Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0241, Leathanach 0291

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0241, Leathanach 0291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
"Cú Bhán a’ tSléi"
Déurfaí mé an sgeúl so athá gam,
béidir, má chuímhním air. Bhí duin'-úasal
fadó ann, bhí duin'-uasal fadó ann agus do
bhí beirt mac aige agus inghean agus do bhí tráig
búailte leótha agus do chuaidh a’ bhean óg
so, bean bhreágh b’eadh í. Ní raibh aige
'ch í. Do chúai’ sí a’ bhálcaéireacht ar
bharra na trágha agus ba ghnáthach léi
i gcomhnuidhe dul a’ bhálcaéireacht ann. Seadh
bhálcaéireacht. Ó 'walk' sa Béurla is dóigh liom.
Do bhúail chúiche spáinéirín gadhair agus bhí sé a'
lútáil tímcheall airthe agus ambasa do bhí sí
ana-mhór leis a’ ngadhar agus do chúai’ sí lar
na bháireach ann agus do bhúail a’ spáinéirín
lar na bháireach léithe agus bhí sé a rith
timcheall airthe. Well, chuái’ sí an
tríomhadh la ann agus do bhúail a’ spáinéirín
chúiche. Bhúail an spáinéirín chúiche an
tríomhadh lá agus do lean sé go dtí an dtig
í agus agus do tháini’ sé dtí an dtig chúiche agus do
bhí sí féin agus a’ spáinéirín i dteannta
chéile agen dtig agus thug sí biadh don
spáinéirín. "Dher" arsan duin'-uasal, arsa
h-athair, ar sisean, "Ca ' na thaobh go bhfuil an
gadhairín sin nó cad as é. "Ó tá athair," ar sise,
"fúaireas ar bharra na trágha é sin," ar sise,
"agus tá sé im’ leanúint lé trí lá. "Seadh.
Ambasa bhí an spáinéir timcheall airthe
agus ní fada do bhí an spáinéir faréithe
núair a bhí sé nfear istoidhche agus n-a
mhadra is ló. Very Well. Bíodh sé n-a madra
istoidhche agus i nfear is ló, nfear istoídhche agus
na madra is ló. Very Well ambasa. Do bhí an
spainéirín i gcómhnuidhe na teannta agus do
labhair a’ spáinéirín chúiche agus dubhairt sé
léithe. "Well," ar sisean, "anois," ar sisean, "ní bheidh aon
dul agat orm-sa," ar sisean, "Imeód-sa máireach",
ar sisean, "bh-úait ar a sé a chlog". Pé n-áit
don dtalamh naofa go raghair," ar sisean, "leanfad-sa
thú." Well, d’imithi sé insa tsiúbhal agus ní
fada bhí sé insa tsiúbhal ambasa núair a
bhí sí sin na dhiaidh agus dubhairt sé léithe dul
abhaile. "Ní raghad," ar sise, "leanfai' mé thú pén
áit do’n dtalamh go ngeóbhair." Seo
leis agus í na dhiaidh agus ambasa núair a bhí
an oidhche a’ teacht, tráthnóna déadhnach. Do
stad sé i mbarra cnoic é. "Téighir abhaile," ar sisean.
"Ní raghad," ar sise. "Very well," ar seisean léithe. "Teighir
síos, a’ bhfeiceann tú an tigh sin bh-úait
síos," ar sisean léithe. "Cím," ar sise. "Teighire ansan síos
go maidean," ar sisean, ar sisean, léithe. "Agus abair le bean
a’ tíghe núair a raghair isteach," ar sisean.
"Déurfai' sí leat," ar sisean, "go bé am 'uit bheith
a’ lorg lóisdín é agus féadfair," ar sisean, "a rádh léithe
ná raibh ao’ leigheas agat air," ar sisean, "agus a rádh."
Abair léithe tú leigeant isteach
i gCúntais Dé agus Cú Bhán a tsléi. Well, núair
a chuai’ sí dtí an dorus chúiche bhúail sí an
dorus. D’oscail sí dhi. Ca’ dae mar am duit," ar sise
"bheith a’ teacht anso anois," ar sise, san am so dh’oídhche
go dtí tig éinne," ar sise. "Ná chirte do lóisdín
a bheith fadó agat," ar sise, "Ó" ar sise "ní raibh ao’
leigheas agam air," ar sise. Well "leig isteach
i gCúntais Dé mé," ar sise, "agus cú bhán a’ tSlé"
"Leigfi’ me isteach ar a shon san tú," ar sise, ar sise léithe.
