An Buachaill a Lig air go Raibh Fios aige
Ireland
- Collection
- The Main Manuscript Collection
- Volume
- 0149
- Date
- 15 January 1936
- Item category
- Lore
- Aarne-Thompson index
- AT1525: The Master Thief
- AT1641: Doctor Know‑All
- Language
- Irish
- Location
- An Dromaid, Co. Kerry
- Kilcrohane, Co. Kerry
- An Phrióireacht, Co. Kerry
- Collector
- Tadhg Ó Murchadha
- Informant
- Pádraig Mac Gearailt
- Link
- View entry on dúchas.ie
Mode:

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0149, Page 522
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
Transcript
AIAn buachaill A leos Air So raibh fios Aise.
t
Bhí lánú annso i gConndaé Ciarraíghe tamall
muar ó shoin de shaoghal agus do bhí seisear muig
íll orrtha ar go raibh cúigear gearrachaillí agus
ao’ mhac amháin. Bhíodar a’ cuir díobh mar
dean
sin ar d suarach talun agus an
agus
t-athair ag obair go dian agus tímpall agus chúig
bliadna dhiag do bhí an ceann ba sinne
'ca - b’é sin a’ mac- nuair a chailleadh a’
t-athair. Do bhuail galar a’ bháis é agus dorchair
cailleadh é. Do bhí an bhean fághtha annsan
le cúigear gearrachaillí agus a’ t-ao’ mhac amháin sa
agus iad gan breis teasbuig orrtha sar ar ar
cailleadh a’ t-athair, agus is dócha is gur
cruadha ná san an saoghal orrtha annsana
agus do bhí an mac ana-mhaith go léir chun a
oibriú’ agus ba chómh-sholus lá agus oidhche aigeag
a’ cuir le ’n-a chéile chun garraidhe agus
gorth do dhianamh. Mar sin do bhí - bhí an
bhean bhocht a’ cuir di ana-mhaith go léir a
an
agus a’ buachaill go ró-maith go dtí gur
aosaig sé suas tímpall agus bliadhain agus fiche. sí
lá ’osna laétheannaibh do tháinig sé isteach ó’n
air agus deir sé leis a’ máthair "a mháthair",
air sé, "n ’fhiadfad-sa fanúint níosa shia
agat-sa." "Dherú cadé sin adeireann tú
Seáin?" adúirt a’ mháthair. "Ó, deirim é
iúd, a mháthair," adeir sé, "go gcaithfidh mé
bheith sa t-siúbhal mharbhuíghtheach." "Ó, go
bhfóiridh Dia orm-sa mar sin" adubhairt a mhathar
má imthígheann túsa uaim", adeir sí, "geóbhaimíd
ar fad bás i n-aénacht, mise agus na gearra-
caillí mar níl aonne againn ábalt ar
aonní a dhianamh agus do cheapas go raibh a’
saoghal cruaidh orm le tusa bheith agam ach
ar ndóighthir" a dúirt sí, "má imthígheann tusa
beidh mo ghnó dianta." Ó nílh-aon mhaith
eas do bheith a’ cuímhneamh ar mé cimeád
a mháthair" adúirt sé, "n’fhiadfainn fanúint
agat, ó bhuail a’ teidhe mé caithfeadh imtheacht
agus má's féidir leat i n-ao’ chor é" adeir sé "dhin
suas lón dom a gcómhair a’ laé 'máirig
nó umanothar - mar a bhfiadfair é dhianamh
amáireach bíodh sé dianta umanothar." Bhuail
sí a ceann fúithi agus n’fheadair sí cad ba mhaith
dhi a rádh agus chuaidh sí go dtíos na gearrachaillín
agus ’nis sí an scial dóibh agus is dócha go raibh
sí go brónach agus go deórach-rud nárbh úngna
agus dúran ingean críona léi, "seadh ’nois a
mháthair" adeir sí, "tá sé chómh maith ag an scial
isfearr a dhianamh de mar ó’n uair gun
bhuail a’ teidhe é sin caithfidh sé - is maith
a dóigh-imtheacht, agus faig lon do má's féidir a
linn é" adeir sí, "agus b'féidir gurb’é an cor is
fhearr a chuir sé riamh de. Mar sin do
bhí. Do fuair sí an lón suas do i gcómhair
an laé umanothar agus d’fhág sé slán agus beann
acht aici agus d’imthigh sé, agus thug sé lámh agus 'fhocalfé
di ’á bhfadadh sé aonní dhianamh amach ná
’á mbuailfeadh aon t-seans leis ná dearmhad-sta
fadh sé í. Mar sin do bhí d’imthigh sé agus
d’fhág sé slán agus beannacht aici, agus bhí sé a’
chuir de. Thug sé aghaidh ar na conndaé-
theacha síos agus ní raibh aon obair a’ bualadh
leis, agus bhí sé an t-ochtmhadh lá sa t-siúbhal
mharbhuightheach nuair a bhuail fear breág
glánta leis a’ cuir a bhóthair de agus do chuir a
sé an cheist chuige pecu buachaill a’ lorg
máighistir é nó mághistir a’ lorg buachalla.
