Modh:
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0182, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0182, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

dúchas.ie

Tras-scríbhinn

IS
An lacha dearg
Well bhí rí fadó ann agus bhí dhá mhac déag
ann. Well bhí ar dhuine icínt gon chlann mhac
imeacht, agus séard a rinne sé chuir sé ar fad
amach a’ rith iad agus a’ fear deire a thiocach
bu leis imeacht. Agus sé an mac is óige a d’fhan
ar deire - bu dh’é an fear deire é. Well b’fhear
leis beirt gon mhuinntir eile imeacht ná é sin. Chuir
sé amach a’ rith aríst iad, agus sén mac is óige
an fear deire a thainic. Well b'éigean dó im-
eacht. Well d'imi leis lárnamháireach. Thug sé roint
airgid leis, agus bhí sé ag imeacht agus ag imeacht roimhe
- ní rabh ’fhios aige cé rachat sé. Well, bhí go
math. Lá breá gréine dhá ru sé a’ siúl hainic
sé fear n-a sheasa satha math uaidh, agus bhí an
tala co cothron go bhfeicfeat sé míle uaidh é.
Agus tharrain sé ar a’ bhfear, agus bhí an fear insin.
fear óg. Agus thoisí siad a’ caint le chéile.
"Well, cá’l tú a ghoil!" a deir sé le Murcha - Mur-
cha a bhí air. Cá’l tú a ghoil a deir sé.
"Well, tá mé a goil ag imeacht i ndia mo chinn
rôm," adúirt Ártúr
"Well, go isteach," a deir sé
Sén áit a ru an teach ag a’ bhfear thíos sa
tala, agus bhí áitú breá aige faoin tala
"Well, bhí mé an-chumpóirteach inseo," a deir sé.
"Bhí mé héin is mo dhreithiúr inseo agus bhí
muid an-chumpóirteach, agus tháinic fathach mór atá
’n-a chónuí i n-aice linn agus thug sé an dreithiúr
uaim, agus tá sé le n-a coinneál lá agus bliain, mu
mbeidh mé i n-ann í bhaint dó pósfa sé í."
"Well dianfa sin," adúirt Murcha, "go dtí am-
áireach. B’fhéidir go rachach muid cho fada leis."
"Níl aon mhath a dhoil ann," adúirt a’ fear.
"Fathach mór é."
Chuadar ann lárnamháireach, cho fada leis an
áit, má fua héin chua Murcha isteach ag a'
dorus. Bhuail sé buille agus chuir a’ fear a
chloigeann amach. D’fhiara sé céard a theastui
uaidh. Dúirt sé gur theastuí an bhean a thug sé
leis inné nú an lá roimhe sin.
"Well, ní bhfaighe tú an troid ar a shon,"
adúirt a’ fathach.
Chua an fathach amach agus má fua héin is
gearr goirid a bhí sé amuich nuair a bhain
Murcha a chloigeann dó. Agus isteach leis, agus thugad
ar an bhean óg abhailí. "Well dúirt an fear
le Muracha go bpósfat sé an dreithiúr leis agus go
dtiúrat sé dhó a ru istith agus amuich aige ach í
a phosa. Well dúirt Murcha go ru sin ceart go - airca
leór. Ach chuir siad ar gcúl insin é go dtí la
agus bliain. Well, faoi cheann seachtaine, bhí Murcha
amuich a’ siúl na talúna, agus bhí abhainn ag
imeacht ag ceann na talúna, agus bhí sé ’n-a
sheasa suas lá breá ann agus hainic (chonnaic)
sé dhá cheann déag go lachain a’ tíocht agus luíghiú
ar a’ tala, agus lacha eile leofa - lacha dhearg - an
ceann a bhí orrú. Agus amach leofa a’ snámh
(snâu), agus rine siad dhá bhean déag dhuíofa héin,
agus an lacha dhearg bean dhuith héin. Agus bhí sé a
fairiú orrú. Agus nuair a bhí a sá snáimh
diunta ins a’ loch acú d’eirí siad agus chuiread-
ar orrú a gcuid éadaigh, agus do d’imi leofa aríst
abhailí. Bhí orrú a dhóil go dtí an domhan soir
Chua Murcha isteach. Agus d’fhan a’ sgéal mar sin
go ceann sé mhí, agus faoi cheann sé mhí thainic
siad aríst. Agus bhí sé a’ fairiú orrú, agus nuair
a bhí siad a’ cuir a gcuid éadaigh orrú tháinic
se cho fada leofa, agus bhí sé a’ caint leis a’ lacha
deag. Agus dúirt sí sé mhí ó inniú go dtioc-
at siad aríst, ach gan é innseacht go duine ar
bith. Well bhí go math. Níor innis sé aríú
é gon chaillín, 'n áit a ru sé a’ fanacht, agus shul
ná bhí na se mhí sin caithtí bhí an lá agus a’
bhliain thuas, agus dúirt Murcha go gcuirfeat siad
leathbliain eilí air nach bpósfaí iad go ceann
leathbhlian eilí. Well nuair a bhí na sé mhí is-
tigh tháinic na trí lacha dhéag aríst, agus chuadar
a’ snâu. Agus nuair a bhí a sá’ snámh diantaí
acú d’eirí siad, agus bhí Murcha gar go math
duíofa, agus bhí sé héin agus a’ lacha dhearg a’ caint
"Well sé mhí ó inniú," adeir sí, "tioca muid
aríst. Ná h-innis g’aon nduine é. Agus tiúra
muid linn thú," adeir sí, "agus pósuíor (pósfaidhear)
muid."