Leig sí isteach í agus thug sí leabaidh chodhlata
dhi. "Mhuise" ar sise léithe. "Cad chuige go bhfuileann
tú indiaidh Chú bhán a tSlé," ar sisean. "Ó táim
ar sise, "táim á leanuint pé áit go ngeobha' sé".
"Mhuise mo ghraidhn tú a bhean bocht," ar sise.
"Mo ghraidhn tú a bhean bhocht," ar sise, "tá
fuar agat a bheith a rith na dhiaidh sin." ar sise.
Very Well. "Ní dhéunfach sé ’n gnó dhom mhuise,"
ar sise. "Leanfad é." "Leanfad é" ar sise "pé áit go
ngeóbha sé." Very Well. Ar maidin. "Seadh
anois," ar sise "má tuigheann tú chuin é leannúint"
ar sise "Seo cíor duit," ar sise léithe agus cuir chúghat
í," ar sise, "agus ná dearmhad í," ar sise, "gan í
choinneáilt." Ambasa thug sí a broicfeast
di agus bhúail sí chúiche an chíor agus d’imthig sí
chuin a chnoic agus bhí cé n-a lúbáinín
roimpe sa chnoc, núair a chuai' sí a'
triall air - n-a lúbáinín luighte, n-a
ghadhairín "Well", ar sisean léithe "Is fearr dhuit anois"
ar sisean, tá tosach a lae 'gat dul abhaile," ar sisean.
"Ní raghad" ar sise "Leanfai' mé thú pé áit
don dtalamh naofa go ngeóbhair," ar sisean, "Seo
na dhiaidh seo insa tsiubhal é agus í na
dhiaidh agus núair a bhí an oidhche a' teacht
stad sé leithe ná go tháini' sí súas leis
"Very well, anois" ar sisean, ó leanais mé chomh
fada" ar sisean, "A’ bhfeiceann tú an tigh sin
ar dtao’ thíos díot" ar sisean, "sa talamh thíos," ar sisean
"Téighir ansan go maidean," ar sisean "agus is malluighthi
go mór í sin ná an bhean go rabhais
aréir faréithe" ar sisean "agus núair a raghair isteach," ar sisean
"déurfai’ sé leat," ar sisean, "go fada gur chirte
dhuit do loisdín a bheith fadó riamh agat," ar sisean.
"Agus abair léithe," ar sisean, "ná raibh aon leigheas agat air"
ar sisean "agus tú leigeant isteach i gCúntais Dé agus Cú Bhán a
tSlé agus leigfi’ sí isteach tú," ar sisean. D’imig " agus
bead-sa rómhat anso ar maidin," ar sisean, núair a
thiocfair arís," ar sisean. Ambasa chúaidh agus
bhúail sí an dorus agus dubhairt sí léithe, Sé
am 'uit," ar sise, "bheith a teacht chuin mo thíghe-se
an dtacaid seo dh’oidhche," ar sise, "ba chirte dhuit
do loisdín a bheith tógtha fadó riamh agat."
"Ó," ar sise, "Ní raibh aon leigheas agam air," ar sise "agus
leig isteach mé i gCúntais Dé agus Cú Bháin
a’ tSlé'. "Well" leigfi' mé isteach ar a shon san
thú," ar sise arsan bhean léithe. Well, thug sí lóisdín
go maidean di agus biadh agus thug sí leabaidh
chodlata dhi. Ar maidin núair a tháinig
a’ lá, thug sí broicfeast di agus seo insa
tsiúbhal í agus bhain sí amach a' cnoc agus
bhí sé roímpe luighte na lúbáinín gadhair
insa chraoibh gur chúai’ sí a’ triall air.
"Téighir abhaile anois," ar sisean, "agus geóbhair eólus"
ar sisean, "agus níleann tú 'i bhfad as a slíghe," ar sisean.
"Ní raghad," ar sise. "Leanfai’ mé thú pé
áit don talamh Naofa go ngeóbhair" ar sise.
Seo insa tsiubhal é agus seo na dhiaidh í agus
ní imíoch sé as a radharc
in ao’ chorach agus núair a tháinig a n-oidhche
stad sé súas léithe tráthnóna déadhnach.
