Madadh Beag, Goncach, Dubh
Ireland
- Collection
- The Main Manuscript Collection
- Volume
- 0185
- Date
- 2 April 1936
- Item category
- Lore
- Aarne-Thompson index
- AT0425: The Search for the Lost Husband
- Language
- Irish
- Location
- Inishkeel, Co. Donegal
- Kilteevoge, Co. Donegal
- Collector
- Liam Mac Meanman
- Informant
- Máire Ward
- Link
- View entry on dúchas.ie
Mode:

Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0185, Page 239
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
Transcript
AIMadadh Beag, Gunncach, Dubh
Well bhí sin ann fadó shoin agus is fadó bhí bhí
rí ann agus ceahrar nigheanacha. Níl lá ar bith
nach dtéidheadh na nigheanacha amach dá nighe
fhín san fháirrge agus dhá mhaid leófa dá gcoimhéad.
Lá amháin fuaidh a' ceathrar amach dá
nighe fhín san fháirrge. Thainic madadh beag
gunncach dubh thart agus fuaidh sé isteach faoi
dhá chos na mrá ab óige agus d'árduigh sé leis í.
Bhí an-bhuaidhreadh go bráth na déidh ach
deánta aici d'fhiaffruigh se duithi
"Ceocu is fhearr leat ocu-san anois" ar seisean "Ná ugumsa"
"B'fhearr liom ocu an oiche amháin" ar sise "Nó da
mbéinn ugatsa i rith mo shaoil."
Pill leófa 'na bhaile annsin arais go
deachaidh isteach an toighe agus bhí sí annsin annsin
cionn lá agus bliain eile. Nuair a bhí lá agus bliain eile
istuigh annsin rugadh mac óg eile dó.
"Bheirfe me liom a' páisde sin agus fuighe me ar shiubhal
é. Níl graithe againne leis." Thug leis a' páisde agus sin fosta
d'fhág i dteach deirbhshiura eile dó é. Thainic sé
teach an lahar na mhárach agus dúirt se go rabh ádhbhar
"Tá ádhbhar gáire liom iniu chugat" ar sise
"Ó is fada" adeir sí "Ó rinn mise a'n gáire"
"Well tá ádhbhar gáire liomsa iniu ugut" ar seisean "an darna
bean atá ag d'áthair" ar seisean "le pósú iniu"
"Ó is cuma liom" adeir sí "Ní bhéidh me fhín ann"
"Béidh" ar seisean "Ma's airidh ort. Deán réidh" ar seisean "Go dtéidh
muid na bainse"
Rinn réidh agus d'imthigh'n bheirt leófa agus níor stad go rabh
os cionn a' toighe ag árdán beag a bhí ann.
"Suidhe síos" ar seisean "agus deán do scríste"
Shuidhe sí síos agus rinn sí a scríste agus nuair a bhí a scríste
deánta aici
"Ceocu is fearr leat ocu-san" ar seisean "Ná agamsa"
"B'fhearr liom ocu a'n oiche amháin" ar sise "Nó a mbéinn
ugutsa i rith mo shaoil"
Well béidh a shliocht ort" ar seisean "Ní fheice tú anocht iad"
Phill leis 'na bhaile an casán céadhna agus thainic
isteach 'un toighe agus cupla lá 'na dhéidh sin rinn
sise amach. Bhí sean-dall ar a' bhaile go rachad
sí ionnsair a' t-sean-dall go bheicfead sí goidé
bhí air. Fuaidh sí isteach ionnsair a' sean-dall agus
d'innis sí dó go dtéidhead sí fhad leis an árdán.
leis achan lá agus nach dtéidhead sé ní b'fhuide.
D'fhiaffruigh'n sean-dall duithi goidé d'fhiaffruigh
sé duithi nuair a bhíod sé ag an árdán. D'innis
sise dó go n-iaffrochad sé i gcómhnuí duithi ceocu
b'fhearr léihi ocu-san-ceocu b'fhearr léihi aigesan
ná ocu-san. D'iarr a' sean-dall - d'iarr a' seandall
uirthi annsin nuair a rachad sí fhad leis an árdan
arais nuair a d'fhiaffrochad sé duithi ceocu b'fhearr
léihi aigesan ná ocu-san d'iarr sé uirthi a ráit go
a' bfhearr léihi aigesan an oiche amháin nó da mbéad
sí ocu-san rith a saoil.
Bhí go maith 's ní rabh go h-olc; bliain ó'n am sin
bhí mac óg eile ann
"Bheirfe mé liom a' páisde sin agus fuigfe mé ar
shiubhal é; níl graithe ugainne leis."
