Mactíre na Srutha Léithe
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0200
- Dáta
- Márta 1936
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0425: The Search for the Lost Husband
- AT0552: The Girls Who Married Animals
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Lios Mór agus Maigh Cholpa, Co. Phort Láirge
- Bailitheoir
- Seán Ó Caoimh
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Caoimh
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0200, Leathanach 191
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISMactíre na Srutha Léithe
Bhí Rígh in Éire fadó, agus bhí triúr ingean aige. Bhí
an bheirt ba shine a' dul ar an gclár uachtrach, gan
príonnsa ná tuathach a' teacht fuí n-a ndéin, ná
aon tsuím ag an Righ cleamhnas do dhéanamh dóibh.
Bhí an ingean do b'óige fós n-a buinneán-uaithne
agus do bhí peata geal a h-athair í. Bhí folt fionn
dualach uirre a' tuitim go feóir, a croiceann chómh
geal le sneachta na gcraobh, cír mhín chothrom, mar an
eabhar na beal do shoillsígheach nuair do dhéineadh sí gáire.
"Fionainnín" an ainm do thug a h-athair uire i dtaobh
finneacht a fuilt agus gileacht a cuis.
Bhí dhá artha agan Rígh ba mó leis ná a chuid
shaibhrais shaolta eile, agus b'íad an dá artha iad
san dá caithaoir agus daillaid, gurbh ainm dóibh
an Ríogh-Cathaoir, agus Ríogh-na-nDaillaid. Bhí an dá
bhall sin sa'n Riogh-Sheomra, agus gan cead ag éinne
eile beó dul i ngoire an tseomra úd acht an Rígh é féin
fiu an bhanrioghan féin ní leomhthach sí dul ar a gaor.
Bhí an cathaoir suidhte i gcuinne an tseomra, agus
an diallaid ar crothadh as a ceann. Bhí buaidh fé leith
ins an chathaoir agus insan ndiallaidh; mar an Té
do shuidheafadh san chathaoir, ní raibh aon nídh d'á ndíarr-
adh sé ar a Dhia agus in onóir Ríogh-na-ndáillaid
ná raibh le faghail aige, ach ní raibh an pribhiléid sin
ag einne eile fós riamh ach ag an righ féin.
Lá dhá laetheannta dá raibh an righ agus an bhanriogan
as baile; nídhe ná'r rangaidh riamh roimhe sin do'n
righ, rinne sé dearmhad ar an steomra do chur
fe ghlas, agus nuair a fuair na h-ngeannacha an
Righ-Tighealach futha féin d'imthígheadar sa chuardach
agus fuaireadar an Riogh-Sheomra ar fhoscailt,
isteach leo, mar go raibh 'fhios aca sud, an buaidh
fe leith do bheith sa' chathaoir 's ansan ndíallaid.
"Seadh." arsan ingean ba shine, "ós rud é go bhfuil-
imíd cartha d'ár saol, biodh bluire dibhearseann
againn mar a mbeidh ao' rud eile."
"Dé'n dibhearseann beidh againn? arsan dara
h-ingean. "Iarramís ar Riog-na-nDiallaid fearaibh
do seoladh chúghainn" arsan cead ingean.
"Sead! biidh tosach agat-sa" arsan bheirt eile lei
Shuidh an ingean ba shine sa chathaoir agu sd'feuch
sí anáirde ar an ndiallaid. "Iaraim-se ar mo Dhia"
ar síseann "Agus ar onóir Riogh-na-ndíallaid go
dtagaidh Bradán an Chaise Ghil agus go mbeirigh
sé me fein leis!" D'eirigh sí agus suidh an dara
h-ingean. Iaraim-se ar mo Dia" ar síseann
"agus ar onóir Riogh-na-ndiallaid, go dtagaidh
madra na h-atha scairbhíghe 's go mbeirigh sé
me feín leis!" D'eirigh sí sin agus suid an
ingean dob' óige. "Iarraim-se ar mo Dia"
ar síseann "Agus ar onóir Riog-na-ndiallaid
go dtagaidh mactíre na srutha léithe, 's go mbeirigh
sé me feín leis!"
D'imithígheadar leo, agus gan a thuille cuimhne ar
cad do bhí déanta aca. Ach ba gairid go bhfeacadar
an farraige ag eiríghe 's a leathad mor-thimcheall
na cúirte, na go raibh an chúirt beagnach folluighthe
aice, as an farraige d'eirigh an tiasc mor uaith-
fasach. Thug sé foghadh fe'n ingean ba shine agus
sciob leis fe thuinn í. Ní ro-fhada bhí sí sin
imthighthe nuair do thainig an gadhar mor mothall
ach, agus sciob sé an dara h-ingean leis.
Thainig faitchios agus crith-eagla ar fhionainnin, -an
ingean óg - mar go raibh 'fhios aice, go mbeadh an
mactíre chuiche feín fe mar do bhí an bradán agus
an gadhar chun a bheirt driféar; ach bhí an aimsir
ag gluaiseacht agus ní raibh an mactíre a teacht
Thainig an righ agus an banrioghan abhaile, bhí an
oidhche a tuitim, agus ní raibh an mactíre a teacht
bhraitheadh an dá ingean eile as ionnad, agus
cheistígheadh na searbhóintí ní raibh fhios aca sud
cad do thárlaigh dhoibh. Ceistígheadh fianainnín, agus
d'innis sí dhóib fe mar do thuit amach, agus
go mbeadh an mactíre cuiche fein luaith nó
déideanach. "Má thagann fein" arsan righ beidh a
thuras in aisce aige, ní bhfaghaidh sé, m'fhianainnin-se
Chuir an rígh gárda le sleightheanna 's le saigheada
a faire ar an mactíre chun é da sáthadh nó
do lámhach nuair do braithidís a teacht é.
Bhí sé beagnach ar an am marbh d'oidhche, nuair
d'airig an righ an gleo 's an liúirthigh leas'muich
scaoil gach airceall a saighead, agus caith gach
laoch a shleigh, ach bhí sé chóm beag aca a saigeada 's
a sleightheanna a cur trí leac mharmhair le beith a'
díarradh íad do chur trid an mactíre ud, bhí na
gabhainne go dithcheallach ar fead seachtaimne, a' biorú
na ngeatha, bhíodar chóm maol san thareis an mactíre
do bhualladh. Thainig an mactíre go doras na
cúirte agus bhuaill poc air. "Seo a righ onóirigh"
ar seiseann. "Cuir amac mo bhean chúgam."
"Níl aon bean annso agam le chur cúghat" arsan righ
"Ta" arsan mactíre "mar gur íarr sí orm, ar
onóir riog-na-ndiallaid teacht agus í do breith chun
siubhail liom; ná dein moill, no beidh áthru sgeil
agat geallaim duit. Ghlaodaigh an righ chuige
an cailín scollanta, chóirig sé i gculaith síoda í
Chuir sé fáinne ar gach méir lei, agus dúbhairt lei
léigint uirre gurabh í fíonainnín ingean an righ do
bí innte; agus scaoil sé amach chun an mhictíre í.
D'árduig an mactíre leis í, ní raibh fhios aice de'n
fhaid no go dtug sé go dtí carraig cloithche do bhí
ar taobh sleibhe í. "Fan annsan go foil" arseiseann
lei "agus ar do bhás na carraig no go bfilligh mise
thar nais chúghat." D'imthigh sé as a radharc, agus
ní túisge bhí sé imithighe nuair do shéid an oidhche
fé shíon 's fui gailtheann, nuair do shíl sí dul ar
scáth-fothana na carraige, fuair sí go raibh a cosa
ceangailte dhe'n talamh 's ná raibh innte corruighe.
Chuaidh an fuacht 's an t-anrog tríthe, gur beag ná
go raibh an dé aiste nuair do chas an mactíre
cuiche le breaca an lae. "Seadh!" arseann. "dé'n
uair ríamh is mo bhí fuacht ort?"
"Ní raiibh fhios agam cas is fuacht riamh go dtí aréir"
ar síseann. "Ná bac leis an oidhche areir" arsan
mactíre lei, "Acht dé'n uair eile is mo go raibh fuacht
ort." "Nuair do bhínn san scollan a meilt leis
na mbróinte," ar síseann. "uáireannta bhíodh cioth h-alluis
liom. 'S nuair dó fhuarainn, biodh crith-fuacht orm
ó bhonn go bathas."
"Cas abaile" arsan mactíre lei, "Ní dhéanfaigh thusa
an gnóth!" Chuaidh an cailín abaile, ach ní raibh
de chuimhne aice ar gach ar thárlaig di ac chómh
beag is dá mar dí mar ná'r bhain sé dhí riamh.
An oidhche b'í n'a ceann, tháinig an mactíre
agus bhuaill poc ar dhoras tighe na cúirte. "Seo!
a righ onóirig." arseiseann, "Cuir amac mo bhean cugaim"
"Ní'l ao' bhean agam le cur chúghat" arsan Rígh.
"Cuir amach mo bhean chúgham 's na' déin moill," arsan
mactíre "nó beidh áthrú sgéil agat geallaim duit."
