An Lacha Dhearg
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0257
- Dáta
- 10 Samhain 1936
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Mainistir Chnoc Muaidhe, Co. na Gaillimhe
- Eadargúil, Co. na Gaillimhe
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Bailitheoir
- Liam Mac Coisdealbha
- Faisnéiseoir
- Micil Ó Cuinn
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0257, Leathanach 0701
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISAn Lacha Dhearg
Bhí fear fadó ann agus bhí trí dhuine
dheag cloinne aige, agus bhí air anois duine go
na trí dhuine dheag a chuir leis a’ deachmhaí.
Agus ní rabh fhios aige beó ná beirthí cé chaoi
gcuirfeach sé leis a’ deachmhaí iad. Agus bhí
sean-dall glic san áit agus fua sé ag a’
sean-dall glic agus d’fhiartha sé dhe céard a dhian-
fach sé.
"Innseó mise dhuit, " adeir a’ sean-dall glic,
"céard a dhianfas tú," adeir sé. "Cuirfe tú
amach amáireach na trí dhuine dhéag," adeir sé,
ar sgoil i n-éindí," adeir sé, "agus a’ té bheas
ar deiriú," adeir sé, "a’ teacht isteach trathnóna
abair leis imeacht [i léir dé?] agus 'fhortúin."
Bu mhath a’ mhaise sin dó. Chuir sé amach
na trí dhuine dhéag ar maidin, agus nuair a
chuir - bu mhinic leis na lads beaga a bheith
'rithiú ’teacht abhaile - agus cé bheach ar deiriú
a’ teacht ag a’ ngeata ach Jane agus Morgan.
Bhí fear ag a’ ngeata.
"Well, gohach duine agaibh isteach" adeir sé, "agus
cathfa duine eile imeacht [i léir dé?] agus a fhortúin.
"An mar sin é?" arsa Jane
"By gob seadh," adeir sé.
"Well, má tá ar Mhorgan imeacht," adeir sí
imeó mise i n-éineacht leis. Huga leat is-
teach," adeir sí, "agus tóir amach agan mo mhála
shnáithe" adeir sí, "agus mo chuid b’reán chriteála."
Chua. D’imi le Morgan agus le Jane, agus bhí
siad ag imeacht aríú gur bhain an oíche an
lá duíofa, agus sén áit ar tharla siad isteach
i gcoill. Agus máis é héin nuair a hainic
(chonnaic) siad an solus rinne siad ar a’
solus. Bhí fathach mór síntí insin istigh.
"Muise, do mhíle fáilte, a Jane, agus a Mhorgan,"
adeir sé, "a mhac agus a iníon rí na hÉireann."
"Well, budh chóir ’uit muid fhágáil istigh go
maidin," arsa Mogan.
"M'anam go bhfácad," adeir sé, "agus tiúra mé ar
(bhur) sáith le n-ithe dhaoibh."
Shuidh siad síos. Chuir sé síos greadadh ráin
sa tine dhuíofa, agus bhruith sé agus róst sé é agus
thug sé le n-ithe duíofa é. Well d’ith siad a
sá.
"Well anois é, "rud a’ bith sa domhan," adeir
sé, "fhéata mise a dhiana dhaoíbh," adeir sé,
"Dianfa mé dhaoíbh é. Tá duine uasal óg
journey lae as seo amaireach," adeir sé, "agus féach -
sílim go bpósfat sé do dhrithiúir," adeir sé le
Morgan, "dá dtéightheá buil sé."
"All right," adeir Morgan
D’imi le Morgan agus le Jane agus níor stop
siad aríú go ndearna siad amach a’ duine uasal
óg seo, agus thainic siad ag a’ hálldúr.
"Huga leat amach," adeir a’ duine uasal, adeir sé,
"agus fiathra (duíofa) a’ n-íosat siad rán
coirce agus fíor-uisge ar a’ suipéar" - leis
a’ mbuitilear.
Chua.
"M'anam péin," ar siad -san, "gur math linn
é fháil."