Thug leis a' páisde agus d'fhág i dteach deirbhshiura eile
dó é. Thainic sé 'un toighe annsin agus deir sé léihi-se
"Tá ádhbhar gáire iniu ugam duit"
"Ó is fada" ar sise "Ó rinn mise a'n gáire."
"Ó tá ádhbhar gáire liom iniu chugat" ar seisean "Tá'n
triomhadh nighean ag d'áthair" ar seisean "Le pósú iniu" ar seisean
"Eirigh do sheasamh" ar seisean "agus deán réidh go dtéidhmuid
na bainse"
"Ó is cuma liom" adeir sí "Ní bhéidh mé fhín ann"
"Béidh ma's airidh ort"
D'imigh léihi í fhín 's í fhín annsin go rabh siad
ag an árdan.
"Suidhe síos anois" ar seisean "agus deán do scríste"
Shuidh sí síos agus rinn sí a scríste.
"Nois" ar seisean "Ceocu is fhearr leat acu-san" ar seisean "ná ugamsa?"
"Ó b'fhearr liom ugatsa an oiche amháin" ar sise "Nó
a mbéinn ocu-san rith mo shaoil"
"Well béidh a shliocht ort" adeir sí "Tcífe tú 'nucht iad
nuair a rachas tú isteach" adeir sí "Na leig do dhuine ar
bith a thrampál ormsa" adeir sí "Bí a' tóirt rudai beaga
feóla damh agus achan rud" ar sise "agus coinnigh in do
ucht mé" adeir sí "agus na leig do dhuine ar bith trampál
orm" "Ní leigfidh" ar sise.
Thug léihi an madadh beag gunncach, dubh
isteach agus leoga bhí beagán luthghair roimpi-se
teacht isteach duith fhín agus do'n mhadadh bheag,
ghunncach, dhubh nó bhí an fhuath ar an
mhadadh bheag ghunncach, dhubh ach ba
chuma chuirfead sise ina h-ucht ar fad é agus
níor leig do dhadaidh theacht dá chómhair.
Bhí go maith; nuair a bhí'n oiche chóir a bheith
caithte. Fuaidh siad uilig í - sin an oiche roimhe
an bhainfheis - fuaidh siad uilig i luighe an oiche
sin. D'imigh'n ceathrar nigheanacha agus a ceathrar
fear i luighe ins a' room. D'eirigh'n mháthair agus
dúirt sí leis an áthair go rachad sí go bheicfead
sí ceocu ocu is dóiúla a rabh fear aici.
"Ó gabh 'steach in do leabaidh" arsa'n t-áthair "Ná bí
gaibhte nó ca bhfuil tú gul"
Ní rabh gair ann; chaithfead sí imtheacht; agus d'imigh sí
choinneall léihi. Fuaidh sí síos na room. Thainic
sí aníos arais.
"Ó eirigh do shuidhe" ar sise "Go bhfeicfidh tú an
buachaill" ar sise "atá ag a leihéid seo" ar sise "A rabh'n
madadh beag léihi ó thainic an oiche. Ní fheaca
tú'n fhear ariamh ar do shúla cinn ní ar dóiúla
ná é"
"Gabh isteach i luighe" arsa'n t-áthair agus fág
annsin iad"
"Chá dtéidhim leoga" aderi sí "Ná dóighfidh mé" adeir sí
"Craiceann a mhadaidh bheag ghunncach
dhubh adeir sí agus béidh sé 'na fhear i rith a shaoil"
Chros a' t-áthair agus ní rabh gair goidé dheánfadh
an t-áthair: d'imigh sí agus thug sí léihi craiceann
beag a mhadaidh agus chuir ar chúl na teineadh é.
Cheud crack a rinn sé moitheadh sa Dómhain
Thoir é. D'eirigh seisean nuair a mhoithigh sé'n
crackál cómh tiuth agus thainic leis agus chuir air a
chuid eudaigh agus amach ar a' daras. Ach ba
mhaith a' mhaise sin duithi-se ní rabh sí bráth
fuireacht 'na dhéidh. D'imigh sise amach na dhéidh
cé bith bhí 'na corp fosta. D'imigh'n bheirt leófa
go rabh an tranóna ann. Nuair a bhí'n tranóna
ann, d'fhann sé léihi.
"D'iarr mé ort" ar seisean "gan a bheith mo dhéidh" ar seisean"nach
rabh gair duit ann" ar seisean "Nó nach dtiocfadh leat" ar seisean
"Cos a choinneall liom."
ar sise
"Well is cuma liom" ar sise, "Béidh mé do dhéidh"
"Well gabh 'steach ins a' teach gheal-adai thall
anocht" ar seisean "agus d'iarr loisdin gheall ar a mhadaidh
bheag, ghunncach dhubh" ar seisean "agus gheobha tú é"
Fuaidh sí isteach ins a' teach gheal a bhí thall agus
d’iarr sí loisdin gheall ar a' mhadaidh bheag
ghunncach dhubh agus fuair sí é. Bhí gasur aníos agus
síos fríd a' teach agus siosúir bheag leis ar fad agus rud ar
bith bratógach a thcídhead sé gheárrad sé giota
beag do leis a' t-siosuir. Eirigheadh culaith shioda
ar a dress agus bhí se ar an obair sin leis a' t-siosuir.
