An Madra Bán ón Sliabh
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0151
- Dáta
- 4 Nollaig 1935
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
- AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
- AT0425: The Search for the Lost Husband
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge
- Bailitheoir
- Nioclás Breathnach
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0151, Leathanach 163
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
ISAn Madra Bán Ón Sliabh
Bhí rí ann fudó agus bhí trúir iniónacha aige
ach ner a tháiníodar in aois a bpósta
ní raibh sásav orra pósa’ dhon athair
ná dhon máthair. Dúruíodar go dtabharh-
aidís fhéineach fear dóiv héineach. Chuadar
amach a’ mhaidean so agus chuadar ar a’
nglúine agus dh’iarr ceann acu fear ba
bhreáha ná an ghrian do theacht chúihe
idir sin is an oíche. Chuaidh an tara
deiriféar ar a glúine agus dh’iarr sí
fear ba bhreáha ná an ghealach do theacht
chúihe héin idir sin is an oíche. Chuaidh
an iníon a b’óige ar a glúine agus dh’iarr
sí an madra bán ón sliav a theacht
chúihe héineach mar fear i gcóir na hoíche.
A' teacht a’ trathnóna bhí an ghrian a'
dul síos, tháinig a’ fear ba bhreáha na
an ghrian isteach go dtí cúirt a’ rí
agus ní raibh sé i bhfad gur tháinig an
fear ba bhreáha ná an ghealach as a
dhiaig agus ’sé an tríogú duine a tháinig
ach a’ madra bán ón sliav agus é chrotha
eirbaill. Dúruíodar len a n-athair agus len a
mathair go
b’iad san na fearaiv a dheineadar guíochant
dóiv ar maidin chun teacht agus bhíodar
ana-shásta ar fad leis na' dá fear
breáha ach bhí drohásav orha ner a
chonnacuíodar an madra bán 'gen iníon
óg mar fear. Do dhuiv is do theann
orra annsan connust a bheadh an madra
ins an oíche agus dh’fhanuíodar suas an oíche
seo an t-athair is a máthair go bhfeicéoidís
'na gcolla iad agus dh’anadar a’ faire go
rabhadar ’na gcolla na mná uaisle gus
na fearraiv uaisle. D’imíodar thimpall dtís
na seamracha agus bhí an fear ba bhreáha
ná an ghrian bhí sé ’na cholla agus ba é
an fear ba ghránna a dh’fheach aoinne
riamh air agus bhí a claidheamh leagha idir é
héin ’sa bhean sa leaba aige. Chuadar
dtí an tara seamra agus dtí an áit a raibh an fear
ba bhreáha ná an ghealach na cholla agus
ba é an fear ba ghráinne ná san
ba ea’ é sin agus bhí claidheamh leagha
idir héineach agus a bhean sa leaba.
Chuadar dtín seamra eile go dtí an ait i
raibh an madra bán in a cholla agus
ba é an fear ba bhreáha ar las gaoth
ná grian air ’na colla é héin is an bhean
uasal so agus dh’anadar mar sin i bhfochair
a chéile ar feag roinnt laetheannta agus go ndúrt
a’ madra bán leis a’ mbean uasal a’
lá so. "Be’ mise ag imeacht uait ar
maidin amáireach" arsaig a' madra bán
"bhoil pé áit a ragha tusa" arsan bhean
óg so "leanha mise tu" "Ó ná lean
má leanann tú mise is cuimhin
leat" arsaig a madra bán. "Bhoil
leanha mé tú pé áit den Domhan a
ragha tú" arsí sin. Ar maidin dar ná
mhaireach dh’imig a’ madra bán chun siúil
agus lean sí é agus níor 'an sé léi i rith
a' lae go raibh a’ ghrian a’ dul síos
i mbráchnóna shin é an uair a dh’an sé
leis a’ mbean uasal agus labhair sé. "Teighre
isteach go dtí an tig sin" arsa sé sin
"agus iarr lóistin na hoiche ann" arsaig a’
madra léi, "Be’ mise annso maidin
amáireach rút arís." "Pé rud" arsé sin a dh’iarhuig
a’ bhean dhíot cáil tu a’ dul ná ghnú ná nis
di é an bhean athá a tig sin." "Ní
neúsa mé" arsaig a’ gearrchaile. Chua’ sé
isteach ann agus dh’iarr sí lóistín na hoíche
ann
agus fuair sí an lóistín agus fuair sí suipéar
breá agus leaba bhreá agus briscast ba bhreáha
ná san. Ner a bhí a’ briscast caithte 'ci
dh’iarrhuig bean-a-tí’ dhi "Cáil tú a'
dul a bhean uasal?" arsí sin "nó cáil