Bhí Seán fásta suas ’n-a strupaire d’fhear
bhreágh óg agus deir Seán gun dócha gur buachaill
a’ lorg máighistir é. Bery well, is maith
mar a thárluig", adubhairt an máighistir, "teastuí
eann do leithéid uaim," adeir sé. "Wery well,
"Seán, "cadé an tiarmha a theastóinn
uait?" "Ó pé tiarma is maith leat" adeirt
a’ maighistin, a dúirt sé, "ar bhfada leat bliadhain
sé. "Dóigh mhuise" adeir sé, "do b’fheárr
liom leath bhliadhainn, ach ar nóin is dótha
gurb aonní amháin é" adeir sé, "go bhfuilim -
táim a’ lorg íos le fághaltas aimsire
a’s ní raibh sé a’ bhualadh liom, agus má
tán tú id’ mháighistin mhaith", a deir sé, "b’fhé
gur samhal ba gharnid liom an bhliadhain
agat." "Well," a dúirt sé, "tá muarán buachaill
siúbhalta orm-sa," adeir sé, "agus ní raibh aon
dimbuidheachas ag ao’ bhuachaill fós orm
ach n’fheadar cadé an scial a bheidh agat-sa
deir sé, "go dtí go mbeidh triaill againn féin ar
a chéile. Sé an chiad cheist a chuirfead-sa
aghat-sa", ar seir sé, "tá tuarastal liúnach go
maith agam le tabhairt duit ach fáin caithfir
ga’ h-aonní ’iarrfadh ort do dhianamh." "Ó
is dócha," adeir sé, "gurb é sin meón a’ mháighistir
riamh" adeir sé, "go gcaithfidh a’ buachaill pé nídh
adiarfaidh sé leis do dhianamh mar a
mbeadh rud éigineach bunoscionn ar fad
un. "I ndómhnach mhuise b’fhéidir", adeir sé, "go
gcuirfinn-se rudaí bunoscionn chúghat, go
n-iarrfainn ort é agus mar a ndinir mar
diarfad-sa leat," adeir sé, "beidh deine ’gainn le
’n-a chéile agus díolfaidh mé thu d’réir mar a
bheidh tabhartha ’gat, agus ’sé an tuarastall atá
agam-sa le tabhairt duit a gcionn na bliadnam
deich bpúint agus dachad." "Níl aon locht in-ao’
chor ar a’ dtuarastal air Seán mar a mbire
tó-dhian ar fad orm." "Ní bhead-sa dian í
n-ao’ chor ort," adeir sé, "ach caithfin ga’ h-aonní
a dhianfadh leat do dhianamh." "Seadh, an
ndóighthir triallfaidh é go h-áirithint",
dúirt sé. Chuadar abhaile is i ndómhnach nuair
a chuadar do bhí suipéar maith rómpa agus
tig brothallach agus leabaidh mhaith chun codlata
agus ar maidin amáireach nuair eirigh sé bhí
broicfeast maith ollamh do agus d’ith sé é agus bhí
sé ana-shásta leis féinig - codail sé an oidhche
go maith agus chonnaic sé gur tig biadhmhar
brothallach é. Seadh! 'dianamh ar a’ dá uair
iag astoidhche ’máireach, adeir sé - bhí beirt de
bhuachaillíbh eile un - dúirt sé leó dul san áit seo
d’áirithe go diméin a’ duin’ uasail agus na cheithre
cínn de chaoire a b’fheárr a bhí ann do
tabhairt leó go rabhdar a’ rith as feóil.
Is dócha go raibh an bheirt eile bhuachaillí níosa
sinne ná Seán nó níosa shia sa tig agus ní
Dubharadar mhaithin ná caithínn ach, "ragham a’
máighistir", adubharadar, agus is dócha gur imíos-sa
p toileannach i n-aénacht leó - gun imthig
Seán go toileannach i n-aénacht leó- agus do
thugadar leó na ceithre cínn de chaoire a
b’fhearr do cheapadar do bhuail leó as ciad
go-leith cuíora bhí ann agus do mharbhuíodar
iad agus do bhuinneadar a’ croiceann díobh
agus do chrochadar suas iad agus ní misde dhuit-se
reádh ná gur dheas é fiachaint orrtha thréis
a’ croicinn a bhuinnt díobh - go m’fhiú smut
díobh ’ithe. Chuadar a chodla a’s d’eiríodar
ar maidin amáireach agus níl dabht ain ná fiadfí
aon locht fhághail ar a’ mbroicfeast a bhí
rómpa ar maidin amáireach agus d’imíodar
a’ dianamh ga’ h-aonní do theast
máir
ghistir go dtí go dtáinig aimsir
istoidhche agus adeir sé leó go gcaithfidís
agus
a
capall so áirithe.
"Déis
dul agus an capall so áirithe do ghoidh ó’n duin’
uasal agus é bheith chun an aonaig seo bhí ag
ofráil tamall slíghe ó bhaile uatha. Do dhéin
eadar agus do thugadar leó an capall agus do
fuair bheirt aca ollamh ar imtheacht leis
a’ gcapall agus an capall do dhíol agus do dhinea-
dar agus do bhíodar istigh chun an aonaig i
n-am ar maidin, agus ní rabhdar i bhfad
istig nuair a bhuail ceannuightheóir leó
agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad a bhí uatha ar
a’ gcapall. Dúradar go raibh an oireadh san-
rud éigineach os cionn trí fichid púnt. Is
ró-gheárr go raibh ceannuightheoir eile ar a
a’ gcapall agus go raibh triúr aca ’á bhuinnt
a chéile, agus Seán a b’é an tara buachaill é.
"Níl aon órdú agat-sa" adeir Seán, leis a’
mbuachaill a bhí istig roimis- "níl aon
irdú agat-sa an capall san a dhíol ó m'athair
dúrsé, "mise an fear a cheapadh - a cuireadh
mar chúram air - an capall san do dhíoll",
"Isé, "agus ní dhíolfair is aon trí fichid - ní dhíol
fainn-se an capall san ná aon órdú
agat chuige", a deir sé, "gan ciad púnt." "Cadé
sin agat ’á rádh?" adúirt a’ chiad cheannuightheoir.
