Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0249, Leathanach 0156

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0249, Leathanach 0156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
"Cú Bán an tSléibhe"
Fear a bhí na chómhnuidhe in Iochtar na
Gaillimhe tráth amháin agus bhí triúr inghean
aige Brighid, Caitlín agus Úna. Bhí an triúr
acu ana dhathamhail ar fad agus bhí
saidhbhreas agus maoin an t-saoghail acu
dá réir. Dubhairt a h-athair leobh go
raibh dhe cead acu a rogha dhuine sa tír
a phósadh. Dubhairt an Inghean ba shine
go bpósadh sí mach Riogh an Domhain
Thoir, an darna inghean mach Riogh
an Domhain Thiar agus an tríomhadh
inghean cú bán an t-Sléibhe. Bhíodar
sásta go leor leis an mbeirt ba sine
acht ní raibh fhios ucu beirthe na beó
leis an ingean a b'óige
goidé a dhéanadaís. Tháinic mac Riogh an
Domhain Thoir is phós sé an ingean
ba shine, cuireadh fios ar mhach Riogh
an Domhain Thiar agus phós sé an
darna inghean, annsin cuireadh
fios ar cú bán an t-sléibhe agus
na shuidhe
tháinic cú mór bán ar an
gcóiste le cois an tiománaidhe. Tháinic an
cú isteach i bpálás an riogh agus
d'fiafruigh sé cá raibh a bhean chéile, bhí
cailín aimsire 'san garraidhe a' beatha na
gcearch cuireadh fios uirthi agus niorbh fhada
go dtáinich sí isteach. "Seo í do bhean
céile anois," adier an Rí, "Tá go maith"
adeir cú bán an t-sléibhe agus thug sé
deis abhaile í. Bhí athas an domhain ar
an Rí gan a inghean fhéin abheith imtighthe
leis.
Bhí go maith go ceann seachtmhaine
nó mar sin, thug cú bán an t-sléibhe
an cailín óg a' spaisteóireacht timceall
na faithche lá agus d'fiafruigh sí dí
goidé an slighe bheatha a b'feárr leithi
bhuil b'feárr liom abheith a' beathadh
na gcearch ná rud ar bith faoí
faoí solus na gréine." ar sise, "Tá go maith"
adeir cú bán an t-Sléibhe.
Maidin amáireach gléas sé na
capaill arís agus thug sé a chéile ar ais
dhon phálas. Chonnaic an Rí cú bán an
t-Sléibhe a' tigheacht arís agus dubhairt sé
go mbuailidh sé bob eile air sul a
bhfhuighe sé a inghean fhéin. Tháinic an
cú isteach, "Ní shin í mo bhean chéile,"
ar seisin. "Cá bhfhios dhuit." adeir an Rí.
"Ó is maith atá fhios á'm nach í," ar seisin.
"Cuir isteach chugam mo bhean fhéin," ar
seisin. "Tá go maith" adeir an Rí cuirfead
chugat í ar an bpoinnte.
Thárluigh go raibh cailín óg
timceall's scóir bliain nó mar sin a'
bleagha na ba, cuirfeadh fios uirthi is
tháinic sí isteach gléasta suas ar nós
an
inghean Riogh ionnas nach n'aithneóchaidh
cú bán an t-Sléibhe í acht gurbh í
a bhí ann. Cuireadh na faire fáilte
róithe is d'imthigh sí ar a cóiste abhaile
leis. Chó luath is a shroiceadar an caisleán
bhí séire maith chuile shóirt bidh is dighe acu.
"A' dtiochaidh tú amach" adeir an cú leithe
go spáinfidh mé dhuit d'áit comhnuidthe
feasta," ar seisin. "Rachaidh mé" adeir
an cailín óg. Shiubhail an beirt
amach cos ar cois le chéile agus ní túisge
a shroicheadar faithche na h-imeartha nár
stad an cú, "Nach breagh fairsing an
faithche é sin i gcóir rud ar bith," ar
seisin, "Is breagh gan dabht," adeir an
cailín óg, "bhuel goidé an saigheas
oibhre a thaithnuigheas leat annseo,"
ar seisin "bhuel bfeárr liom bheith a
bléagadh na ba ná rud ar bith faoí
sise
sholus na gréine" ar mar sé
an saigheas oibhre agus graithe abhí
fúm-sa ariamh" ar sise. "Tá go
uaim.
Chuir an rí a inghean amach annsin
agus ba í an truaigh Mhuire an cailín óg
dathamhail ag imteacht uaidh go deó.
