
sé fighdeóir do féin agus chuaidh sé
síos ins an sgealpaigh agus bhí teach
ann, agus cé a bhí ann? ach nighean
Ríogh chnoc an óir. Rinne sé fear
do féin nuair a fuair sé é féin
thíos; agus nuair a chonnaic sí é
bhí luthghair mhillteanach uirthí.
"Bhail," ar sise, "Muinfidh muid
an fathach go fóill. Nuair a thiocfas
sé anocht léigfidh mise ar go bhfuil
fearg orm, agus nach bhfuil mé sásta."
Nuair a bhí dtratha an ama
ann ag an fháthach a bheith a' teacht;
Rinne seisean fíghdeóir do féin agus
chuaidh sé isteach faoi chos an tábla.
Isteach leis an fhathach agus leig sise
uirthí go rabh sí iongantach mí-shásta.
"Goide an ghruaim atá ort-sa
anoch?" ar seisean.
"Orú is beag an t-ionadh domh
gruaim a bheith orm," ar sise, "tá mé
agat fhad agus tá mé agus níor
innis tú ariamh domh cá rabh do
bheo."
"Tá mise ins an bhinn sin thall,"
ar seisean.
"Maith go leór," ar sise.
D'imthigh an fáthach agus ní rabh
fhios aicí cá dteachaidh sé agus
tháinig Mac Ríogh na h-Éireann ann
a chruth féin arais.
"Anois," ar sise, d'innis an
fathach domh go bhfuil a bheo ins
an bhinn sin thall ach is ró-mhaith
atá fhios agam-sa nach sin an
áit a bhfuil sé."
Maidín lá ar na bhárach d'éirigh
an bheirt agus rinne siad a mbric-
feasta agus chuaidh amach a
dh'obair - a chur blatha galánta
thart fá bhun na binne sin. D'oibir
siad leo go dtáinig an oidhche
agus tháinig siad 'un toighe. Nuair
a bhí sé a teacht 'e chomhair an
ama ag an fhathach a bheith a'
teacht; Rinne Mac Ríogh na
n-Éireann fighdeóir do féin agus
chuaidh sé isteach faoi chos an
tábla. Isteach leis an fhathach agus
rinne sé sit-gháire magaidh.
"Goide ádhbhar do gháire," ar sise.
"Is tú an bhean amaideach," ar seisean.
"Cad tuighe," ar sise.
A' briseadh do chroidhe ó mhaidin
ag obair ag bun na binne sin thall
agus nach sin an áit a bhfuil mo
bheo-sa ar chor ar bith. Leig sise
uirthí féin go rabh sí iongantach mí-
shásta. Dubhairt sí gur fhéad sé gan
a bheith ag innse bréag díthe.
"Bhail," ar seisean, "tá mo bheo-sa
'sa chrann sin amuigh."
Crann cuileain a bhí ann nach
rabh ró-árd ach bhí cuid mhór géag
air. Amach leis ar an dorus agus
ní rabh fhios aicí cá dteachaidh sé.
Nuair a d'imthigh an fáthach, tháinig
Mac Ríogh na h-Éireann ann a chruith
féin aríst.
"D'innis an fathach domh anois," ar
sise, "go bhfuil a bheo i gcrann a
chuilinn sin amuigh. Ach is maith atá
fhios agam-sa nach sin an áit a bhfuil
sé; ach mur' be féin oibreochaidh
muid-inne an lá amárach ann go
maith agus d'oibir muid an lá indiu
ag bun na binne."
Maidin lá ar na bhárach d'éirigh
siad agus rinne siad a mbricfeasta.
Chuaidh siad amach agus thoisigh siad
a chur blatha deas agus a chóiriú
thart fá bhun a' chrainn. D'oibir
siad leo mar sin go dtí an oidhche.
Teacht na h-oidhche bhain an bheirt
an teach amach. Nuair a bhí sé
a teacht 'é chomhair an ama a
mbéadh an fáthach a' teacht; Rinne
seisean fighdeóir do féin agus chuaidh
sé isteach faoi chos an tábla. Isteach
leis an fhathach agus rinne sé sit-
gháire magaidh.
"Goide adhbhar do gháire," ar sise.
"Orú bhean amhaideach," ar seisean,
"nach iongantach tú a bheith a' briseadh
do chroidhe thart fá bhun a chrainn
sin agus nach sin an áit a bhfuil
mo bheo-sa ar chor ar bith."
Shuidh sí agus chuir sí a bos lé
na leiceann agus leig sí trí uaill
chaointe aistí féin a chasgrochadh
clocha agus crainn.
"Nach náireach a' maise duit é,"
ar sise, "ag innse bréag domh."
"Bhail," ar seisean, "tá mo bheo-sa
'sa chaislean bras ud thall, agus
tá Mac tíre Seabhac agus fighdeóir
istiugh ann agus níl aon pholl air
ach poll beag amháin agus ní thioc-
fadh lé duine fághail isteach air.