Chóirigh an righ an cailín rúime, agus chuir amach
chuige í. D'árduigh an mactíre leis í chun na
carraige ceadna, agus dúbhairt lei gan corraighe
go bhfilleadh sé. D'imtigh sé agus ní túisce
d'imthig, ná gur shéid an oidhche a cur anafhaith
's d'á olcas an oidhche aréir ba sheacht measa an
oidhche anocht, i gcás 's go raibh sí in dhéire na
stiúige nuair d'fhill an mactíre chuiche le breace
an lae. "De'n uair riamh is mo a raibh fuacht ort?"
arsan mactíre lei. "Ní raibh 'fhios agam cad is fuacht
riamh é go dtí aréir" arsan cailín. "Ná bac leis
an oidhche aréir" arseann, "ach dé'n uair eile riamh
is mo go raibh fuacht ort?"
"Ní raibh fuacht riamh orm thar bharrai mo mhéara"
arsan cailín "agus sin nuair do bhínn a' cóiriú
na leabpacha, agus a' filleadh eadai na banrioghaine
bhiodh biorráin fuacta i mbarr mo mhéara." "Cas abaile"
arsan mactíre, "ní dheanfaidh ná thusa an gnóth!"
Cas an cailín ar an gcúirt, gan cuimhne n-a ceann
ar fé mar do thárluig di. An oidhche n-a cheann
tháinig an mactíre arís, agus buaill buille miltheach
ar an doras. "Thoicim! A rígh onóirigh" arseiseann
ná bí a magadh fúgham-sa níos sía, nó ní lár
duit!" Cuir amach mo bhean cugam gan mhoill"
"Ní chuiread" arsan righ. "Ní'l bean agam le cur
chúghat."
"Cuir amach mo bhean chúgam" arsan mactíre, "nó
cuirfigh me an chloich íochtrach ar an gcloich uactrach
dhe'n chúirt agat!"
"Déin do díthcheall!" arsan rígh go feargach.
Dhruid an mactíre siar thug sé fogha cliáthánach
fé'n gcúirt agus crith sé ó bhonn go buaic í.
"Foil! ná déin" arsan ríg "agus cuirigh me amach
cúghat í." B'eigin do'n rígh fionainnín do chóiriú
's do chur amach chun an mhictire, ó's na raibh dul
as aige. D'arduig an mactíre leis í go dti an
carraigh cheadna agus thug órdú dhi ghan corruighe
go dtí go bhfilleadh se chuiche. Ní túisce bhí se imighthe na
gur sheidh an oidhche a raide, le sioch 's le sneachta, le
gaoth 's le nimh fuachta, agus fianainnín bocht ná'r fhullaing
anrógh dhe'n chuid ba lúghadh riamh n-a saol. Bhí sí préachta
do-mhothuighthe nuair do fhill an mactíre chuiche le breaca

arsan mactíre lei, ach ní raibh fianainnín ionnan ar fhreagra
thabhairt air bí a beul dlúigthe leis an leic-oidhir. Sheid
an mactíre a anail fan bheil uirre agus leigh an leic-oidir.
Chuir sé an cheist chuiche arís - dé'n uair riamh is mó
a raibh fuacht ort?"
"Ní raibh fhios agam go raibh fuacht ríamh ann go dtí an
oidhche aréir" arsa fionainnín. "Ná bach leis an oidhche
aréir," arsan mactíre, "ach de'n uair eile riamh is mó
a raibh fuacht ort?"
"Níor thaithígeas an fuacht ba lúgadh ríamh i dtigh m'athar
's mo mháthar" arsa fionainnín.
"Seadh! Tá an bhean cheart agam an babhdhta so"
arsan mactíre. Bhuaill sé buille dh'á crúib ar
an gcarraig agus d'fhoscail an charraig ó chéile
agus isteach leatha araon. Ghluaiseadar leo trídh
leithe."
Go mairigh tu shlán a óig-fhir na súl mealltach" arsa
fionainnín. Is bínn í dho fhailte, ach ná fuil 'fhios
agamsa ciaca bog ná cruaidh iad mo gheasai, na' fuil
duine ná daonaidhe agus aithin dam sa tír seo, 's gur
dúbhach brónach iad mo mhuintir, gan fios aca ná gurabh
amhladh chaileas mo mhaisc 's a bheith mar bheile ag an
mactíre ná bíonn cúimhne aige ar ao' nidhe acht a
bolg do lionadh"
"Ná luaidh mar sin liom a fhionainnin" arsan tógánach
nílim im' mactíre fe láithir, 's ní fui gheasai cruaidh
atá fonn orm thu a chur, ach go mbeidh saol sóghach
go leor agat má thagann leat an brón 's an luaith-
gháir do cómh-ríaradh, ach tá gach nidhe reidh anois chun
ar bpósda, - an cleamhneas do rinnis féin ar óinóir
Riogh-na-ndiallaidh." Thug se leis i seomradh; mar
a raibh gach nídh ullamh i gcóir a bpósda do phósadh
iad láithireach, agus ní túisce bhí an posadh crionuighthe
ná go ndúbhairt an tóig-fhear go gcaitfeadh sé a
beith a bagadh chun bóthair. "Is airdheis mar sgéal é"
arsa fionainnín "láe ár bpósda féin nach féidir leat
an lá do chaitheamh im' aice."
"Sin íad na geasaí a fhionainnín" arsan tógánach
"agus an chéad cat dhe'n mbrón i lá de m'shaol ní
féidir liom a chaitheamh id' theannta, in fhaid 's táim
fui geasai mnaoi eile, ach inatsa seadh tá mo
muinghín agam chun na ngeasai ud do scaoileadh, ach
sar a n-imtheocad, tá toghadh dhá roghadh agat,
beadsa chúghat gach oidhche, ach beidh me deighilte gach
lá uait, beidh orm bheith im' macthíre de ló nó de
oidhche, ciaca is feárr leat me bheith im' mictíre sa
ló o im' fhear ins an oidhche, nó im' fhear ins an ló
's im' mactíre san oidhche?"
"Ó's rud é go mbeidh tu im' fhocair-se sa n-oidhche"
arsa fionainnín 'is feárr liom tú bheith id mactíre
sa ló 's id fhear ins an oidhche, ach aon aithchuiníghe
amháin ma's fhéidir?"
"Cad é sin?" arsan tógánach. "Má fheadfeá
imteacht uaim gach maideann gan tu d'feiscint id'
mhactíre?"
Beidh an aitcuinighe sin le fághail agat, ach na caithfir
feuchaint orm leas' muich de tharrsaig" arsan
tógánach. "Is cruaidh an bearta é" arsa fionainnín, "ach bíodh
sé mar sin."
D'imthig an tógánach an doras amach uaithe, agus bhí
a leithéid sin de bhrón uirre bheith a scarrúint leis, gur
fheuch sí n-a dhiaid, 's ní tuisge leas' muich dhe tarr-
saig é ná go raibh sé n-a mhactíre arís fé mar do
connaic sí ar dtuis é, ach thug sí a móide ná
feuchadh sí n-a diaidh arís. D'imthig an lá go mall
trom aitirseach do fhionainnín bocht, ach le tuitim na
h-oidhche da bhuaill se isteach chuiche n-a ógánach ní ba
chalma ná mar do chonnaic sí ar maidin é. Phógadar
s dheochadar a cheile 's ní raibh brígideach sa tír
chóm h-áthastuil le fionainnín an oidhche sin. Ac ba
dhub brónach lei an mhaideann a bheith a scaramhaint
leis, agus fios aice go raibh a thrial ar mhnaoi eile
dh'á h-éumais féin, ach an taon tsásamh amháin do bhí
aice - go raibh sé n-a mactíre ag an mhnaoi shin i
rith a lae. Sin mar da bhí d'imthig na laetheanntha agus
na seactmhainí é a teacht 's ag imteacht uaithe, is mhinic
do shíl sí é do mhealladh le fios d'fhaghail ar cursai na
mná eile, cá raibh sí, connas mar da caitidís an aimsir
le chéile agus eile, ach ní raibh ionann é d'insint di, no
má bhí na'r innsigh, ach bhí aon nídh amháin do braith sí
go raibh gradh mor aige uirre féin agus fuaith mhor do'n
mbean eile, ach ná raibh leigheas aige ar í bheith fui na
cómacht aice.
I gcionn lae 's blíana do bhronn fionainnín mac óg air
agus da mhéad a chuid grádh dhi roimhe sin ba seacht
mhó a ghrádh dhi anois. Bíodar araon ins na spéartha
anáirde le h-áthas, 's go mor mhór anois ó bhí mac óg
mar chuileachta aice, ná raibh sí chómh h-aigneach as diaidh
a fir, 's do bhí sí le bliain roimhe sin.