"ca’ ’n-a thaobh nár phreagrais mise."
mar sin níor chuala thu", adeir sé, "agus ní
rabhas tagaidhthe suas i n-am" adeir sé, "agus níl
aon cheadh aige seo an capall a dhíol ach fáin
agam-sa", agus bheir sé ar cheann ar a’ gcapall
croth sé an fear eile as agus dúirt sé leis
ordú 'athar a bhreith amach. "Ó, tá an ceart
agat" adúirt a’ buachaill eile, ag imtheacht ó’n
gcapall ar fad, "agus ní dhíolfar an capall
san gan ciad púnt. "Ná din" adubhart an tara
cheannuightheóir, "ach tabharfad-sa cheithre fichid
an
dhuit ora. "Ní tharfadh", a dúirt sé, "mar is
fiú níos mhó an capall ná mar iarras air
ain
uightheóir Agus An Droch bhean Tíshe
t-
'
"Tá scéillín beag gearrid amháin agam a bhuin
reas le h-ár Slanuightheóir agus - ciad moladh go
deó leis - agus leis an Mhaighdean Mhuire nuair a
bhíodar a’ siúbhal rómpa ar a’ saoghal so.
Bhíodar aon oidhche amháin - nó aon lá amháin -
a’ siúbhal rómpa fé mar a bheadh aon duine
bocht, agus seadh bhíodar, agus lá dosna laétheannta
dóibh bhí an oidhche a’ tacht orrtha agus do loirg-
íodar óstuíocht ar lánmha óg agus má dhineadar
ní bhfuaireadar é - an óstuíocht an oidhche - ach
sa deire dúirt a’ fear leo go gcaithfidís- go bhfág
fadh sé istig iad an oidhche sin. Nery well,
is dóigh i ndomhnach do tháinig a bhean isteach
pé áit amuich do raibh sí, níor lobháil sí
dóibh bheith istig, adeir sí leó ná raibh aon
t-slíghe aici dhóibh agus go gcaithfidís bheith sa
t-siúbhal. B’éigin dóibh imtheacht orrtha sa
a
aige ná tabharfadh an ball eile agus do
bhíodar mar sin a’ cuir díobh agus a’ dianamh
go h-áluinn, agus Seán i mála an t-snáit gil ag
an máighistir agus age’n mháistreás agus is geárr
go bhfuair sé an ceann a b’fheárr an na
buachaillí an fad gurb’é an fear a bhí
artha amach an ga’ n-aonní dianamh é, go
raibh aon mhaith un, agus bhíodar a’ cuir díobh
man sin go ceann tamaill mhaith go dtí go
ndeir an máighistir lá ’osna laétheannaibh ná
uair.
oidhche ’osna h-oidhcheannta le Seán a
a an fio
aoin go gcaithfeadh sé a leithéid
seo a dhianamh do - leog Seán ain i gcaitheamh
na h-aimsire leis a’ máighistir go raibh
fhios aige - fios ga' h-aonní aige - agus ná raibh
aonní dianta ar fuaid na h-áite na go
raibh chúntas aige air. Seadh, a sheáin", ar seirt
sé, "ós agat-sa ’tá an fios" adeir sé, "caithfir
a leithéid seo ’dhianamh dómh-sa anois" adeir sé, tá's
agat ca bhfuil tig a’ duin’ uasaill seo, adeir sé
le h-ais a’ ghorrán coille." "Tá’sa go maith,"
adeir Seán, adeir sé. "Seadh ’nois", a dúirt sé, "caithfir
an bharlín atá fútha-san agus iad ’n-a gcodla
anuas air, é féin agus a bhean, caithfir a bharlín
sin a thabhairt chúgham-sa", adeir sé, "nó ní bhfaghe
ain aon tuarastall uaim." "Ó, go réi’ Dia-
dhúinn" adeir Seán, "tá san chruaidh go ba leór",
dúirt sé, "agus cadé an mhaitheas dom fios a bheith
agam chun é sin a dhianamh!". "Ó, d’fhiadfadh
fheor feasa muarán a dhianamh", adeir a’ mháigh-
istir. "Ó sin í an fhionainne" adeir sé, "go bhfuil
é sin
an ráidhte le seanndacht go bhfiadfadh fear
feasa muarán do dhianamh" adeir sé, "agus dian-
faidh mé é sin leis," adeir sé - adeir sé leis féin ná
raibh aon mhaitheas do an droch-fhocal a
bheith aige. D’imthigh sé go toileannach tímpal
aimsir chollata agus do chuiread corp a’ lá
san-fhear a bhí cóngarach go maith dhóibh
strupaire d’fhear óg - agus deir sé - chuímhnimh sé
an plean - dá mbeadh sé sin aige agus é scaoileadh
síos an simne sa t-seómra go raibh a’ máigh-
istir agus a’ mháistreás ’n-a gcodla go m’fhé
go mbuinnfeadh sé preabh asta agus go bhfiad-
fadh sé seirt éigineach ’fhághail ar dhul
isteach, a a mhalairt de shlíghe ná fiadfadh
sé dul sa tig, go raibh a’ tigh sin iadta
oir finneóg agus dorus agus an máighistin in’ fhear
thapúil laidir agus arm aige 'á mbrisfeadh sé
ire finneóig gur samhal a lámhachfadh sé é.