do ghnó id thabhairt?" arsí sin léithe. "Ó ní
neúshad-sa dh’aoinne cáil mo ghnó im thabhairt"
arsí sin. "Bhoil mhaise caihe tú é nisint
dú-sa" arsaig a’ bhean so. "Mar thá tú
thréis oíche mhaith a dh’fháilt uamsa anois
arsí tá tú tréis leaba gus suipéar
gus briscast a dh’fháilt cú maith agus a
gheófa in aon áit don domhan ar sí
sin. "Tá sé beag go leor a nisint dom
cáil do ghnó id thabhairt." "Ní neúsha mé
arsaig a’ gearachaile óg so. "Chuirhe mise
iacha ort" arsí sin "é sin a nisint go
mear" Scaoil sí aníos ollaphiast mhór fiain
as a’ seomra agus chrom sé a straca agus
ag ithe an ghearachaile gus sciob sé anuas
an méid fuil agus feóil a bhí anáirde
ar a chnána ar an úrlár agus thóg sí an
beithioch fiain uaithe annsan agus chuir sí
siar thar nais sa seamra é agus dh’ime sí
agus fuair sí buidéal d’uisce na slán
agus chuimil sí dhon ngearachaile é agus tháinig
fuil agus feóil ar a chnána mar a bhí
riamh agus dúrt sí léihe. "Is tú an
gearachalle is feárr rún a theanguig
liom-sa ariamh" arsí sin. Thug sí
éadach cláir di annsan. "Ní bheig aon
ocras ortsa leis a t-eadach so" arsí sin
"agus leat amach." Dh’imig a’ gearachaile amach
agus bhí an madra bán amu a’ crocha
eirbaill ruímpe agus dh’ime sé chun bóthair
a' tara lá go raibh an oíche a' tuitim
arís agus dh’an sé léithe. Theanguig tig
eile orha. "Teighir isteach annsan," arsa sé
"agus iarr lóistin na hoíche" arsé "ann" arsé
sin agus pé rud a bhainhig duit ná
nis cáil do ghnú a' tabhairt" arsí sin
arsaig a’ madra. Chua’ sí isteach sa tig
seo agus dh’iarr sí lóistín na hoíche
ann agus fuair agus fuair sí suipéar breá agus
leaba breá’ agus briscast ba bhreáha
ná san agus ner a bhí a’ bhriscast caithte
'ci dh’iarrhuig dean-a-tí’ dhi "cail
tusa a’ dul a bhean-uasal" arsí sin
"Ó ní neúshainn d’aoinne cail mo ghnó
im thabhairt" arsí sin. "Bhoil caihe tú é
nisint dú-sa arsí sin
"mar athá tú tar éis oíche mhaith a dh’fháilt
uaimse anois" arsí sin "Suipéar agus leaba agus
briscast" arsí sin "chú maith agus a dh’ith tú
riamh agus thá sé beag go leor a nisint
dom cáil do ghnó id thabhairt." "Ní
neúsha mé mo ghnó dh’aoinne" arsaig a’
gearachaile. Scaoil sí aníos beithíoch mór
fiain arís madra mór fiain agus chrom
sé a’ straca an ghearachaile agus strac sé
anuas a méid fuil agus feóil a bhí anáirde
ar an urlár di ar a chnána agus ner a
bhí sé sin déanta agen madra bheir sí ar a' madra. Chuir
sí thar nais sa seamra e. Dh’ime sí
agus fuair sí buidéal d’uisce na slán agus
chuimil sí don ngearachaile é dho ghach
an chámh a bhí 'na corp é agus tháinig
fuil agus feóil erhi chú maith agus do bhí
sí riamh agus dúrt sí "Is tú an
gearachaile is feárr rún" arsa sí "a
theangaig liomsa ariamh" arsí sin "seo dhuit
arsí sin "síosúr beag déanha sí maith
fós duit" arsí sin. Thug sí an síosúr
di agus bhuail a’ gearachaile amach agus bhí
an madra bán amu’ a’ crocha eirbaile
ruímpe. Dh’ime sé chun bóthair a'
tríogú lá agus dh’an sé léithe imbráchnúna
"Sidé an áit i bhfuil mise
arsé sin insa chúirt seo thíos a bhí síos in gleann. Thá mise
annso fé dhraoicht age seanachailleach arsaig a’ madra arsé sin agus
"bím mar seo im mhadra gach aon lá
aici agus bím im fhear 'ci gach aon oíche"
arsaig a’ madra bán "téighir isteach
annso" arsa sé "dtí tig a bhí ar thaov
a’ bhóthair ann agus meanty maker ba ea’ í
agus bé go bhfághfá obair uaithe" arsé leis
a’ ngearachaile agus bíonn an iníon athá 'gen
seanachailleach a’ teacht aníos annso ag ithe
gus a’ fáilt rudaí lé n-ithe uaithe arsaig a’ madra
léihe agus níl eadach nó ao’ rud uirri gen
máthair" arsaig a' madra "agus leasathair don
ngearachaile is ea’ mise" arsaig a’ madra
"agus á bhfaghfá muinntearras a dhéana léihe..."