Nuair do bhí an mac trí ráithe d'aos, maideann aírithe
's a céile a' fágaint dúbhairt sé mar seo lei. "A bhean
's a chumainn mo cléibhe" arseiseann. Má thuiteann aon
rud neamh choitcianta amach indiu duit, ná tagadh buaidhirt
má brón ort, ná má thagann 's go gcuirfigh tu asna ná
eagcaoin asat, beidh mise scartha leat go bráth 's coidhche
chuimhnig ar sin anois a searc mo chléibh," 's d'fháisc
sé le n-a ucht í. "geallaim go dluth dhuit a stóir
mo chroidhe go mbeidh me dílis dhuit le neart mo chroidhe
agus m'intinne." D'imthigh sé leis, agus chuaidh
fionainnín i mbun a cuid oibre, timceall a meádhan lae
thog sí an leanbh chuiche na beinn, chóirigh sí 's do ghleas
sí é fe mar ba gnáth lei, le na linn sin do dhúbhaigh
an la, tháinig mar beadh síoodh-gaoithe thimcheall na
cúirte, tháinig mar bheadh crúcadh iarrainn anuas
trí buaic na cuirte, chuiread an cruca fui chrios
an leinbh agus d'ardúighead uaithe amac trí bhuaic na
cúirte é. Chuimhnig sí látharach ar cad a dúbhairt
a fear lei, agus níor chuir sí och na eagcaoin
aiste. Tháinig a fear isteach istoidhche chuiche agus
é go sásta geal-gháirtheach. Rug sé idir a lámha
uirre phóg sé 's do dheoch se í, "A bhean is feárr do
bhí ag éinne ríamh" arseiseann "is mor ata déanta
ar mo shon indiu agat, mo ghrádh thar mheoin tu."
Chuir áthas a fir gach cuimhne ar a leanbh as a
cúimhne agus ní raibh a leithéid de lúthghair riamh
uirre 's do bí an oidhche sin.
I gceann lae 's bliana arís do bhronn sí an dhara
mac air, agus bhí gach nidhe ar a toil aice go dtí
go raibh an leanbh trí raithe d'aos, agus dúbhairt
a fear arís leithe fe mar dúbhairt se cheana.
Cé gur gheall sí dho go mbeahd sí dílis, b'oth lei an
dara leanbh do scaoileadh chun siúbhail gan fios rúin
ná doigh aice cá ngeofai leis, ach ceap sí n-a h-aigne
go mbeadh sí cródha ar shon a céile, bhí a fhios aice cad
do bhí le teacht agus mhiothalaigh sí í féin cuige.
Ar uair a mheádhon lae thuit amach fe mar do thuit
an aga roimhe sin, dhoircaidh an lá tháinig an stoirm
agus cuireadh an crúca fuí chrios an leinbh agus
d'ardúighead chun siúbhail é. Chuímhnis fionainnín ar
chainnt a fir, agus níor chuir sí och ná eagchaoín
aiste, na níor sil sí aon deóir. Tháinig a fear
abhaile istoidhche agus é ins na stárta le h-áthas
bhailligh se chuige í 's ba bheag ná gur mhóc sé
le póga í, ná'r bháthaidh sé le deóra í thoirmuig
le brata síoda 'gus sról í. Chuir áthas agus luth-
ghair a fir chúimhne an leinbh as a ceann. D'imthig
blíain agus lá eile, agus bhronn fionainnín ingean
óg ar a céile, ba mhór an chúis áthais do fhionainnín
an leanbh bheith na h-ingean, agus ní raibh neal ar a
suairceas go dtí go raibh an leanbh trí ráithe
d'aos, 's labhair a fear arís lei. "A bhean mo
chroidhe" arséiseann, "b'ionna san 's riamh ná caill
indiu orm, indiu seadh beadh an triail le seasamh
agat, má chuireann tu och ná eagchaoin asat nó má
shileann tu aon deóir beadsa scartha leat go bráth
agus choidhche, ach ar an láimh eile dhe má chuireann
tu cath an lae indiu díot, beadsa im' fhear
de ló 's d'oidhche agat gan bheith orm scarúint aon
lae leat, thoicim anois gleas tu féin i gcoir na
catha agus bheidh ár saol araon go sámhach as so amach"
"Ach a chéile mo croide" arsa fionainnín, "i mbeidh orm
scáramaint le m' leanbh beag ingine?"
"beidh ort a ceadh shearc scarúint lei sin, na scáruint
liomsa" arsaigh a fear lei.
"Ná féadfainn í do choigilt ar chuma éigint" arsa
fionainnín go dúbhach-croidheach. D'á gcoigileofá
i bpoll tarachair í ní bheadh dul ó'n gcinnúint
agus, arseiseann. "Anois nó riamh na caill orm"
agus d'imhthigh se leis, gan aon iontaoibh mar aige
aiste. I meadhón a' lae thainig an dóircheadas
shéid an siodh-gaoithe, do chrith an chuirt 's do
tháinig an crúca fui chrios an leinbh, 's le linn
an leinbh bheith a h-árdach tháinig tocht ar fhionainnín
d'a h-aimhdheoin féin, thuit deor ó n-a súil, thuit an
deóir i tsúil an leinbh agus thuit an tsuil as an
leanbh. Thóg fionainnín chuiche an tsúil agus chuir
chúiche go cúramach í. Dhúbaigh an saol uire an
creatúir bocht, bhíos aice go raibh an chath caillte aice
ar a chéile 's ná raibh fios dé'n chruaidteann do bí
n-a ceann d'á bhárr. Tháinig an oidhche ach níor
tháinig a céile chómh luaith 's ba gnathach leis, ach nuair
do tháinig bhí se mar bheadh tarbh ar báiníadh. "ba
olc an mhaisc indiu agat é" arseiseann go feargach
ach bhiodh ort féin chómh maith 's bheidh ormsa, mar go
bhfuilim sgartha anois leat go bráth agus choidhche, dá
mbrúghfá fút indhiu fe mar do rinnis an da babhdhta
roimhe seo, beadh geasai na mná eile briste agat
bheinn-se id fhochair im' fear de ló 's d'oidhche, agus
beadh da tríur leanbh thar nais agat arís go slán
Tá orm-sa slán d'fágaint agat anois agus ní feic-
eóchaigh tu go bráth arís me,"
Bhí croidhe fhionainnin bocht briste ar chloisint na
cainnte sin di 's nuair da cuir a céile chun
imtheacht uaithe, chaith sí a dhá láim thimcheall ar a
mhuineal, "a chead-shearc 's a ghrádh ghil"
ar sísin, "a dtabharfá aon aitcuiníghe amháin dam
sar a n-imtheóchair?"
"Aon aitcuinighe is féidir liom" arseiseann.
"A gcuirfeá do cheann im' bhéinn ar feadh scathimh bhig?"
ar sísin. "Ar feadh trí scaithimh má's maith leat e"
arseiseann. Chuir sé a cheann na béinn, agus thuit
neal bheag coladhta air. Chuir sí biorán shúain i
gcába a chlócha chun ná dúiseocaidh sé go dtí go
mbead gach nidh reidh aice. D'fhoscail sí bhóna a léine
thog sí chúiche cleite, tharraing sí roint fola as
a cuislinn, agus sgriobhaidh sí síos ar bhóna a léine
le n-a cuid fola féin mar dhubhach, sgriobh sí síos
gach ní d'ar tharluigh dhi ó'n uair d'fhág sí
cúirt a h-athar go dtí an nomat do bí laithir
agus nuair do bhí an mhéid sin déanta aice, do
dhún sí bóna a léine aris. Tharraing sí an
biorán shuain agus dhúisigh sé agus chuir béic
as. "Ó" arseiseann. Ta an tam i bhfad caithte
gur cheart dam bheith i gluaiseacht. Thug se
nó a mhallairt. D'imthigh sí lei cois abhann gan
fios aice cá mbuailfeadh sí cuan. Bhí an oidhche a
breith uirre go tiugh, agus an talamh fui n-a
cosa go garbh cuiriceach, ach i gceann
thamaill do glan na néalta thar agaidhe na rae
agus fui sholus na gealaighe tháinig lei coisidheacht
nioba stuideartha do deanamh. Bhí morchuid siubhalta
aice ó fhág sí ionnad na cuirte, agus bhí sí ag
eiríghe tuirseach, agus lagmhisnithiúil gan tigh ná
tighealac, duine na daonaidhe le feiscint aice, ach
anois 's arís eínlaith an churraig a teitheadh
le fiantas 's eagla ó n-a cosa nuair thagadh
sí i ngeárr dóibh. Is amhlaidh tháinig saghas
eagla uirre bheith a siubhal cois abhann, bhí tuirse
agus sagas codhladh-seasanta a teacht uirre, dhruid
sí ó'n abhainn agus thug sí a h-aghaidh ar an
ngrabh-mhágha fhairsinn do bhí a sínead amach ar
gach taobh di. Shuidh sí síos ar stolla-cloiche chun
greim bídhe di caiteamh, 's ba geárr gur chluinigh
sí glám chonnairt tamall maith uaithe, ní ró-fhada
go bfeaca sí giorrfhiadh a rith le n-a anam
n-a treó, bh.í an tainbhíghe bocht claoidhte, ní raibh
ann dul ní ba shíad, b'eol di an chuis fe leith é
bheith chómh traochta, bhí an creatúirín a rith ar
thrí cosa, agus ceann d'á cosa deire briste 's
ar liubarnaigh leis. Thuit an giorrfhiadh n-a
mhaig ag a' cosa. Rug sí air agus d'fhalluigh sí
fui n-a clóca é. Tháinig peidre con de glan
scríb as diaidh an ghiorrfiadh go dtí an áit ar'
thuit sé, thugadar tamall a scúinneáil thimcheall
agus nuair do theip orra an bolaith cheallúint
chasadar thar nais ar an smúisíghil ar an mbeallach
gur thángadar. Nuáir do bhraith fionainnín go raibh
an giorrfhiadh ó bhaol. Thóg sí chuiche ar a beinn é
tharraing sí chuiche as a póca bíndeal agus snáth
fuair sí píosa de chipín agus rinne splintóg de
agus chuir sí cois an giorrfiadh. Nuair do bhí sin
deanta aice, do labhair an giorrfhiadh lei, "A fhionainnín
a íngin Rí Eireann" arseiseann "ní bheidh aithireachas ort
i dtaobh an ghním seo ata déanta agat domhsa. Scaoil
uait ar an talamh me, agus lean me." Scaoil sí uaithe
ar an talamh an giorrfhiadh agus d'imthigh sé go mall
reidh rampe, tharéis morán aimsire thug sí fe ndeara
solus a soillsíu tamall uaithe, agus rinne an giorrfhiadh
lom díreach ar an solus. Chonnaic sí gur saghas botháin
do bhí ann, agus dorus gurbh clárac leis 's é dúnta
bhuaill an giorrfhiadh speac le n-a crúib shlán dheire ar an
sisín
doras, "osailígí a clannú ar d'oscail cailín
óg datamhail an doras. "Dé sin!" á máithrín ó?"