Seadh. "Well núair nár chúadhais abhaile
anois," ar sisean, "Téighir ansan síos. A’ bhfeiceann
tú an tigh sin thíos," ar sisean, "Téighire síos go
maidean ansan," ar sisean, "agus is measa go mór
í sin," ar sisean, "ná an bheirt
bhan eile. Thug. Dheineas dearmhad. Dheineas
dearmhad. Thug sí éudach cláir do - an
tarna bean. Sidí an tarna bean - an
tarna bean - thug sí éudach cláir di agus
"mar núair a thiocfaidh ocras ort" ar sise
"leath amach é sin agus tiocfaidh nach aon
tsaghas bídh fé’n spéir air", ar sisean "agus
féadfair do dhóthain a dh’ithe do," ar sise. Seadh.
Ansan an tríomhadh bean ansan d’imthi’ sé
insa tsiubhal ansan ar maidin agus
núair a bhí sé roímpe insa chnoc
na lúbáinín luighte agus "Téighir abhaile ’nois"
ar sisean, léi "agus is furaiste dhuit," ar sisean "dul abhaile" ar sisean. "Agus
níleann tú ibhfad as a slíghe. "Ní raghad
go bráth," ar sisean "leanfai’ mé thú pé áit go
ngeóbhair". Well seo insa tsiubhal é agus núair
a bhí sé súas i meadhon a’ lae súas. "Ní
bheidh aon radharc agat orm-sa", ar sisean "ó tratnóna
máireach amach", ar sisean. Seadh. "An bhfeiceann
tú an tigh sin thíos anois go h-íochtarach," ar sisean. "Téighir
ansan go maidean," ar sisean, "agus is measa í sin
go mór" ar sisean, "ná an bhean aréir agus abair léithe
ná fuil aon leigheas agat air", ar sisean "go raibh sé
ró-dhéirionach is ná faighfá aon lóisdín", ar sisean
"agus tú léigeant isteach i gCúntais Dé agus Cú
Bháin a’ tSle." Do dhéin sí rud air ambasa
agus chúaidh agus. "Ocht" ar sisean "sé am duit a bheith a'
teacht chúgam-sa anois" ar sise "a lorg loisdín núair a
chirte dhuit do lóisdín a bheith agat." Níl
aon leigheas agam air," ar sise. "Tá sé ró-
dhéadhnach," ar sise "ach leig isteach
i Cúntais Dé agus Cú Bhán a’ tSlé mé".
Leigfi’ mé isteach ar a shon san thú," ar sise.
Agus chuaidh. Leigeach isteach í agus (bhí) thug sí
a dóthain bídh lé n-ithe dhi agus thug sí leabaibh chodhlata
dhi. "Anois" arsan bhean léithe. D’eachruig
sí dhi. "Mo thrúagh go deo thú," ar sise, "chuin a
bheith a rith i ndiaidh a leithéid sin," ar sise.
"Ní chídhfir aon radharc air sin ó thráthnona
máireach amach air, ar sin," ar sise. "Pé áit
don dtalamh naofa go ngeóbha' sé" ar sise, "leanfad
é" ar sise. Very Well. Ambasa, "Seo siosúr
anois 'uit," ar sise, "agus ná dearmhad a’ siosúr
san," ar sisean. Núair a bheidh do chuid éadaig stolta gen
craoibh agus agen bhfraoch" ar sise "agus agen aiteann
féadfair scrabha do’n siosúr san a
thabhairt ort" ar sise "agus beidh culaith bhreágh
éudaig ort. Chuirfeadh a siosúr culaith
breagh éudaig airthe, núair a
is na chao' nídhe. Very Well. Seo
insa' tsiubhal é agus... "N féadfair dul abhaile
anois," ar sisean, "Tán tú i bhfad as a' slíghe," ar sisean, "agus
Dubhart leath indé dul abhaile agus ní déunfá
rud orm." "Ní raghad abhaile go bráth," ar sise,
"nó go leanfad thú pé áit go ngeóbhair."
bhean agus í a’ sgreadaig. "Mhuise, A Mhuire mháthair"
ar sisean "ca’ tá ort nó go dae rud athá
in ao’ chor ort go bhfuil an sgrannra'
go léir ort," ar sisean, "go bhfuileann tú a’
gol sa béicig. "Ó." Nis sé dho. "Mhuise
mo ghraidhn go deó thú a chailín bhoicht,"
ar sisean. "Tá fuar agat," ar sisean "a bheith rith i ndiadh
a leithéid sin," ar sisean. "Cím-se ansan amanna don
mbliain é sin i gcómhnuidhe", ar sisean "a g-eirí
aníos as a’ bpoll san" ar sisean "agus a 'mtheacht
fén dtalamh agus cionnus a raghair a’
triall ar a leithéid sin.