Tugú isteach iad agus fuair siad chuile shórt
'commodation, agus nuair a bhí siad a goil ag im-
eacht ar maidin - "Well anois", adeir sé le Mor-
gan "a’ dtiúrthá do dhrithiúr," adeir sé, "le pós-
ú dhom?"
"By gob ní bhéarthaidh," adeir Morgan, adeir sé.
"Ach féach," adeir sé, "- ní dhéartha sí inniú ná
amáireach ná go brách ná choí," adeir sé, "gur
mise is ciontach," adeir sé, "- pósat sí thú má
thogruíonn sí."
"Well, by gob pósfa mé é, " adeir sí.
"All right," arsa Morgan.
"Well anois," adeir sé le Morgan, "bhéartha
mé paca gadhar ’uit," adeir sé, "caiple fíach, agus
chuile shórt, má fhanann tú inseo buil mé."
"Ní h-áil liom," arsa Morgan "- ní fhanfa
mé buil tú."
"Well, nuair nach bhfanfa tú buil mé anois,"
adeir sé, - nuair a d’fhéach Morgan do leabhar
taobh (taé) thiar [dh]e, bhí sé lá agus bliain ann
agus shíl sé diabhal a ru sé uair a’ chloig ann -
"Well anois," adeir sé, "nuair nach bhfuil tú a’
fanacht buil mise," adeir sé, "tá an Lacha Dhearg,"
adeir sé, "-iníon rí na Gréige sa domhan thoir," adeir
sé, "-tagan sí chuile sheachtain insin amuich,"
adeir sé, "sa bpond atá insin amuich a’ batheáil.
Agus dhá n-eiríoch leat a dhul go léim inntí,"
adeir sé, "níl aon bhean sa domhan is fearr na
í. Leagann sí a cuid éadaigh" adeir sé, "i n-áit
duithe héin - ní buil na mrá eile chor a’ bith."
Bu mhaith a’ mhaise sin do Mhorgan. Bhí sé
i n-an-ghaisgíoch - by gob rinne sé ar an áit a
ru an lacha dhearg agus chua sé go léim san éadach
agus choinnigh sé é. "Well anois nuair a bhí siad
ag eirí is ag imeacht - "Well, fébí cé tá a’
coinneál mo chuid-sa éadaigh," adeir sí, "ná tá a’
maga fúm," adeir sí, "ná bíot sé a’ maga
fúim-sa," ar sise, "tugat sé dhom a’ t-éad-
ach."
"Well, by gob," adeir Morgan ní bhéartha mé
an t-éadach go brách dhuit go dtuga tú leat
mé, nó go dtuga tú geallú postaí dhom."
"Well, bhéartha mé geall pósta dhuit," adeir sí
"Ach féach," adeir sí, - má innsíonn tú go brách,"
adeir sí, "g'aon duine go bhfuil geallú pósú ort,"
adeir sí, "ní fheicfe tú amharc do shúil aríst go
brach orm."
"All right," adeir Morgan.
"Anois amáireach," adeir sí, "goha tú," adeir sí, "agus
tá duine uasal ’n-a chónuí," adeir sí, "insin tháll,
agus racha tú agus socró tú leis, " adeir sí, "bliain
ar aimsir ’do bhuitiléara."
By gob chua. Agus má fua héin bhí party
mór san oíche ann agus domhan mór ucú
thart ar a’ mbord nuair a thainic Morgan
ucú. Chuir sé síos sa seilléar é, agus má chuir
héin nuair a fua Morgan síos
má bhí spike insin bhí céad spike
ann, agus ní ru aon spike dá ru ann nach ru
cloigeann duine air ach aon spike amháin.
"Fú fá féasóg," adeir a’ fathach a bhí ánn thíos,
"Céard a chas inseo thusa?" adeir sé.
"Chas le ceart agus cóir a bhaint duíot-sa," adeir
Morgan.
"All right," adeir sé. "Cés fear leat a’ coruíocht
ar leacrachaí dearga," adeir sé, "na a’ góilt go
sgeanaí i mbárr-easnachaí 'chéilí?"
"Is fearr liom a’ coruíocht ar leacrachaí
dearga," adeir Morgan, "an áit a mbeidh do chol-
ann caca a goil i n-íochtar agus mise ag eirí i
n-uachtar!"