arsan cailín. "Oscail agus scaoil isteach me fein agus
mo shlánúighe" arsan giorrfhiadh. D'oscail an cailín óg an
doras agus ní túisce bhí an giorrfhiadh leastig do dhoras
ná go raibh sí na bean dhathamhail meádhon-aosta, agus
bideal agus splintóg ar a cois cléi; an cóiriu ceadna do
chuir fionainnín ar chois an ghiorrfiadh. "Sead!" a clann ó
beidh sibh gan máthair anocht mar a mbeadh an cailín seo in
Éire. Bhí dhá chú le rígh Thir-na-Foghríoghachta as
mo dhiaidh, thug cheann aca snab orm 's me a dul thar
fál agus do bhris mo chois. Mar a mbeadh gur chuir mo dhia
an cailín seo im líon bheinn reidh."
Táimíd á shíor-rádh leat a mháithirín ó, gan dul a cionn.
Tuígheacht ar fhaithce rí-na-foghríoghacta, cá mhéid uair
do thugais do cosa slán leat ó's no coin úd." arsaigh
a thriúr ingean lei. Bhí triur ingean agus an mháithir
sa mbothán. Níor thugadar aon chúntas n-a dtaob féin
do fhionainnín, agus níor cheistig fionainnín iad ac chómh
beag. Do rug an mháithir idir a da láimh ar fhionainnín
agus phog 's de dheoc sí í, agus rinne gach ingean diaidh
a cheile an cleas ceadna lei. Chóirígheadh biad agus deoch
agus árus coladhta dhi agus is í do bhí go sámh, buidh
each d'á margadh. Núair do tháinig an mhaideann agus
bhí fionainnín a cur chun bóthair arís, do líugh 's do
bhéiceadar an triúr ingean, agus cuadar in athchuiníge
uirre lonú n-a' bhfhochair ar feadh scaithimh. Tharéis morán
cur agus cúiteamh, do gheill fionainnín agus socraigh sí
í féin ar nós duine de'n líntíghe, acht amháin gur íarr
sí orra cead bheith aice friothala do deanamh orra, mar
ioc ar a ngcioneáltas di. D'fágadh mar sin an sgeal
agus bhí fionainnín go h-ana shásta ana compordúil
n-a bhfocair, ach thug sí fe ndearra, chómh luaith 's bhí
cois na máthar cneasaithe, go dteidheadh sí amach gach
trathnóna le tuitim na h-oidhche, 's níor fhillead sí go
thimcheall an mheádhón oidhche. Thug sí fe ndearr leis go raibh
galar éigint a cur ar an ingean do b'óige, agus go
bhfanadh sí gan lúighe gach oidhche go dtí go bhfilleadh an mháithir
bhí fionainnín agus an ingean ba sine ana pairtiúil le
chéile, agus lá áirighthe d'á rabhadar i gcuileachtain a chéile
ghlac fionainnín misneach agus d'iarraigh dhe'n ingean, fá
a máthar a bheith amuich gach oidhche, agus í bheith n-a
giorrfiadh mar bhárr ar sin féin. "Tá" arsan tinghean,
"ná braitheann tu go bfuil cíac a cur ar mo dhriofúirín
óg tá sí a dul i léice d'aimhdheain. Cúram mo máthar
lá, tá breis 's blíain ó shoin do bhuaill sealgaire óg an
treó seo, agus ar an chéad leagant sul do thuit mo
dhriofúr i ngrádh leis. Níor gaibh sé an treó seo ó
shoin, ní bfuairimuir fios riamh cér b'é féin no cas as
do ghluais sé bean olltach iseadh ár máthair agus tá
eolas fe leith aice ar dhoiminn-chiáca an ghráidh. Chuaidh sí
in gach treo a soláithir leighis d'ár bpeata beag, nó
fe dheire go dtug sí fe ndearra go bfuil luibh
áirighthe a' fás i bhfaithche Rí Thír-na-Foghriogachta a thugann
faóthamh cé ná leighiseann go h-iomlán an galar so do
itheann an croidhe as dhuine nuair a bhúailleann se feig."
"Sin is dócha an fhath do's na coin de bheith ar a tóir?"
arsa fionainnín. "Níorbh é an chead uair aice a teacht
abhaile gonta cugainn í" arsan tingean. Ach mar ar
rud é go bhfagann mo driofúr an luibh úd le caitheamh
ní mhaireadh sí trí scaithimh. Chuimhnigh fionainnín ar
draoidar de'n mbiadh úd do thug sí ó'n gcuirt lei
agus ceap sí go mbéidir go mbeadh leighis éigint ann
nuair do bhí sí a gleasa an bhídhe dhóibh do measc sí
roinnt de'n mbiadh trí trian na mná óige, agus ní
dúbhairt sí dada 'na taobh. D'ith an cailín óg an
biadh gan fios ar dhada aice, agus ó'n lá san amac
tháinig an luisne thar nais n-a gruanaibh, agus d'eirigh
sí ó bhfanntalacht do bhiodh á treascairt. Braith an mháithir
agus na h-ingeanacha eile an feabas do bhí a teacht uirre
agus ceapadar gurabh í fionainnín fe leith ba chionntach
leis. Chuadar chóm dían sin uirre gurabh éigint di a
admháil é gurab í do leighis an cailín. Ar feadh la 's
bliana d'fhain fionainnín n-a bfochair sa mbothán uaigneac
ud, agus ba mor an briseadh croide leo é an lá do bhí
sí reidh le cur cun bóthair. Núair do bhí sí a bhfagaint
bhailligheadar n-a timcheall, thug an ingean ba sine di
scaotháinín. "Seo" arsa sí le fionainnín, cur chúgat an
scaothánín seo beidh se acradh fos duit níl einne dá
cló
bhfeacaigh sa scaotaínín sin ná tiocfaigh áilneacht
agus pearsain ar."
"Seo"arsan dara h-ingean, "Cuir chúghat an deimheas beag
so, beidh se acrach fos duit, ní'l einne d'ó dtabharfaidh
tu foghad de'n deimheas féig ná go dtiocfaidh culaith
shióda á bhonn go bathas air."
"Seo" arsan tríu h-ingean, "cuir chúghat an chírín seo
-círín chúil-oir - beidh sí acrach fós duit, ní'n einne dho
gcuirfigh thu an chírín seo n-a gceann, ná go dtiocfaidh
folt buide órdha go talamh air." Chuir fionainnín chúice
an seantaínín, an deimheas agus an chírín. D'fág sí
slán go fuideach ag an lintíge úd agus do chuir chun
bóthair aris sa' tír fhiain iasacta sin. Thug sí roinnt
mhaith bidhe lei ó'n mbothán fhlaithuil ud i gcas 's dá
beadh baol ocrais uirre ar feadh a b'fhad. Bhí na laetheann-
ta a dul tar cómaireamh uirre ac ceap sí go raibh
sí ar feadh sé no seacht de scaithimh ar bóthar, s gan
tigh ná tighealach duine ná daonaidhe d'feiscint, nó
fe dheire gur chasadh an iomall tobair i do bhí ar
taobh bóthair, d'ól sí a sáith de'n uisge fior-ghlan
fíos-fhuar, nigh sí a h-agaidhe agus a lámha; bhí crann
a fás as ceann a' tonair, agus geag leathan láidir
ag gabhalú thar bharr a' tobair, shuidh sí anáirde ar
gheag an chrainn, gan aon tuairim aice go raibh tigh
ná tighealac in gheárr di. Dho bhí aon tigh amhain geárr
do'n tobar, - saghas ceárchdheann. Bhí gabha a bhean agus
a bheirt ingean sa tigh ud n-a gcomnuidhe. Tháinig an tárd
thart ar an ngabha an lá áirighthe sin, agus chuir se an
ingean ba shine amach go dtí an tobar le crúscadh chun
deoch do thabhairt isteach chuige. Chuaidh an cailín go dtí
an tobar, 's ar thí di an crusca do thomadh 'san uisge
do chonnaic sí scáil na mná breághthe sa'n uisge.
