An Seanfhear a Raibh Airgead an Loiridín aige
Ireland
- Collection
- The Main Manuscript Collection
- Volume
- 0257
- Date
- 8 October 1936
- Item category
- Lore
- Aarne-Thompson index
- AT1305: The Miser and his Gold
- Language
- Irish
- Location
- Abbeyknockmoy, Co. Galway
- Addergoole, Co. Galway
- Kilvine, Co. Mayo
- Collector
- Liam Mac Coisdealbha
- Informant
- Mrs Rattigan
- Link
- View entry on dúchas.ie
Mode:
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0257, Page 0127
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
Transcript
AIis) An seanfhear a rabh curgead an loiridín aige
Well bhí fear fadó ann agus bhí ban-chliamhain
istigh aige - bhí a mac agus a clann agus a’ bhean-chliamh
ain istigh, agus bhí go leór leór airgead aige
Well bhíoch sé ag iarraidh ar a’ mban-chliamhain
é leagaint amuich i n-aice na h-abha - ní ru an
abhainn ró-fhada uafa - chuile lá. Bhéarthat sí
amach é ar chathaoir, agus bíoth sé amuich
fhad's thogroch sé é. Agus by dad bhí an spáig-
ín aige - bhíoch sé a’ fanacht go bhfác sé am
le n-a chatha san abhainn. A’ lá seo insin, bhí
sé ar siúl an-fhada, a gul amach is isteach. Dúirt
siad leis ná malaigh insin é faire, agus go
dtiúrach sí i n-aice leis an abhainn é go bhfeiceath
sí céard a dhianfach sé. Thug sí amach é, ar ndú
agus níor thug sí i n-aice an abhainn é. Ach "tá
tú i n-aice an abhainn anois," adeir sí. "Is breag
an sinneán," adeir sí, "atá a’ teacht as."
"Well, is breágh," adeir sé, "fuar. Thig leat a dhoil
isteach anois," adeir sé, "agus do graithí dhiana.
"Ó gofad," adeir sí
"Dall a bhí ann agus é ina s
Gho sí isteach. Agus bhí na malraigh [a’ fair-
iú air. Agus nuair a bhí sé sgathú amuich
chuir sé a lámh síos, nuair a shíl sé go ru na
matraigh imíthe, agus chait sé an ruse uaidh-
agus shíl sé gur ins an abhainn é, agus ar ndó.
níor b'eadh. Ach rug na malraigh air agus thug
siad isteach ag a máthair é.
Nuair a tháinic sé isteach, - "céard a chaith
tú san abhainn?" ar sise.
"Níor chaith mé dadaí," ar seisean.
"Chaith tú rud icínt ann," ar sise, - nach
bhfaca na malaigh thú?"
"Ara, rud a thug an loiridin dom," ar
seisean.
"An airgead é?" ar sise.
"Ní h-eadh," ar seisean, "ach rud icínt eilí
Dúirt sé liom gan é thóirt go duine ’bith, ach é
catha san abhainn."
Níor úirt siad níos nó faoi. Ach cébí é
fuair siad an t-airgead, agus ní ru fhios aige-san é.
Bu mhór leis é fhágáilt ag duine ’bith, ach é chatha
san abhainn.