"Well bhí na sé mhí Mhurcha thuas seachtain
shul ná bhí sé mhí an lacha dhearg tuas, agus nuair
a bhí an leathbhliain sin thuas ní ru aon mhath
ann - chuir sé ar gcúl a’ pósa. Dúirt sé nach
bpósfat sé go ceann sgatha eile. Agus nuair
tháinic a’ lacha dhearg - ní rabh ’fhios acú in-
sin cén fáth é agus d’innis sé an sgéal gon
bhean - gon chaillín óg - agus nuair a tháinic a’ lacha
dhearg aríst, i gcionn na sé mhí, agus nuair a bhí
a sá’ snámh diantaí acú, d’imíodar leofa, agus
níor bhac siad le Murcha chor a’ bith. Well d'imi
leis insin agus dúirt sé nach stopfat sé go brách,
go leanfat sé iad. Bhí sé ag imeacht leis,
shiúil oí agus lae. Well tháinic sé isteach i dteach
insin. Ní fhéatach na lachain a dhoil síos fuide
ó rachach a' ghrian síos. Séard a bhí ionntú
mrá. Agus bhí sé ag imeacht agus tháinic sé is-
teach ins a' teach ar chathadar oích ann, agus bhí
sé ag innseacht cé ru sé a ghoil. Dúirt fear
a' tighe go ndeacha siad thart inseo, agus í (i. an
lacha dearg) i ndia' an fear breá a d’fhága
sí 'n-a dia' i n-Éire. "Well, bhí sé ar bun go
dtáinic sé i n-áit a ru an lacha dhear i n-a
conuí. Agus bhí fathach mór insin leis an fhad
seo bliantaí a’ tóirt aire gon áit. Agus fua
sé isteach ar bealach icínt ann, agus bhí an fathach
mór a ghoil ag ithe nuair a chrom sé síos agus
hainic sé Murcha - ní ru ann ach mar bheach
páiste. Chuir sé a lámh síos s d’árdui sé
suas é go bhfaca sé é, agus thug sé síos sa gcis-
tineach é gon bhean. Ní ru aon nduine
cloinne acú, agus dúirt sé leis a’ mbean go mba
bhreá an páiste é sin, go dtainic sé isteach.
Fuair sí cléabhán dó agus cuiriú isteach
ann é, agus seanbhean le bheith dhá bhoga. Well,
lárnamháireach d’iarr sé ar a’ tseanbhean é thórt
amach sa ngáirdín, agus thumáin sí amach cárr
deas, is é istigh ann (un), is rothaí faoi.
"Well anois," adeir Murcha, nuair a bhí sé am-
uich sa ngáirdín, "a’ bfanfá insin go ceann
uair a’ chloig, agus tioca mise ar ais agad."
"Fanfat," adúirt a’ tseanbhean.
D'eiri sé amach as a’ gcóistín agus isteach leis, agus
chua sé isteach sa stábla agus tharrainn sé amach ceann
go na capaill agus chua sé ar marcuíocht urraí. agus
fua sé amach le taébh (taéú), an teach mór
mar rachach sinneán gaoithí. Agus bhí ceann go
na caillíní n-a suidhiú ag a’ bhfuinneóg, agus is-
teach leithi.
"Well, adeir sí, "cérbí áit a dtáinic sé as, adeir
sí, sin é Muracha," adeir sí, "a d’fhág tú sa mbail-
e ’do dhia’ i nÉirinn."