D'imtigh cú bán an t-sléibhe
lámh ar láimh le inghean an Riogh agus
stad ní dhearna sé go ndeachaidh sé suas
dhá caisleán fhéin. D'itheadar is d'oladar
a sháith mhaith agus chodladar an oidhche
go maidin. Chó luath is ad'eirigh sé ar
maidin d'fiafruigh sé dhen cailín dul amach
leis go spáinfeadh sé árús fhéin
duithe. D'imtigh an beirt amach is
shiubhaileadar timcheall na faithche, "nach
breagh fairsing an faithche sin," ar seisin
"Is breagh cinnte," ar sise, "acht tá
faithche ibhfad nios breaghtha na é ag
m'athair 'sa mbaile 'na bhfuil bláthanna
ioldaithte ingach coirnéal dhe. Bhí
fhios agam sin," adeir an cú tá
bfuagacht an domhain iomlán ag t-athair
"Mamam go bhfhuil," ar sise, "agus má
thiubraidh tú cead mo cinn domh-sa beidh
sé amhlaidh agat-sa tacha dhen bliain seo
chugainn mar ar áilneacht agus ar dheiseamh-
lacht a tóigeadh mise ariamh," ar sise.
"Bhí fhios agam sin" adeir cú bán an t-sléibhe.
"Acht goidé an slighe bheatha a b'fearr leat
as seo amach" ar seisin. "Ó b'feárr liom
a bheith imeasg na mbláth í gcomhnuidhe,"
ar sise, "Níl áit 'san faithche fairsing sin
nach cuiridh mise bláthanna a' fás "Tá
go maith" ar seisin, "Tusa an bhean a
theastuighean uaim-se bhéarfaidh mé dhe
rogha bhealach agat as seo amach, acht
eist" ar seisin "Cé acu a bfeárr leat
agus
mise abheith im fhear 'san oidhche
'mo cú 'san ló, nó abheith 'mo chú
'san oidhche agus in m'fear 'san ló."
"Bheul b'feárr liom thú bheith id' fhear
'san oidhche," ar sise agus id' cú 'san
ló mar bhéadh uaigneas agus faitcios
orm 'san oidhche abheith 'im chaidhin aonraich
'san gCaisleán seo. "Tá go maith," ar
seisin, "beidh mé 'im fhear 'san oidhche
feasta acht, cuiridh mé dhe chuimín ort
gan an rún a sgaoileadh uait coidhche, acht
má sgaoilidh tú an rún caithidh mise
imteacht uait cé-bí fada nó geárr é.
Dheamhan baoghal orm mo ghraithe fhéin a
nochtadh dho dhuine ar bith 'san domhain,"
ar sise. Annsin pósadh cú bán an
t-sléibhe agus inghean an riogh bhí sé
'na fhear 'san oidhche aici agus ina chú
san ló ag imteacht thart is a tabhairt
gach eolas agus sgéal abhaile duithe a
chloiseadh sé a' dul thart ar feadh an lae.
Bhí triúr driothúir ag cú bán an
t-sléibhe agus choinnuigheadar i mbothán-
anaibh istigh i lár coille fad mhaith ó na
chéile agus niorbh lá dén bliadhan nach
ndeachaidh sé ar cuairt chucu.
Thárla go raibh inghean áluinn ag
mhnaoí an con agus chuaidh sí abhaile dho
theach a athair le na tóghail. Bhí athas ar a
h-athair agus a máthair í a fheicheál arís
agus an páiste breagh abhí aici. D'fiafruigh
a h-athair de goidé an slighe bheatha abhí
aici nó goidé'n áit comhnuidhthe abhí acu.
D'úiltuigh sí chuile rud air go dtáinich
sí ar ais dho cú bán an t-sléibhe
arís. Chó luath is a tháinic an maidin
thóg an cú pháiste feín go teach a
dhrithiúir i lár na coille lena togáil, rud
a rinne sí go buidheach beannachtach.
Tháinic sé abhaile dá mhnaoí féin is
d'fann sé ina shuidhe ar feadh na
h-oidhche 'á ceistniú i dtaobh a muinntir
déin, acht dubhairt sí leis nár sgaoil
sí an rún do dhuine ar bith ó
d'imtigh sí uaidh a tógáil a leanbh
. Bhí sin go maith is ní raibh go h-olc
acht le h-imteacht aimsure bhí malrach
fir aici, páiste breagh dathamail ab'eadh é
ana cosamhail le na h-athair feín (an Rí).