Chuaid a’ bhean uasal isteach dtí
tig a’ mheantymaker agus dh’iarha sí dhi
a mbeadh plintíseach uaithe agus dúrt sí
sin go mbead á mbeadh sí ábalta
ar obair a dhéana’ di. Chua’ sí ag obair
agus ní raibh aon seó in ao’ chor acht an
obair a gheóch sí a dhéana’ mar a
bhlúire éadaig a gheárhach sí leis a
siosúr so
cula lásaí óir ar iníon a’ teanachailleach
annsan. Tháinig cion a croí nóimint
na huaire ’ge iníon a' seanachailleach ar
a’ meanty maker óg so agus rioch sí síos
dtín a máthair agus ar éigint a dh’aithin
a máthair in ao’ chor í agus dh’iarhuig a’
máthair di cé chuir a’ gruaig a’
fás ar a ceann agus dúrt sí a leithéid
seo gearachaile athá thuas ag fuailt
ins a tig seo thuas agus dhein sí mo
ghruaig a ghearra leis a’ síosúr agus
tháinig a’ ceann gruaige so orm, arsí
sin agus ghearra sí seanaghiobail den
chóta." arsí sin agus tháinig a cula éadaig
sí orm arsí leis a mathair. "An
riochfá suas" arsaig a mathair "agus iarr
tamall den síosúr san erhi
Tháinig iníon a’ teanachailleach thar nais aníos dtín
ngearachaile seo dtí tí’ an mheantmaker agus dúrt
sí leotha "Chuir mo mháthair aníos mé" arsí
sin "á dtabharfá tamall den siosúr san di
"abair léi go dtabharha mé" arsaig a geara-
chaile má leigeann sí a cholla led dhaidí
anocht mé" Tháine sí thar nais anuas dtín
a máthair agus nis sí dhi. Dúrt sí go
dtabharrhach sí duit a’ siosúr
arsí sin má leigfeá a cholla lem dhaidí
anocht í. "Teighre suas thar nais dtín
mbithúnach" arsa sí "agus abair léi go liche mé"
arsaig a’ teanachailleach. Tháinig a gearachaile
aníos thar nais agus dúrt sí leis a ngearachaile
"Liche sí tú a cholla lem dhaidí anocht" arsa
sí sin "más rud é go dtabharha túsa an
siosúr di" "Tabharhe mé síos chúiche an
siosúr imbráchnóna mar sin" arsaig a’
gearachaile. Tháinig a’ gearachaile anuas go dtí
ti'n teanachailleach imbráchnúna agus a’ siosúr na láimh aici
agus thug sí don teanachailleach é agus bhíodar a’
cainnt i rith na h-oíche gur tháine agus sé in am
collata. "Tá sé in am agut" arsaig an tseanachailleach dul a cholla
anois" arsaig sí leis a mbean
uasal so "Raghaidh fear-a-tí a suas a cholla sa
seomra it fhochair a leithéid seo dh’am"
arsa sí sin. Dh’imig a’ gearrchaile suas a’
colla ins a’ seamra agus ní raibh sé i bhfad
gar tháinig a’ fear uasall agus díreach ner
a bhí sé a' dul a cholla
Thug a teanachailleach deoch do agus ner a chua’ sé
isteach sa leaba thuit sé dhona cholla agus dh’an
sé maol marbh as san dtí maidin agus bhí
an gearachaile so a’ cainnt leis agus a'
nisint do gach ao’ rud agus ní raibh aon
fhocal chainnte aige go dtí go chaith a'
gearachaile éirí ar maidin agus dh’eirig a’
gearachaile ar maidin agus tháine sí anuas
thar nais dtí na cuid oibre agus tháinig
iníon a seanachailleach anuas a’ lá 'na dhia'
san agus tháinig am dinnéir. Chuir a’
gearacaile a lámh ’na póca agus thóg sí
aníos a’ t-éadach cláir seo agus leath
sí ar a mbórd é agus ní raibh ao’ bhia’
dhá áilleacht nár tháinig ar a' mbórd
agus dúrt iníon a t-seanacailleach suí’ síos
chun dinnéir. Shuig sí síos chun dinnéir
agus ní raibh ’ios aici leach na rudaí
in ao’ cor a bhí sí a dh’ithe bhí gach
ao’ rud chú breá san agus bhí sí ag ithe
ag ithe go dtí raibh sí lá le bheith