Bhuail a’ lacha dhearg bos urraí. "Chaoin
mise mo shá," adeir sí, i ngeall air sin hana, agus
gan é thóirt i mbrionglóidí aríst ugum."
Well thainic sé ar ais insin ag a’ tsean-
bhean sa ngairdín. Chua sé isteach sa gcárr beag
agus thumáin sí isteach é. Well lárnamháireach
an t-am céanna, thug sí amach aríst é, agus
d’fhág sé an tseanbhean sa ngáirdín agus thug
sé leis a’ capall. Agus bhí beirt go na cailín
a’ fairiú air ag a’ bhfuinneóg, agus fua sé amach
le taéú fuinneóige. Agus ritheadar isteach agus
d’innis siad gon lacha dhearg é - go ndeacha sé
thart aríst. Well níor chreid sí iad.
"Well," adeir sí, "b’fhéidir go bhfairfinn héin am-
áireach é."
Gho sé isteach aríst sa gcléabhán - tugú is-
teach abhaile é, a’ tseanbhean. Agus lárnamháireach
an t-am céanna, chua sé amach aríst, agus d’fhág
sé an tseanbhean agus a’ cáirrín sa ngáirdín, agus
thug sé leis a’ capall. Agus bhí an lacha dhearg
ag a’ bhfuinneóg, agus fua sé thart. D’aithni
sí é. Well, ar báll chua sí síos ag a’ fathach
mór agus d’innis sí an sgéal dó.
"Well, ní fhéatach aon nduine a bheith inseo i
nganfhios dú-sa," adeir a’ fathach mór, "ach páiste
thainic isteach igam cúpla oí' ó shoin, agus tá sé
thíos ag mo bhean sa gcistineach sa gcléabhán, agus í
a’ tóirt aire dhó."
"Well fua sí síos. Cuiriú amach as a’ gcléabh-
án é. Bhí sé sé troithe ar aoirde (eirde), agus
cé a bhí ann, ach Muracha. Well, pósa(dh) Muracha
agus a’ lacha dhearg le chéile. Bhí sí ’n-a bean bhreá.
"Well nuair a bhíodar seachtain póstaí bhíodar
a’ siúl amach sa ngáirdín lá breá, agus ar a
thíocht isteach a ghoil abhaile dhuíofa, bhí seanfhear
thuas ar a’ gcrann, a dtugaidís Crochar a’ Táir-
ne air, agus d’iarr sé ar Mhuracha é tharraint
anuas. Rug Muracha ar chos air agus tharrain se
anuas é ar a’ tala. Agus cho luath agus bhí an
seanfhear ar a’ tala bhí thuas sa gcránn
in’ áit. Agus bhí sean-rapar aige agus chas sé
thart ar lacha dheag é, agus d’árdui sé leis lacha
dhearg in a thír héin go bpósat sé héin í, agus
d’fhág sé Muracha thuas sa gcrann. Well bhí sé
thuas sa gcránn is ní fhéatat sé ’fhagáil. Thanic
an fathach mór amach agus tharrainn sé an crann
as a’ dtala agus thug sé Muracha anuas.
"Well anois," adeir Muracha, "ní stopfa mé agus
ní stopfa mé go brách go bhfágha mé amach
cá bhfuil a’ seanfhear ’n-a chónuí a thug leis
í."
"Well, ní bhfáighe tú é sin," adúirt a’ fath-
ach. Ní féidir é sin ’fháil," adeir sé.
"Well féachfa mé leis, adeir Muracha.
"Well ó thárla go bhfuil tú ag imeacht," adeir a’
fathach mór, "tiúra mise lón duit le h-agh-
aidh an bhóthair."
Fuair sé buidéal agus thug sé trí ghloine fíon
dó. Ní rabh ’fhios cén fhad a bhí sé diantaí.
Agus bhí bulóg ráin aige, agus trí ghearra as a'
mbullóg ráin ceangailte suas. "Ná tóir é sin go
aon nduine," adúirt sé, "a casaíor (casfaidh-
ear) leat, agus ná h-ith é, agus ná tóir é sin go
duine ar bith ach a’ duine a cheapfas tú am-
ach a dhianfas math dhuit agus a theastós uait."