Chuir cú bán an t-sléibe a bhean abhaile
dá muinntir feín go n'oilfeadh sí an
gasúirín agus comharluigh sé í gan a rúin
a sgaoileadh go dtiochfaidh sí ar ais dhó-san
arís. D'imtigh sí fhéin agus a leanbh agus
is róibh abhí na faire fáilte gan amhras
Thugadar gach cineál bidh is dighe duithe agus
da machín óg dá réir sin, ní raibh rud
ar bith faoí dion tighe an riogh sathach
maith dhóibh. Bhí barramhail ag an rí go
bhfaineadh sí leis feasta, acht ba bheag an
baoghal uirthi. Tháinic sí abaile i gceann
ráithe dá fear feín (.i. cú). Agus bhí riméad
an domhain ar fhéin nuair a chonnaich sé
an malrach mach abhí aige. Chuir a
máthair isteach sa mála é agus thóg an
sé go bothán a drithiúir sa gcoill é. D'fág
sé annsin é agus tháinic sé ar ais dá
mhnaoí fhéin. Bhí brón ar máthair an leinbh
acht má bhí fheín nior innis an cú duithe
goidé an áit araibh na páiste. "Nach cuma
dhuit" ar seisin "beidh siad seacht nuaire ní
b'feárr cébí áit 'na bhfuilidh, agus d'fág sí
mar sin é nior cheistnigh sí a thuilleadh.
D'imtigh bliadhan is bliadhan eile
thart go raibh an tríomhadh leanbh a'
tigheacht ar an saoghal. D'iultúigh sí dul
abhaile dá athair an babhta seo, acht, dubhairt
cú bán an t-Sléibhe duithe go gcaitheadh sí
imteacht, acht, í abheith ar a aire gan
an rún a sgaoileadh. Ghléas sí suas í fhéin
agus d'imtigh leithi abaile arís. Cuireadh
na faire fáilte roithe mar ba gnáth agus
ní raibh sí ibfad annsin go raibh inghean
óg eile aici. D'fann sí timceall(s)
leath bliadhan le na athair go raibh
an páiste sathach oilte aichi tigeacht abhaile.
Indeireadh an seámhadh mhí reidhtigh sí fheín
dul abhaile dá fear fheín. Chuaidh a athair chó
righthe sin uirthi an triomhadh uair gur sgaoil
sí a rún leis. D'innis sí dhó gach eolas abhí
aici i dtaobh cú bán an t-sléibhe agus eile.
Nuair a tháinic sí abhaile bhí an cú ar
buille leithi. Rug sé greim ar an bpáiste is
thóg sé abhaile dhá dhrithúir eile 'sa gcoill í.
Tháinich sé abhaile dhá mhnaoí mar ba ghnáth
agus dubhairt sé leithi go raibh sé ag imteacht
uaithi "dubhairt mé leat" ar seisin, "gan mo
rún a sgaoileadh d'aoinne, acht ó sgaoil tú
anois é tusa is measa. "buel cébí áit
a ghabhfaidh tú leanaidh mise thú" ar sise.
Agus lean.
Niorbh fhada go dtáincheadar ar
bothán beag i lár na coille. "Téigh isteach
annsin" adeir an cú, "agus fáigh loistín
go maidin agus fanaidh mise annseo
go dtiochaidh tú amach ar maidin. Ah ní
dhéanaidh mé sin b'féidir go n'imteochaidh tú
uaim" ar sise. Níl baoghal orm" ar seisin. Chuaidh
sí isteach fuair sí lóistín go maidin agus chonnaich
sí an girrseach ab'áilne ab'facha súl fir 'riamh.
Thug an bean tuaille duithi agus dubhairt sí
leithi an tuaille sin a sgar ar an mbord agus
go dtiochfaidh chuile sórt nios feárr ná a chéile
ar bhord acu. Tháinic sí amach dá fear ar
maidin agus d'innis sí chuile rud dhó.
D'imthigheadar píosa maith eile
agus niorbh fhada go dtáinicheadar ar foraois
eile is chuadar isteach 'sa gcoill. Chonnaic-
eadar bothán beag tamall uatha, thrialladar
suas leis. Dubhairt an cú le na bhean dul
isteach go bhfhuighe sí lóistín ann go maidin.