scoilte. 'Er a bhí 'n dinnéar ithte 'ci
rioch sí thar nais anuas dtín a máthair
agus dh’innis sí dhon a mathair "Aighdhe a
máthair" arsí sin "agum-sa bhí an
dinnéar indiu" arsí sin
"Cunnast" arsaig a máthair "An gearachaile athá thuas" arsí
sin. "Leath sí amach éaduch cláir a bhí 'na
poca 'ci agus ní raibh ao’ bhia’ dhá áilleacht
nár tháinig air créin agus gach aon
sórt rud a geófa a dh’ithe is a dh’ól" arsí
sin "agus pé méid daoine a bheadh agen
mbórd ní bhfuighdis aon fogha mhór a
dhéana ar a’ mbórd" arsa iníon a
teanachailleach. "Imig suas agus fiarhuig di"
arsí sin "an dtabharhach sí tamall den
éadach cláir sin dom. Tháinig an iníon
an teanachailleach aníos agus dúrt "chuir mo
mháthair aníos mé féachaint a' dtabharfá
tamall den éadach cláir di’" "abair léi
go dtabharha me" arsaig a’ gearachaile
má ligeann sí a cholla led'
dhaidí anocht mé. Tháine sí anuas dtín
a máthair agus nis sí dhi é "Ese an
bithiúnach nach deas a' rud athá uaithe ar
sí sin "Abair léi go liche me" arsí
sin. Tháine sí aníos agus dúrt sí leihig. "Tá
go maith tabharha mé síos a’ t-éadach
cláir ner a bheidh mé a dul síos anocht"
arsaig a' gearachaile seo. Tháine sí anuas
pér domhan de an oíche sin leis an t-éadach
cláir thug sí dhon teanachailleach é. Nach a’ lá san
bhí gearachaile an tí’ ann agus dh’aire sin an
gearachaile sin a cainnt leis a madra
bán i rith na hoíche agus ní raibh sé a'
tabhairt aon fhreagra’ erhi agus dúrt sí
léithe bhí an bhean uasal éigin ’na colla it ochair
aréir" arsaig a' gearachaile seo
leis a’ madra bán agus níor thug sé
aon fhreagra i rith na hoíche agus bhí sí
an nisint di an leaba’ is a bhí gen a
tig héineach agus gach aon rud agus an tlí
a lean sí tú a leithéid seo tlí agus
a rud a ghaibh sí trid arsí as do dhiaig
as gach ao’ rud arsí sin ga'
strac madraí í agus gach ao’ rud dh’aire mé
arsaig a’ bhean tí agus ní
Dh’aire mé tú a tabhairt aon fhreagra erhe in
ao’ chor arsa sí leis a madra bán
"Á is amhla a fuair tú deoch éigin" arsí
sin "ón teanacailleach." "Is dócha go bea'
fuair mé deoch fín uaithe ner a bhí mé a’ dul
a cholla" arsé sin. Bhoil anocht anois má
thagann a’ gearacaile arsaig a bhean-tí'
leis "geó tú chance éigin a dh’fháilt chun
a’ deoch san a dhorta" arsí sin be' tú
a’ cainnt léi annsan" arsé sin "Déanha
mé" arsaig a’ madra bán. Ach tháinig sí
seo anuas agus fad ná chuadar a cholla dúirt
a’ seanacailleach léithe go raibh sé in am
dul a cholla agus chua’ sí suas in a seamra agus
ní raibh sé i bhfad gur tháinig an fear-a-
tí’ agus thug an seanachailleach annsan thug sí deoch
do ner a bhí sé a' dul a cholla. "Tá sé
rud beag ró-the" arsaig a’ madra bán
leag sé i leataoív é agus dh’imig an seana
chailleach i leataív rud beag annsan agus
ner a bhí sí imite dhoirt sé an
deoch agus thug sé thar nais a’ gloine
dhi agus níor lig sé air annsan ná go raibh
sé ’na cholla sa leaba agus bhí sí a'
féachaint air agus dh’ime sí leithe annsan
mar bhí sí sásta go raibh sé ’na cholla
agus 'er a bhí imithe annsan. Chrom sé a’
cainnt leis a mbean-uasal agus a’ nisint a’
scéal di agus dh’iarrha sé dhi a’ raibh aon
mhuinntearas déanta in ao' chor aici le hiníon
a teanacailleach. "Ó tá" arsí sin "Táimse
