“Bhí fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall de Chuam Teilinn, a rabh Pádraic a' Cholbha air.”
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0180
- Dáta
- 30 Aibreán 1936
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT1889H: Submarine Otherworld
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Seán Ó hEochaidh
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 072
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
IS3326 2
3
P
fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall
de Chuan Teilinn, a rabh Pádraic a cholbha air.
Lean sé ariamh de bheith indiaidh róntaí dá
marbhadh. Bhí sé lá amháin ins a chladach
agus mharbh sé rón le forr, agus d’imthigh
an rón le leath a’ forr. Níor mharbh sé
amach é, agus d’imthigh sé agus a forr
leis. Bhí sé lá eile ’na dhiaidh sin annuas
eadar sin agus Rachlainn, agus cá bith
cineal carraic a dteachaidh sé isteach oirthí,
bhí teach ar a charraic. Chuaidh sé isteach
an toighe, agus bhí seandhuine ’na shuighe
6
73 3327
sa leabaidh. D’aithin a’ seanduine cé’n fear
a tháinic isteach.
Ar mbionn tusa a leanstan, adeir sé, "De
bheith a marbhadh róntaí?"
Maise bhidinn, adeir sé
"Bhfuil cuimhine aghat, adeir sé, ar an lá
a sháith mé tú an forr ionnaim a d’imthigh
mé ort."
"Tá cuimhine agham go dteárn mé a leithid
arsa seisean.
Mise," arsa seisean, a ron a dteárn tú sin
leis agus é n-a luighe ar a leabaidh, agus
ina thig leat ar dóigh a bith é," arsa
seisean, "bhí ar shiubhal. "Tá truir mhac
damh-sa amuigh," arsa seisean, agus má
thug siad isteach agus fhios a fhághail gur
tú atá ann ní bhfuigh tú abhaile a choidhche.
mairbhfidh siad thú."
Phill a’ fear, agus níor mharbh sé an
rón ó’n lá sin go dtí ’n lá indiú."
ionnain.
) bhí