"Well d’imi le tracha agus an lón aige. Agus
nuair a tháinic an oí' air hainic sé sean-
teampall i n-aice le srufán uisge, a leath leacaí
agus dheasaí sé isteach ann go gcuireat sé an oí'
thairis. Nuair a bhí sé istigh ann (un) d’airí sé
slabhraí ins a’ gcoirnéal agus iad a’ corruí. D’fhiar-
a sé céard a bhí insin.
"Well tá mise inseo," adúirt a’ mada uisge.
"Mise mada uisge na díleann agus tá mé inseo
le céad bliain."
"Bhfuil rud ar bith sa domhan," adúirt Muracha
"a bhéarach as thú?"
"Tá," adeir sí, "ach is deacair é 'fháil. Dhá
bhfáinn-se gloinne fíon go leithide seo go fathach, agus
gearra ’mháin as a bhulóg ráin, beinn ceart."
"Well, tá sin gar go math anois duit," adúirt
Muracha. Thug sé an gearra ráin duith agus gloine
gon fíonn. Chath sí dhuith na bratachaí agus na slabh-
raí. Bhí sí faoi dhruíochta ag crochaire táirne -
sé chuir an í.
Rud ar bith sa domhan," adeir sí, "a thiocas treas-
naí ort blaoí ar Mhada Uisge na Díleann agus
beidh mise insin le fáil ugut."
"Well chuir sé an oí' sin thairis agus do d’imi
leis ar maidin. Agus ins an oí' lárnamáir-
each casú isteach é in seanbhothán eilí go gcuir-
eat sé an oí' thairis. Agus séard a bhí is-
tgh insin cú - Cú na Creige Cruaidhe, agus í
ceangailtí ann.
"Go céard atá tusa a dhiana insin?" adúirt
Muracha
"Well tá mise inseo," adeir sí, "le céad bliain."
"Bhfuil rud ar bith le fáil," adeir Muracha, "a
bhéarach as thú?"
"Tá," adeir sí, "dhá bhféataí ’fháil - gloine gon
fíon atá ag a leithide seo go dh’fhear - go fath-
ach - agus gearra ’mháin as a bhulóg ráin."
"Tá sé ugum-sa," adeir Muracha.
Thug sé dhó iad. Chath sí dhuith an ceangal
agus amach leithi. "Má thagann aon cheó treasna
go deó ort," adeir sí, "blaoidh ar Chú na Creige
Cruaí."
"Dianfa sin," adúirt Muracha.
Chuir sé an oí' thairis insin, agus san oí'
lárnamhaireach tháinic sé isteach ina seanbhóthán
eilí, a’ ligean an oí' thairis. Agus bhí éan in-
sin, agus é istigh nach bhféatat sé corruí.
"Go céard tá tusa a dhiana innsin?" adeir sé
leis an éan.
"Well tá mise inseo," adeir a’ t-éan, "le céad
bliain."
"Cé chuir inseo thú?" adúirt Muracha
"Cuir seanfhear," adeir a’ t-éan, "a bhfuil druíocht
aige, agus fua sé thart innseo seachtain ó shoin, agus
a’ bhean is breácha hainic tú aríú aige, agus é
dhá tóirt leis."
"Well, bhfuil aon cheó le fáil a réiteóch as thú?
"Tá," adeir sí. "Gloine go leithide seo go fíon atá
ag fathach, agus gearra dhá bhulóg ráin."
"Well tá siad ugum-sa," adúirt Maracha
Thug sé dhuith iad - gon t-éan. D’imí an t-éan
léithi. "Má thagann aon cheó treasna go brách anois
ort," adeir a’ t-éan, "blaoidh ar Seabhac na h-
Aille Fuaire. Agus tá tú an-ghar go deó anois
go dtí an áit a bhfuil do bhean, má'sí do bhean
í, agus a’ seanfhear. Ach imíonn sé amach chuile lá,"
adeir a’ t-ean, "agus ní thagann sé abhaile go trath-
nóna. Ná teirí ann go dtí thimpull an deich a
chlog sa lá."
lárnamháireach d’imi leis agus thainic sé suas ag
a’ teach mór. Agus bhí sí - an lacha dhearg - insin,
na doruis dúintí, nach bhféatach duine ’bith dhoil
isteach ná amach ann. Agus nuair a hainic sí
Muracha is beag nár cailliú é."
"Céard a thug inseo thú, nó cé chaoi dtáinic
tú?"
D’innis sé an sgéal duith.
"Well, níl fhios án aon cheó faoi," adeir sí
"- faoin seanfhear - ach go bhfuil druíocht aige."