d’imthigh sé agus do fuair sé rámhan agus sluasadh
agus d’oscail sé an uaig agus do thóg sé an corp
do chuireadh a’ lá san agus do bheir sé leis é
go dtí tig a’ duin’ uasail agus níorbh é sin a
ih annsan ach connus a chuirfeadh sé
isteach a’ corp. Bhí sé ’á chuímhneamh ’á mbeadh
sé i mullach a’ tíghe ’ge go sgaoilfeadh sé síos
é - bhí'os aige cá raibh a’ simné- a’ dul chun
a’ t-seómra go raibh anmáighistir ’n-a chodla
agus do fuair sé tiad mhuar fhada agus do cheangail
sé an tiad tímpall a dhá oscail agus tímpal a
mhiringíl agus - an chuirp - agus shleamhnuig sé in-áirde
tre falla nó thre slíghe éigin, agus chuaidh sé
in-áirde ar mhullach a’ tíghe, agus do dhírigh sé
ar a’ gcorp a tharrac in-áirde agus i ndómhnac
má dhírig, n’fhiadfadh sé an corp do tharrac
in-áinde, bhí - thugadh sé leis é go dtí go stopadh
slínn a’ tíghe é an theacht aníos. Caith sé
imtheacht agus teacht anuas arís agus dhá píosa
adhmuid ’fhághail agus iad a leogaint a gcoinnibh
faobhar a’ tíghe agus leath-síneadh ’thabhairt dóibh
amach agus a’ corp a tharrac suas ar a’ dá
phíosa mhaide agus do thug san a’ corp annsan
in-áirde ar slínn a’ tíghe, agus nuair a fuair
sé tarrainghthe de dhruím faobhar a’ tíghe é,
ní raibh ao’ mhoill ’á bhreith in-áirde ar
mullach a’ tíghe agus do scaoil sé síos i ndiaidh
a chos é, agus is dócha nuair a bhí an corp
ag imtheacht síos an simné gur dhin sé
ana- phothram agus do dhúisig sé an máighistir
agus nuair a bhfaith sé an glór iachtach nó
cad as go raibh sé a’ teacht, agus d’eirigh sé
agus do ghlaodhaig sé ar bhean a’ tíghe agus deir sé
go raibh rud éigin a’ teacht anuas an
simne, agus ba ró-gheárr go bhfeaca sé dhá
chois an fhir agus d’imthigh sé agus chuaidh sé pé
áit go raibh reoluer a bhí aige agus ládail
sé é agus dhírigh sé an bheith a’ gabháilt de
phléaraibh un chómh tiubh agus do b’fhéidir leis
é go dtí gur cheap sé go raibh sé marbh
aige, agus bhí an fear ’n-a sheasamh- a cheann
istig sa t-simne agus a chorp agus a dhá chois san
áit go raibh a’ teine. "Dherú tá sé marbh le
fada ’gat", adeir a bhean. "Dherú tá", adeir sé, "chómh
marbh le móin anois, ’á láimhseáil, "tá sé
cómh fuan" adeir sé le - gheallaim dhuit go gceapfá
go mbeadh sé marbh le seachtmhain!". "Ó, ní
n-úngna san", adúirt a bhean, "agus a bhfuil de
pléaraibh cúrtha agat un. Bheir sé air
do tharraing sé chuige é agus - "samhal a cheap
an t-alfraith", ar seisean, "an tig a robaill, is dócha
is a raibh un a marbhú "Cad a dhianfair
leis anois" adeirt bean a’ tíghe. Ó, cad a dhianf
ainn leis" adeir sé, "ach é thógaint liom amach
agus é chun i dtaobh éigineach. Tá's agat ná
fuil ao’ ghnó agam ’á fágaint annso i
gcómhair a’ laé máirig - 'a bhficfeadh aonne
é nó ’á mbraithfí é", adeir sé, "is amhal a
tógfí mé leis. "Ó, is dócha," adeir bean a’ tíghe
gur b’shiné an ceart" Bhí Seán a’ faire
an ga’ h-aon chor ’ár chuir sé dhe agus is ró-
geárr gur bhraith sé ’á tharrac an dorus
amach é agus an tiad aige air. Nuair a bhí sé
tarrainghthe amach thar dorus aige, d’fhíll sé
agus do tharraing sé an dorus ’n-a dhiaidh agus d’fhair-
sé é cé ngeóbhadh sé leis.
de.
tosach fithe
go
d’fhair sé é go dian go dtí gur bhraith sé an
sluaisteáil sa gháindin agus d’aithn sé gur a’
dianamh uagha ’bhí sé. is ndomhnach adeir Seán
leis féin ná raibh aon ghnó a’ moilliúghadh
aige, gur bhaoghalach go mbeadh job aige ar
a’ mbairlín do bhreith leis. Chuaidh sé sa
t-seans imtheacht isteach agus dul go dtí seómra
na leaptha agus do shuidh sé ar fhaobhan ná leaptha a
"Dherú cad a dhinis ó shoinn", adeir bean a’ tíghe, a
"Dherú cad a dhianfainn," adeir sé, "ach dhineas
sórt uaga dho" adeir sé, "is chuireas sórt
chlúdaig air go dtí amáireach, agus ar ndói-
ghthir nuair a thagfaidh a’ lá ’máireach,"
dúirt sé, "b’fhé go bhfiadfaimís rud éigint
a dhianamh. Dhird isteach uaim," a deir sé, "táim-
leathta," adeir sé, "sínnfidh mé go fóil, do
dhrid is dócha agus bhí sé a’ fuirseadh agus ag
úmpaill go raibh fuacht air agus - go dtí i
ndómhnach gur chuímhnimh sé ar bhreith ar
bhean a’ tíghe, agus bhíodar a’ cuir díobh mar
sin agus is sin mar is mó a dhírigh sé ar
bheith a’ tómhach na barlíne go dtí, dan
i
is féin go raibh a bharlín curtha síos
i
i
go dtí íochtar na leaptha. Stad sé ar feadh
tamaill fiachaint a’ raibh sé siúrálta go
raibh an bharlín curta ar leath-taoibh aige.