Chuir sí liú aiste bhuaill sí a basa, agus crom sí ar slogón
"O! mo creach 's mo mhile creac!" arsísin, "go bfhuil se de mhió-
ádha orm ná'r nigheas aghaidh ná láimh liom ríamh agus
ná'r feucas in aon scaothán, ma leithéid de chailín breagh
dathamhail bheith a frítothala ar a leithéid de ghabha grán salach
le
nuair ba dh'á chirte dham bheith pósda prionnsa breágh
éigint. Donas 's duais orm má fhainim nómhat ele a frioth-
ála ar an nguba dubh solach d'athair atá agam." Bhuaill
sí buille dhe'n chrúscadh ar leac a' tobair agus rinne brus-
car de, agus siúil chun reatha lei fein í. Nuair dob fhada
leis an ngabha amuich í agus an tart a cur air go
fíochmhar. "Eirig!" arseiseann leis an dara h-ingean "agus
tabhair chúgham isteach deoch uisge sar ar scoiligh ar mo
theangain le's an tart."
"Níl ao' rud agam ina dtabarfhainn chúghat é" ar sísin
"ach amháin corcán"
"Beir leat é" arsan gabha. "Is maith an gnóth liom deoch
d'fhághail as an gcorcán feín seachas bheith im' mhúchadh
leis an tart." Rug an dara h-inghean lei an corcán
agus siúd cun an tobair í. Nuair do bhí sí ar thí
an corcán do tomadh sa'n uisge, chonnaic sí scáil
na mná breághtha sa'n uisge. Liú sí 's do bhuaill
sí a basa. "O mo chreach agus mo sheacht mhíle chreac"
arsísin go bfhuil sé dhe mhíoádha orm ná'r nígheas
aghaidh ná láim liom riamh in aon uisge, 's ná'r feac-
as in aon scaothán, mo leithéid de chailín breágh
dathamhail a bheith a' friothála ar a leithéid de ghabha
grána solach, nuair ba chirte dham bheith posda le
prionnsa breágh éigin seachas bheith a phéidhe le n-a
leithéid de ghabha grána 's tá mar athair agam donas
is duais orm má fhainim nómhat eile a friothála ar"
leithéid de bhean bhreág dhathamhail a bheith posda leis an
righ is uaisle sa tir. Donas 's duais orm ma fhainim
nómat eile 'n-a an gabha grána solach. Buaill sí
buille de'n dabhach ar an leic agus siúd as diaidh n-a
ningean í. Nuair dob' fhada leis an ngaba do bhí an
bhean gan filleadh phreab sé n-a shuidhe. "O' bheirim feín
do'n chat sibh a scata leighab," ar seiseann. "Agus go
mbeirigh an diabhal an cat leis, ach go gcaitfigh me feín
dul go dtí an tobar." Amach leis go dtí an tobar
agus nuair do bhí sé ar thí cromadh chun an uisge d'ól
chonnaic sé scáil na mná breaghtha sa'n uisge. "Is
ait" arseiseann, "ní h-í sin mo scáil-se ach scail mná"
Chuir fionainnin sciota beag aiste anairde sa' chrann
d'feuch an gabha anáirde, "Ná bíodh aon iongnamh ort"
arsa fionainnín. "Stroinséir iseadh mise an
áith sea. Sí mo scáil do chonnaic an bean agus an
bheirt cailiní úd thall a teiteadh leo feín."
"Siríad mo thriur stagai-se" arsan gabha d'fág gan
deoch me 's me in iatadh leis an tort, agus siríad a
geuid áthrai briste ar an leic aca, má shíleadar gurab
iad a scála feín do connacdar sa' tobar, nach orra
do bhí an breall." Ghlaodhaig an gaba thor nais an
triúr ban do bhí ar teitheadh uaidh de bharr a maise
agus thug tar nais iad 's iad go searb díobh feín.
O' mhuise! greadadh chúghaibh a lapairí na luaithe"
arsan gabha leo "mar an fúghaibh ata an fuadar, o
b'anamh libh spéis a chur in bhúr scéimh, agus gan
an scéimh ann, agus is maith an gnóth d'ómhsa na fuil
siúbhail leat linne a chailín mhaith." arseiseann le fion-
ainnín," ní folár ná go bhfuil tuirse agus ocras ort
agus tá toghadh na fáilte romhat do'n a bhfuil againn
le tarrisgint duit idir iostas 's bíadh."
Ba mhaith an gnóth le fionainnín bocht an tarrisgint sin
d'fhagail mar sin go raibh sí cortha traochta agus
lag leis an ocras. Tharéis béile maith folláin do
chaitheamh agus a tuirse a chur di. Thug sí fe
ndearra go raibh an triur ban gan aon' níde á
deanamh aca acht a feacaint ar a méarnaibh, agus
gan éadach ró-fhóghantha á chaitheam aca ó'n bhfuacht
"Ná bíonn aon nídhe le deanamh agaibh annso" arsa
fionainnín leo. "Ní bhíonn" arsan gabha á freag-
airt, "Níor thoghaid" fear riamh triúr ban níos
d'iomhaóine ná an triur atá sa tigh seo."
"Má's áil leat é cuirfigh mise ag obair iad" arsa fion-
ainnín. "Nach me beadh go buidheach díot d'á bhárr! arsan
gabha. "Nach túirne é sin s' chúinne agat?" arsan fion-
ar
ainnín. "Siné an tuirne go bfhuil an mheirg!" arsan
gabha. "Is fada an lá é ó shníomhadh aon téinte ar an
túirne sin."
"Ní bheidh sé mar sin feasda age" arsa fionainnín.
Tharraing sí chúice cúpla rulla alainna. "Seo!" arsísin
le bean a' tíghe "Chuir chúghat iad son" Tharraing sí chuíce
fearsead, cluasa agus srang, agus chuir sí an túirne
i dtreo. Chuir sí an bhean a sníomh, go dtí go raibh
fearsead lán aice, bhain sí an fhearsead as na cluasa
agus thug do'n ingean ba shine le tochras í, nuair do
bhí ceirtlín tochrasda ag an chead ingean, thug sí do'n
ingean óg le scáinneáil í, agus mar sin ó fhearsead
go ceirtlín, 's ó ceirtlín go scaínne, go dtí go raibh
mor chuid sniomhteadh tochrasda scánnta aca. Nuair do bhí;
ní raibh an gabha feín dimhaoin mar go raibh sé a
coímhreamh na mbuillí ar an scáinnéar dóibh go dtí
go raibh chuig chead buille coímhraidhte aige. Nuair do
bhí fionainnín sásta go raibh chuig bhannlan snáithigh aice
cuir sí an triur ban a fíghe, duine 'ca a réidhteach,
duine 'ca ag oibriú an spoíl, agus an duine eile a
túcáil; mar sin do leanadar orra go gnothach go dtí go
raibh culaithe bhreagh bhréide an duine orra, agus ar an
ngabha mar aon leo. Leanadar orra dhe'n obair agus ba
gearr go raibh fhear as bárr maith aca d'a bhárr. Ar feadh
lá 's blíain d'fhain fionainnín n-a dteannta, agus is iad
do bhí go dúbhach brónach nuair do bhí sí reidh chun bóthair
Cuadar in aithchuiníghe uirre fanúint d'a bfhocair, ach ní raibh
maith dhoibh ann. Ceap fionainnín go raibh sé in an aice
bheith a cur bóthair dí arís. Thug an gabha dúbhan dí
nuair do bhí sí á bhfágaint, agus dúbhairt lei go mbeadh
an dúbhan acrac fos di. Thug bean a' ghaba feadóigín di
agus dúbhairt go mbeadh sé acrac fos di. Thug an ingean ba
shine gráinne póire dhi agus dúbhairt go mbeadh se acrac
fós di, ní raibh dada ag an ingean óg le tabairt di
acht a rádh lei bualladh cois abhann 's go mbeadh a roghadh
le fághail aice. Dimthigh fionainnín lei agus bhí sí ag
imtheacht ó ball go ball nó do dtángaidh sí taobh le sruthán
fíor-uisge. Chuimhnigh sí ar chainnt na mná óige, agus
lean sí an sruthán idir chor agus chas go dtí go dtáinigh
sí a radhairc cúirte do bhí suidhte ar taobh sléibhe. Bhí
an chuirt ag iompógh thimcheall fé mar bheadh rochtiléan gaoithe
thimcheall na cúirte bhí límistéireacht mhor coille, agus foraoise
bhí sí a breachtnú ar an gcúirt 's a deanamh iongantais
di nuair do chualaidh sí lóg mná in áit éigint i ngárr
di. D'airigh sí lóg agus lóg eile, agus bualladh basa idir
gach lóg. Rinne sí ar an áit as go dtáinig an eagóireact
agus ce bheadh ann ach cailín, agus léine bhán scarrtha
amach ar an scarbhach aice, agus í a briseadh a croidhe
a gol. Chuaidh fionainnín n-a h-aice agus cheistig í
"Cad fáth dhuit bheith a gul chómh fuidheach san?" arsa fionainnin
lei. "Táim cheana agus a chúis agam!" arsan cailín.