"Well, bhí lách leis anois," adeir Muracha, "agus b'
fhéidir go bhféachfá le rud icínt a phioca amach
as. Ní fhéidir é sin a mharú, mar ní i n-a
cholainn atá ’anam chor a’ bith."
"Well nuair a tháinic a’ draoidheadóir abhaile
trathnóna bhí an bhean an-ghealgáireach agus í spóirt-
áil greannúr.
"Well d’innis mise dhuit, " adeir a’ seanfhear,
"nach ru aon mhath dhuit a bheith ’caoineachán, mur
nach bhféata tú seo ’fhágáil an fhad agus thogrós mise
é, agus ní féidir leat aon nduine fáil á mhair-
eós (mharbhóchas) mé."
"Well, go tuige," adeir sí "nach bhféataí thú mhar-
ú?"
"Well, ní fhéataí, " adeir sé, "mar ní in mo
cholainn atá m’anam chor a’ bith."
"Well, cá bhfuil sé?" adeir sé.
"Ins a’ sean-sguab, " adeir sé, "atá thíos sa gcistin-
each."
"Well lárnamháireach, nuair a d’imi sé - an
sean-lad, tháinic Muracha.
"Well cén sgéal ugud?" adúirt Muracha.
D’innis sí dhó.
"Well ní insin atá ’anam." adeir Muracha, "ach
fágh a’ sean-sguab anois agus gléas suas í i n-
éadach mrá, agus cuir ’n-a sheasa suas í leis a
tiní, agus bíot sí ugad ann nuair a thiocas sé abh-
aile trathnóna."
Well nuair a tháinic sé abhaile trathnóna
hainic sé an tsean-sguab. Thoisi sé a’ gáirí.
"Céard tá innsin ugut?"
"Tá an tsean-sguab, adeir sí, "an áit a bhfuil
t’anam."
"Tuige a ndearna tú sin?"
"Well bhí faitíos orm," adeir sí, "go mbeitheá
fuar."
"Á, muise, go bhfóiridh dia ort! " adeir sé. "Ní
insin ata m’anam chor a’ bith," adeir sé.
"Well, cá bhfuil sé?" adúirt sise, adeir a’
lacha dhearg.
Inis a’ gcloch mór," adeir sé, "atá amuich ar agh-
aidh an doruis."
Well, cathú a’ sean-sguab i leithrí, agus lárna-
máireach nuair a d’imi sé aríst chua Muracha
suas.
"Well, cén sgéal inniú ugut? adeir Muracha.
D’innis sí dhó - gur ins a’ gcloch mhór
atá amuich ar aghaidh an doruis.
"Ní insin atá sé, muracha, "ach cuir tin-
í thart anois air agus gléas suas a’ chloch mhór
le ribíní agus chuile shórt, agus bíoch sí ré ugat
trathnóna shul ná thiocas sé.
Nuair a tháinic sé abhaile trathnóna bhí an
chloch mhór gléasta suas aicí le chuile sórt rib-
íní, tine bhreá thart ar a’ gcloch mhór. Bhí sé
a’ gáirí.
"Well, ní insin atá m’anam" adeir sé. Well shíl
sé insin go ru sí ar mhatha leis. "Well anois ó
thárla, " adeir sé, "go bhfuil tú cho cúramach sin orm,
ní insin atá m’anam chor a’ bith. Tha stábla in-
sin thíos," adeir sé, "agus é thimpull trí troithe ar aoir-
de (urde) g’aoileach istigh ann (un) Well, dhá
dteigheach fear ar bith dhá chatha amach - dhá ghlana -
nuair a cathfat sé píce amach thiocach dhá phice
isteach, agus sén áit a gcuir(f)í amach é sa deire
thrí mhullach a’ tighe."
"Well go cé chaoi a glanníor (glanfaidhear) é?"
adúirt sise.
"Well tá bosga beag thuas," adeir sé, "ar chúl a'
ratha, agus tá dhá fhear bheaga istigh ann. Well, gá
bhfosgl'á an bosga agus iad sin a chuir amach, chart-
(f)at siad amach an stábla in deich nóiméad. Well
tá blocán dairighe faoin aoileach, leacaí insin le
céad bliain, agus sean-tua’ leacaí ar a’ mblocán.