fuair sé amach nó bhraith sé go raibh agus b’fhéidir
sé, "go m’fhearra dhómh-sa dul amach", adeir sé
agus ní móide gur chlúduígheas ’n-a cheart é",
air sé, "agus fághaltas eile cré chuir ain" adeir sé
ar eagla go ngeóbhadh aonne an t-slíghe shar
a n-eireóinn ar maidin." "b’fhé’ gurbh shiné
an scial a b’fhearra dhuit a dhianamh", adeir sí
"b’fhé’ gur thairbhfíghe dhuit é sin ná an obair
atá ar siúbhal agat" "Alright" adeir sé a’
fuiseadh arís agus bhraith sé fiachaint a’ raibh
a’ bharlín i gceart aige, agus i ndomhnach do
bhailbh sé leis a’ bharlín go h-áirithint é i
bhfochair - seo é a’ chuir air chuid d'á chuid
iadaig agus do bhuail sé an bharlín fé ’n-a
chusóig, agus nuair a fuair sé an bharlín bailighthe
suas ní misde dhuit-se rádh ná raibh sé i
bhfad a’ cuir a bhróga air, agus bhí imsníomh a
dóithin air ná feadair sé cad a thabharfadh
a’ máighistir isteach, agus d'á mbiarfí istigair
go dócha go raibh sé ar mharbhíbh a’ domhain
aige. Away leis agus ’tharraing sé an dorus
’n-a dhiaidh agus tháinig sé abhaile chun a mháighistir
"Seadh, a Sheáin." adeir a’ máighistir, "ar dhinis
mar dúirt leat?" "Dherú ar ndóighthir tá’s
agat, a mháighistir" adeir Seán, adeir sé, "nárbh
ao’ bhother domh-sa an rud a dúir ais-se liom
sa do dhianamh. Do dhineas agus tá a chómha
le ’n-a chois agam," adeir sé, "tá an bharlín
annso ’gam le tusbáint duit," adeir sé, "agus
geallaim dhuit gur thugas-sa liom í sin
gan ao’ bhother i n-ao’ chor." adeir sé, "agus seo
dhuit í, pé úsáid is maith leat a dhianamh
di Mar sin do bhí. Tháinig an mháighistir
isteach is dócha fé cheann dá uair a chloig
’n-a dhiaidh san agus do bhí an corp curta
aige agus é go sásta agus go socair, agus do chuaidh
sé a chodla agus is docha nár throm-suain
d’aonne de’n bheirt aca go raibh scannra
agus scathallach orrtha thréis an mhuidail a
a bhí dianta aca dár leó féin, ach ba
chuma leó ó’n uair go raibh an bithúnach
marbh aca, go dócha go marbhóch sé é
éin nó go ngoidfeadh sé a raibh sa tig, bhí
Seán a’ cuir de go h-áluinn mar sin, agus
nuair éinig an máighistir amáireach, is
dócha gur eirig a’ máistreás ’n-a dhiaidh
agus amach i lár a’ laé do chóiríoch sí an
leabaidh i gcómhnuídhe agus ná fuair sí an
mhiosail sí an bharlín - adubhairt sí gur ghoibh
a bharlín fán éigin. "Dherú cá ngeóbhadh
sí," a dúirt an mháighistir, "ach tu ’á chuir i
leath- taoíbh i dtaobh ná fuil ao’ chuimhne
agat." "Dherú ná fuil cuimhne mhaith agam"
isí, "an bharlín a chuireas ar an leabaidh
aréir," adúirt sí, "níl aon tuairisg indiu
air, agus ní h-é" adúirt sí "ar ndóighthir n’fhia-
dfadh an fear mharbh í bhreith leis, ar nóin
bhí sé marbh agat-sa sar ar tháinig sé an
simné anuas i n-ao’ chor." "Ó, níor bheir
a’ fear marbh aonní leis," adubhairt an máighistir
mar a mbeadh aon phower eile ’ge go mbiar
fadh aonn’ eile leis barlín a chuirfeadh sé
tímpal air - ar an diabhal seóidh a bhí agam-sa
tímpal air a chuir sa chré," adeir sé, ach a
croiceann." "Ó, goidh duin’ éigineach a’
t-siúbhal a’ lorg arís agus bhí an oidhche a’ breith
ortha agus chasadar ar a sáil arís chun - tar
n-ais chun dul chun tíghe eile. T’réis casta
dhóibh ’seadh bhí fear a’ tíghe nár thug a lós
tuíocht - nó ná fuaireadar an lóstuíocht - an
t-óstuíocht - fé chlár marbh istig. Chuadar
isteach go dtí an dorus agus d’fhiach an Mhaighdean
ghlórmhar isteach agus chonnaic sí é sinte istig
mharbh. Dúirt sí leis a’ Mac: "Faire a Mhic", ar seisean,
"godé seo mar obair dianta, an fear breágh
nár eitig sinn agus thug óstuíocht na h-oidhche
dhúínn agus a’ bhean bhorb adeirt linn bheith amuich
ná raibh aon chúram aici dhínn. Ca’ ’n-a thaon
gur dhinis a leithéid seo?" "Do dhineas é
seo ’mháthair mar n’fhiadfadh - n’fhiadfí bean
adubh ar a a
t
tá chrádh riamh) níos mhó ná a comráda maith
a bhí aici a bhreith bhuaithi agus siné an bhrígh
Sodh
'tá leis a’ méid seo," dhaoine cn
fudó un ag ínnsint a scéil sin
eile scéill a bhuinneas leis ní
anois.