D'fhann sí ann a' créatúir go maidin; annsin d'eirigh sí
go leor a luathas ar maidin. Fuair sí greim
eighinteacht le h-ithe agus amach ar a' daras léihi. Nuair
a bhí sí ag imtheacht
"Seo dhuit" arsa'n gasur ar seisean "A' t-siosúir seo.
B'fhéidir go ndéanfad sí maith eighinteacht duid go foill"
D'imigh léihi agus a' t-siosuir léihi."
Nuair a bhí neóin bheag ann agus deireadh'n lae
d'fhann sé arais léihi.
"Nar innis me duit" ar seisean "Nach rabh gair duit
bheith mo dhéidh ar seisean nó nach gcoinntheochtha cois
liom"
"Well is cuma" ar sise "Béidh me do dhéidh"
D'imigh leófa annsin.
"Well gabh 'steach" ar seisean "Sa teach gheal sin thall
anucht" ar seisean "agus iarr loisdin gheall ar a' mhadaidh
bheag ghunncaigh dhubh agus gheobha tú é"
Fuaidh sí isteach ins a' teach; d'iarr loisdin gheall
ar a mhadaidh bheag ghunncaigh dhubh agus fuair
é. Bhí gasur eile aníos agus síos fríd a' teach annsin
agus bhí cuachog bheag shnáth aige agus é tochairt a'
sioda agus ach uile chineal ó'n chuachóig agus nuair a
bhí sí ag imtheacht ar maidin d'eirigh sí go leor a luathas agus
í ag imtheacht thug sé cuachóg bheag a' snáth
duithi.
"Seo dhuit" ar seisean "Tór sin leat" ar seisean "B'fhéidir go ndeánfad sé
maith eighinteacht go foill duit"
Thug léihi an chuachóg agus d'imigh léihi agus shiubhal
léihi agus nuair a bhí neóin bheag ann agus deireadh'n lae
d'fhann sé arais léihi
"Nar innis mé duit" ar seisean "Nach rabh gair duit" ar seisean "A
bheith mo dhéidh-sa" ar seisean
"Well béidh mé do dhéidh" adeir sí "Níl gair duit ann"
"Well gabh isteach ins a' teach gheal sin thall
anocht" ar seisean "agus iarr loisdin a gheall ar a' mhadaidh

Fuaidh sí isteach sa teach gheal agus d'iarr
loisdin gheall ar a' mhadaidh bheag ghunncaigh
dhubh agus fuair sí'n loisdin agus bhí gasur eile aníos agus
síos fríd a' teach annsin agus cíor aige agus is cuma
goidé'n cionn a chíorfad sé bhéadh a' cionn
an-deas annsin agus bhí se ar an obair sin ar fad.
D'eirigh sí go leor a luathas ar maidin agus bhí sí ag
imtheacht agus nuair a bhí sé - nuair a bhí sí ag imtheacht
thug sé'n cíor duihi.
"Tór leat seo" ar seisean "B'fhéidir go ndéanfad sé maith
eighinteacht go foill duit"
D'imigh léihi annsin cé bith bhí ina corp agus shaoil sí
nach bhuighead sí hoult air a' lá sin ach
nuair a bhí neóin bheag agus deireadh'n lae ann
d'fhann sé arais léihi.
"Nois" ar seisean "Tá deireadh siubhalta ugut da'r
shiubhal tú" ar seisean "agus níl gair duit a bheith mo dhéidh-sa"
ar seisean "Tá ugum-sa ar seisean le ghul isteach" ar seisean "agus cruidheacha
fhághail ar mo lámha agus ar mo chosa agus tá ugum le
ghul síos go Binn Alabnaigh" ar seisean "agus ní dheachaidh'n
aon síos ariamh leis" ar seisean "Nar bhris a mhuineal"
"Is cuma liom" ar sise "Dheánfa mise an cleas
céadhna"
Fuaidh sé isteach agus nuair a bhí sé ag imtheacht
uaihi, dúirt sé go rabh sé réidh léihi. Chaith sí
bolagam fola isteach sa bhreallach air
nach rabh'n duine annsin ábalta a nighe go
dí go nighfead sise í. D'imigh leis annsin isteach agus fuair
cruidheacha ar a chosa agus ar a lámha agus fuaidh síos
le Binn Alabnaigh agus
d'imigh sise isteach agus fuair sí
an cleas céadhna uirthi fhín cruidheacha ar a cosa agus ar a
lámha agus bhí sí iontach fada 'na dhéidh sin go rabh
thug siad cuireadh 'na bainse do'n chailín seo
a thainic ann fosta agus níor aithin ceachtair acu
an duine eile. Bhí sise ann annsin agus í gul thart agus
a cíor seo agus a' t-siosuir agus a t-snáth agus a deánú
reathannaí beaga leófa i rith na h-oiche.