Rug sé air, agus má rug héin an chéad chor a
thug Morgan dó chuir sé go sgathán a dhá ghlún
é, agus a’ darna cor chuir sé go dtí básta a
bhríste é.
"Cos cânraic ort!" adeir sé, "Is tú an gaisg-
íoch is fearr a thainic inseo le céad bliain.
Bhéara mé claidhmhe soluis duit," adeir sé, "each
caol donn a bhéarthach ar a’ ngaoith agus nach
mbéarthach a’ ghaoth air."
Thug.
"Well, cé dtryáilfe mé í?" adeir Morgan.
"Tryáil ar stumpa ’bith insin," adeir sé, "an
chlaidhmhe."
"Ní fheicim sean-stumpa ’bith sa domhan ánn,"
adeir Morgan, "Is gráinne ná do shean-chloigeann
cacach!"
Bhuail sé buille air, agus má bhuail héin by
gob níor ghearr sé é. Bhuail sé an dara
buille air - bhí an cloigeann a’ feaduíol a goil
suas, a’ góil amhráin [a goil] anuas.
"Ara," adeir sé, "a bhfáinn-se mé héin ar a’
gcolainn chéanna," adeir sé, "leath na bhfian ní leac-
ach mé!"
"Ara ’bhogair," adeir Morgan "ní le thú a ligeann
ar a’ gcolainn chéanna a leag mise thú."
Thug sé leis a’ chlaidhmhe soluis. Thug sé an-
níos a’ decantar fíon', agus d’fhéach na daoine
móra ar a chéile - d’fheach duine ucú ó dhuine
go duine ar a chéilí.
"By gob" adeir sé, "Is math a’ fear thú! Cathfa
tú m’iníon a phósú."
"Well, ní phósfa," adeir Morgan.
"By gob cathfa tú a pósa, " adeir sé, "Ní fháca
tú seo go brách," adeir sé, "go bpósa tú í, mur
b’fhuil tú póstaí, " adeir sé.
"Well, níl mé póstaí," adeir Morgan, "ach tá
geallú pósta orm."
D’imigh leis ar maidin i nganfhios do, agus
má d’imigh héin rinne sé ar a’ bpond
aríst cho mear i nÉirinn agus d’fhéad sé. Agus
má rinní héin bu gearr a’ mhoill air a dhoil
ánn le n’each caol donn agus a chlaidhmhe soluis.
By gob nuair a bhí sé a’ teacht ag a’ bpond
d’eirigh an lacha dhearg, iníon Rí na Gréige, agus a'
dáréag mrá coimhdeacht, agus d’imigh siad san aér
agus diabhal amharc a shúl a d’fhéad Morgan
fháil orthú ach féachain ’n-a ndia’.
Well d’imigh le Morgan agus bhí sé ag imeacht
gur bhain an oíche an lá [dhe], agus cé dtárloch sé
isteach san oíche ach ag seanfhear mór, agus ní
ru sé sa mbothán ach é héin nuair a thainic sé
ag a’ dorus
"Muise bail ó Dhia ort," adeir sé.
iún]," adeir sé, "Is mór atá mé a gul amú" adeir sé
"agus a’ diana mistake nó is tú an baitiléaraí
a bhí i nÉirinn aicí, agus ’fhliuch sí trí naipcín
póca [i ngeall air] i gcatha na h-oíche - a’ caint
air."
"Muise meas tú," adeir sé "a’ bhféatainn amharc
mo shúil fháil aríst go brách urraí?"
"Well, bhfáighir," adeir sé, "ná bíoch faitíos
ort. Tá dreitheár dhú-sa ['ú-sa] ’n-a chónaí
anois," adeir sé, "journey lae as seo, agus sé rí
na n-éan é," adeir sé. "Agus féach" adeir sé, "dhá
n-eiríoch leat a bheith ánn san oíche amáireach"
adeir sé, "sin é an fear atá i n-ann tú dhirectáil."