liteáin
[dhéin
a deir sé, "chúig nó sé bliadnaibh ó shoin agus níl
aonne sa bhaile ’ci anois ach cúigear
gearra-chaillí agus níl aonne ’ea san ábhal
ar aonní dhianamh sa phíosa talún atá
againn agus níl ao’ mhaith innti féin is
níl ao’ mhaith innti ó cailleadh mh'athair
agus caithfidh mé dul abhaile go h-áinithint é,
adeir sé, "chun a’ méid sin airgid a thabhairt
di." "Dóigh mhuise ’á gcuirfá i n-úmhail
dómh-sa é sin a Sheáin." adeir sé, "tá
bliadhain ó shoin do thabharfainn ga'
h-aon phingínn de dhuit le tabhairt-le
breith abhaile chúichi." Seadh, ní dhianach
a’ mhaith aon uair, a máighistín, adeir Seán
eir sé, "agus táim ana-bhuidheach díot." "Táim-se
dhíot-sa leis," adeir sé, "agus má's féidir leat é.
isé, "ná cuímhnimh ar mise ’fhágaint."
"Ó, níl aon locht agam ort", isé, "ó fuaireach
aithne ort agus bheinn go h-olc ’á bhfaighinn
agus tagfad-sa chúghat arís, ach is maith a
dóigh," a deir sé, "go dtabharfaidh mé seachtmhain
sa bhaile." D’imthigh sé abhaile agus do bheir
sé leis a dheich púint agus dachad agus thug sé
ga’ h-aon rail de do’n mháthair agus is dótha
go raibh a’ mháthair go buidheach de go h-áir
ithe, gur mhuar an pull airgid deich
púint is dachad do thabhairt di i n-aénacht,
"agus má bhuanuíghtear mise", adeir sé, "agus go
rithfidh Dia mo shláinte liom", adeir sé
"n’fhicfir-se aon lá go bráth arís", "i sé,
"níos fear isé an lá ’fhágas tu agus geall
aim dhuit, le cúnamh Dé," adeir sé, "gur
geárr go mbeidh síntiús eile agam-sa,
dhuit" "Ó ar ndóighthir, a Sheáin", a dúirt sí.
"is fada a dhianfaidh a’ méid seo an
cúigear againn - an seisean againn!" "Ó
ná bíodh aon spáráilt agaibh ar aonní, "i
sé, "agus itidh agus ollaidh agus má ritheann Dia-
mo shláinte liom-sa, ní bheidh aon easnamh
orraibh, agus beidh mé a’ fágaint slán agus
beannacht agat arís agus táim a’ dul fé
dhéin an t-seana mhaighistin arís ach
nílim siúrálta a bhfanfaidh mé aige,
ach pé áit go ngeóbhad ní dhearmhódfaidh
mé tusa. B’fhé gur go h-áit a b’fhearr
a raghainn", adeir sé. D’imthigh sé agus do tháinig
sé thar n-ais arís chun an t-seana
mháighistir agus bhí sé ann ar feadh dó nó trí
laétheanna agus fáilte ’gus fiche ages ga’ h-aonne
tímpal na h-áite dho - bhíodar ana-cheanúil
air agus thaithn sé ana-mhuar leó, agus go spéis
ialtha leis a’ máighistir agus leis a’ máistreás
lá ’osna laétheannaibh do bhuail teidhe é
go raghadh sé fé dhéin a’ duin’ uasaill go
m’fhé’ go dteastóch a leithéid uaidh, agus do
leog sé amach i gcaitheamh na bliadna roime
sin go raibh a’ fios aige. Bhuail sé
duin’ uasail lá ’osna - i gcionn sí
nó ocht lá - agus d’fhiafraigh sé dhe a i
tóch buachaill uaidh.
deire fiteáin is).]
"Teastóch go maith," adúirt sé, "'á mbeadh aonní agam
a dhíolfadh a’ buachaill agus níl mar tá ga’ aonní
’á raibh agam a dhíolfad é goididhthe sladaidhthe
uaim," ", ní bheithfá mar sin", adeir Seán, "á mbe
in-se agat." "Cad a dhianfá-sa dom?" adeir an duin
uasal. "Ó Do dhianfainn go maith," adeir sé, "imbás
níor chualaís go bhfuil fios agam-sa." "Do chuala
trácht éigineach thairis" adeir sé, "ach ní chreidim é."
"Ó, creidh é," adeir sé, "agus má thógann tú i n-aimsir
mise," adeir sé, "agus go dtabharfair tuarastal liúnach,
dom, ná bíodh aon eagall ort", adeir sé, "go ngoid
fhear aonní uait faid a bhead-sa agat, mar
tá's aca go diaill mhaith", adeir sé, "go mbuailfinn-
sé mo mhiar amáireach ar an t-é ghoidh é,
agus tá’s ages ga h-aonne tímpall é sin go maith",
Dúirt sé, "agus níl aonní ghoidhidhthe uait-se", adeir sé, "le
muaran bliadhanta ná ’neósfainn duit ga
h-aon gheil’ - ga’ h-aonní riamh ’ár ghoidheadh
uait." Do ghoideadh é seo is do ghoidheadh é siúd'á
d’áirimh sé dho, cé bheir leis é is cá raibh na
bithúnaig is- "Ó, beirim-se go deimhin, a
Seáin," adúirt sé, "gur tusa an feac ceart!",
"Agus má ghoididhthear aonní uait-se", adeir sé
"I gcaitheamh na h-aimsire bhead-sa agat,"
díolfad-sa tu as aonní goidfear uait."