"Tagann sé aníos," ar sisean, "amanna dhon
mbliadhain," ar sisean, "tríd a bpaiste sin do’n gcnoc," ar sisean,
"agus mo ghraidhn go deó tú," ar sisean, connus a
bheir-se d’iarraig [é leanúint]."Déunfai’
mé poll síos na dhiaig" ar sisean. "Dhere connus
a dhéunfair poll", arsan seanduine
a bhí ag aodhaireacht bha a bh-eadh é.
Very Well. Do thug a’ seanduine abhaile chuin a
bhotháin a bhí ’ge í agus bhí an bothán i mbun a
chnoic aige agus thug sé abhaile chuin a’ bhotháin
í agus do bhí an bothán - thug a’ duine bocht nach
ao’ nídhe dá raibh aige féin di agus bhí a
bhean ann agus inghean do. Seadh, ní dhein sí
ach a h-éudach cláir a leatha amach agus
do bhí na chao' bhiadh aca agesna daoine
bochta faid a bhí sí farótha. Thug sí
léithe ramhan agus sluasad agus
bhí an seanduine ag aodhaireacht, ag
aodhaireacht na mbeithíoch sa chnoc agus
chabhair a’ seanduine léithe agus chromadar
araon a bheith a’ déunamh a' phoill. Agus
ambasa, bhíodar ag oibriú air agus iad a
pola síos, a’ pola síos i gcómhnuidhe ar feadh
coigthís no trí seachtmhaine agus do dheineadar a'
poll agus ambasa núair a chuadar san áirighthe
Sin síos ansan don gcnoc, d’oscail a’ poll
ar fad síos. "Seadh", arsan seanduine ar sisean léithe,
"Tá poll síos amach anois ann", ar sisean "ní gádh
dhúinn a g-oibriú a thuille." "A mbeadh aon
téad anois agam," ar sise, "do bhíos 'alright' "Ná
bac san," arsan seanduine, ar sisean, "Tair abhaile
i n-aonach liom-sa go maidean," ar sisean, "agus tabharfam
linn téadán maith laidir agus", ar sisean, "féadfad-sa
é chuir ar t-oscala-sa" ar sisean "agus tú scaoile síos.
Do bhí an seanduine a bailiú goch aon róipíní
agus go-ch aon chórdaí dá fheabhas agus do thug sé leis
an áirighte sin feadhana do théideanna choidhche
is riamh gur dheineadar súas córda mór fada -
téadán. Agus do chúadhadar go barra ’n chnoic
ar maidin agus tháini’ sí agus leath sí a h-éudach
cláir ar a’ gcnoc do agus do ... D’itheadar a
ndóthain bídh dosna chaon tsaghas bídh. Very
Well "Anois", arsan seanduine, ar sisean, "Cuirfead-sa
ar pholl t-oscal é. "Snaidhm ar pholl m'oscal é
ar sise. Do dhein. "Agus núair a bheir thíos", ar sisean "labhair
chúgham-sa," ar sisean "núair a bhúailfir talamh," ar sisean "agus
bog a’ téadán," ar sisean, "agus aithneód-sa
bogaighthe ’gat é tairiceód é," ar sisean. Bhí sé
a’ sgaoíle síos, a’ sgaoíle síos riamh
is choídhche go mbúail sí talamh thíos agus
scaoíl sí féin a' téadán. Bhí an pholl chómh
doimhin sin, scaoil sí an téadán agus do
thairrig a’ seanduine anáirde é. "Slán
leat anois," ar sisean, léithe. Seadh. Tháinig a’
seanduine a’ déunamh a ghnótha féin. Thug
sé saghas éigin iadhamh ar a’ bpoll lé
h-eagla go raghach ao’ bheithíg isteach ann. Agus
ambasa saghas iadhamh thás agat. D'iadhaig
sé súas, a dtuigeann tú chuin ná raghach
na h-ainmhidhthe isteach ann, bhí an poll chómh
doimhin sin. D’imithi' sí agus do dhein sí fé’n
dtalamh áthas a croídhe uirthe í bheith
thíos fé’n dtalamh agus bhúail sí isteach go
dtí baile mór agus ambasa má bhúail do
dhein sí a lóisdín a thógaint i dtig i 'hotel'
agus bí talamh thíos aice, mar bhí anáirde agus dhein sí
fén dtalamh.