"feuc ar an léine sin, léine lem' mhaighistir 'sead í agus
chuir mo mhaighistreás annso go dtí an sruth lei me, chun
an sciobhneóracht sin ata ar a bóna do níghe glan gan
rían di, ní féidir liom aon láimh do deanamh di, agus is
me an seachtmhadh cailín ata mo maighistreás chun a cur
cun bás d'a deascadh. Tá sí a fuireach thuas ag an
chúirt liom cheana feín le tuaigh 's le bloc cun an
cinn do scothadh dhiom, ochón! mo creac chreáite an
lá do béigint dam dul chun bheith im' seirbhíseach di
an chaille cruaidh chron de fhiadh-chaille atá a céasadh
an fhir ghleoidhte tá mar chéile aice, go bfhuil cuis éigint
aice leis an léine sin do ghlanadh, tá a fhios aice ná
h-eireochaidh liom-sa sin do dheanamh ach chomh beag leis
an seisear cailíní atá curtha chun báis dá barr ceana
aice, agus siud í thios age doras mo thíghe mo
mhathair bocht feín agus í ins na freasaibh le cúmhadh
baintreabhach bhocht agus gan aice ach me!"
D'feuch fionainnín ar an léine agus, agus cad bheadh
le feiscint ar an mbóna, ach an rud ceadna do
scriobh sí féin ar bhóna-léine-a-fir, an mhaideann bhrónach
ud do scarradar ó chéile fe na leithéid de chinneamhaint.
"Cé h-í do mhaighistreás" ars a fionainnín lei. "Ní feadar
feín cé h-í" arsan cailín ach gur fiadh-cailleach agus
geag leis an ndiabhal í. "Imthíghean sí gach oidhche agus
casann sí arís ar maidin; tá an fear is gleoidhte agus
is láighthíge da' maireann beo mar chéile aice, chaitheann
sé feín agus a ghiolla, caitheann siad an la a sealgair-
eacht ar fuaidh na coille úd shuas, ach sar a n-imthígheann
an chailleach istoidhche, chuireann sí fe throm-sian é le
deoch a thugann sí dho'n ngiolla le tabhairt do, agus
ar
má theipeadh an ngiolla an deoch do tabhairt le h-ól do
mo graighin é. Ar eagla go mbuaillfeadh an giolla aon bhob
uirrí, chuirrean sí iaran sa teine go dtí go mbionn
sé geal-dearg, agus cuireann sí a tiarran trí bhrógaidh
a choise ionnas go mbionn fuil agus feoil ar fiuchad aice
nuair ná cuireann sé corr as bionn a' fios aice go mbionn
an deoch ólta aige."
Thog fionainnín an léine idir a lámha agus dubhairt leis an
gcailín:- "Ní feadar a mbeadh maitheas domhsa triail do
bhaint aiste?"
"Muise! ní dócha go mbeadh" arsan cailín, "ach mar sin
fein triail í, ní deanfhaigh tomadh eile 'san uisge níos
feárr ná níos measa í"
Thom fionainnín an léine san uisge, agus chimil an
bóna idir a lámha agus leis an gcead chimilt tháinigh
leitheadh fe'n scríobhadh, "A cailín maith!" arsan cailín
bocht agus sceoin innte. "Cimil arís í" Chimil agus bhí an
scriobhadh thar leigheamh bhí sé chomh leithteadh sin. "Cimil
aris í" arsan cailín. "Cimil, cimil, cimil!" Chimil fion-
ainnín cupla badhbhta eile an léine agus bhí an bóna
chomh geal le cailc, gan rian scriobadh na faic uirre.
"A bhean is feárr beo!" arsan cailín "Cade an luacht is
féidir liom a luaidh leat?"
"Ao' rud a chailín mhaith ní'l uaim ort, acht iostais cupla
lae" arsa fionainnín. "Gheobhair sin agus fáilte" arsan
cailín. Thug sí fionainnín leí go dtí n'a máithir agus
chuir i gcéil di an deagh-ghniomh do bhí deanta age
fionainnín di - í do shaoradh ó'n mblac. "Anois" arsan
cailín "cad is fearra dhamh a rádh leis an gcaille i dtaobh
na léine, ní creidfidh sí mise gur me feín do glan an
leine." "Abair lei" arsa fionainnín. "gurabh amhladh
bhí an léine scarrtha amach ar an scarbach agat a
feachaint a dtréigfeadh teas na gréine an scriobhad,
nuair cad do geochadh as do ceann anairde san' aer
ach amain fiachdubh agus crobh mná n-a ghob aige
nuair do connaich sé an léine bhán ar an scarbach gur
chuir sé scread as, gur thuit an crobh as a gob
agus gur thuit an crob anuas ar bhóna na léine
agus gur chuir sé ar neamh-nídhe an scriobhadh."
"Tá go maith" arsan cailín sin mar dodhéarfead.
Phógadh agus dheocadh fionainnín agus thugadh gach
nídhe dobh' fheárr so tig di, agus d'imtig an cailín
suas cun na cúirte leis an léine. "Tar annso chúgham
a sciúirse" arsan fiadh-cailleach" no go mbhain figh me an
ceann díot!"
"Cuir uait do thuaigh agus do bhlac a chaille" arsan cailín.
Sin í 'gat do léine glan, mar d'orduíghis dam."
"Dhe a cailín mhaith Connas d'eirigh leat an léine do glana?"
arsan fhiad-chailleach. "Is amhlaidh bhí sí leaithte amach ar an
scarbach agam," arsan cailín "Nuair do gaibh fiacdubh as
mo ceann anáirde san aer, is dócha gurabh amhlaidh bhain
an léine geit as, chuir sé scread as agus
thuit crobh mona do bhí n-a ghub aige anuas ar bhóna na léine
ar ádhmharaighe an domhain, agus glan an crobh an scriobhadh
dhe'n mbóna."
"Is aith sin" arsan fhiadh-cailleach, "an crobh do bheith n-a
gob ag an bhfhéach-dubh, ní fulár nó guabh í an stríapac do
bhí in Éire aige í, agus sin mar is feárr é ó tá sí marbh
agus a crobh do bheith n-a ghob ag an bhfiach dubh"
Istoidhche nuair do tháinig an cailín abhaile, innis sí ga fhion-
ainnín fe mar do thuit amach di agus an rud adúbhairt
an fiadh-chailleach i dtaobh an chruibh. D'fhan fionainnín
Chuaidh an cailin síos. "Anuas seadh chuir mo maighistreás
me" arsísin le fionainnín "feachaint a ndiolfá an scaothán
sin agat?"
"Abair lei na diolfainn" arsa fionainnín, ach go
dtabharfainn ar iasacht a fir go la é."
Chuaidh an cailín thar nais agus dubhairt leis an fhiad-
cailleach ná dílfadh an bean ud scaothán, ac go
dtabharfadh sí ar iasacht a fir go la é. "Mhuise!"
arsan fiad-chaille, níor dhóigh le duine ná gurabh í an
striapac do bhí in Éire aige í, agus dar nóigh
dhéarfainn gurab í mar a mbeadh go raibh an crobh n-a
ghob ag an bfiachdubh. Teighire síos agus abair lei go
bfaghaidh!" Cuaidh an cailín síos agus dubhairt lei go
bhfagadh, agus bheith ag an chuirt roimh tuitim na h-oidhche
Cuaidh fionainnín go dtí an chuirt agus chuireadh i
seomhradh iasacht í go dí go mbeadh gach nidh i gcóir
di. An fhaid 's bhí sí a fuireach chonnaic sí leanbh
chuig bhliana d'aois a rith thimcheall agus bhí nídhe éigint
a baint leis an leanbh do théighigh a cuid fola. Thug an
fhiadh-cailleach an deoch shuain do'n ngiolla le tabhairt do'n
maighistir, agus nuair bhí an deoch ólta aige, thuit sé
siar maol marbh. Thainig an fiadh chailleach agus d'fhiafhruig
má ól sé an deoch. Dubhairt an giolla gur ól. "Beidh a
fhios agam-sa ma ól" arsísin. Cuir sí an tiarran sa
teine go dí go raibh sé a spréachadh geal-dearg, agus sháithigh
trí bhráid a choise é go dtí go raibh fuil agus feoil ar
fiuchadh, ach níor chuir sé cor as. "Tá sé ólta aige"
arsísin, "agus ní lár duitse go bhfuil. Seo! abair leis
an mbean ud teacht isteach anois." Chuaidh fionainnín isteach
agus connaich sí gurabh é a céile feín do bhi ann, ach bhí
se marbh gan cor gan leid ann, agus an ghiolla n-a
suidhe i gcuinne dhe'n tseomradh á fhaire. Thug sí lei
suideachán agus shuidh age ceann na leapann, agus crom
sí a caoinceachán. Chuir sí síos ar gach nídhe ó'n oidhche
tháinigh sé fui n-a déin go dtí an nomat sin. Nuair
do bhí a dóithin caointe aice d'fhág sí an seomra agus
cuaidh sí abhaile. Bhí an giolla ag eisteacht lei fan na
h-aimsire agus b'ait leis fáth an sgéil.