D’imigh le Morgan agus bu gearr a’ mhoill air
ar ndú a dhul ánn. Agus d’fhág a’ seanfhear
istigh buil sé go maidin é. Agus ar maidin -
"Well tá mé an-bhuíoch gur fhág mé istigh thú,"
adeir sé, "- is deas a’ chuideacht thú gan dabht," adeir
sé. "Ní ru cuideacht a’ bith buil mé " adeir sé
"leis an fhad seo aimsir ó bhí an Lacha Dhearg
agus a dáréag mrá coimhdeacht inseo aréir."
"Well, a’ ru sí inseo aréir?" adeir sé
"Well by gob bhí" adeir sé, "agus cho siúráití is
tá mé a’ caint leat," adeir sé, "sílim gur tú
an baitiléaraí a bhí i nÉirinn aicí."
"Muise meas tú a’ bhfáighe mé amharc mo
shúl go brách aríst urraí?"
"Well bhfághir," adeir sé. "Beidh battle am-
áireach anois fúithí, " adeir sé, "agus beidh an domh-
an mór thart," adeir sé, " agus iad a’ troid fúithi."
"All right," arsa Morgan
"Agus tá fathach ’n-a shuidhiú," adeir sé, "sa
yard, san áit a mbéidh an battle, agus tá
craipí buí," adeir sé, "i nglúiní a bhríste, agus dhá
n-eiríoch leat," adeir sé, "creepáil isteach, agus
a bheith a’ plé leis na craipí" adeir sé, "atá
i nglúiní a bhríste," adeir sé, b’fhéidir go dtóic-
eat sé suas thú agus go dtiúrat sé leis thú."
Bu mhath a’ mhaise sin do Mhorgan - ní
i bhfad a bhí sé a goil ánn, agus nuair a thois-
igh an battle ar maidin dar fia thug Mor-
gan rush soir agus rush anoir le na claidhmhe
soluis: níor fhág sé cloigeann ar dhuine ucú.
Agus by gob fua sé anúnn ag fathach na h-
aon-tsúil a bhí ’n-a shuí ar a chathaoir, agus
thoisigh sé a’ plé le na craipí buí a bhí i
nglúiní a bhríste. Rug sé air is thóig sé suas
é. Thug sé isteach ag cailleach a bhí aige é.
"Óra," adeir sé, "tá an t-ádh go brách orm,"
adeir sé, "ó casú liom a’ sumach seo, " adeir se,
"agus anois," adeir sé, "tóir (tabhair) togha aire dhó!"
Thug sé isteach é, agus dar fia chuir sé a chollú
leis héin agus leis a’ gcailleach san oíche é, agus
bhuaileach Morgan uileann n ar a’ gcailligh, is
bhuaileat sé uileann ar a’ bhfathach.
"Óra," adeireach a’ fathach, "nach é atá crus!"
"Tóir an-aire dhó," adeir sé, "- tá an t-ádh orm
ó hainic (chonnaic) mé é."
Bu mhath a’ mhaise sin do Mhorgan. Ar
maidin nuair a ghabh an fathach amach aríst
agus battle mór le bheith faoin Lacha Dhearg
aríst - dar fia nuair a thoisigh an battle
gho Morgan go léim thar a’ ngeata le n’
each caol donn agus a chlaidhmhe solais, thug sé
ruise soir agus ruis' anoir. Diabhal duine
aríú ucú nár mhara sé.
Agus anois bhí ceann do na mrá
coimhdeacht ar a’ bhfuinneóig a’ féachaint ar
Mhorgan a goil go léim thar a’ ngeata.
"Dar m’fhocal agus mo lâmh dhuit," adeir
sí leis a’ lacha dhearg, iníon rí na Gréig-
é, "- dar m’fhocal agus mo lâmh dhuit," adeir
sí, "cho fado le mo mheabhair," ar sise
" 'sé an baitiléaraí a bhí i nÉirinn ugut a
gho go léim thar a’ ngeata anois."
[Ní chreidfeadh an Lacha Dhearg í, agus dúirt sí
leis an mbean coimhdeacht gan a bheith a’ caint
ar Mhorgan] - "bíoch fhios agat," ar sise, "go
ru mise sách dona faoi sin agus gan a dhoil dá
mheabhrú aríst dom."