insa bhaile mhór, i dtig mhór láidir agus fúair sí
obair ann ambasa bhí úntas a gcroidhe
ortha, ca’ na thaobh na bíodh sí a’ lorg ao’
bhídh agus thairrigíoch sí féin a h-éudach cláir
chúiche agus bhíodh do chao' biadh aice. "Well" arsa
fear a hotel, arsa fear a’ tighe," ar sisean, "sé' do
leithéid do bhean," ar sisean, "nár ghaibh riamh fós chúgham"
ar sisean, "agus ní gádh dhuit-se," ar sisean, "aon obair a
dhéunamh," ar sisean, "Tá do dhóthain bíg cheana agat," ar sisean
"Well," ar sise leis. "Thá, a leithéid seo," ar sise leis, "athá
orm-sa," ar sisean, "ag eachtraí dho gur
bhúail an gadhar san chúiche agus go mbíodh sé i
nfear istoídhche agus na mhadra is ló. Stad sé.
"Mhuise a bhean bhocht," ar sisean. Sin é mar dubhairt sé.
"A bhean bhocht," ar sisean, "tá ana-thruagh agam-sa dhuit
agus cad a dhéunfai’ mé" ar sisean, "Cad a dhéunfair anois",
ar sisean. "Tá a leithéid sin ann gan dabht," ar sisean, "agus tá sé
fé dhraoídheacht agus connus a dhéunfair-se teacht
súas leis a’ bhfear san," ar sisean. "Tá san ag
imeacht n-a choileán gadhair," ar sisean, "nach aon
bhealtainne" ar sisean "ag imeacht tharrainn," ar sisean "agus
tá sé sin," ar sisean, "cheithre mhíle dhéug as so," ar sisean. "Agus
teacht anso," ar sise, "goch aon lá," ar sise "agus í lán
do ghearba," ar sise, "agus níl luid anaírde uirthe," ar sise,
"Agus tá sé sin," ar sise, "ansan fé dhraoídheacht sa
tigh sin," ar sise, "goch aon lá agus é ag obair
sa ghort i nfear" ar sise "agus é ag imeacht na
mhadra" ar sise "am eile dho'n mbliain." Very
Well. "Ná bac san," ar sise. Ambasa ní fada
bhí sí farrais a’ mbaintrig núair a tháinig
an inghean isteach, lá. D’fhéuch sí ar an
inghin. "Dhere", ar sise, leis a h-inghin. Nách
úntach an lá ná cuirfeach do mháthair," ar sise, "culaith
bhreágh éudaig ort," ar sise "gan tú bheith chómh
miartiúnach is taoir" ar sise "ná chómh salach aice. "Á",
ar sise, "ní chuirfeach mo mháthair ao’ nídhe orm-sa,"
ar sise "Níl sí im’ chúram. Ní dhein sí ach scrabha
dhon susúr a tharrac uirthe is culaith bhreágh
éudaig a chuir uirthe. D’imthi sí is
Seadh, an susúr, seadh serabha dho. "Well," ar sise. Seo
chuin a máthar abhaile í agus dubhairt sí
léithe go raibh bean anso thiar agus go raibh
a leithéid sin d’oiriúint aice chuin culaith
éudaig a chuir airthe, siosúr. "Agus a'
bhfeiceann tú an chulaith breágh éudaig a chuir sí
orm." "Á," arsan chailleach," ar sise "Ní córa dhi an
susúr san ná dhom-sa," ar sise. "Abair leis a'
mbéidrig," ar sise, "é thabhairt duit."
Abair leis a mbéidrig sin, "Nách córa
dhi féin é ná dhómh-sa," ar sisean. Tháinig an inghean feara
gearbach agus "dubhairt mo mháthair leat," ar sise, "nách
córa dhuit a susúr san ná dhi féin." "Abair
led’ mháthair," ar sise, "go dtabharfad-sa dhuit é," ar sise
"má thugann sí oídhche a chodla le n-a fear
pósta dhom." Seo chuin a máthar í agus dubhairt
sí leis a’ máthair go bin é an freaga
thug sí uirthe go bhfaigheach sí an susúr
má thabharfach sí oídhche a chodhla lé n-a fear
pósta di. "Mthig ort siar chuin na
béidríghe," ar sise "agus abair léi go dtabharfad," ar sise "agus
bin a bhfuil dá mhaith dhi ann. Seadh. Ambasa.