ana-mhuinntearha léithe" "Bhoil béidir go
neúshach sí dhuit" arsaig a’ madra bán
cháil anam a teana-chailleach so agus
Thá 'ios agum-sa cail sí acht Níl fhios
agumsa cháil sí" arsaig a mádra bán
agus a bhfághfá é sin a bhaint aistí"
arsaig a’ madra bán. "bé go ndéanhach
sí an teanochailleach a mharú dhuit it
ochair" An lá ’na dhia’ san bhí sí a'
cainnt leis an iníon, iníon a teanachailleach
agus dh'iarrha sí dhí "buil 'ios agut in ao’ cor cáil anam
do mháthar"? arsa sí "Ó sé thá ’ios"
arsa sí "Tá sé thíos i gcrann athá
fé bhun na cúirte istig in crann
liobháin athá ann" arsaig iníon a
teanachailleach agus tá lacha istig i lár a’
crainn" arsí sin agus ta ubh gen lacha
san" arsaig a’ gearachaile "agus istig san
ubh san athá anam mo máthar-se
arsaig a’ gearachaile "agus ní bhfaghfaí teacht
erhí" arsí sin gan a’ crann a’ ghearra
arsaig a’ gearachaile. "Muise bheadh sé chú
maith dhuit" arsaig a’ gearachaile seo "an
crann sea a ghearra lá éigint im ochair
agus déanhaimíd í mharú leis an ubh" arsí
sin "mar chonnaic tú" arsí sin "an tlí
a bhí tú fad ná tháine mise annso
ged mháthair" "Ó chonnaic me" arsí sin agus
by gor bhí sí sásta. Nach bhíodar annsan agus neúsa sí dhon ngearachaile
an lá a raghaidís amach a’ gáiveireacht
iad héin agus a' madra bán is go
ngeárrhaidís a' crann. Rioch sí
aníos an mhaidean so dtin ngearachaile
agus dúrt sí go raghaidis amach a’ gáivéireacht
dh’imig sí héineach agus an gearachaile an
meantymaker síos annsan agus fuair sí treasc
mhaith agus dh’imíodar síos fé bhun na
cúirte in áit a raibh a’ crann so agus
chrom a’ bheirt 'cu a’ gearra’ n
chrainn. Bhí an teanachailleach amach sa
bhfairrge agus an madra bán a'
tiomáint a’ bháid. Dúrt sí leis casa
go raibh pian a' teacht na chroí’. Dúrt
a madra bán léithe go mbearra dhi
dul amach níos sia agus nár dhada é
bhíodar a’ gearra leoha agus bhí sí ag eirí
go millheach ins an árhach agus dúrt sí
go raibh a croí á réaba go mear
"Cas cas go mear" arsí sin "thá mo chroí á
réaba" arsaig a’ teanachailleach leis a’ madra
bán. Bhí an madra bán ag casa
árhaig agus bhí sé d’iarra é chasa’ agus uain
go r leor a chaitheamh leis chun é
chasa chun í
choimeád níos sia, bhíodar ag gearra
leóha agus bhí sé a’ teacht annsan agus bhíodar
a’ gearra agus bhíoch gach aon léim
aici istig san árhach agus is ar éigin
a bhí an madra bán ábaltha ar
a t-árhach a choimeád gan é bhá'
thuit a’ crann agus ní raibh aon scannra'
in ao’ chor annsan ach a mhillhíocht a bhí
ner a thuit a’ crann. Rioch lacha amach
as a’ crann agus rioch iníon as dia’ an
lacha agus thuit ubh ón lacha agus bheir sí
ar an ubh. Rioch sí dín chuan - an
iníon agus bhí an t-árhach a’ teacht 'gen
madra bán agus gach ao’ léim agen
seanachailleach istig san árhach agus chaith
iníon ruchar léithe dhen ubh agus
níor bhuail sí é agus a chas a’ t-ubh
isteach na láimh arís. Chaith sí an tara
ruchar leis an máthair agus níor bhuail sí é
agus chas a’ t-ubh thar nais na láimh aríst
"Ere thorom dú-sa é" arsaig a’ bhean
uasal. "Níl aguinn acht an iarracht so"
arsí sin agus mara mbuailhe mise í" arsí
sin "beimíd marbh" aice arsí sin. Chaith
a’ bhean uasal a’ t-ubh léi agus bhuail
sí an teanachailleach