"Ní rachaidh" ar sise b'féidir go n'imteochaidh
tusa uaim," "Dheamhan baoghal orm" ar
seisin fanaidh mé annseo go maidin. Chuaidh
sí isteach, fuair sí lóistín go maidin is
chonnaich sí an ghasúrín ba bhreaghtha a
bhfhacha súl fir ariamh agus é ag imirt
laithróide timcheall an tighe. Nuair a tháinic
sí amach ar maidin bhí an cú annsin a'
feitheamh leithi, "bhuel góidé ad'eirigh leat ó shoin"
ar seisin. D'innis sí gach a bfuair sí agus gach a
bhfhacha sí, dubhairt sí go bhfhacha sí an gasúrín
ba gheanamhla 'sa domhain gruaig dearg is súile
gorma air." ar sise. Acht nior dhubhairt eisin a
thuilleadh. Spáin sí dhó siosúir a thug bean a
tighe duithe agus dubhairt sí leithi é a cuimhilt
le na gúna am ar bith a bhéadh gúna nuadh
a teastáil uaithi is go bhfhuighe sí gúna
breagh síoda amhail mar a caitheann inghean
riogh. D'imthigheadar leob annsin go cheann
trí lá agus casadar isteach í gcoill eile
'na raibh bothán beag lasta suas d'ubhairt
an cú leithi dul isteach go bfuighe sí
lóistín na h-oidhche. Chuaidh sí isteach
fuair sí lóistín agus chonnaich sí an girrseach
uabthásach ar bruach na h-aibhne. Dubhairt
an fear leithi na pegs a sháitheadh isteach
de réir mar a theastóch siad uathi. Rinne
sí sin acht nuair abhí sí í bfuiseacht
cúpla slait ón mhullach bhí cúpla pegs
ar easamh uirthi. Chuir sí a lámh na
pócha thóg sí amach an siosúir agus
gheárr sí a cúig méaracha, sháith sí isteach
iad agus shroich sí mullach an cruich gan
teip. Tharraing sí amach a méaracha
annsin, dfág sí a lamhín ar cloich is
na méaracha ós a comhair amach, thóg
sí amach an buidealín annsin agus
chuimhil sí gach abhí ann dá méaracha
go raibh siad leigheasuighthe arís.
D'imtigh leithi annsin ar
mhullach an chruich agus an céad duine
chas leithi bean óg a n'igheachán éadaigh.
"goidé do ghraithe annseo" ar sise," "A'
tóiruigheacht oibre atá mé," ar sise. Thug
sí an clár nigheachán duithi agus chrom
bean an con a' nigheachán. Níorbh fhada go
dtáinich bean caol árd isteach agus thosuigh
sí ag itte as lubán na much. Cen fáth
nach n'íosann an bean ar an mbord," ar
sise. Íosann sí go minich" adeir bean a
tighe acht chinn sí orm ariamh a sháith
a thabhairt duithe. Is mór fairsing an goile
atá aici ar sise. "bhuel bhéaraidh mise a
tuille duithi anois," ar sise. Chuir sí a
lámh 'na pócha thóg sí amach an tuaille
is sgair sí ar an mbord é agus ní
túisge a rinne sí sin nár tháinich gach
uile cinéal bidh is dighe ar bhord aichi.
Shuideadhar isteach d'itheadar is d'óladar
a sháith agus dá mhéad a d'itheadar
bhí tuilleadh fágtha fós. Chuaidh an
bean óg abhaile agus d'innis sí dá
máthair gach a thárla agus gach a
bhfuair sí ón bean óg dathamhail
Tháinich mathair an cailín óig is
dubhairt sí leithi gurbh í an chéad duine
ariamh a thug an sáith le n'ithe dá
h-inghean feín, agus bhéaraidh mé rud
ar bith sa domhain dhuit," ar sise. "bhuel
ní theastuigheann rud ar bith sa 'domhain
uaim-se acht ba mhaith liom d'fear chéile
a fheicheal amáireach," ar sise. Tá go
maith," adeir an bean gheobhaidh tú sin agus
fáilte.
An lá na dhiaidh sin thug sí cuireadh
dhon bean óg tigheacht ar chuairt dá tighe
fheín is tháinich sí. Bhí na seomra ana ghar
dhá chéile is bhí afear fheín í seomra amháin
acu (.i. an cú bán) acht thug bean a tighe
sleeping-drop dhó ionnus nach gcloisidh sé
glór a bean fheín. Tháinich an bhean óg
isteach agus cuireadh isteach 'san seomra
an t-sean mnaoí.