D’imthi’ sí chúiche agus dubhairt sí léithe go
dtabharfach, a máthair di ach ar susúr a
thabhairt di. Thug sí an susúr di. Seadh
Ambasa tháini’ sí go tig na cailíghe i gcóir na
h-oidhche agus do chóirig sí leabaig di. "'Mthig ort
a bhéidrig," ar sise, "téighire ’on tseómra san síos," ar sise,
mara bhfuil m’fhear pósta-sa. Chúaidh, agus luig
sí thíos farais agus chrom sí ar a bheith ag
eachtraí dho ar goch aon chor, connus
a tháini’ sí chuin cinn. Ní raibh aon tor
aige uirthe núair a thug sí deoch do - thug
a’ chaileach deoch do. N'fheadar sé
cad a bhí aice á rádh. Seadh. Ambasa, tháini'
sí abhaile agus tráthnóna. Tháini’ sí abhaile ar
maidin chuin na baintrí. "Dhere," arsan
bhaintreabhach," ar sise "ar dheines aon talamh." "Ó,
ní bhfúaireas aon tor," ar sise, "bh-úaidh." Well,
ansan ceann dosna laetheannta do tháinig an
inghean isteach an feara-gearbach arís agus chonnaic
sí an t-éudach-cláir agus an biadh go léir a
bhí ’ci fhéin agus agen mbaintrig agus núair a
leathach sí amach é agus dh’ith sí féin a
dóthain do. "Déir deábhraimh," ar sise leis a’ bhfeara-
gearbach, "ní thugann do mháthair ao’ nídhe lé
h-ithe dhuit-se," ar sise. "A’ bhfuil biadh 'ci chómh
maith leis sin? "Ó Níl," ar sise, Seo abhaile chuin
a máthar í agus dubhairt sí léithe go raibh a
leithéid sin d’éudach aice agus go raibh saoghal
age’n mbean go raibh sí faréithe
agen mbaintrig – "Mthig ort" ar sise
"agus abair léithe," ar sise, "nách córa dhi féin é ná
dhom-sa," ar sise "an bhéidreach," ar sise, "agus é
thabhairt duit. D’imthig. "Dubhairt mo mháthair
leat," ar sise, "nách chóra dhuit é ná di féinig",
ar sise "agus é tabhairt dom." "Tabharfad-sa dhuit-se
é" ar sise "do dh’mháthair é" ar sise "má thugann
sí oidhche chodla lé n-a fear pósta dhom.
Very Well. Thug sí di é agus i gcóir na
h-oidhche bhuin sí an tig amach. Thug sí deoch
do. Well. "Téighire ansan síos," ar sise "a
bhéidrig" ar sise. "Tá leabaidh ansan thíos," ar sise, "Chúaidh.
Agus chúai’ sí síos chuige agus níor thug aon tor, - thug
sí an deoch do. Do chúalaig a’ buachaill aimsire
goch ao’ nfocal dá ndubhairt sí ar feag
a’ dá oidhche. Tháini’ sí
abhaile. "Ar dheinis aon talamh" arsan
bhaintreabhach. "Ó, ní bhfúaireas focal," ar sise.
Ambasa núair a bhí Chú Bhán a’ tSlé agus an
fear oibre insa ghort. "Mhuise," ar sisean arsan
buachaill," ar sisean "A’ raibh aon cuileachta
riamh agat," ar sisean, "nuair a dh’imíteá" ar sisean "as
an áit seo." "Táim ag éisteacht lé bean
atá farut le dhá oidhche," ar sisean, "goch ao' nfocal
riamh," ar sisean, "ó bhís id’ choileáinín gadhair" ar sisean ar
barra trágha," ar sisean "fara duin’ uasal," Stad sé.
