Mode:
The Main Manuscript Collection, Volume 0181, Page 063

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0181, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

dúchas.ie

Transcript

AI
Fear na Cruite agus na Sidheógaí
Bhí seanfhear i gceanntar Áth Cinn
fadó. Chuaí sé go Tuaim lá ar ghraithí
áirí icínt. Thíocht abhaile dhó trathnóna, thit
an oíche air, agus cuiriú amú é a goil anoir
ag bun Chnuic Meadh. Bhí sé ag imeacht trí
na móintí agus ní fhéatach sé a bhealach a dhiana.
Hainic sé solus ar thaobh Chnuic Meadh agus tharrain
sé ar a’ solus, agus cérd a bheach ánn mar bheas
dorus a bhí a goil isteach ag a’ mbruigin. Sheas
sé taobh amuich agus an solus a’ tíocht amach
thrí [osgailt] gon dorus. Chuala sé an cineál
amhrán ar siúl - cineál rann ar siúl ag
na daoine matha taobh istigh, agus iad a’ cuir
le chéile mar bheach cineál rann, dianú
amhrán dó.
Dé Luain ’s Dé Máirt
Dé Luain ’s Dé Máirt
Dé Luain ’s Dé Máirt
Sin é a ru ins an amhrán:
Dé Luain ’s Dé Máirt
Dé Luain ’s Dé Máirt
Dé Luain ’s Dé Máirt
"Seadh," ar seisean, taobh amuich, "agus Dé
Céadaoin.
"Dé Luain ’s Dé Máirt ’s Dé Céadaoin
Dé Luain, Dé Máirt 's Dé Céadoin
Dé Luain, Dé Mairt 's Dé Ceadaoin."
Ó, bhí sé in’ an-amhrán annsin!
"Ach, cá bhfuil a’ fear a chuir a’ fad ar a’ rann?"
arsa ceann acú.
"Tá sé taobh amuich gon dorus," adeir ceann acú
"Tugaí isteach é go bhfeice muid é."
Fosgluíú a’ dorus agus bhí Páidín taobh amuich.
Agus bhí an-chruit air i gcônuí i gcatha an tsaoil.
Thug siad isteach é.
"Seon é anois aguiv é," arsan fear a’ thug
isteach é, "agus hampur go chruit air."
"Bainígí dhó anuas an chruit sin," arsa
ceann acú.
Ghearr siad anuas a’ chruit dó is bhí sé
cho díreach le slat coille.
"Tig leat a dhoil abhailí anois, a Pháidín," adeir
ceann acú. "Ní aithneó do bhean anocht thú
ná na daoiní thímpull na h-áite. Tá tú
'do lad óg aríst."
D’imi le Páidín abhailí, is é cho díreach -
nó is ar éigean a lig siad isteach sa mbailí
é. Níor chreid siad gur b’é a bhí ann chor
a’ bith. Nuair a shiúil sé amach lárnamháir-
each bhí íona ag chuile dhuine Páidín cho díreach
is bhí sé: a’ chruit bainte dhó.
Bhí fear eilí thimpull na h-áite a ru
cruit air. Chualaí sé caint ar Pháidín. Tháinic
sé go dtí Páidín.
"Ara, 'Pháidín," adeir sé, "céard a bhain a’ chruit
díot?"
D’innis sé dhó go ndeachaí sé, go tuaim
's gur cuiriú amú é isteach thrí Chruic Meadh;
go ndeachaí sé ag dorus na Brúighne bhfaca
sé an solus a’ tíocht amach ann. Agus d’inn-
is sé an sgéal dó faoin gcaoi ar chuir sé
fad ar a’ rann, nuair a dúirt sé "Dé Céad-
aoin" 'cuir fad ar a rann; gur thug siad
isteach é agus ghearr siad anuas a’ chruit dó agus
rinne siad cho díreach le slat gunna
é. Sgaoil siad abhaillí é. [Tugann an sgéalaí
ath-innseacht ar chuid den sgéal annseo, i ndear-
mad. Nílim á chur sin síos].
"Racha mise freisin ánn," adeir an dárna
fear.
D’imi leis is chua sé go Tuaim. Chaith sé
an lá ann, go ru sé deireannach air a’ tíocht
anoir ag Cruic Meadh. Thug sé 'aghaidh isteach agus
hainic sé an solus mar a’ gcéanna. Sheas
sé ag a’ dorus. Bhí siad ar siúl istigh leis
an amhrán.
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin,
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin,
iad ar fad ar siúl i n-éineacht.
"Seadh," ar seisean, "agus déardaoin -
Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, agus Déardaoin."
"Ó, tá an rann milltí!" adeir sé "Cá bhfuil
a’ fear a mhill an ránn?" ar seisean.
"Tá sé taébh amuich gon dorus," adeir ceann
acú.
D’fhosgail siad a’ dorus agus tharrain siad
isteach é.
"Tá cruit ar a’ bhfear seo freisin."
"Buailígí suas cruit an fhir eile air,"
ar seisean.
Bhuail siad suas cruit Pháidín air. Sgaoil
siad abhaillí é agus dhá chruit air. Sin é an chaoi
a dtáinic Páidín abhailí is dhá chruit air aríst
an fhad is mhair sé.
Transcribed using automated handwriting recognition technology as part of the Decoding Hidden Heritages project.