All right, lárnamháireach, an tríú lá,
Bhí battle a’ domhan mór le bheith fúithí
aríst. Fua Morgan amach go beó, agus thug
sé ruise soir agus ruis' anoir agus deabhal cloig-
eann a d’fhága sé ar [aon nduine ucú].
Bu math a’ mhaise sin don Lacha Dhearg -
d’fhair sí é agus sgiob sí an bhútais do agus é
a ghoil thar a’ ngeata. Agus bhí siad marú ar
fad ag Mogan, agus ní ru sí le aon fhear sa
domhan mór a phósú ach an fear a fiteálfach
a’ bhútais é. By gob d’fhága sí leath a’ domhain
’n-a bpinsinéaraí - bhí siad a’ baint na n-ord-
ógaí agus a’ baint na méarachaí dhuíofa héin
'féachaint a’ fiteálfach a’ bhútais iad.
"Well anois," adeir a’ fathach, adeir sé, "níl aon
nduine eilí sa domhan mór fheicim-se ann," adeir
sé, "ach putach a fuair mise amuich sa yard
lá - thóig mé suas é."
"Tóir inseo é," adeir sí.
Thug.
Cho luath i nÉirinn is thug d’eirigh an bhútais
go léim as a h-ucht is chua sí ar chois Mhorgan.
"Seo é an fear a phósfas mise, " adeir sí.
Well pósú í héin agus Morgan le chéilí. Agus
má pósú héin, dar fia lárnamháireach fua
Morgan amach a’ foulaéracht agus fear eile i n-
éineacht leis. Agus nuair a tháinic sé abhailí
trathnóna diabhal amharc a bhí le fáil ar a
Lacha Dhearg aige.
"Well, tá mé cho dona anois," adeir Morgan.
"agus bhí mé aríú."
D’imi leis, agus bhí sé ag imeacht agus a’ síor-
imeacht aríú gur bhain an oíche an lá dhe, agus
cé dtárlot sé isteach ach ag sean-cheártaí.
Agus is gearr a bhí sé ánn nuair a thoisigh
ratláil slabhraí agus chuile shórt
"Well, sábháil Dé orainn." adeir Morgan,
"Céard tá inseo?"
"Tá mise," adeir sé, "atá ceangailtí cruaidh
docht inseo," adeir sé, "ó ghabh an Hangman O’
Charity as a’ domhan thoir thart inseo aréir, agus
a’ Lacha Dhearg, iníon rí na Gréige, i ngrim
asgail aige."
"Muire diabhal ar féidir sin!" arsa Mor-
gan "bhfuil rud a’ bith a’ sgaoilfeach thú?" adeir
Morgan.
"Níl rud a’ bith sa domhan le mé sgaoile,"
adeir sé, "go bhfáinn píosa ó fathach na h-aon-tsúil,
agus deoch as a chorn."
"Ní i bhfad a bheidh tú ann mar sin," arsa
Morgan
Thug sé sin dó.
"Well, sé h-ainm atá orm-sa anois," adeir sé, "agus
b’fhéidir go dteastóch mo chúna fós uait, Mada
Uisge na Díle"
"Math go leór, arsa Morgan
D’imi leis, agus bhí sé ag imeacht lárnamháireach gur
bhain an oíche an lá dhe, agus tharrain sé is-
teach ag sean-áithe mhór eile.
Well nuair a thainic sé isteach sa sean-áithe
is gearr goirid a bhí sé innsin nuair a chuala
sé an rathiúil ag slabhaí aríst.
"Well, sábháil Dé orainn!" adeir Morgan. "Is
díreach glan gur le m’aghaidh a bhí sé. Céard a dhian-
fas mé chor a’ bith? Cé tá inseo anocht?" adeir sé.
"Tá mise, " adeir sé, "ceangailtí crua docht inseo," adeir sé
"Céard a cheangail ann thú?" adeir Morgan.
"Cheangail a’ Hangman a' Charity as a’ domhan
thoir," adeir sé, "chua thart innseo aréir agus a’ lacha dhearg,
iníon Rí na Gréige aige."
"Well, bhfuil rud a’ bith a sgaoilfeach thú?" adeir
Morgan.