Mhuise a dhuine chroidhe 'stig," ar sisean. "Connus a
thiocfach a’ bhean san a’ triall orm-sa," ar sisean, "trí
thalamh agus trí chnoc," ar sisean, "Ní raibh a leithéid i
[gceist]." "Ó táim ag éisteacht léithe", "Nó
connus a fúairis amach é." ar sisean. "Anois,"
ar sisean, "Má thagann sí chúghat aon oidhche eile", ar sisean
arsan buachaill, ar sisean. "An deoch atá agat á
dh’fhághail od' bhean," ar sisean, "caith laistig do
leabaig í", ar sisean, "núair a thabharfai’ sí dhuit í",
ar sisean. "Is dóigh léithe go n-ólfair í," ar sisean, "agus sin é"
ar sisean, "atá cuir a’ mhearbhaill ort." Bhí san go
maith is ní raibh go h-olc, ambasa. Do bhí
cúl ansan ar a h-inghin chómh h-aindis is
a bhí ar ao’ n-ainmhidhe a rugach riamh ar
aon duine. "N’fheadar san" - an bhean so -
arsan bhean," ar sise, "Nách aindis a’ ceann atá aged’
máthair ort," ar sise, "Did liom i leith", ar sise, "go gcuirfi’
mé ceann breágh ort. Níor dhein sí ao’
nídhe i nÉirinn ach breith ar a’ gcúr agus a’
chíor a tharrac agus chuir sí ceann buidhe
gruaige uirthe. Seo abhaile í. Muire
Mháthair," ar sise lé n-a mháthair. Tá ceann
orm", ar sise "curtha ’ge. Tá cíor aice," ar sise, "is
bhfeárrde-de éinne chimileóch do n-a cheann
í. "'Mthig ort," ar sise, "agus abair leis a’ mbéidrig"
ar sise, "é thabhairt dhómh-sa. Nách córa dhi fhéin é
ná dhómh-sa." Very Well. D’imthig. Dubhairt
mo mháthair leat," ar sise, "nách chóra dhuit fhéinig
é," ar sise, "ná dhi féinig," ar sise. "Tabharfad-sa" ar sise "dod
mháthair é má leigean sé (sic) oidhche
chodla lé n-a fear pósta mé. Seadh. D’imthig
an n-inghean abhaile. Dubhairt sí léithe [é].
"Abair leis a mbéidrig," ar sise, "go leigfead," ar sisean "agus
sin a bhfuil dá mhaith dho ann. Very Well.
"Agus abair led' mháthair," ar sise, "go mbead-sa chúiche
ar sise. D’imithig amach agus tháini' sí agus a’ chíor
aice. Dhein sí fé dhéin a’ tíghe agus núair a
tháini’ sí. "Well," ar sise léithe. "Tá leabaig ansan
thíos agat is téighir ann," ar sise. Agus níor dhein sé
núair a fuair sé an deoch, ní dhein sé ach é
scaoile laistig do leabaig. Chuai’
sí a chodhla farais an oídhche sin agus nis sí
goch aon rud do "Mhuise connus a’ thainís,"
ar sisean. Nis sí do goch aon chor, go dae an
tslíghe go ndein sí na téadáin agus a’ poll agus
a’ fear a bhí ag aodhaireacht. "Bhí aithne
mhaith agam air," ar sisean. "Duine críona",
ar sisean, "bhí sé ag aodhaireacht," ar sisean, "stoc
i gcómhnuidhe insa chnoc." Is amhlaig a bhí
úntas air. " 'Nois," ar sisean, "Tá 'job' agam-sa,"
ar sisean, "mé fhéin a tharrac," ar sise, "ón gcailig." Núair
a raghaig a ’nghean a’ chéad lá eile a
triall ort," ar sise, "Abair léithe," ar sisean, "go dtabharfa'
tú a lán rudaí di" ar sisean "má niseann a
máthair di," ar sisean, "cail a bás. Agus abair mar
seo léithe," ar sisean "Cad a dhéunfai’ sí" ar sisean "núair
a chaillfar í - an mháthair," ar sisean, "agus cé raibh a'
bás agus a bheith ana-cheanúil ar a
máthair. Bí ana mhór," ar sisean, "léithe agus goch aon nídhe
agus neósfaig sí goch ao' nídhe dhuit, mar
'sdóig léi", ar sisean "go bhfuil goch aon rud agat."
