“Bhail bhí fear ann fad ó soin, agus phós sé bean a rabh giota talamh aicí.”
Éire
- Bailiúchán
- An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní
- Imleabhar
- 0180
- Dáta
- 25 Aibreán 1936
- Cineál míre
- Seanchas
- Innéacs Aarne-Thompson
- AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
- AT1384: The Husband Hunts Three Persons as Stupid as his Wife
- AT1540: The Student from Paradise (Paris)
- Teanga
- Gaeilge
- Suíomh
- Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Bailitheoir
- Seán Ó hEochaidh
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Baoghaill
- Nasc
- Féach an iontrail ar dúchas.ie
Modh:
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 009
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Tras-scríbhinn
IS26t
Eit313(c) Bhail bhí fear ann fhad ó shoin, agus phós
sé bean a rabh giota talamh aicí. Ba léithe
fhéin a talamh. Ní rabh sé coicthís pósta
oirthí go dtáinic air imtheacht as a bhaile
Lá amháin chuaidh sé isteach i mboitheach
a bhí ag taobh a toighe, agus bhí gamháin
ceangluigh ann agus rinn a gamháin búirthe
mas gur shaoil sé gur deoch a bhí léithe
fhad leis fhéin. Thug sise go b'é an
rud a dubhairt a ghamháin nó go n-innseocha.
sé do’n fhear nuair a thiocfad sé abhail
goidé bhí sí a dheánamh, agus níor mhaith
S
Seán Ó h-Eochaidh,
baileitheoirt lán-aimsire fhé’n gCoimisiún,
a bhailigh agus do scríobh
an méid atá san imleabhar so
17
326
dó goidé bhí tú a dheánamh, agus b’fhéidir
nach saoilfeadh sé an dath de’n phlé.
Nuair a tháinic a fear abhaile - "Bhail
creidim," arsa sise, "go bhfuil sé comh maith
agham-sa sgéal beag atá agham innse
duit, leis a ghamhain atá amuigh ins
a bhoitheach a bheith dá innse duit
"goidé rud sin a bhean-chroidh?" arsa seise
ag innse dó mas bhí. "Ó!" arsa seisean,
ar ndóiche ní sin dadaidh. Níl aon
dath choir ins a rud sin a chor a’ bith.
Smaoitigh sé go gcaithfead sé go rabh
chiall an uathbhasach ag bunadh na h-áitigh
a bhí thart ins an áit sin. D’éirigh sé
amach lá amháin a d’amharc uath thart
fá’n bhaile, agus téidh sé baile mhór
fhear cruinnigh thart fá theach a bhí ann.
shiubhail sé fhad leóbhtha agus labhair sé
leóbhtha. "Goidé," arsa seisean, "bhur dtrioblói
"Tú," arsa fear aca, tú ’n ghaoth ar
doras, agus tá muid ag iarraidh an teac
a thabhairt thart, an áit a bhfuil an-anas
aghainn leis a ghaoith isteach ar a doras a
N
3265 12
siabadh na luadhca ar fhuid a’ toighe."
"Nach saoileann sibh," arsa seisean, "gur
bhfusa díbh an doras sin a dhrud, agus
a doras cúil fhosgladh, agus ar ndóiche
annsin ní bhéadh a ghaoth a thabhairt
aon trioblóid díbh."
"Ó dheamhan fhocal bréige aghat," arsa siadsan
D’imthigh sé leis giota eile. Tháinic sé
fhad le baile mhór fear eile a bhí cruinnigh
thart, agus iad i bhfastodh le bó mhór dhubh
ag taobh toighe. "Goidé tá sibh dheánamh," arsa
seisean, leis a bhó
"Tá fhear a fás thuas ar mhullach a toighe
agus gheamhar, agus tá muid ag iarraidh an
bhó sin a chur suas nó go dtí go n-ithidh
sí é
"Ó nach mhór a bhfusa díbh," arsa seisean.
giota dreimire a thabhairt libh, agus fear
aghaibh a dhul suas le corran ar a dhréimire
agus a fear a gheárradh agus a chathamh
annuas ionnsoir an bhó.