"Ó go deimhin amhuise má tá san amhlaidh,"
dúirt sé, "fiadfad-sa tuarastall 'liúnach a
thabhairt duit-sé," a dúirt sé. "A’ mbeithfá sásta
le ciad púnt" adeir sé, "thabhairt duit ar feadh
na bliadna ar go dtabharfair geallúint
cómh-sa má ghoididhthear aonní uaim go ndíolfair
as "Ó, tá san siúrálta" adeir sé, "a bur uan
pocháin a ghoidfí uait" adeir sé, "go ndíolfad-sa
as." "Wery well," a dúirt an mháighistir, "fan annsan
go nglaodhfaidh mé ar an mháistreas agus go
meósfaidh mé an cúrsa dhi." D’imthigh sé
isteach agus do ghlaodhaig sé amach ar a’ máistreás
agus d’innis sé dhi cad iad na coingíll agus cad iad
na cúrsaí bhí ’dir é féin agus Seán agus godé mar
sórt duine é. "Dherú," a deir sí, "imbás", agus sí, "tabh-
arfair é sin do gan ao’ bhalther!" Bhí sí sin
ana-thoileannach agus thabharfadh sí ciad go-leith
do. "Well, táim sásta leis a’ gciad," a dúirt sé
agus má ghoidhidhthear aonní uait-se ar feadh na
bliadna, adeir sé, "díolfad-sa tu go maith as
aonní a ghoidhfear, agus ná bíodh eagall ort",
arsé, "go ngoidhfear, mar tá’s aca go maith
go mbiarfainn-se orrtha! ’á mbeithfá a’ gabháil
chúcha amáireach agus iad féin agus na h-ainmhidhthe
fhághail tógtha." Mar sin do bhí agus bhíodar
lán d’áthas. Bhí Seán ag obair tímpal na
h-áite agus a phágh ag eiriúghadh go maith dho agus
biadh agus deoch aige agus saoghal breágh ’ge. Ní raibh
aon obair oidhche air ach ó ’n-a sé a chlog ar
maidin go dtí ’na sé a chlog tráthnóna, agus
imtheacht pé áit gur mhaith leis é annsan agus
nó dul a chodla. Bhí sé a’ cuir de mar
sin go dtí go dtáinig duin’ uasal muar ó’n
bhfrainnc agus thagadh sé uair sa mbliadhain
i gcómhnuidhe go dtí tig a’ duin’ uasaill seo
pé clamh a bhí aca féin ar a chéile agus ní
raibh a’ duin’ uasal le fada de bhliadhanta
roime sin chómh fáiltheach roimis agus do bhí
sé agus chómh h-áthasúil. Bhí seán le cheithre
mhí ’ge agus níor ghoidheadh ainmhídhe cheithre gcos sé
uaidh, agus níor bhfada bhí an duin’ uasal
aige nuain a mis sé do chonnus mar a
bhí sé a’ cuir de, agus go raghadh sé i n-óige
arís go raibh an ghadhuíocht stopaidhthe, go
bhfuair sé buachaill ó Chiarraíghe go raibh
fhios aige. "Ba mhaith liom é ’fhiscint", adeirt
a’ duin’ uasal. "Ó, is ró-gheárr go bhficfir
é" a dúirt sé, "beidh sé a’ teacht isteach chun a
dhinéara. Tá sé ag obair sa pháirc seo
dh’áirithe," adeir sé, "agus beidh sé a’ teacht isteach a
landan arla
chun a dhínéar anois Glaodhadh chun dínéir é
ar Seán agus sar ar shuidh sé chun an dínéara, do
chuir a’ duin’ uasal - ghlaodhaig sé air is dhin
sé introduching air d’fheor na Frainnce. Ní
bhfuair fear na Frainnce aon locht air, prea
baire d’fhear deabhratach go maith a b’eadh
Seán a’ caitheamh dá bhliadhain uaidh is fiche.
nó trí bliadna agus fiche. Seadh, bhí tamall
eile - pas aighnis eile aige t’réis dínéir leis
agus i ndómhnach do bhuail sé chuige amach sa pháire
tráthnóna can fhiscint connus a bhí sé a’
chuir de, agus bhíodar a’ seanachaidheacht agus do tháinig
sé isteach chun an mháighistir. "Dé, an diabhal
fhios aige siúd" adeir sé, "ach chómh beag is tá agam
sa!" "Ach mo thruagh thu" adeir an mháighistir. "Tá
an fhios aige," adeir sé, "agus níl aonní goidheadh
uaim-se" adeir sé, "le bliadhain agus fiche nár
Do
'nis sé é ghoidh é, agus cár bheireadh uaim é agus
cadé an sórt é, 'dir bhó agus cuiorra agus capall
Ní chreidfhinn fochall de" adeir sé, "agus chuirfinn
geall leat", a dúirt sé, "ná fuil aon fhios aige.