Very Well, Ambasa. Do chúaidh agus tháini’ sí
abhaile. "Dhera" arsan bhaintreabhach, "Ar
dheinis aon talamh indiu," ar sise. "Do dheineas agus
ana-thalamh" ar sise léithe. "Do labhair sé
chúgham." Seadh. "Labhair sé chúgham." "Alright
anois," arsan bhaintreabhach, "sé áit go
bhfuil a’ 'job'," ar sise, "Cá bhfaighi’ sí
amach bás na cailíghe. Well. Ambasa
bhí sí ana-mhór lé ’nghean na cailighe agus
dubhairt sí léithe go dtabharfach sí a lán
rudaí eile dhi agus chuai’ sí dtí ’n máthair.
"Mhuise a mháthair" ar sise. "A mháthair" ar sise "ba
bhreágh liom dá neósfá dom cail do bhás," ar sise.
"Mhuise ghrádh gil, ca’ na chaobh" "A grádh gil", ar sise
"Ca’ na thaobh" ar sise, "gur mhaith leat mo bhás a
dh’fhághail amach," ar sise, "Mhuise cad a dhéunfad-sa
núair a caillfar thusa," ar sise
agus cé bheidh im’ chúram," ar sise.
"bá mhaith liom go neósfá," ar sise cé bheidh im’ chúram,"
ar sise, "dere a ghrádh gil," ar sise, "Ní caillfear mise
in ao’ chor," ar sise, "mar ná faighi’ siad amach mo
bhás," ar sise, "cé bhfaighfaí mo bhás" ar sise "mara bhfaighfaí
mara ndéunfach duine bá? Mhuise mháthair"
ar sise, "cail sé?" "Tá mhuise," ar sise, "ó chuiris an cheist go
bhfuileann tú a’ dul chomh dian orm. Neósfa’
mé dhuit é," ar sise léithe. "Tá, a’ bhfeiceann
tú an clochán mór atá ansan thúas," ar sise.
"Cím a mháthair," ar sisean "Cathfar é sin a
reaba," ar sise, "amach" ar sise "a bhfuil do chlocha ann"
ar sise "agus léimfig ratha amach as," ar sise, "agus núair a
dh’imeóig a’ ratha," ar sisean "a n-áirighthe sin," ar sisean
"léimfig a’ lacha na dhiaig," ar sise, "agus caithfi’ sí
ubh bh-úaithe," ar sise, "agus dá mbeadh fear maith ann"
ar sise, "an úair sin," ar sise, "a gheóbhach a gcroí na
láimha deise é," ar sise, "i gcroidhe a dheárnan," ar sise, "sara
raghach sé ar a’ dtalamh," ar sisean, "do bheinn-se chuige
agus mo bhrollach ar leatha 'gam 'us chaithfeach sé
mé bhuala i mbéul a’ chléibhe," ar sise, "agus bin é
mo bhás-sa", ar sise. Very Well.
Tháinig sí go dtí an
béul ar leatha, sa chraos aice, sa brollach oscailte
is do bhúail sé isteach i mbéul a cléibhe í, is
dhein carn glóthaí dhi. Seadh. Thánadar - Cú
bhán a’ tSlé. Ansan, ambasa. Fúaireadar
amach ansan an tslat dhraoidheachtha bhí aice agus
tháinig Cú Bhán a’ tSlé’ agus do bhúail sé an
tslat draoidheachta ar fhéin agus tháini’ sé agus do
dhein sé an tslat draoídheachta do bhuala ar a'
n-inghin ar feara-gearbach agus do tháini’ sé
ansan agus do bhí trí cinn do, do chlocha breaca
do bhíodar fé bhun an tighe, bhí 'ci agus
tháini’ sé agus bhúail sé buile dhon slat dhraoídheachta
ar na trí cinn is dhein, triúr fearaibh
breághtha dhóibh agus tháini’ sé ansan agus do phós sé
an feara-gearbach agus a’ buacaill aimsire
dhein a’ lámh ar a la lachainn. Phós sé
iad, i dteannta chéile agus d’fhág sé an fheirm aca
agus tháini’ sé féin sa bhean, do thánadar go
tig a’ duin'-úasail agus do bhíodar lán-láidir
as san amach agus phós sé i dtig a’ duin'-
úasail agus tháini’ sé ar a dtaobh,
san áit go raibh inghean a’ duin-úasail
a fúair sé ar bharra na trágha thíos. Phós sé í.
Sin é mo sgéul sa is má tá bréag ann, bíodh.
Ní bhfúaireas ao’ nídhe á bharra ach bróga
páipéir agus stocaí fionáin agus do bhí teine ansan
anoir i dtaobh éiginteach is léimeas isteach is
loisceach orm iad.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.