"Well tá," adeir sé, " - níl rud a’ bith sa domhan
le mé sgaoile," adeir é, mur bhfáinn píosa do cháca
fathach na h-aon-tsúil agus deoch as a chorn."
"Well diabhal i bhfad go sgaoile mise thú," adeir
Morgan
Sgaoil sé amach é.
"Well anois, sé h-ainm atá orm-sa," adeir sé,
"agus b’fhéidir go dteastóch mo chúna fós uait - sé
h-ainm atá orm," adeir sé, " Seabhac na Fallainne
Fliche."
"All right," arsa Morgan. "Ach meas tú a’
bhfaighe mise aon amharc go brách aríst urthe?"
"Well b’fhéidir go bhfaightheá," adeir sé.
D’imi leis a’ tríú lá agus má d’imi héin chaith sé
an lá ag imeacht agus a’ síor-imeacht gur bhain an oíche
an lá dhe, agus sén áit ar thárla sé isteach arís i
sean-teach beag a casa(dh) leis a chuirfeat sé an
oíche thairis ann. Má bhí héin is gearr a bhí sé is-
tigh ann nuair a thoisigh an ratláil.
"Well sábháil Dé orainn!" adeir Morgan "Is díreach
glan gur le m'aghaidh díreach a bhí sé. Cé tá in-
seo anocht!"
"Ara, tá mise," adeir sé, "atá ceangailtí crua
docht inseo, " adeir sé, "ó chua an Lacha Dhearg thart in-
seo aréir - an Hangman a’ Charity thart inseo
aréir," ar seisean, "agus an Lacha Dhearg, iníon Rí na
Gréige, aige."
"Well, bhfuil rud a’ bith sgaoilfeach thú?" adeir Morgan.
"Tá," adeir sé, "- píosa dho cháca fathach na n-aon
tsúil agus deoch as a chorn."
"Well ní i bhfad a bheidh tú ann," arsa Morgan.
"ach sílim," adeir Morgan, ["nach bhféadfad a dhoil ag an
áit sin."]
"Ní h-eadh," adeir sé, "tá tú i n-ann a dhoil
ánn," adeir sé, "le leath-lá."
"All right," arsa Morgan.
"Well anois," adeir sé, "sé h-ainm atá orm-sa
"Cú Garbh na Gearbhuíoltaí, agus b’fhéidir go dteastóch mo
chúna fós uait."
Bu mhath a’ maise sin do Mhorgan. Bhí sé ag im-
eacht agus a’ síor-imeacht aríú leis nó go dtáinic sé cho
fada leis an áit a ru an Hangman a' Charity
seo, agus má thainic héin níor tháinic sé i ngan-fhios
ánn. hainic (chonnaic) a’ Lacha Dhearg a’ teacht é dhon
fhuinneóg, agus níor lig sí i n-aice [an tighe] chor
crann nuair a thainic sé abhailí san oíche bhí sé
cho ghléastaí sin.
"Ara, céard a rinne tú?" adeir sé
"Well, dhiún ar fiú b'reán é," adeir sí, "go dtí
amáireach - dhiún ar fiú b’reán go dtí amáireach
é! Dhiún lá eireó mé, " adeir sí, "nach gcuirfe mé
renewal i n-áit a bhfuil t’anam."
"Well, diabhal a rabh fhios ugum aríú," adeir sé, "go
ru aon mheas agud orm go dtí inniú, ach sílim
anois," adeir sé, "go bhfuil meas agud orm. Ní shin é
an áit a bhfuil m’anam chor a’ bith," ar seisean.
"a’ bhfaca tú an caiseal beag atá sa ngeata a
goil amach ón hálldúr?"
"hainiceas," adeir sí. "Agus tuige ar chuir tú mise
sa trioblóid," adeir sí, "ar chuir tú ánn mé" adeir sí,
"mur b’ánn atá d’anam - én?"
"Well, shíl mé, " adeir sé, "nach ru aon mheas agud
orm mar tá, a’ bhfeiceann tú an caiseal beag
atá insin amuich," adeir sé, "ag a’ ngeata ag a’ háll-
dúr?"