Well go dtaga fear a sgoiltfeas a’ blocán le
aon bhuille amháin - ní bhfáighe sé cead a'
darna buille - well insin má sgoilteann sé an
blocán le buille, tá giorria istigh sa mblocán,
agus rachaidh a’ giorria amach agus imeó leis. Well níl
aon chú faoin domhan atá i n-ann breith
air ach a leithide seo go chú - Cú na Creige
Cruaí - agus tá sí ceagailtí ugum-sa ina leithide
seo g'áit, i seanbhothán, agus ní fhéata sí corr-
uí. Well innsin, dhá mbeirtí ar a’ ngiorria,
tá lacha fhiadháin istigh i mbolg a’ ghiorria, agus
imeóidh a’ lach' fhiadháin. Well níl aon cheó i
n-ann breith urraí ach Seabhac na h-Aille
Fuaire, agus tá sé sin ugum-sa i n-áit nach
féidir leis ’fhágáil. Well, an ugh atá mbolg
a’ lach' fhiadháin sin, go mbuailtear í sin ins a'
mball dórán atá faoi mo chluais deas ní
maireór mise go deó go ndiantar sin."
"Well bhí go math. Ar maidin nuair a fuair
Muracha imíth' é chua sé ag a’ teach mór, agus d’inn-
is a’ lacha dearg chuile fhocal gon méid sin go
Muracha agus síos leis ins a’ stábla. Fuair sé an
bosga beag, d’osgail sé an bosga agus fua an dá fhear
bheag' amach. Rugadar ar dhá phíce is ní rudar
ceathrú uaire a’ glanú an bhotháin. Agus cho luath
agus bhí sé glan bhí sean-bhlocán dairighe insin, le céad
bliain, sean-tua’ leacaí as a chíonn. Rug Muracha
air a’ tua’, agus bhuail sé buille ar a’ sean- bloc-
án agus ruine sé dhá leith dhó. Siod amach a’
giorria.
"Cá’uil tú anois, " adeir sé, "a chú na Creige Cruaí?"
"Tá mé innseo." adeir sí.
Away leithi agus rug sí ar a’ ngiorria, agus cho luath
agus rug sí ar a’ ngiorria chua an lacha fhiadháin
amach as a bholg.
"Cá’uil tú anois," adeir sé, "Seabhac na h-Aille
Fuaire?"
"Tá mé innseo, " adeir sí.
Rug sí ar a’ lach' fhiadháin agus mhara sí an lach'
fhiadháin, agus bhainneadar an u(gh) aistí, agus thugadar
an u(gh) go Muracha, agus chuir Muracha an u(gh) ina
phóca. Agus fuair sé bád beag agus fua sé héin
agus an bhean - an lacha dhearg- amach i lochán uisge
a bhí amach i n-aice leis a’ teach.
Well nuair a buailliú an chéad bhuille ar a’
blocán dúirt Crochaire Táirne, cébí áit a ru sé,
- d’airi sé é. Thug sé ’aghaidh abhailí. Agus
bhí sé ’dianú ar a’ teach mór ar a dhícheall.
Agus bhí Muracha agus Lacha Dhearg amuich sa mbád
beag, agus leag sé an u(gh) ag toiseach a’ bháid i n-aice
leis an áit a ru sé ag iúmra. Agus mar bhí
an t-anam san u(gh) d’éalaí an u(gh) air agus
amach leithi sa lochán uisge, agus nuair a d’fhéach
sé go bhfeiceat sé an u(gh) bhí an u(gh) imíthe uaidh
"Cá’uil tú anois, adeir sé, "Mada Uisge na
Díleann?"
"Tá mé inseo," adeir sí.
Chuartaí sí an lochán seacht n-uaire i ndia’
a chéile, agus i gcoirnéal gon lochán fuair sí an
u(gh) agus í i dtaisge faoi dhá chloch. Agus thainic
sí ar ais ag Muracha agus thug sí an u(gh) leithi
ina béal agus thug sí an u(gh) go Mhuracha. Agus
is gearr go dtáinic Crochaire Táirne as a gcíon
go dtagat sé anuas ina mullach go mbáthat
sé iad. Rug Muracha ar an u(gh), agus ghlac sé
ionú agus bhuail sé an seanfhear faoi pholl na
cluaise ar a’ mball dóráin, agus thit sé i n-a ghlé
ghlas amach san uisge.
Isteach le Maracha agus leis a’ lacha dearg, agus
ghléasadar iad héin suas, agus níor stop siad go
brách go dtáinic siad abhaile ag a’ fathach mór,
gur chathadar a saol buil a chéile.
Úsáideadh aithint lámhscríbhneoireachta uathoibríoch chun an mhír seo a thras-scríobh mar chuid den tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe.