An Bhean Ghlas
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0274
- Dáta
- 6 Samhain 1936
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0313: The Girl as Helper
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Míobhaigh, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Liam Mac Meanman
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cuilinn
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0274, Leathanach 0032
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISé thean Ghlas uagic sé
Bhí fear uasal 'na chómhnuí thoir ag bun teach
We chroinnsias uair amháin 'sa t-sean-am agus bhí tú mhac aige
séa Bhí a gcuid talamh ag gul comhgarach do'n fháirrge agus
sch fuaidh sí mac is sine síos lá amhain le currach a
sé dheánú ach nuair a fuaidh sé síos maidin lá arna bhárach
go bhí'n méid a bhí deánta aige millte arais. Dúirt a' darna nach
h ars go rachad seisean síos agus go ndéanfad sé í agus a méid a a
dtí rinn sé'n lá sin ar maidin lá arna bhárach bhí sé go
h-uile millte. Adeir a treas mac go rachad seisean
síos agus go ndeánfad sé í. Sé'n cheud rud a uinn sé
thóg sé teach beag do fhéin agus bhí paca cártaí leis a
phoca agus fuaidh sé imirt an oiche sin go maidin.
"Ach deón i bhfad go bhfaca sé a' teacht isteach chuig
bád caol dubh agus bean agus culaith ghlas uirthi 'na shuidhe
sa deireadh. Thainic sí isteach go dtigidh'n tráigh agus isteach
an toighe chuige. D'fhiaffruigh se duithi an
arsan.
imreochad sí chuche cártaí Duirt go ndéanfas
Ní rabh gealltaí ar bith acu ar an cheud cupla
cluiche ach chuir siad geall sa deireadh cé bith an
t-é a bhuinfeadh'n cluiche go gcaithfead sé í fhághail
amach bliain agus lá 'na dhéidh sin. Bhuin an bhean ghlar
an chuche agus dúirt sí leis an ghasur go mbuinfidhe"
an cionn dó-san mur mbéad sé ábalta i fhághailt
ar an am sin. D'imthigh'n bhean agus fuaidh an gasur na
se
bhaile. Nuair a bhí sé tarraingt ar an am d'iarr sé
ar a mháthair lón beag a dheánú dó agus shiubhal sé
leis go rabh sé tarraint ar an oiche. Chonnaic sé
- dtigidh
solus i ndeas dó agus i bhfad uadh agus fuaidh sé go
teach. Feach cionntuighe abhí ann le cleiteacha a
abh bárr chleite amach agus bun chleite isteach. Fuaidh sé
isteach agus d'fhiaffruigh sé d'fhear a' toighe an dtiocfada a
agus ag leis lóisdín a fhághail Dúirt a' fear nach dtiocfadh
gcí ach 'sa deireadh thug sé lóisdín dó.
mul Ar maidin d'eirigh an fear an toighe agus d'eirigh'n
bhí buachaill fosta. Shéid sé fideóg bheag agus cha rabh'n éan
thr ar a' t-saol nach chruinnigh ann ach an bhean
iad ghlas. D'iarr fear a' toighe air imtheacht a leihéid
fhair seo áit agus go rabh teach a dhearthar annsin
chí. Shiubhal sé leis go dtigidh'n oiche.
We
sin
Bhí'n trathnóna ann agus é ag eirigh docha bhainn
dia se fhad le teach; teach do'n chineál chéana a bhí ann. Bhí cionn
at cleiteacha air agus cleite amháin ag coinneailt a' tuighe agus 'na
W súgáin
sean. Ar maidin lá arna bhárach, d'eirigh fear a' toighe agus a
sé i buachaill. Shéid a' fear a' toighe an fhideóg agus cha rabh'n
sé éan ar a' t-saol nachar chruinnigh ach an bhean ghla
as. D'iarr sé air siubhal leis agus mur bhfuighead sé í gan
h ar amharc thart níos mó le lá bán nó oiche. Nuair a bhí'n
dtí trathnóna ann, chonnaic sé solus i bhfad uadh agus í ndeas
dó. Fuaidh sé go dí'n teach agus d'iarr sé lóisdín.
cha rabh'n fear a gul a thóirt lóisdín do ach
dúirt sé do rabh sé ag a dhearthair an oiche.
roimhe chéile. Bhí luthgháir mhór roimhe annsin
ar maidin, d'eirigh'n fear a' toighe agus thug sé -
d'innis sé'n scéal dó go h-uile. D'eirigh fear a
toighe agus thug sé sluasaid bheag dó agus madadh agus cé
bith cé'n áit a sheasochadh an madadh é tochaill
annsin. Shiubhal siad leófa agus thainic siad fhad le
pile mór gainnimh. Sheasuigh'n madadh agus phill sé ar
a' bhaile. Thoisigh'n fear a' tochaillt leis a' t-sluasaig
cha rabh i bhfad go dtainic se ar a' bhealach mhór
s deise a chonnaic se aríamh. Shiubhal sé leis agus
chonnaic sé'n bhean Ghlas 'na sheasamh ag taobh
fuinneóige agus chuir sí fáilte mhór roimhe. D'iarr sí
air-san a theacht isteach agus a gul i bhfolacht i
gcúl a' dorais nó go rabh'n fathach istuigh agus da
bhfeicfead sé é go muirfead sé é.
Thainic a' fathach isteach trathnóna agus dúirt sé go
moithighim boladh Eireannach bréugach.
a sin fear a rinn mise fastodh fa choinne mo chuid
bre nó bhí sé o- throm agam fhéin
"Well" adeir a' fathach.
D'eirigh sé ar maidin agus d'iarr sé air a gul amach ag
glanú an bhoithigh sin amuigh nar glanadh le seacht
mblíana. Fuaidh sé 'mach agus thug sé'n sluasaid do agus nuair
a chaithfead seisean preab amach, thiocfadh beirt isteach
"Ag am dinneara fuaidh'n bhean ghlas amach agus
d'fhiaffruigh sí do an sin a rabh deánta aige. Dúirt
seisean gurbh eadh nó nuair a chaithfead seisean preal
amach go dtiocfadh dhá oiread isteach agus cha rabh sé ag e
gul ag na dhinnear nó bhí fhios aige go rabh'n cionn le
theacht do trathnóna. Tharraing a bhean ghlas amach
sluasaid bheag as faoi a h-aprún agus fhad a bhí an
buachaill ag ithe a dhinneán bhí'n boitheach glanta aici
Bhí sé a' spaisteoireacht thart go dtainic an tiathnóna
D'fhiaffruigh'n fathach dó an rabh an boitheach glanta
aige agus dúirt sé go rabh
"Well" ar seisean "Thig leat a gul i luighe anois agus taisteannocha mé
ruid eighinteacht eile duit ar maidin"
Thug sé amach un coillidh mhóir ar maidin é agus dúint se
"Sin a choilladh anois na bhuineadh'n chrann ann"
le seacht mblíana agus caithfe tú é bheith uilig gearrtha
agat roimhe'n trathnóna nó buinfe mise an cionn duit
Fuaidh sé amach le tuagh agus nuair a thainic an tiathnóna
- nuair a thainic am dinneara, cha rabh buinte
aige ach dhá chrann ar thús a' choillidh. Fuaidh'n
Bhean Ghlas amach lena dinneárr agus d'fhiaffruigh sí do
an sin a rabh deánta aige. Dúirt seisean gurbh eadh
D'iarr sí air a dinnear a ithe. Dúirt sé nach
n-ithfeadh nó go rabh'n cionn le theacht do trathnón
Tharraing a' bhean ghlas amach tuagh bheag briste
fearnach amach as faoi na h-apún agus thoisigh sí
buille thall 's buille i bhfus gur leag sí'n choillidh uilin
fhad 's bhí seisean ag ithe a dhinnear
an
Bhí sé spaisteoireacht thart annsin go dtainic a fathach
D'fhiaffruigh sé do ar ghearr sé'n choillidh. Dúirt
seisean gur gheárr
Well is tú'n fear is fheárr a chonnaic me ariamh
aithfe tú a theacht isteach chugam" adeir sí agus ar maidin
i mbárach toiseacht agus tuighe a chur ar a scíobóil sin
amuigh nach deachaidh'n tuighe air le seacht mbliana
do chleiteacha cleite amháin as achan éan agus gan dhá
chleite ar bith a bheith as éan a' bith
Nuair a thainic am dinneara, cha rabh marbh ag
dh bhuachaill ach a bronn-dhearrg agus a dreolása.