Ar maidin nuair do bhí an cailín a dul cun na cúirte
arís thug fionainnín foghadh dhe'n chírín chúil óir fe n-a
ceann agus chuir sí folt buide órdha go talamh leí
D'imig sí chun na cúirte agus nuair do chonnaic an
fhiadh cailleach í guibh 's do ghean uirre. "De're a chailín
ud" arsísin. "Cá bhfuairis an ceann breágh gruaige sin ort?"
bean ata síos againn go bfuil cíor aice, thug sí foghadh dhe'n
chíor fe m' cheann ar maidin agus sin mar do thárlaigh
dam."
"Teighir síos agus fiafhraig di i ndiolfadh sí an chior sin"
arsan fhiad-chailleach. Chuaidh an cailín síos. Anuas is
eadh chuir mo maighistreás me, feachaint i ndiolfá an chíor
sin agat."
"Abair lei ná diolfainn" arsa fionainnín, "ach go
dtabarfad ar iasacht a fir go la í"
Chuaidh an cailín suas ag dinsig d'a maigistréas fe
mar adúbhairt fionainnín lei "O de! O dhe!" arsan
fhiadh chailleach, ni dhóigh le duine, ná gurab í an striap-
ach do bhí in Éire aige í, dar nóigh dhearfainn gurab
í mar a mbeadh an crobh a bheith n-a ghub ag an bfiach-
dubh. Teighir síos agus abair lei go bhfaghaidh." Chuaidh
fionainnín síos agus dúbhairt le fionainnín go bhfaghadh
agus beith ag an chuirt `roimh thuitim na h-oidhche.
Chuaidh fionainnín chun na cúirte fe mar do rinne sí
an oidhche roimhe sin, agus fad 's bhí sí a fuireach
connaic sí beirt leanbhai (mic) duine aca thimcheall
chuig bliana d'aois agus an ceann eile blían nioba óige.
Chuireadh chun suain an maighistir arís mar ba gnathach
agus nuair bhí sé n-a shuan dúbhradh le fionainnín dul
isteach. Suidh sí age cean na leapann agus cuir sí síos
fe mar do rinne sí an oidce roim-ré, nuair bhí sí crioc-
nuithe d'fág sí an seomradh agus cuaidh sí abhaile agus
i go dúbhach, bhí an cluithche i dul i gcúl uirre.
Dar-ná-mhárac nuair do bhí an giolla gus a mhaighisthir
a fiach fuí'n chaill, shuidheadar síos chun a sgíth do léigint
labhair an giolla le n-a mhaighistir:- "A maigistir a chroidhe"
arseiseann, "A mbeadh fearg ort d'á gcuirfinn ceist no dó
ort?"
"Scaoil chúgham iad, má's fiú iad" arsan mhaighistir
"A raibh bean no céadsearc agat-sa in Éire?"
"Dé chiall an cheist sin?" arsan mhaighistir. "Má's fiu dhuit-
se e freagradh thabhairt ar mo cheist" arsan giolla, "b'eidir
gur m'fhiú dhuit mo sgéal-sa a chlos."
"Raibh bean agat in Eire?"
"Bhí" arsan mhaighistir. "A leiteid seo." arsan giolla
le dhá oidhche anois tháinig bean isteach cois do leapann
agus gach oidhche chuir sí síos ar sgéal aisteach, 's í a gol go
fuidheac Chuir sí síos ar connas gur ingean rí í gur
tháinig a fear i gcló mactíre, 's go rug sé fe thalamh í
gur posadh le chéile uad, gur thugadh a tríur leanb uaithe
nuair do bhí gach duine aca trí raithe d'ais, gur imthig
a fear uaithe as a ndiadh sin, gur leig an chuirt ar nós
ceo roimh ngaoith, agus a lán eile nach iad san." Bhí an
maighistir ag eisteach go durachtach. "A buacaill dob'
feárr a bhí ag aoinne riamh" arseiseann "bfuil 's agat
cá bfhuil an bhean ud fe láithir, no connas is féidir dam
teacht uirre?"
"Ní fheadar ar ao' chor cá bfhuil sí, ach go dtagann sí isteach
gach oidhche a cur síos, agus tusa id' shuan." arsan giolla.
"feuc" arsan mhaighistir, "a bhuachaill mhaith, ná tabhair dam
an deoch úd le h-ol anocht, ar eagla go dtiocfeadh sí 's go
mbeinn im' shuan."
"Tiocfaidh" arsan giolla "mar dúbhairt sí go dtiocfadh, agus
gurab é an turas deidheanach aice a thabhairt é, ach ní
beadh sé ar do comas foidhneamh le paineaid na fiadh chaillí
agus tu id' dhúiseacht, agus ma chúirfeá cor asat go mbeadh
deire linn go léir." "fullainneóchad aon phian" arsan
maighistir chun teacht ar mo chéile, agus chuirfead an
chlaideamh tareasna ma scórnaig sar a gcinnfead ort
geallaim duit." Socruigeadar ar sin, agus cuadar abhaile.
An mhaideann ceadna sin thug fionainnín fogad de'n deimheas
fui'n chailín agus cuir sí culaith síoda o bonn go bathas
uirre. Chuaidh sí chun na cúirte agus cheistig a mag-
aistreás í mar ba ghnaith. "Bean atá shíos againn go bhfuil
deimheas beag aice" arsan cailín "Thug sí foghadh de fúm
agus sea mar tharluig"
"Síos agus fiafhruig di i ndiolfadh sí an deimheas?" arsan
fhiad-chailleach. "Ní diolfaidh me" arsa fionainnín, "ach
tabharfaidh ar iasacht a fir go la é."
Chuaidh an cailín agus innis sí dho'n bfiadh chailleach fe mar
dúbhairt fionainnín. "Ní fulár nó gurabh í an
striapach do bhí in Éire aige í dhéarfainn gurabh í mar
a mbeadh an crobh a bheith n-a gob ag an bfiachdub"
arsan fhiadh chailleach, "Abair lei go bfaghaidh."
Chuaidh fionainnín suas cun na cúirte an tríomha h-oidhche
agus connac sí triúr leanbh, an bheirt do connaic sí
cheana agus leanbh ag ingíne, agus í ar leat-shúil. Bhí a'
fhios aige fionainnín annsan gurab íad a triúr leanbh feín
do bhí ann. Ba beag ná gur bhíog uirre nuair do chúimnigh
sí go mbéidir go dteipeadh uirri an oidhche sin arís, 's gan
aon chleas eile aice le h-imirt. Tug an fhiadh-cailleach an deoch
do'n ngiolla, 's in áit é d'ól is amhlaidh chaith an maig-
istir i leithtaoibh é, agus léig air bheith maol-marbh. Tháinig
an fhiadh-chailleach isteach, "ar ól sé an deoch?" arsísin leis
an ngiolla. "D'ól" arsan giolla. "beidh a' fhios agamsa má
ól" arsísin a chur an iorrainn sa teine 's á deargant
nó go raibh se n-a gorra geal aice, sháithidh sí trí brághaid
coise an mhaighistir an riarran, go dtí gur las fuil agus
feoil fe mar dheanadh adhmud le h-iarran dearg. Ba
mhillteach an pían é ach fhulainn an maighistir é gan cor
do cur as. "Ní lár duit gur ól" arsísin leis an
ngiolla, fuair sí buideal agus leighis sí an chneadh fe mar
ba gnáthach lei, agus d'imthigh sí cun siúbhail. Tháinig fion-
ainnín isteach agus crom sí a caoine agus ghoil sí ní
ba fhuidhthe, 's nuair bhí sí geall le bheith criochnuighthe, preabh
an maighistir n-a sheasamh 's rud idir a dhá láimh uirre.
"Táir agam a stóirín" arseiseann, "ach táim fe's na
geasaí nach féidir liom dul leat." Thugadh isteach a triúr
leanbh chúiche, bhí an tsúil i gcómhad i gcomnuidhe aice
Tharraing sí chúiche an tsúil do chuir sí an tsúil
i lugail an leinbh agus bhí sí chómh slán leis an
tsuil eile. Nuair do bhí an oidhche geall le bheith
caithte, chuaidh fionainnín abhaile, shín an maighistir síar
agus léig air bheith n-a shuan, nuair do cas an
fhiadhchailleach. I gcaitheamh an lae thug an fhiadhchailleach
fe ndearra, an tsúil sa' leanbh agus ghlaodhaigh
sí ar an gcailín. "Cé chuir an tsúil sa leanbh
sin" arsísin. "An cailín ata shíos againn, 's do
bhí annso aréir" arsan cailín. "b'fuirst d'aithnid
dam gurab í an stríapach do bhí in Eire aige
í" arsan fhiadh cailleach, "Theighir síos agus abair
leí teacht aníos annso chúgham" arsísin. D'imthig
an cailín síos agus tháinig fionainnín go dtí an
chúirt. "Teighir agus abair leis an maighistir teacht
annso chúgham mar chác" arsan fhiadh cailleac.