"Bhail diabhal fhocal breige aghat," arsa
fear aca. "Ó maigh ó!" arsa fear eile aca
1
3
2 274
3266
nach maith a’ ceann atá ort-sa?"
"Bhail tcidhthear damh-sa," arsa seisean, "go
bhfuil an droch chinn orraibh-se. Chuaidh sé
giota eile ’un tosuigh agus casadh teach air
agus chuaidh sé isteach ins a teach, agus
bhí seandhuine agus seanbhean ’na suidhe
ann duine aca an uile thaobh de’n teinidh
A dhuine mhódhamhail," arsan t-seanbhean,
cá fhád a shiubhail tú indiú?"
"Tá," arsa seisean, siubhail mé as na plaithn
"Óch," arsa sise, "can fhéidir go bhfaca
tú Doinchadh bocht saghainne annsin?"
"Maise chonnaic," arsa seisean, sé’n fear
deireannach é a rabh mé a chainnt leis
an lá a bhí mé a fhághail thuas
"Bhail goidé mas tá an duine bhocht?"
"Tá sé go fuar ocrach, leath tromach air.
arsa seisean
Ach an saoileann tú," arsa sise, "a mbíomh
a sháith éadaigh leabhtha air ins an oidhche, nó
bhfuil sé a fhághail a sháith le h-ithe?"
Bhail bhí sé ag innse damh nach rabh sé
a fhághail a sháith le h-ithe, agus go mbíonn
c fad
"Beil Aothas
3267
sé an fhuar ins an oidhche. "Tá sé ’na luighe
ins a leabaidh is neise do’n doras.
"Bhail tá plainceadh ar bainín annseo agham,"
agus mála seacht gclocha plúir, agus a mbéadh
fhios agham a lá a bheithfeá ag ’ul suas
arais na bhflaitheas cuirfinn leat a dhá
nid fhad le Donnachadh.
"Bhail níl an-ghleas agham ar a domhan a
d’iomrochadh iad, agus bhéarfainn liom é agus
céad fáilte," arsa seisean, "a dtigeadh liom
a dheánamh."
"Tá sean gheárrán bán annseo," arsa sise.
agus níl aghat ach a dá nidh a chur ar
a dhruim, agus tú fhéin suidhe ar a chúl
Cfágfas)
agus nuair faoighfeas tú an dá nidh ag
Donnachadh, níl aghat ach an t-aestar a
casadh thart ar a mhuineál agus thiocfaidh
an ghearrán abhaile fhad linne arais.
D’imthigh sé leis agus a mála plúir agus
a phlainceadh ar dhruim a t-sean-gheárráin,
agus é fhéin ’na suighe siar ’un deiridh
agus ní theachaidh a chomhair na mrá a chor
a bith. Nuair a b’fhada leis a bhean a bhí
"Sin a rud adubhairt an seanchaidhe)
8 3268
sé ar shiubhal gan a theacht abhaile, chuaidh sí
ar shiubhal ar a lorg. Chualaidh sí iomradh
go rabh sé ins a teach seo. Tharraing sí
ar a teach seo agus d’fhiosruigh sí dó’n
t-sean-bhean a rabh a leithid ann. Dubhairt
sí go rabh, ach," arsa sise, "tá sé ar siubhal
na bhflaitheas agus mála plúir leis agus
plainceadh, ar dhruim an t-sean-gheárráin a
bhí annseo fhad le Donnachadh bocht sagham-sa.
a fuair bhás a leithid seo a d’am.
goidé’n seórt fear Dhonnachadh?"
"Tá mac damh," arsa sise. "Ní rabh an mhac
agham ach é
"Bhail," arsa sise, ba mithid dó bheith abhaile
fhad liom-sa, agus creidim ina chuaidh sé
annsin nach dtig sé dá mo chomhair-sa a
choidhche arís.
Eit