Thainic a' bride thart sa deireadh. D'fhiaffruigh
sí duithi goidé ghlacfad sí ar a' t-siosuir
"A' cheud oiche" ar sise "Do d'fhear
"Maith go leor" arsa'n bride ar sise
Fuaidh sí annsin agus nuair a fuaidh seisean i
luighe fuaidh sise isteach i luighe chuige. Nuair
a fuaidh seisean i luighe, thug sise cupa dósan
le h-ól. D'ól seisean a cupa agus thuit sé 'na
chodhladh. Thúsaigh sise ag innse dó a'
scéalaidheacht agus a' Fiannaigheacht mar
d'innis mise daoibh-se fa Bhinn Alabnaigh agus
fa ghach uile sheórt i rith an ama ach níor
thuig seisean ar chóir a' bith í; Chodhluigh
seisean leis.
Ar maidin lahar 'na mhárach fuaidh a'
bride suas
"Eirigh do sheasamh" ar sise "Amach as sin" ar
sise "Ná goidé bheir do luighe annsin anois
thú" ar sise "ma gheall mise duit a bheith do luigh
aréir aige" adeir sí "Níor gheall me duit" ar sise "a bheith
do luighe leis ar sholus lae gheal"
D'eirigh sí 'na seasamh agus ní rabh faic a
shású aici.
An darna oiche d'fhiaffruigh sí duithi
goidé ghlacfad sí ar a chíor
"Darna oiche" ar sise do d'fhear"
"Maith go leor" arsa'n bride
D'imigh; thug - fuaidh i luighe agus fuaidh sise suas agus
thug a' cupa dósan le h-ól agus cómh luath agus d'ól
seisean a' cupa, thuit sé 'na chodhladh agus níor
mhoithigh sé dadaidh. Ba bheag a b'fhiú a d'innis
sise an oiche sin le taobh mar d'innis sí - a d'innis sí an
oiche eile le taobh mar d'innis sí an oiche seo.
d'innis sí léihi gur ghlan an lá isteach ar an
fhuinneóig fa ghach uile sheórt fiachailt a'
dtuigfead sé í agus ní rabh gair ann; bhí seisean
'na chodhladh leis.
Bhí go maith a' lá arna mhárach bhí sé
siubhal amach glacaint walk dó fhín agus casadh
gasur na mbó air.
"Goide'n seórt bean í sin a bhíonns 'na luighe
ugutsa achan oiche"?
"Nach í mo bhean fhín a bhíonns ugum" ar seisean
"Ó chan í" arsa'n gasur "Nó níor mhoithigh mise
leihéid dhe scéalaidheacht ariamh" ar seisean "agus atá
aici; cainnt" ar seisean "Ar Bhinn Alabnach agus a' cainnt
ar chruidheacha ar do chosa agus ar dó lámha
agus fa ghach uile sheórt" ar seisean "Ach nuair a gheobhas
tusa an cupa anocht" ar seisean "Ná ól é" ar seisean "agus cluinfe
tú fhín í"
B'fhíor é; fuaidh sise - fuaidh seisean suas
i luighe agus fuaidh a' bride suas agus a' cupa léihi ionnsair agus
rug seisean ar a' chupa agus dhóirt sé i gcionn
na leaptha é. Fuaidh sí seo i luighe agus d'innis sí
léihi i rith an ama. Bhí seisean ag éisteacht
léihi gur ghlan a' lá; níor leig sé dadaidh ar
fhín. Fuaidh a' bride suas agus d'iarr sí uirthi
eirigh amach as sin ma gheall sise í bheith
'na luighe aréir nar gheall sí duithi bheith 'na
luighe ar sholus lae ghil.
"Ó fann go foill a bhean-adai" ar seisean "Ní d'fhear
é" ar seisean "Ach a fear fhín agus is maith an airidh
uirthi é" ar seisean "Níl roinn a' bith ugut léihi a' chóir
a' bith" ar seisean.
D'eirigh an bheirt amach as a' leabaidh agus shiubhal
leófa go deacha siad fhad le teach an áth.
Fuaidh mise'n clochán; iadsan a' t-áth;
báitheadh iadsan agus thainic mise.