í in eintigh le fear. Bhí
barramhail ag an mhnaoí óg go raibh a fear
'san seomra eile agus labhair sí amach go
hárd. Thosuigh sí a' caint ar an dtuaille
a tug an bean dí sa gcoill, thosuigh
sí a' trácht ar an siosúir agus an
buidéal a leigheasóch gach cnead. Chual cú bán
an t-sléibhe an glór agus d'aithnigh sé ar
an bpoinnte é acht má aithnigh feín thuit sé
i dtrom codhladh 'm diaidh an dighe codhalta a
fuair sé ón bean eile. "bhuel má fhágaim-se
deoch eile uaithi ní ólaidh mé é go bhfhuighe
mé amach goidé an stránséar atá 'sa
seomra acu," ar seisin, b'féidir gurbh í
mo bhean fheín atá ann," ar seisin, is
é a cainnt leis fheín, acht leis sin thuit
sé siar - is nior dhúisigh sé go raibh sé
ana tráth 'san oidhche. Nuair a shíl an
bhean go raibh an chéad dreas codalta
aige thug sí deoch eile dhó, acht nior ól
sé chor ar bith é, chaith sé isteach 'san
gráta é, acht d'imtigh sise siar, "Ní
mhothaidh sé tada anois," ar sise go mbeidh
sise glanta amach as an áit ar maidin.
Acht chuala seisin gach fochal a thuit as
bhéa; a bhean fheín. Bhuel rachaidh mise amach
a' fouléaracht amáireach ar seisin agus
cuartóchaidh mé thall is ibfus go bhfhuighe
mé amach mo bhean céille.
Tháinic an maidin d'imtigh
an cailín óg abhaile cébí áit achuir sí
fuithi agus ar nais an mheadhan lae
ce casadh uirthi acht cú bán an t-sléibhe.
Ní féidir cur i gcéill i bfochlaibh chó
rímeadach is abhí an péire acu. Dubhairt
sí leis go raibh sí ar aimsir ag sean
bhean lóghach geanamhail. "Bhuel teirigh ar
ais anois," ar seisin agus abair leithi
gur casadh ort lubán an t-sléibhe agus
déan rud ar bith a theastuigheas uaithi
agus fanaidh mise annseo
go dtí a dó ar maidin agus tar
amach chugam agus innis dom gach fochal
a n'abróchas sise leat.
Chuaidh an bean óg abhaile
d'innis sí dhon tsean bean gach adubhairt
cú bán an t-sléibhe. Rinne sí súipéar
maith duithi agus thug sí tuagh mór
iarann duithi. "Anois imtigh leat agus
atá
abair leis, an crann fuinnseóige, ar chúl
an tighe a ghearradh go bhfhuighe sé lacha istigh
ann, an lacha sin a mharbhadh, go raibh ubh
'san lacha seo a mharbóch an t-sean
cailleach 'san tighe úd agus go ndéanaidh
sibh sin," ar sise, "beidh sibh faoí gheasa aici
agus chuile dhuine eile 'san oileán seo."
Thóg an bhean an tuagh, ghabh sí buaidheachas
dhon sean lady eile agus bhain sí as na
buinn go ndeachaidh sí chó fada le cú
bán an t-sléibhe. D'innis sí gach rud
dhó fochail. Crap se suas, chas sé
an tuagh ar a dhruim go dtáinichedar chó
dhom dul isteach" ar seisin gan leigint
orm tada beag ná mór, acht go díreach
a dul isteach an geata dhó céard a
chonnaich sé acht an t-sean cailleach 'na
suide ar carraig is a ceann cromtha
aici. Ní dhearna sé faich acht an ubh a
tharraing as a pócha, d'aimsigh sé ar a
cloigeann agus rinne sé ciseach duithi
ar an spota sin, is thuit sí mín marbh
ar an dtalamh. Ní túisge sise básuighthe
ná bhí cú bán - an t-sléibhe 'na fhear
breagh galánta, dathamhail meidhreach. Rinne
sé cúpla coisgéim rinnce is abhaile leis
áit araibh a bhean chéile, agus cé a
d'feicfeadh sé a tigheacht chuige, acht, a
mháthair fhéin go díreach mar a bhí sí
nuair a fuair sí bás. Dubhairt sí
leis go raibh faoí geasa an t-sean
cailligh le blianta blianta fada agus
nach dtideadh leithi tigheacht ar ais go
gcuirfear an cailleach draoidheachta sin as
bealach. Ní túisge le chéile iad nar tháinic
triúr drithiúir cú bán an t-sléibhe agus
na trí páiste in éintigh leobh a thógadar
sa gcoill. Phógadar agus phógadar a chéile
agus chuadar abhaile dá caisleán fheín
Caisleán Riogh an Domhain theas. Ní
raibh duine na deoraidhe annsin róib acht
chuireadar sios teine mór gur bhruitheadar
a sháith agus a rogha is mhaireadar uilig
le céile ó shoin i leith.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.