Nuair a mhairbhfear an Mac tíre, atá
istuigh ann; caillfidh mise an ceathramh
cuid de mo chuid urraidh: Nuair
a mhairbhfear an fighdeóir caillfidh mé
ceathramh eile agus nuair a mhairbh-
fear an Seabhac, caillfidh mé ceath-
ramh é; ach na dhiaidh sin béidh mé
beo agus ní bheithfear ábalta mo bhás
a thabhairt go dtí go mbuailtear
isteach i gClár an éadáin mé leis
an uibh atá istuigh ins an t-Seabhac."
D'imthigh sé amach ar an dorus
arais. Agus tháinig Mac Ríogh na
h-Éireann ann a chruth féin.
"Tá an lá linn an iarraidh seo,"
ar sise, "sin an áit a bhfuil a
bheo gan bhréig gan mhagadh." A'
toiseacht agus ag innse do Mac
Ríogh na n-Éireann goide a
dubhairt sé. Ní déarn sé sin a
dhath ach a ghabhail amach agus Seabhac
a dhéanamh do féin agus níor stad
sé go rabh sé i mullach chaislean
a' bhras. Chuaidh sé isteach ar
an pholl bheag a bhí ar a' chaislean
agus rinne sé mac tíre do féin
nuair a fuair sé é féin istuigh.
Nuair a chonnaic an Mac tíre
eile é, thoisigh sé a léimnigh. Chuaidh
an bheirt ar dhá ghreim sgeadamáin
lé chéile ach níor mhair an troid
i bhfad, go dtéarn sé spíongtogaí do.
Rinne sé fighdeóir do féin annsin
agus chuaidh sé féin agus an fighdeóir
lé chéile, ach níor mhair an
troid sin i bhfad ach oiread; Rinne
sé spíontógaí do é sin fosta.
Rinne sé seabhach do féin annsin
agus chuaidh sé féin agus a' Seabhac
a bhí istuigh lé chéile agus níor mhair
an troid sin i bhfad ach oiread;
stróc sé suas an seabhac agus
bhain sé an uibh amach as. Ansin
d'imthigh sé a' tarraingt ar Nighean
Ríogh oilean Chnoc an Óir agus
an uibh leis ann a chrúba. Nuair
a marbhadh an Mac tíre d'aithinn
an fathach é féin ag éirighe lag;
agus nuair a marbadh an fighdeóir
d'aithinn sé é féin ní ba laige.
agus nuair a marbhadh an Seabhac
d'aithinn sé go rabh a ghnaithe déanta.
Dar leis féin go rachadh sé fhad lé
Nighean Ríogh Oilean Chnoc an Óir
agus go mairbhfeadh sé í sul a
bhfuigheadh sé féin bás. Nuair a bhí
sé a' tarraingt ar an dorus, bhí
Mac Ríogh na h-Éireann 'na sheasamh
ins an dorus agus an uibh aige
i gcúl a dhoirn. Chaith sé í agus
bhuail sé an fathach i gClár an
eadain agus d'imthigh sé 'na dhusta.
Bhí sé na cianta de aois, ach go
rabh sé beo lé geasa.
Fágadh 'na sheasamh ar an léana
bhán: Mac Ríogh na h-Éireann agus
Nighean Ríogh Oilean Chnoc an Óir
agus gan teach na ionad 'a gcomhair.
D'imthigh an teach a rabh siad 'na
gcomhnuidhe ann agus caislean an
bhros fosta.
Annsin d'imthigh an bheirt agus
a sháith aithis ortha cionnas go bhfuair
siad réidhtigh leis an fáthach. Shiubhail
siad leo a' tarraingt ar oilean
Chnoc an Óir arist. Nuair a fuair
Nighean a' Ríogh ins a' bhaile, thug sí
léithe slat na draoidheacht agus
níor siad sí go rabh sí ag beirt
Mhac Ríogh na h-Éireann a bhí na
dhá gcloich ar an léana ghlas a bhí
ag taoibh na cailleadh;- an áit ar
chur sí féin faoi gheasa iad i bhfad roimhe
sin. Bhuail sí iad lé buille ar
shlat na draoidheachta agus d'éirigh
siad suas beo beitheach go maith
agus bhí siad ariamh.
Bhí beirt deirbhshúirach aicí-sé
a bhí chomhair a bheith go deas léithe
féin agus pósadh beirt Mac Ríogh
na h-Éireann agus an péire seo.
Agus bhí bainéis aca a mhair lá
agus bliadhain agus bhí an lá deir-
eanach go maith leis an chead lá.
Is cuma goide an chuideachta
a bhí ag clann Ríogh na h-Éireann
ní dhéarn siad dearmad do'n bhaile.
Thug siad leo a gcuid ban agus
bhain siad Éirinn amach. Bhí luth-
ghair mhór ar a muintear rompa
agus chaith siad an chuid eile dá
saoghal i gcuideachta a chéile go
son suailceach gur sgar a' bás
ó chéile iad.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.