"Feicim," adeir sí. "Ach cé chaoi racha mé dho do chreis-
dint?" adeir sí.
"Wel creid mé," adeir sé.
Thug sé aicí amach anois tua beag ón leabaí
"bhfeiceann tú an tuaí sin?" adeir sé. "Well ní
féidir mise a mharú go brách, " adeir sé, "go mbuail-
tear buille gon tuaí sin ar a’ gcarraig. Pléasg-
fa sí ó chéile," adeir sé. "Well t'réis í pléasgú
ó chéilí," adeir sé, "níl aon bhaol an uair sin mé
mharú. Tá uasgán caorach," adeir sé, "istigh inntí
agus nuair a ghohas sé aistí amach", adeir sé, "ní
fhéidir mé mharú an uair sin," adeir sé. "Nuair
a ghofas (ghabhthas) ar an uasgán, "adeir sé, "pléasc-
aidh sé ó chéilí," adeir sé, "agus ní fhéidir mé mharú
an uair sin," adeir sé. "Nuair a phléascas a’ t-
uasgan ó chéile," adeir sé, "tá lacha istigh ánn," adeir
sé. "Agus dhiún ar féidir mé mharú an uair
sin" adeir sé, "anois tá ubh (ú) i dtóin na lacha
sin," adeir sé, "agus ní féidir mé mharú go brách," adeir
sé, "go mbuailtear an ubh sin," adeir sé, "ar a’
mball dóráin," adeir sé, "atá ar mo chliabhach."
Bu mhath a’ mhaise sin don Lacha Dhearg. Ar
maidin nuair a gho sé amach a’ shootáil, chua
sí agus thug sí leithe Morgan bocht ó na créatannaí
agus ó na bosgaí, agus thug sí a shá le n-ithe agus le n-ól
dó.
"Well bhí tú 'do ghaisgíoch mhath gan dabht," adeir sí
"ach b’fhearr a’ gaisgíoch mise ná thú," adeir sí.
"Tóir leat a’ tuaí sin anois," adeir sí, "agus buail
buille ar a’ gcarraig," adeir sí.
Bhuail. Má bhuail héin phléasg a’ charraig ó
chéile. Seo amach as a’ t-uasgán caorach.
"Ara. Bloody nonnce!" arsa Mosfan, "cá’l
tú anois, a Chú Garbh na Gearbhíoltaí?"
"M'anam go bhfuil mé inseo ag do thóin!" adeir
a’ cú.
Off she goes - Cú Garbh na Gearbuíoltaí - in-a
dhia, agus nuair a bhí a goil ar an uasgán phléasg sé
ó chéile. Agus céard a ghohach as amach ach lacha.
"Ara muise cá’il tú anois, a Sheabhac na Fall-
ainne Fliche?" arsa Morgan.
"M'anam go bhfuil mé inseo ag do thóin,"
arsa 'n Seabhach.
Bhí sí a’ dianú ar a’ bhfaraige anois, agus í
as cionn na faraige díreach, agus phléasg sí ó chéile,
agus anuas leis an ubh.
"Ara cá’l tú anois, a Mhada Uisge na Díle?"
arsa Morgan.
"M’anam go bhfuil mé inseo ag do thóin,"
arsa Mada Uisge na Díle.
Amach le Mada Uisge na Díle agus thug sé
an ubh. Thug Morgan an ubh leis théis chuile
shórt gábhú. Agus níl aon nóiméd ó buailiú
a’ charraig nach ru an Hangman a' Charity
a’ lagachan. Agus nuair a bhí Morgan a’
teacht ar ais bhí sé a’ teacht agus [a' cúbhar]
amach as a bhéal.
"Ara, 'Mhorgan," adeir sí, "mur n-eirí leat
aim a dhiana ar a’ mball dóráin atá ar a
chliabhrach," adeir sí, "tá muid donáiltí!"
"A, ná bíoch faitíos ort!" adeir Morgan.
[Chaith sé an ubh leis agus bhuail sé ar a’ mball
dóráin é agus mharaigh sé é.
Caitheadar bliain a’ tarraint óir abhailí as
teach a’ Hangman go h-Éirinn.]