"Ó, chuirfinn-se ao’ gheall leat-sa", adeir an duin
uasal go bhfuil." "Bery well anois" adeir sé
"cuirfeam gairm-scoile amach - indiu a’
luan", adeir sé, "go mbeidh dínéar muar annso
astoidhche Dardaoin, agus tabhair-se leat aon
frtend atá agat, agus ní thabharfad-sa chúghat a
deir sé, "ach fáin - tá triúr daoin’ uaisle
tímpall annso" adeir sé, "thaithneann ana
"An
mhuar liom agus tabharfaidh mé cuireadh an
dínearra dhóibh sin - tagaidís nó fanaidís-
agus díolfad-sa as an ndínéar," adeir sé, "ní
cuirfidh mé raol ná pinginn de ort-sa,
ach cuirfidh mé ciad púnt leat", adeir sé, "ná
fhuil aon fhios ag Seán." "Chuirfead-sa leat
é" adúirt an duin’ uasall. Dhaingníodh síos an
gciad púnt agus chuireadar gairm-scoile amach
go mbeadh a’ dínéar muar so ann Dardaoin
D’iarr sé sin a thiúr féin agus d’iarr an
duin’ uasal pé well - isher a bhí timpall sé
na h-áite - pé duine a b’fheárr leis- ar
shlíghe go raibh oidhche muar le bheith ann agus
do bhí sí ann, agus bhí ithe agus ól agus is dócha oidhche sí
mhaith le beith un, agus do bheirbhígheadh chúig
sórt fealla, agus ar a’ gciad bhórd, leis an duin a
uasal agus le duin’ uasal na Frainnce, agus leis
a’ dtriúr daoin’ uaisle eile seo go raibh
1) duin’ éigin a bhainn leis féin - aon chara ná duine muímthearda
do, ná aonne go mbeidh aon mheas aige áir.
"beidh a well ntheais
fáin age sin ’ionne go mbeadh post ná aonní rar a ionnidh aig.
maith leis é thabhairt do shin’ aign a
féin
cuireadh aca ó dhuin’ uasal na Frainnce, do
shuidh Seán, agus cuireadh ar ceann de’n bhórd é.
ar aghaidh duin’ uasal na Frainnce, agus is chuige
do chuireadh a’ chiad plátha feóla go raibh chúig
sónt d’fheóil bheibhighthe un, agus smut d’fheóil
mada ruaidh ar bharra an phlátha, agus go gcuir
feadh duin’ uasal na Frainnce geall le deán
ná h-aithneóch sé feóil a’ mada ruaidh thar an
sórt eile feóla a bhí curtha ar a’ bplátha.
Bhí Seán a’ fiachaint ar a’ bplátha agus a’ fiach
aint ar a’ bhfeóil agus imáníomh a dhóithin air
ac i ndómhnach, fear ana- mhisiúil a b’eadh
é, agus deir sé leis féin ná raibh ao’ mhaitheas
do bheith a’ fághail bháis os cionn a’ chúrsa
agus gur dócha go raibh beirta air sar ar chuir
sé dhe riamh, agus do tharraing sé isteach a chathaoir
agus d’fhiach sé ar a’ bhfeóil agus d’úmpaigh sé ’dir
mhairt feóil, muic feóil, caoir’ feóil, agus bhí
sé ’á gcuir thre ’n-a chéile, agus do tharraing sé
é féin le chéile go fearúill: "Ó, sean-fhocal
atá ráidhte, a mhic ó - pé teidheall a thug sé
do dhuin’ uasal na Frainnce - d'á faid a
bíonn a’ rith leis a’ mada ruadh go mbeirtear
sincann.
oide
-
nántacht Uíbh Ráthaigh
"Micí Seáin Dáith Agus An Mirce.
as Ca botha an
Seo amhrán a bhí coithchianta ar fuaid na h-áite
seo- fear - fudó-fear a bhí thoir annso i gCath
air Samháin’ gurb ainm do Micí Sheáin Dáith a
in é, nó a chúm é is dócha - de Mhuíntir
díothcháin (a b’eadh é) is d’imthigh sé go dtí
imerca go h-áirithe is thosnuig sé is dhin
sé an amhrán so a chuir síos ar aimericá
is an saoghal a bhí ann agus a’ moladh an saoghal
baile tá ar a dtaobh toir de chíll a’ goirtín-ar a dteórainn leis
'ca an seana chathair ann fós agus cuid mhaith eile rian seana
thach. Lá scoill ar a’ mbaile leis - scoil Cathair samhín.
b’fheárr ná Seán." "Ní bheadh aon locht sa
domhan agaim air", adubhairt bean a’ tíghe, adeir sí, "agus fear
áluinn iseadh é, agus táim-se lán - t-sasta leis."
"Well, táim-se leis," adúirt an duin’ uasal, "agus
beidh deire ár saoghail go maith againn ó
ean," adeir sé "an ndóighthir is geárr mara
mbeadh é" adeir sé, "ná beadh lí na léigh ’gainn.
Do phósadh iad, agus is dócha ná raibh aon
dabht air ná go raibh oidhche mhuar - níor fhágadh
aonne tímpal go raibh ao’ mhaith un nár
tugadh go dtí an pósadh, agus siné mo scial-sa
agus má tá briag ann bhíodh.
[leagan neamh-choithchianta de scéal atá ana-
coithchianta ar fuaidh a bhaill seo, iseadh an
leagan so thuas. Tá a thosach ag
ul leis
na leagannaca eile ach tá
deir-
ireach ar fad leis na gná
a M.
deire fiteáin ise.]
Seán Ó Céithig agus Dómhnall Na nGeimhleach
Do chómhnuig fear de Mhuíntir Céithig fudo
ó shoin de shaoghal ar a’ dtaramáin go
1bie
gunn
a tharra