Tháinig an maighistir agus fionainnín as comhair
a cheile i láithir na fiadh chaille. "Sid í mo bhean-sa
agus máthair mo chlainne" arsan maighistir, a leagaint
a láimh ar ghuallainn fionainnín, "agus ní cóir go
mbeinn at strae uaithe níos sía"
"Dheárfainn gurab í, mar a mbeadh an crobh bheith n-a
ghob agan bfiach dubh" arsan fiad chailleach, "Ac cé chu
b'í nó nach í ná bíodh cuid ná cómhluádar aice
leat nó go dtabarfaidh sí annso chúgham-sa an
bradán fireann feárrnach atá in abhainn an chaise
ghéar an bradán go bfhuil an báinne cruaidh agus
bog ann: bíodh sé a snámh san linn sin amuich
sar a' gcasfiahd mise ar maidin amáireach
D'imthig fionainnín bocht lei gan suil go bráth
aice ar bhreach na fiadh caille do choímhliónadh.
D'imthigh sí roimpe fé mar do sheóladh í go dtí go dtáin-
igh sí go h-abhainn an chaise ghéar. Bhí an abainn úd
a' gluaíseacht chóm tréan san, go mbainfeadh an glór
do bhí aice scaimhle ar dhuine: ach bhí an abhainn
n-a h-aon thoinn mhór abháin airgid le lingreadh
bradán. Bhíodar ann 'na mílte milliún, a' snámha 's
a casa 's ag ónfhairt. Dhuibh 's do gheal ar chroidhe
fhionainnín bhoicht. De'n fháil do bhí aice, ar an
bhfireann d'aithint ó'n mbuineann de'n scál bradán
ud, ná fós gan trácht ar an mbáinne cruaidh agus
bog, agus d'a dtagadh lei iad d'aitint féin
na mban manntach. Bhí an mhaigh chóm fada cómh leathan
's bhí le feiscint age suil dhaona 's í folluighthe le Connart
agus gach cú aca ar aon dreach ar aon saghas ar aon
dath. Dhuibh 's do gheal ar chroidhe fhionainnín bhoicht. Connas
a thiocfeadh lei an chú áirithe sin d'aithint imeasg na
gcan go léir. Chímhnigh sí ar an fheadóigín do thug
bean
an ghabha dhi. agus á rádh lei go mbeadh sé acrach
fós di. Chuir sí an fheadóigín chun a béil 's bhain
fead as. Tháinig chúice ó'n gconnairt, cú bheag lom
droch chreatúil agus í a sadar le n-a sálaibh go dtí'n
chúirt chuir sí sa chimil í agus bhí sí ann nuair do
chas an fhiadh chailleach ar maidin. "Teigir síos" arsísin leis
an gcailín "agus abair leis an mbean úd teacht aníos
chúgham." Thainig fionainnín chúiche. "Connas tháinig leat an
chú sin d'aithint ná do mhealladh ó n-a cuid coilleán
leat" arsan fhiadh chailleach. "Ní raibh láimh ná suil amúghadh
orm" arsa fionainnín, "ach scaoil chúgham m'fhear"
"Ná bíodh cuid ná cómhluadar agat leis" arsan fhiadh-
chailleach nó go dtabharfaidh thú annso chúgham-sa an
ealla atá a rlacht na loiche léithe, go bfhuil an tub-
phlaoisch órdha sa' tsiogán aice." D'imthigh fionainnín
ar thuairisg an lachta. Ach bhí an lacht lán le sguáine
eallaibh gan poinn deifirígheacht idir aon ealla dhiobh. Chaill
fionainnín beagnach a misneach, conas dob' fhéidir di an
ealla d'aithint go raibh an thubh phlaoisc órdha n-a siogán
Chuimnigh sí ar an ngráinne póire do thug chead ingean
an ghabha di, chuir sí an gráinne póire ar croidhe a
deárnann, agus thainig seana chráin d'ealla chúiche go
raibh seagaois go talamh lei agus í liosta luascach ar
a cosa thug sí lei an ealla, agus chuir ar an linn
í mar a raibh an bradán, agus bhí sí ann ar maidin
nuair d'fhill an fhiadh chailleach. "Teighire síos" arsísin leis an
gcailín "agus abair leis an mbean úd teacht aníos chúgham"
Thainig fionainnín chúiche. "Conas tháinig leat" arsísin. "An
ealla sin d'aithint 's do thabhairt leat ó na sguáine
putal"
"Ní raibh láimh ná súil amúghadh orm" arsa fionainnín, "ac
scaoil chúgham m'fear"
"Ná biodh cuid ná comluadar agat leis" arsan fhiad-chailleach
ná go bhfhaghaidh tú m'anam-sa insan áit i bhfuil se i
bhfolach agam"
Bhí fionainnín bocht i dteannta anois nó riamh; ní raibh a' fhios
connas raghadh sí i mbun na h-oibre. Chuímhnigh sí ar an
mbeannacht do chuir dara ingean an ghabha lei. Amárach
bhí n-a ceann chuaidh sí go dtí an linn le biadh chun an
bradáin 's cun an ealla, connaic sí ná rabadar ro-
mhuinteardha le na chéile, bhraith sí leis go raibh an bradán
níos so-ghluaiste na mar ba dhual d'iasg ó'n iasacht do
bheith, d'fhain sé lei go mín socair 's í a' láimhseáil.
D'imthigh sí annsan chun na can, ach bhí an cú ana
fhadhastrach, ach cheap fionainnín gur uaigneas do bhí uirre
as diaidh a coilleáin. Tug fionainnín roinnt bídhe di le
n'ithe agus nuair do bhí sí sásta labhair sí le fionainnín
"a fionainnin a ingean Rí Eireann" arsísin "Scaoil amach go
fóil me."
"Ní scaoilfaidh me go deimhinn" arsa fionainnín. "Cá bhfhios
damhsa cad thiocfadh as dom d'a scaoilfinn chun siubhail
thu, agus an duaidh do fuaireas de d' bhárr."
"Ní fonn imtheachta ata orm ar ao' chor a fhionainnin" arsan chú.
"Tá a' fhios agam go bfhuil cara agam inat-sa, agus má dhéinit-
se rud orm-sa deanfad-sa a ioreadh ort-sa. Táim-se agus mo
chuid clainne fe dhraoidheacht n-a fiadh-chaille, agam-sa amháin
Tá a-fhios cá bhfuil a h-anam i bhfolach aice, agus má
thugair-se cead mo chos dam, ní bheadh a aithireachas sin ort
geallaim duit."
"Má inniseann tu dham cá bfhuil anam na fiadh chaillí"
arsa fionainnín. "Scaolfaidh me leat"
"Is beag an mhaitheas duit-se a fhios sin do bheith agat a
fhionainnin" arsísin "mara mbeadh cead mo chos agam-sa"
"Caithin a theasdúigheann sin uait?" arsa fionainnín.
"Tharéis tuitim na h-oidhche anocht" arsan chú. "Raghaid chun
mo chuid chlainne d'feiscint ar dtúis, roimh eiríghe an
lae, biodh tu feín, t'fhear agus a ghiolla ag an linn
mar a bhfuil an bradán agus an ealla. Ní theipigh mise
ort ná bíodh eagla ort. Sé ait a bfhuil anam na fiadh-
chaillí ná san ubh órda i tsiogán an ealla. Fe mar tá
le feiscint agat." Tharéis tuitim na h-oidhche, scaoil
fionainnín amach an chú agus ní gan imnídhe é ar eagla
go mbeadh bob agan cú a bhualladh uirre, ach mar sin
feín bhí sí feín, an maighistir agus a ghiolla agan linn
roimh eiríghe an lae, díreach 's an fhiadh-chailleach a deanamh
chúcha tháinig an cúín geara-ghlas d'aon scríb reatha
thug foghadh fuín ealla, le scannradh do shil an tubh
ó'n ealla, tháinig an bradán do rug ar an ubh agus
rinne brúscar n-a béal de, le linn an tubh do bhriseadh
do thuit an fhiadh-chailleach n-a loch glóthaighe ar an talamh.
Bhí na geasai briste, phreab an bradán as an linn n-a
fear óg calma, ghread an ealla a scíatáin agus preabh
sí as an linn n-a h-aig-mhnaoi aluinn. D'imthig an chú
chun a chuid clainne agus bhailligh chúice iad, idir chlainn,
clainn-clainne go dtí an ceáthramha sliocht sleachta.
Thriall fionainnín agus mactíre na sruta leithe - bhí anois
n-a oig-fhear aluinn, agus a dtriúr clainne, thar nais
go cúirt a h-athar 's a máthar. Tháinig leis bradán
an chaise ghil agus madra na h-átha scairbhighe, a mná
agus a gcuid clainne tar nais, n-a n-oig-fearaibh
's n-a n-oig-mhná áluinne, agus ríalaig gach duine
aca ar chúige Éireann go saidhir sámhac 's go síothchánta
le chéile, le caraid 's le namhaid, nó go raibh se in am
aca a rioghacta do thabhairt suas d'a gclann, 's an
tseanóireacht do chaitheamh le compord 's le suairceas
Siné mo sgéal-sa, má tá bréag ann bíodh!