Thainic a' bhean ghlas amach lena dinnear
D'fhiaffruigh sí do goidé bhí sé a' deánú. Dúirt sé go
rabh sé ag gul a chur tuighe ar scibóil le cleiteacha
an deir - éanacha an deir agus nach rabh aige ach
beirt. Shéid sí fideóg bheag agus cha rabh'n ean ar a' t-saol
nachar chruinnigh agus bhí tuighe acu ar a sciobóil
sul a dtainic a fathach trathnóna
"Is tú 'n fear is fheárr ar a' t-saol" ar seisean "agus caithfe tú a
theacht isteach anois go bhfuigh tú do dhinneárr
'fhiaffruigh se dó'n bhean ghlas cad chuige a rabh'n
bhratóg sin amuigh cróchta ar a' charraic sin thall.
Dúirt a' bhean gur shíl sí gur sin an áit a rabh
a chróidhe.
"Chan é" ar seisean "Ach ins a' chrann sin thall"
agus cha rabh'n fathach le marbhú ariamh go muirfidhe a
chroidhe i cheud uair. Nuair a fuair siad a' fathach ar
shiubhal ar maidin, ghearr siad a' crann agus istuigh ins a'
chrann bhí lach agus istuigh sa lach bhí uibh agus istuigh ins
ann uibh bhí cruidhe an fhathach. Thug a bhean ghlas
leis ann uibh agus cearc bheag agus coilleach agus trí chrapán
cruitheachta agus bhóg siad leófa. Nuair a thainic a'
fathach agus an mhuinntir eile ar shiubhal, bhí se ar mire
Thug a' bhean ghlas léihi an bád beag agus nuair a bhí siad
giota maith amach 'na fáirrge, d'iarr sí ar a'
bhuachaill amharc thart go bhfeicfead sé goidé
bhí teacht ina dhéidh. Bhí crapán mór ceó a' teacht
amall na dhéidh sin, d'iarr sí ar a' bhuachaill
amharc thart arais agus bhí crapán mór teinidh a' teacht
D'iarr sí air ann uibh a chathú ar an chrapán
isteach faoin chrapán agus go dtiocfad sé ar a' fathach
faoin lamh dheas. Rinn sé sin agus thuit a' fathach
marbh ins an fháirrge. Bhog siad leófa go dtainic siad
isteach an tráigh an áit a rabh'n buachaill a deánú'n
churrach agus d'iarr sí air gan duine a' bith a phogú
ar eagla go ndéanfad se dearmud duithi-se.
"Bhí siad istuigh 'sa teach agus oiche amháin bhí cú aige.
"Léim a chú in airde agus phóg sé'n buachaill agus rinn sé
dearmud do'n bhean ghlas 'na dhéidh sin. oiche
amhain nuair a bhí - iamallt 'na dhéidh sin; bhí
bainfheis le bheith ag an teach agus bhí deirbhshiur a' bhean
thíos fa choinne uisce Chonnaic sí'n scaile istuigh sa
tobar agus shíl sé gur a scaille fhéin a bhí ann;haith sí
fad uaithe na stópaí agus thainic sí isteach un toighe
Thainic a darna bean amach agus chonnaic sí'n scáile
seisean
- ar sise
" adeir sé
agus
deiste glich.
"Ó an lá a bhí tú amuigh a buint 'sa choillidh agus nach
dtiocfadh leat na crainn a bhuint b'eigean damhsa
gul amach agus iad a bhuint duit"
chaith cailleach na gcearc an tríomhadh crapán
chuig an chearc agus deir a coileach - d'fhiaffruigh'n
chearc do'n choilleach cad chuige a dearr sé sin
"Ó an lá a bhí tú muigh ag cur tuighe ar a
scíobóil agus nach dtiocfadh leat na cleiteacha a
fhághail b'eisean duit mo chuidiú-sa a fhághail
Suaoitigh'n buachaill ar an bhomaite ar an bhean
ghlas agus d'iarr sí air theacht isteach agus bhí fáilte mhór
nófa. Pósadh'n bhean ghlas agus a' buachaill ar a chéile agus
choinnigh siad a' cailín a bhí seisean le pósú air mar
chailín seirbhise aige go dtainic oiche amháin
scarthach agus gur seideadh ar shiubhal an buachaill
a' bhean ghlas agus a' cailín amach ins a' bhád chaol
fhada agus a mhoithigheas an iomradh orthu ariamh
a shoin.
Cha rabh me ariamh - iadsan a'n bothan agus mise'n
clochán báitheadh iadsan agus thainic mise